Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Inid (12)

 
Bíonn fuasaoid mhór uirre ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliocum, altraid chroidhe, agus cá'il an t-anshógh nach mbíonn uirre. Ach caithfidh 'chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mbadh í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorr-starróg a beith ag corruighe, go mbadh bheag an éagcaoineadh a bheadh uirre, ach í in a suidhe suas annsiúd agus gob uirre fé'int a gcloisfeadh sí aon-chlascairt ag toidheacht ag iarraidh na h-inghíne. Sin í an ceann céadna — hébrí céard a bhéas uirre — nach leigfidh aon-lúib síos in a gnaithí.
 
Marar phós daoine i mbliana, ná buailidís a mhilleán ar an aimsir. Deá Inid a bhí innte
 
Lá eicínt amach ar dheireadh na h-Inide anuiridh a phós sé
 
Phós sé ar lá deireadh na h-Inide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mbadh é lá deireadh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
 
dia 2
Máirt Inide (an lá roimh Chéadaoin na Luaithre — an chéad lá de'n Charghas)
 
Beidh diomdha an tsaoghail uirre mara n-iarrtar aon-duine de'n chlann inghean an Inid seo. 'Ar ndú' mo léan iarrfar, má airigheann siad (lucht iarrta ban) aon téagar in a h-aice
 
Dhá bhfaghadh sé Éire bronnta air, ní raibh sé indon díriú faoi'n gcéad mine. Nach bhfuil a fhios agad-sa gur deacair a bheith ag iarraidh maitheasa air sin! Beidh a shliocht air: is maith an aghaidh mná é an Inid seo! Beidh sé ar bóthar déarfainn (Díriú faoi ualach = a dhul faoi ar an talamh agus eirghe faoi agus é ar do dhruim, nó go mbeitheá i gcruth siubhail faoi)
 
dóigh 1
Meastú a Sheáin nar mhaith an dóigh do 'chaon duine againn bogadh amach ag tóraidheacht mná an Inid seo. Dar príosta sílim féin nach mbeadh de chailleadh air. Gabhfamuid i dteach eicínt a mbeidh beirt deirbhshiúr ann, agus fágfaidh mé an ceann is óige agadsa ach cuid de'n spré a thabhairt dom
 
Domhnach an Phuis nó Domhnach na Smut nó Domhnach Inide = an chéad Domhnach de'n Charghaos. Bíonn pus nó smut ar na mná a fhágtar gan pósadh an Domhnach sin (Domhnach na Smut nó Domhnach Inide: Rosmuc, Cárna, Dúithche Sheoigeach. Domhnach an Phuis: Cois Fhairrge)
 
Dúthruach phósta atá air ag imeacht ar an gcaoi sin. Gheobhaidh sibh sciorrachán bainse uaidh an Inid seo go siúráilte
+
Is diabhlaí fada amach ins an mbliain atá an Inid ag dul imbliana. Beidh sé ionann agus ina lá Bealtaine shul a bhéas aon-Cháisc agad imbliana
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh an Chincís amach an-fhada ins an samhradh, mar bhí an Inid deireannach