Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Rachaidh (50+)

 
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
 
An té atá cuntanósach, agus a iompraíos é fhéin go múinte, ní rachaidh aon araoid air in aon áit.
+
bannaí 1
Mise i mbannaí; mise i mbannaí dhuit; mise i mbannaí dhaoibh; tiocfaidh mise i mbannaí, rachaidh mise i mbannaí srl. (sórt mionna) — tá mé cinnte
TUILLEADH (1) ▼
Rachaidh mise i mbannaí nach ag leadaíocht a chaith siad sin an lá, ní hé a bhfearacht fhéin é.
 
Gabh thusa ar cúlóig agus rachaidh mise ar béalóig.
 
crinn
Má tá i ndán is go rachaidh sé ag dréim le S., gheobhaidh sé cnáimh le crinneadh uaidh, feicfidh tú fhéin air.
 
beo 1
'Rachaidh mé faoi don té a bheas beo aríst; go bhfaighidh 'Rebelmen' luach a sláinte (Raiftearaí — Na Buachaillí Bána)
 
beo 2
Mura bhfana sí socair, tá faitíos orm go rachaidh tairne i mbeo inti.
 
biorach 2
Buailfidh mise biorachaí, hé brí cén chaoi a rachaidh liom.
 
breá
Mar is breá leat fhéin, ach má dhéanann tú é, rachaidh mise faoi dhuit go n-íocfaidh tú é — déan é, má thograíonn tú, ach mise faoi dhuit go mbainfear siar asat é má dhéanann.
 
Má imíonn tú anois, rachaidh mise faoi dhuit nach mbuailfear oiread agus deoir bháistí ort go mbeidh tú ag ceann cúrsa. Má tá an duifean thiar fhéin, ní chaithfidh sé chomh tobann sin í.
 
buille
An té a n-aireoidh sí siúd aon bhuille bog ann, rachaidh sí suas ina mhuinchille, deirimse leat.
 
anam
Rachaidh anamnacha na bhfíréan go flaithis agus na hanamnachaí damnaithe go hifreann.
 
anáil
Cuirfidh mise anáil ghabhair faoin mbuachaill sin, agus rachaidh mise faoi dhuit nach ar an mbaile seo is mó a bheas sé taithithe ina dhiaidh.
 
Cuir feamainn tirim orthu agus foracún guano os a cionn, agus rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh barr agat ann
 
Is fada an dlí sin idir chamánaí, pé ar bith caoi a rachaidh sé as a dheireadh — is fada dá phlé é, pé ar bith cén réiteach a dhéanfar air i ndeireadh na scríbe
 
Má ionsaíonn sé mise, ní rachaidh leis.
+
Ní rachaidh mé isteach aríst chuige le mo bheo ná mo mharbh, le cúnamh Dé — isteach go dtí siopadóir le earraithe a cheannacht uaidh
TUILLEADH (1) ▼
Má chuireann tú isteach liomsa, ní rachaidh leat — buailfidh mé an cárta a chaithfeas tú fúm
 
istigh
Tá an chaint sin istigh agam dó, agus ní rachaidh sí leis nó gheobhaidh mise giorrachan saoil — tá an cloch sa muinchille agam dó i ngeall ar an gcaint sin a chaith sé, agus mura bhfaighe mise bás go gairid, ídeoidh mé air é
 
leaba
Rachaidh mise chuig an aonach in do leabasa — in t'áitse
 
Rachaidh sé i bpoill agus i bprochógaí le faitíos romham
+
Rachaidh muid soir le íochtar na locha — leis an gceann ó dheas nó is faide uainn den loch
TUILLEADH (2) ▼
Rachaidh muid síos faoi íochtar na locha — go dtí íochtar na locha; go dtí an ceann is faide uainn den loch (an ceann ó thuaidh go minic — go háirithe dá mbeadh cónaí ar an duine adéarfadh é ag an gceann ó dheas den loch)
Ní rachaidh mise ag coraíocht le íochtar cladaigh go ngoine rabharta — ní rachaidh mise ag baint na feamainne le íochtar an chladaigh go mbí an rabharta ina neart
 
Má fhanann fuíoll peaca ar bith ar an anam, rachaidh sé go purgadóir
 
feasta
Rachaidh mise faoi dhuit nach ndéanfaidh sé é feasta in future
 
Seán Ch. a raibh tú ag caint leis. Gheall sé an saol duit ar ndóigh?? … Gheallfadh sé. Ní raibh aon cheo dhá chur ar siúl anseo ariamh nach air a bheadh chuile chúram faoi chun tosaigh, ach ní fheicfeá ón gcéad oíche nó ón darna hoíche amach é. Bíonn an-spleodar mar sin ann ach fuaraíonn sé sa bpoll céanna a dtéann sé. Tá seanaithne agamsa air sin a stór. Rachaidh mé faoi dhuit nach bhfeicfidh tú níos mó é
 
Ní rachaidh sé ar an aonach amárach leis an dá luchín siúd. 'Sé Baile an Daighin é má théann. Dheamhan chúig phunt a rachaidís
 
Má chuireann tú dlí orthu, agus thú a chaitheamh, daingneoidh sé iadsan. Rachaidh mé faoi dhuit go ndaingneoidh. Mura bhfuil tú in ann a gcur amach anois le bladar nó le bréagadh, lig dóibh ar fad. Cinnfidh siad ort ar a mhalrait
 
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbhsa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóidh sé an-tsuaimhneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil seanriaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dtéidís míle bliain. Ar ndóigh níl feithideach ar bith is faití ná é, ach nuair a airíos sé cúlturraic aige féin in aice láithreach
 
Mura bhfuil solas agat, ní rachaidh tú i bhfad ar an ngealaigh. Gealach an-deirceach atá ann. Bhí sí faoi an-luath aréir
 
Rachaidh muid ann ar an gceathrú dheiridh den ghealaigh
 
diaidh
Ná bíodh faitíos ort. Rachaidh mise faoi dhuit nach gcloisfidh tú aon cheo ina dhiaidh sin. Tá sé in ann a bhéal a choinneáil ar a chéile, ní hé sin do thuilleadh é
 
dochar
Má tá rún aige aon dochar a dhéanamh, ní rachaidh leis
 
Cáid uait Domhnach Chrom Dubh? An rachaidh tú ar an gCruaich i mbliana?
 
Is beag an baol orm a mh'anam. Má shíleann tú go rachaidh mise ag tarraingt drisín ná dreancán ar bith mar é sin isteach faoi chaolachaí mo thí, tá tú ag dul amú. Fuair muid a (ár) ndóthain cheana dhíobh sin agus ní i ngan fios dúinn féin é, ní ag ceasacht ar Dhia é
 
Má ghníonn sé aon aithrist ormsa ní rachaidh leis
 
Lig de do chuid díbliú anois. Níor thuill duine ar bith anseo an díbliú sin uait. Téirigh ag díbliú ar an dream a rinne rud ort. Ach ní rachaidh, mar ní ligfeadh an faitíos duit
 
Bhí teir ar na goirt sin ariamh. Ní raibh gair ag bó na gamhain a dtaithiú nach raibh an t-imeacht orthu. Bíonn goirt ann mar sin thar a chéile, agus an té a mbeidh siad aige, is fear é a mbeidh an tseamair Mhuire aige nó tiocfaidh an díleá ar a chuid. Is ar a chruachúis do dhuine ar bith a mbeidh goirt den tsórt sin aige gan rud a chur iontu uair eicínt. Is mór an ní a bhfeiceáil ag dul i bhásta. Tá cuid de na daoine agus ní thabharfaidís aird ar bith ar na seanchainteannaí sin. Bíonn an oiread sainte iontu chuig an saol agus gur cuma leofa teir ná teir. S. L. a bhí ansin thoir, nuair a cheannaigh sé an talamh thuas ó P. N., dúirt daoine leis nach n-éireodh an tabhairt sin leis chor ar bith — go raibh teir ar an ngeadán ab fhearr ag gabháil leis, agus nach raibh aon lá ariamh nach raibh an díleá ar bheithígh Ph. N. ann. 'Más teir nó teir anois é,' adeir S. L., 'rachaidh gach beithíoch ag gabháil liomsa isteach ann. Nach mé a shíleas sibh a bheith adhartha go ligfinn an preabán is fhearr ar an talamh i bhásta i ngeall ar sheanchainteanna seafóideacha.' Chuir sé na beithígh isteach ann ach dheamhan díleá a tháinig orthu. D'imíodh ceann anois agus aríst, ach d'imeoidís sin in áit ar bith. Ní bheadh beithíoch seachtain i mbéal a chéile ag P. N. ann nuair a bheadh taobh na bpoll os a chionn. Sin é an chóir a mbíonn sé. Measaim féin, scaití gurb ar an duine agus nach ar an áit a bhíos an teir. Bhí smál eicínt ar Ph. N. nach n-éiríodh tada leis
+
Ach a mbeire sé siar ar an áit dheacair agus ar an dearglaoch, rachaidh mise faoi dhuit go mbainfidh sin an díocas dó (de). Tá sé réidh go leor ag sleádóir cora mhóna a chur aníos in áit éasca, ach is é an dearglaoch agus an fheoil chapaill atá in ann fear a chur ar a mhiotal. Chonaic mise sa bportach s'againn féin anuraidh é
TUILLEADH (1) ▼
Má castar liom in mo shiúlta í, bainfidh mé mo dhíocas aisti, ach ní rachaidh mé dhá tóraíocht — dheamhan é
 
Fág an buachaill sin fúmsa. Dá fhada dá rachaidh sé, beidh mise díreach leis
 
Má dhíríonn sé siúd agat (chugat) ina stoithneachán, rachaidh mise faoi dhuit go mbeidh gnaithe do do dhícheall agat
 
Íocfaidh tú an buille sin dúbailte muis. Rachaidh mise faoi dhuit nach mise an chéad duine a gcuirfidh tú araoid air aríst
 
Baineadh sí leis an malrach sin anois, a dúshlán. Má bhaineann, rachaidh mise soir de mhaoil mo mhainge go dtí an póilí go bhfuagraí mé í
+
Nuair a chinnfeas air le scamhailéireacht, rachaidh sé ar bhladar leat, agus féachfaidh sé le cur faoi ndeara dhuit a dhéanamh le spleáchas. Ach na géill dó, ar a bhfaca tú ariamh
TUILLEADH (2) ▼
Ó tharla an mhóin a bheith craptha, rachaidh mé ar iascach anois scaitheamh
Rachaidh scáth air má fheiceann sé an triúr agaibh, agus ní thiocfaidh sé isteach
 
Má labhraíonn tú air sin rachaidh sé chun stuaice air, agus ní bheidh focal den chaint aige aríst go ceann coicíse. Tá sé an-phusach go deo