Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Thar baile amach (25)

+
amach
Fear thar baile amach atá sí a phósadh.
TUILLEADH (18) ▼
Fear thar baile amach a tháinig dhá hiarraidh.
Ní cháinfinn iad le fear thar baile amach.
Má bhíonn mórán thar baile amach ann, ní mór dhaoibh sibh fhéin a ghlacadh go réidh.
Thógfadh sé páirt an duine thar baile amach in aghaidh a dhuine fhéin.
Níl aon chall duit a dhul thar baile amach le do dhíol de bhean a fháil.
Ná corraigh do chois thar baile amach ag iarraidh bromaigh mar tá údar maith capaill ag P. Mh. ansin thíos.
An mbeidh tú ag gabháil thar baile amach anocht.
Ní dheachaigh mé trasna na troighe thar baile amach ag damhsa ná ceol ariamh.
Níorbh ait liom a dhul thar baile amach ag bainis ariamh.
Chuaigh sé thar baile amach ag tabhairt cuiríochaí agus rinne sé oirille ar an dream a bhí i mbéal an dorais aige (fc. oirille)
Ní bheidh cuiríocha ar bith ann thar baile amach, sílim.
Más ag iarraidh spré atá tú, níl call duit a dhul thar baile amach. Tá sí i mbéal an dorais agat.
Níl aon mhaith aige ann go dté sé thar baile amach chuig tarbh. Níl meas ar bith aige ar aon cheo dhá bhfuil ar an mbaile istigh.
Ní théadh gearrchailí ar bith thar baile amach ag damhsaí roimhe seo, ach tá siad ligthe leob fhéin ar fad anois.
Chonaic mise an tráth a dtéadh daoine thar pobal, ní áirím thar baile amach, chuig tórraíochaí ag déanamh cleis, ach caitheadh an cheird sin in aer.
Is olc na gnaithí atá ort má théann tú thar baile amach i gcleithiúnas píosa damhsa a leithide d'oíche.
An raibh tú i bhfad thar baile amach inniu?
An bhfuil tú in ann siúl amach thairis sin. Má bhíonn tú ar an righneadóireacht sin, ní bheidh muid sa mbaile go maidin.
 
dairt
B'uafás iad na dairteacha a bhí ag dul amach thar an mullach agam. B'éigean dom imeacht ar mo chromada istigh faoin gclaí gur bhailigh mé suas an Ch. nó scuchaidís an cloigeann dom (díom). Chuile eallach i mbaile ach na diabhlánaigh sin. Tá marú duine orthu
 
ding
Neartaigh sé é féin thar cionn ó chuaigh sé isteach an chéad uair. Ní féidir feanc a bhaint as anois. Do cheann fine ní chuirfeadh amach é. Tá geanntrachaí aige in chuile áit — siar agus soir. Is ginn leis chuile dhuine de na bossannaí bóthair agus de na dearcadóirí eile seo a chuir sé isteach. Cuirfidh mé mo rogha geall leat nach bhfuil aon bhaile dhá gcuimhneoidh tú air d'uireasa duine atá ag fáil deoladh eicínt uaidh
 
droim
Fear ar bith atá istigh ar an mbaile sin, tá sé ar dhroim an diabhail críochnaithe. Tá paca amhas ann nach bhfaightheá a leithidí eile dhá gcuirtheá slat chruinn ar Éirinn. Ní dhéanfadh duine ar bith thar baile amach cúis ansin ach duine a mbeadh féith ó L. (teallach éigéill míchlúitiúil atá san áit) ann. Duine a sclamhfadh, agus a changlódh, agus a sháfadh agus a mhartródh faoi is thairis …
 
Bhí an droinnín beag sin thiar ag G. Mh. A. ann, agus má bhí féin, bhí cóirí catha aige. Diabhal aithne a bhí air nach é féin a bhuail an bully leis an ngaotaireacht a bhí aige faoi. Agus ní bhuailfeadh sé míoltóig, ní hé amháin a mhalrait. Níl gnaoi ar bith agam ar an gceann céanna. Níl áit ar bith thar baile amach dhá gcastar mé le gairid nach é an chéad bhall a fheicim romham é, ag dradaireacht
 
druid 2
Má tá sí chomh fada sin aniar, nach bhfuil sí ar ghort an bhaile. Céard atá uirthi ach dhá lá eile go mbeidh sí ar an mbaile seo! Lá ar an bP. agus lá ar an dá Sh. agus tiocfaidh sí againne ansin. An bhfuil a fhios céard atá sé a bhaint amach ar chruach choirce a bhualadh i mbliana? Is cosúil go bhfuil sé ardaithe thar mar a bhí sé anuraidh. Ní mórán is fiú dhúinne an buinín atá againn féin a bhualadh chor ar bith. Níl inti ach creathnach
 
dúch
Áit ar bith a bhfeicfidh tusa an mearbhall sin sa lagpholl tá dúch ansin. Bíonn mar a bheadh ola ann os a cionn, agus an dúch thíos in íochtar. I seanphortaigh is fhearr a gheofá í. Is mór a tógadh ariamh di thuas ar Dh. an Bh. Sna sean-lagphoill sin atá ag D. Sh. siar ó Ch an Gh. a d'fhaigheadh na trí bhaile seo í. Dhá mbeadh láí nó sluasaid agat, ní raibh call dhuit a dhéanamh ach a cur síos go híochtar agus an láib a thabhairt aníos léithe. Bhíodh muid ag cur feacannaí fada sna lántaí mar bhíodh an-domhain i gcuid de na poill. Nuair a bheadh sí aníos ar bruach agat, chaithfeá an láib a bhaint aisti: ní thabharfá abhaile leat ach an dúch. B'fhurasta a aithinte an dúch. Ní bheadh ort ach a diurnadh agus a tabhairt amach ón gcuid eile den lathach. D'fheicfeá an mearbhall inti i gcónaí. Thugadh muid abhaile le ancaird nó le buicéid nó le tobáin, nó rud ar bith ba thúisce agat í. Chuirfeá síos an olann ansin i bpota in éindí leis an dúch agus d'fhágfá thíos ar feadh an lae uileag í. Níor mhór den olann a bheith bruite as ruaim roimhe sin agus gan gionnóid (deannóid) shalachair a bheith ar a corp. Dhá mbeadh, ní dhathódh do chumhachta í. Ní bheadh aon ghlacadh aici leis an dath. Nuair a bheadh sí ar an tine níor chall di a bheith thar chnag, ach chaithfeá a coinneáil brúite agus measctha. Chaithfeá amach ansin ar chiseoig í agus nífeá aríst ar uisce í. Chuirfeá amach i gcliabh ansin í nó go dtriomaíodh sí. Í a spíonadh ansin. Ba in é an deis le dath dubh a thabhairt uirthi. Dhá mbeifeá ag iarraidh dath buí … (sliocht as cuntas a thug m'athair dom ar dhathú olla)