Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

anam (100+)

+
abair
Shéanfadh sé go raibh sé ina chiontsiocair leis an achrann! Sea a mh'anam! Níor dhúirt mise tada, adeir an fear a chuir an baile ag troid! (sórt seanfhocal) — an fear a rinne an mhístaid, shaor sé é féin
TUILLEADH (3) ▼
Dúirt tú é, a mh'anam! Ní tada eile é ach cneámhaire
M'anam go bhféadfá a rá gur beag an néal atá air sin
Deir siad é a mh'anam: is minic an fear fada ag ceannacht fataí ón bhfear gearr
 
Fuair mé daibéad de scraith aniar ar an gcúl agus fhóbair gur bhain sí an mhothú asam. M'anam gur bhain faoi láthair
 
Ní thiocfadh sé chuig an darna bainis le daidhce nár hiarradh ag an gcéad bhainis é. Diabhal blas den cheart nach raibh aige. Fear gan fuil a thiocfadh go dtí iad théis droichead a dhéanamh dhínn cheana (a dhul tharainn agus daoine eile a iarraidh). Bhí a shliocht orthu. M'anam nár thaobhaigh cuid againn iad ná cuid de thaobhachtáil
 
daigh
M'anam muise an té a mbuailfidh an daigh sin é (buinneach), nach foláir dó siúl a bheith aige
 
dáil
M'anam go raibh sé i ndáil lena bhacadh faoin bhfeamainn a chur ar bruach
 
dáimh
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhais de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aon duine ariamh ar an mbaile sin nach mbeadh anam duine air — cosúlacht
 
Táir a mh'anam, agus go daingean. Coinnigh greim an fhir bháite anois uirthi. Imir do chuid cártaí go staidéarach, agus scuabfaidh muid an tyre cairr (leathchoróin) fós
 
Thairg sé mé a bhualadh, agus m'anam go raibh sé sách dáiríre faoi freisin
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (4) ▼
M'anam muise ó chuaigh sé ar chaitheamh na ndairteachaí go bhfeicfidh tú mura bhfágtar an caitheamh faoi fhéin ar fad go (gur) gearr gur ar chaitheamh na gcloch a thiocfas sé. Ní fhaca tú ó rugadh tú an té is lú acmhainn grinn ná é sin
"Feac do ghlúin agus déan sléacht agus cuimhnigh cé a chuir iasc ar linn; Cuimhnigh gurb é Rí na nGrást a rug bua ar Fhiannta Fionn; Bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh siar; nó ag sníomh gadrachaí de ghaineamh trá; Ná aon anam amháin dá bhfuil in ifreann íochtair; A thabhairt as aríst go brách" (As Argóinteacht Oisín agus Phádraig. Ó m'athair a thóg mé é)
Is deacair P. a chorraí. D'fhéadfá a bhualadh trasna an smuit agus dheamhan drúcht ná báisteach adéarfadh sé leat, ach tosaí ag gáirí. Ach mo choinsias is dar m'anam, nuair a bhíos sé corraí, nach bhfuil beart ar bith is fhearr ná fanacht uaidh. Níl sa gceann eile ach caitheamh dairteacha ar a ghualainn. Ní ag bagairt a bhíos sé ach ag bualadh. Speirfeadh sé nó sháfadh sé thú ar iontú an tsoip. Is fiú é a sheachaint má bhíonn aon challóid air
Ní raibh sa bpassáil(scrúdú) sin ach caitheamh dairteachaí más fíor dó fhéin, i gcomórtas an phassáil a chuaigh ar a mhac seisean. Bhí Laidin ann agus Gréigis agus rud eicínt eile a dtugann siad Pat Tommy air … Sin é é — Botany. Pat Tommy arsa mise! M'anam dhá gcloiseadh Pat Tommy é dhá bhaint as a ainm, go bhfaigheadh sé faoina foraí (fabhraí) é, hé brí (pé ar bith) céard a phassáil an mac
 
Is breá gnaíúil a roinn sé amach an leathghalún, ach cá raibh a chaillteamas, arsa tusa. Dhá nglaodh sé féin é, ní bheadh sé leath chomh maith faoi. Dúradh ariamh é, agus m'anam gur fíor é: is cóir é Dáithí tigh Fhéilim agus gan maith ar bith ina theach féin leis
+
dall 3
Muise dalladh Oisín air mar mhadadh. M'anam go mbeadh muide buíoch mura mbeadh dall ach an madadh sin!
TUILLEADH (1) ▼
Tá go deimhin, sé amuigh ina ghnaithe! M'anam má tá gurb é an gnaithe é, dallta thiar sa teach ósta
+
Bhí S. gróigthe istigh chois an teallaigh agus chuile chosúlacht air go mba é a chaladh ar feadh na hoíche é. Nach diabhaltaí an dallach dubh a chuir an ceann eile air ina dhiaidh sin, nuair a thosaigh sé ag saighdeadh faoi, agus gur éirigh sé agus gur dheisigh sé an seanbhicycle nárbh fhéidir a dheisiú ar maidin má b'fhíor dó féin. Dheisigh a mh'anam, agus lasc leis an mbeirt siar ar an T. ag céilí
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise gur fear é atá ag ritheach ar thanaíochan. Má bhuaileann sí siúd sciorta den dallach dubh air, go mbeidh scéal aige air.
 
Nach bhfeiceann tú na dalláin bainte astu. Sin é an chosúlacht a chuir tú ort féin agus cead a thabhairt do na diabhlánaigh de ghasúir sin a dhul ag spochadh leo. Dar brí na mionn, agus bhainfinn an t-anam asaibh mura gcrapa sibh libh — agus crapadh libh go beo freisin! Nach raibh a fhios agat pé ar bith céard a mhillfidís sin in do thimpeall nach leasóidís tada. Tá an millteanas de bheith orthu. Ní millteanas go dtí é
 
Anam ar bith a fhágas an saol seo i staid an pheaca marfa, damnaítear é. Sin é adúirt an Teagasc Críostaí ar chuma ar bith
+
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
TUILLEADH (2) ▼
M'anam má tá tú ag mianadóireacht sa ngarraí P. go bhfuil do sháith den tsaol agat. An bhfuil sé chomh danra anois agus a bhíodh sé fadó. Chaith mé féin agus T. seachtain ag casadh fóidín baic ann agus ba beag nár chinn sé orainn. Bhí na lántaí ag lúbadh ann le teann fórsa
Obair dhanra a bheith ag plé le feamainn. Tá a fhios ag m'anam go sáródh sí thú. Sclábhaíocht uileag í
 
Le hanam do mhairbh, ní féidir go bhfuil siad daoirsithe aríst. Agus mé ag déanamh tíobhais le mí le luach seandúda eicínt a chur i dtoll a chéile. D'imigh an diabhal orthu thrína chéile adeirimse
 
daor 1
M'anam muise má tá sé ag coinneáil tae leis féin síoraí go gcaithfeadh sé go bhfuil pócaí teanna aige. Is daor an spóilín é an tae anois, má fhaigheann duine aon cheo le cois an téagair sin atá ag dul dó
 
daor 2
"Ansiúd a chífeá an diabhal ina sheasamh; scála thrína láimh agus é ag fuarú braiche leis; ag cur tart ar m'anam agus dhá dhaoradh; agus dhá chur go hifreann ag fulaingt na bpianta". As Aithrí Sheáin de Barra
 
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
 
Bhain sé an dara hairt ceart as muis, agus 'sé a bhí i riocht. M'anam nach bhfuil aon ghnaithe aige a dhul dhá fhéachaint siúd
 
T'anam ón deabhac, cén chiall duit sin a dhéanamh!
 
deacair 2
M'anam go raibh portaigh éasca againn anuraidh ach nach in é do phortaigh na bliana seo é. Tá siad deacair
 
Ní raibh aon drochshúil aige, ach an dea-chaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-inseodh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
 
Níor chuala mé gur tógadh deachmaí anseo ariamh ach bhídís ansin thoir ar Dhúiche an Bh. Na ministéaraí a d'fhaigheadh iad sin nach iad. Dheamhan mórán a chuala mé ariamh fúthu. Tá siad sin caite suas le saol is aimsir … Ón drochshaol ab ea? Bail ó Dhia ort. Tá agus i bhfad roimhe. Rugadh m'athair — beannacht Dé lena anam — trí bliana roimh an Drochshaol (1846-1847) agus ní raibh siad ann lena linn. Cáid ó bhí Oíche na Stoirme Móire ann? … Céad bliain díreach. Bhuel is roimhe sin a bhí na deachmaí ann, más fada gearr roimhe é, sin rud nach feasach dom. Ach fiafraigh de Sh. Ó. C. é. Sin é an fear a inseos na húdair dhuit … Tá aois mhór agamsa air, ach má tá féin, níl mé ach ar chosa bacóige lena ais. Tá údar aige faoi chuile shórt ón Díle
 
Ara muise níor chuala tú an scéal deacrach seo: go ndearna an lad rua (an sionnach) sléacht anseo inniu! Cearc an áil a mh'anam. 'Sciob sé an ceann gan aireachtáil de mháthair an dáréag bhoicht,' mar adeireadh N.
+
déag
Bhí sé as na déaga shula ndeachaigh treabhsar air. M'anam go mbíodh sé ag dul thart ansin lena chóta dearg agus é ina chliobaire mhór shínte. Chonaic mise tite ar meisce é faoina chóta dearg. Sin é an chaoi a raibh chuile dhuine an uair sin. Ní maith go mbíonn siad coiscthe den chích anois nuair a bhíos brístín glúnach fáiscthe thuas orthu …
TUILLEADH (2) ▼
Tá na déaga caite aige! Tá a mh'anam agus faoi dhó, nó is dó is gaire é. Ina dhúradáinín dona mar sin atá sé ariamh
Sin iad na déaga eile! Ní taobh le na déaga atá sé feasta choíchin. M'anam gur beag an baol. Bhí a athair pósta chomh luath liomsa
 
Go gcuire Mac dílis Dé an t-ádh ort! Nach in é a cheird sin i gcónaí. Gheallfadh sé an ghealach agus na réalta dhuit, ach 'sé an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh é. M'anam gurb é!
 
M'anam nach bhfuil sé leath chomh dea-intinniúil agus a shíleas tusa dá mbaintí as é. Sin é an drochpheata deirimse leat — tá sé olc, taghdach srl.
 
'Calm agus dea-lá do t'anam, a dhaidí,' adeir an t-iascaire nuair a fuair an seandhaidí bás — ba in é guí an iascaire; may there be no moaning of the bar when you put out to sea
 
dealbh 1
M'anam nár mhaith liom a dhealbh a fheiceáil ag teacht faoin doras chor ar bith — a chumraíocht
 
dealg
Chloisinn S. M. Sh. ag rá fadó nach raibh dhá rud ar bith ba ghéire ná dealg láibe agus focal amadáin. Bhí a mh'anam! An giall atá ar a bhean seisean. Is geall le rásúr é
 
Caithfidh sé siúd amach iad. M'anam gurb air nach mbeidh an scrupall mo léan. Agus cead acu deallrú chois an bhóthair más breá leo. Má dheallraíonn féin, dheamhan a mbainfidh sé codladh na hoíche dhó siúd
+
déan 1
Déanfaidh sé sin rud muis. M'anam nach ndéanfaidh, ná nach bhfuil aon mhaith a bheith ag tnúthán leis ach an oiread
TUILLEADH (5) ▼
M'anam nach ndéanfadh sé gnaithe do dhuine a gharraí a fhágáil ansin lá oibre agus a dhul ag breathnú ar rudaí den tsórt sin. Breá nach mbíonn siad acu Dé Domhnaigh?
M'anam gur beag an baol uirthi siúd teas an aithinne a bheith ina tóin ag dul amach. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire, dhéanfadh sí a cuairt
Bhí a anam chomh dubh le gual ceardchan ach má bhí féin, ba chuma sin, rinne sé an aithrí
Tá sé ag déanamh anama (fc. anam)
Is mall uaidh an seol a ardú. Tógann sé cosamar uair an chloig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaitneodh sé leis aon locht a fháil air ina dhiaidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
 
M'anam gur beag an baol ormsa a dhul ag déanamh air sin, agus gan a fhios agam nach é an chaoi a dtosódh sé do mo mhaslú. Duine ann féin é
 
Uair a bhí mé ag déanamh láthair mhoirtéil anseo, thit mo phíopa uaim agus chrom mé síos dhá thógáil agus hé brí (pé ar bith) cén sórt útamáil a bhí orm, chuaigh deannóidín bheag den aol faoi mo shúil agus scall sé mé. Tabhair scalladh air. Shíl mé dheamhan oscailt a dhéanfainn go brách uirthi. M'anam go mb'éigean dom a dhul ag an dochtúr. Agus i gcaitheamh seachtaine i ndiaidh an dochtúra féin, ní fheicinn an bhánshoilse léithe
 
dearfa
Níl bean ar bith is dearfa dhó a iarraidh ná an bhean atá i mbéal an dorais aige féin. Gheobhaidh sé í sin, ach m'anam go mbeidh tóraíocht air shula gheobhas sé a leithide eile
+
dearg 1
Ní shaorfainn Seán nach raibh láimh aige ann, ach mo choinsias is dar m'anam dá mbeadh a fhios agamsa go raibh, gheobhadh sé dearg é
TUILLEADH (3) ▼
Má bheirimse i mbealach ná i ndearmad ar an mbastard dearg sin, bainfidh mé an t-anam as. Ní bheidh sé tada níos lú aige
Is dearg dom aríst. Sea a mh'anam agus go tóin. Cén smál atá orm chor ar bith?
Ní mé an dubh nó dearg dom an babhta seo. Dearg a mh'anam! Ní bhfuair mé dath an mháimh le uair an chloig
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
Ní bhíonn dream ar bith líofa ag deargán ach muintir Mh. Tháinig P. anuas anseo anuraidh agus bhain sí slám duilisc, agus ní bheadh fí ná feáin uirthi mura ndéantaí deargán di. Diabhal a raibh a fhios ag na gasúir céard a bhí sí a iarraidh. Ní fhaca siad sin aon deargán ariamh. Ach m'anam go raibh a fhios aici siúd. Thug sí a seaneire creathnaigh abhaile léithe. Nár ba é amháin dhá bhfuil suas ann. Chuile bheadaíocht dá mbíonn timpeall orainn a chrapadh leo, agus gan tada de bhrabach orthu féin. Ní fhaca mé tada ag teacht anuas ariamh as. Uair a chuir muid fios suas anseo ar mhaingín cnónnaí acu, chuir siad scéala anuas go mbeidís againn an tseachtain a bhí chugat, ach ní fhaca muid aon amharc ar na cnónnaí ó shin
 
dearmad 1
Seachain a ndéanfá dearmad ar t'anam pébrí céard a dhéanfas tú
 
Shílfeá fear a fuair an oiread fuaicht agus duartain agus a fuair sé sin, gur fadó an lá a bheadh sé thíos sa talamh. Ach m'anam gur beag an mhairg atá fós air, ach ag crochadóireacht leis
 
É sin dea-rúnmhar go deimhin! M'anam muise go bhfuair tú amach é!
+
deas 1
Is deas é m'fhear fataí muis! M'anam má tá gur ag imeacht ina spailpín atá sé! — ní fear fataí é chor ar bith, ná baol air. Is spailpín é. Is iondúil go gcuireann an cainteoir mo isteach i gcónaí le leagan den tsórt seo cé nach mbíonn baint ar bith aige leis an duine a bhíos i gceist, nó is annamh a bhíos. Is ionann an leagan agus mo chreach an máistir scoile(sagart srl.) a dhéanfas an duine sin
TUILLEADH (2) ▼
Is deas é mo shagart muis! M'anam gur ag imeacht ag reathach i ndiaidh gearrchailí chuile oíche ar na bóithrí é! Deamhan a chos siúd a bheas ina shagart fhad is a bheas Peadar i gcathaoir
Is deas é mo mháistir scoile muis! Dúirt sé go raibh sí le máistir scoile a dhéanamh de. M'anam gurb í an scoil atá anois aige, thuas ag réabadh móin uicht ansiúd thuas gach lá
 
Dea-scéal ó Dhia againn. Slán an scéalaí! Beidh biseach ar an tae an tseachtain seo chugat adeir tú! M'anam nach miste! Bhí na daoine tolgtha ag an gcaifí
 
Ar dheasláimh Dé go raibh a anam
 
Mo léan géar, ní hé m'fhearacht féin é, ní hé boladh na deataí a bhí uirthi théis an S. Meas tú cá'il sí ag fáil a luach i gcónaí. M'anam gurb ait atá sí ag cruthachtáil, gurb ait sin
+
Bhí déidín tite againn leis an ocras nuair a fuair muid aon ghreim, agus an uair sin féin, ba gann gortach uathu é a thabhairt dúinn. Stiallóigín bheag aráin a bhfeicfeá dealg in do mhéir thríd, agus scodalach tae ar baineadh an t-anam as — má bhí sé ariamh ann — le neart bruithe. Méaracáinín beag fuisce ansin nach n-aireofá a bhlas ar do theanga. Tugaimse mo mhallacht ar chuma ar bith do bhainseachaí Bh.
TUILLEADH (1) ▼
Ara a dheartháir mo chroí tú, tá déidín tite ag a bhfuil sa teach seo cheal fags, agus é ag cinnt orthu aon cheann a fháil. Ní cheal a shaothraithe é muis. Chuaigh duine acu soir chomh fada le tigh Bh. N. an oíche cheana, ach dheamhan ceann a d'éirigh leis ach an oiread. Reicfidís istigh sa teach thú nuair a bhíos siad dhá bhfuireasa. Ní mian leo buille maitheasa a dhéanamh. Tháinig mé isteach an lá cheana agus ubh agam a fuair mé beirthe. Hé brí cén chaoi ar sciorr an focal uaim féin gurb eo é seascach na gcearc — leathfhocal é atá agam — 'm'anam nach é,' adeir sé 'nach (ach) seascach na bhfags agus an tobac.' Tá a fhios ag mo chroí go mbeadh trua agat dóibh scaití nuair a bhíos siad lá nó dhó dhá bhfuireasa
 
deilbh 1
Níl chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh anois ach dhá dheilbh amach le aghaidh an bháis. Tá sé fánach aige a theacht as. Is beag an baol air a mh'anam. Tá a chuid maitheasa ar iarraidh
+
T'anam coscartha ón diabhal, éirigh as feasta, agus ná déan deilín dhe
TUILLEADH (1) ▼
M'anam muise gurb in é an deilín atá acu, go gcaithfidh siad ardú páí a fháil. Is fada anois ag ceasacht páí iad, agus bhí sé in am roinnt dhá shásamh a thabhairt dóibh
 
Tá faobhar ar a deimheas aici anois. Feicfidh tú píosa sciolladóireacht anseo roimh an oíche, nár chuala tú a leithide ariamh, má ionsaíonn sí féin agus an rúisc thuas a chéile. M'anam, nach í an ribín réidh í an bhean thuas muise ach an oiread leis an gceann síos, má bheoíonn sí féin amach chun siúite. Bhí an chéad eadra den achrann seo [...] inné … Cearca deile … nach é an sionnach a fhéadfas a [...] a dhéanamh fúthu!
 
Deimhin tá a mh'anam, agus go hard os cionn na trí scóir
+
Ní deireadh dhó seo (sioc). M'anam nach deireadh! — níl sé thart fós
TUILLEADH (3) ▼
M'anam nach bhfuil a fhios agam fhéin cé a bheas buíoch nó diomdhach as a dheireadh, agus dheamhan an miste liom
Tá rún pósta aige faoi dheireadh thiar! M'anam nach miste dhó sin ach oiread! Is fadó an lá ó dúradh gur mhac é
M'anam go mba mise ba lú tuirse i ndeireadh na scríbe — i ndeireadh an aistir
+
Ara nach mbíonn sé ar an tsiúite sin i gcónaí. Cé leis a raibh sé ag troid go deireanach? … An-ghiota de bhuachaill a mh'anam
TUILLEADH (1) ▼
M'anam gur túisce a bheas na fataí deireanacha isteach i mbliana ná na fataí luatha
 
A dheirfiúr m'anama thú!
+
deis
Is dona an deis a chuir sé ar an uachta a fuair sé … Cheal nár chuala tú é? Fuair sé lán laidhre a mhic ó, agus níl iamh air anois ach dhá ól … Tá sé ráite ariamh a mh'anam: "airgead cailleachaí dhá mhún le ballaí"
TUILLEADH (2) ▼
Ní fheicfidh tú ag caitheamh an phíopa é ach an uair a mbíonn sé ar a dheis ceart: am scortha tráthnóna, nó théis am dinnéir. Is beag an lua a bheadh aige é a dheargadh chomh uain is a bheadh sé ar a tháirm oibre. M'anam nach ndeargfaidh!
Níl call duit caitheamh ina diaidh ar bith a bheith agat. Is maith an mhalrait aici é. Tá a hanam geal ar dheis na glóire anocht
 
Is beag an deiseacht chor ar bith an bhó siúd a cheannaigh sé. M'anam go gceapfainnse nach taobh leis an aois sin atá sí — an aois adúirt siad
+
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! M'anam gur scanraigh mé gur síos píobán an doichill a chuaigh sé agus go seasfadh sé thíos ann — deiseal adeirtear má théann rud le anáil duine, nó scaití má bhíonn sé ag sraofairt. Ach Dia linn is mó adeirtear le sraofairt (nó Dia leat), agus deiseal le duine nó beithíoch a bhfuil treampán eicínt sa muineál air faoi rud a ligean síos
TUILLEADH (1) ▼
Deiseal riu! Is ort atá an tsrófairt. Is geall le duine thú a chaithfeadh snaoisín. M'anam ag Dia go bhfuil sé do mo bhualadh féin anois agus gan duine ar bith le deiseal a rá liom
 
Is deacair dhó a bheith deisiúil agus a bhfuil de dhola air. Ar ndóigh a dheartháir m'anama thú, nach ag seachadadh amach a bhíos sé chuile ré solais
 
deoir
Tapaigh na deora dubha más leat fataí a bheith agat. Is mór an cam srón birín ar dhuine a dhul thar ghort agus a bhfeiscint isteach uaidh. Mo choinsias is dar m'anam, chuir siad le gaoth na gcnoc mé ansin thuas ar maidin inné
 
Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
 
T'anam ón diabhal má théann an deoraí siúd ar an mbóthar, caillfear é. Ar ndóigh ní obair bóthair atá sé siúd in araíocht a dhéanta. Ní bheadh sé in ann tada a dhéanamh ach madraí a thabhairt amach ag spaisteoireacht
+
dia 1
M'anam a Dhia agus do Mhuire — le osna srl. (fc. anam)
TUILLEADH (6) ▼
M'anam ag Dia murar bhuail sé isteach ar an mbéal mé — tá mé ag rá na fírinne
M'anam ag Dia mura bhfuil lagar orm leis an ocras
M'anam ag Dia mura bhfuil sé ina bháistigh aríst
Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam ann — duine an-tsocair, nó duine beag éidreorach socair
Muise B. bhocht, tá sí an-réchúiseach. Níl ann ach gur chaith Dia an t-anam inti ar éigean
Is dona a bhí sí beo ariamh an bhean bhocht. Chaith Dia an t-anam inti, sin é an méid