→
dia 1
costas (22)
→
féarach
M'anam go bhfeicfidh tú nach mbeidh B. tada siar leis. Íocfaidh duine eicínt an féarach. Airgead na n-óinseach, adeir siad, a choinníos bróga ar bhean an phíobaire. Má chuaigh sí sin faoi chostas óil, bainfidh sí siar as duine eicínt eile é. Beidh sí gnóiteach leis, creid mise dhuit ann
→
coirpéis
Rinne sé fhéin an choirpéis, ach b'éigean dó a dhul i gcostas leis an gceann. Siúinéara aniar as G. a bhí aige lena chur suas.
+
→
baile
Ní bheadh clóic ar bith ar dhuine amach faoin tuaith, ach an té a thiocfas 'na bhaile mhóir tugadh sé lón nó costas leis ar mhaithe leis fhéin, arae mar adeir an fear fadó: fear gan airgead i mbaile móra, is olc an lón dó goile géar.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan áit níos gortaí ná slata na Gaillimhe ag an té nach bhfuil lón nó costas aige! Fear gan airgead i mbaile mór, is olc an lón dó goile géar.
+
→
bealach
Ní mór dhom lón agus costas faoi chomhair an bhealaigh.
TUILLEADH (2) ▼
Níor fhága mise an baile ariamh gan lón agus costas (gan cuid agus costas) faoi chomhair an bhealaigh.
Thug sé lón agus costas leis le aghaidh an bhealaigh.
Is ait an fear é má tá sé de mhisneach aige bualadh faoi theach a dhéanamh agus a mbeidh de chostas air — ní móide gurb é fhéin a dhéanfadh an tsaoirsin sa gcás seo ach go gcaillfeadh sé lena dhéanamh
+
Níor éirigh mise amach ariamh, gan lún (lón) agus costas a bheith agam, le aghaidh an bhóthair.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an costas é idir bhainis, éirí amach, agus cuairt mhíosa.
→
lón
Thug sé lón agus costas leis le haghaidh an bhóthair — duine a bheadh ag dul ar aistir (minic an leagan cainte sin sna seanscéalta agus cloistear faoi ghnáthaistreacha freisin é)
Má tá costas mór féin air, is gearr a bheas seo dhá thabhairt isteach aríst — dhá ghnóthachan
→
daor 1
Is daor an buille air é. Dar mo choinsias, is beag iarraidh ar fiú chúig phunt fhichead í, ní áirím a mbeidh de chostas air. B'fhéidir go gcomhairleodh sin anois é. Ach ní féidir an drochdhuine a chomhairleachan
Fuair sé airgead mór ar an áit sin a dhéanamh. Is airgead mór é lena mheas mar sin, ach cár fhága tú an deachmaíocht ina dhiaidh sin. Tá sé réidh go leor cheithre mhíle punt a rá, ach ní bhfaighidh sé leithphínn dhe sin go mbeidh an chloch spideoige thuas aige, agus gan a fháil an uair sin fhéin ach a leath. Ní bhfaighidh sé an chuid eile nó go bpasálfaidh na hengineers é, agus b'fhéidir gur fada é sin. Dar brí an leabhair bhí costas freisin air
Tá an-diomalú sa ngaineamh sin. Níl sé in ann moirtéal ar bith a dhéanamh. B'fhearr dhuit ar scáth an chostais, lorry a fháil agus é a ardú leat suas go M. agus gaineamh ar fónamh a thabhairt leat ná a bheith do do mhearú féin leis sin. Ba saoire a bheadh sé faoi dheireadh thiar thall
Cheannaigh sé an chú sin ar na drochóirí dó féin. Thug sé lán laidhre uirthi agus dheamhan cianóg rua a chuir sí síos ina phóca ariamh ná a chuirfeas go brách. Cén bhrí ach a dtarraingeann sé de chostas air ag imeacht i chuile áit léithe
→
droim
Má shánn sí siúd a liodán ann, cuirfidh sí de dhroim tí agus talúna é. An bhfaca tú cheana nuair a chuir sí dlí ar Sh. T. Céard a bhí dhá barr aige. Bhí, é a bheith bochtaithe ó shin. Níor íoc a raibh istigh is amuigh aige costas na cúirte dhó an uair sin. Is fiú í siúd a sheachaint. Úll na haithne í, diúltaímid di
+
→
téigh ar
Chuaigh rud eicínt le cois deich bpunt orm le chuile chostas a chomhaireamh. Ba daor an buille é, ach diabhal mé go raibh a shásamh agam ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Le scéal fada a dhéanamh gearr, chuaigh an costas uilig ormsa. Pé ar bith cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é, arsa tusa
+
→
téigh i
Níl aon mhaith a dhul i gcostas faoi — there is no use to incur cost over it
TUILLEADH (1) ▼
Sin é a bhfuil dhá bharr agam, théis go ndeachaigh mé i gcostas faoi