Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díolaíocht
ainmfhocal, ainm briathartha, baineann
níl aon iolra aige
 íocaíocht.
a.
+
Is deacair díolaíocht a dhéanamh leis an sagart atá agaibhse. Deir siad go bhfuil sé an-ghéar faoi airgead agus go mbíonn sé ag banrán i gcónaí i gcónaí, nach bhfaigheann sé a cheart. Is beag an tuarastal a íocas muide anseo chor ar bith. Tá sé réidh go leor a chuid a thabhairt don Athair P.
Is mór an díth céille a bhí ort, ó chuaigh tú i gcleithiúnas tí a dhéanamh, nár thug leat fear a chríochnódh amach faoi shásamh é, thar is na cliobairí sin a bhí agat nach ndéanfadh smeach ann lá sa choicís ó thosóidís é. M. Sh. a bhí againne agus más é féin, níl gair ag ceachtar acu air. Agus ní fhaca tú aon duine ariamh is gleoite ná é le díolaíocht a dhéanamh leis. Uair ar bith a mbeadh sé soláimhsithe agat féin, ghlacfadh sé é. Agus ní éileodh sé go deo é go dtogrófá a thabhairt dó. Dheamhan a n-íoctaí uair sa ráithe anseo scaití é
TUILLEADH (3) ▼
Ní furasta díolaíocht a dhéanamh leis an gceann céanna agus tá a shliocht air: is beag atá ag fanacht aige. Ag tarbh Sh. Mh. Sh. atá a dtarraingt uileag anois. Ní bhíonn lao ag bó uair an chloig nuair a bheas an scanrachán seo anoir ag éileamh díolaíochta, hé brí cén sórt neach atá aige go mbeidh a fhios aige go dtí ala an chloig cén pointe a mbéarfaidh sí
Ní féidir díolaíocht a dhéanamh leis an bhfear seo. Is mian leis a dhul go bun an amhgair leat ceart, agus thú a bhánú má fhéadann sé. Is dó is fusa ó tharla nach bhfuil aon duine eile ag dul ina bhéal. Bhí fear bhuailte coirce anseo anuraidh — an G. — agus ba é an fear ab éasca a riaradh é a chonaic tú ariamh. Ba suarach an t-ionadh go raibh gnaoi na ndaoine air
Is gearr go gcaitear díolaíocht a dhéanamh anois muis, muran libh an sirriam a bheith ag tarraingt na bpluideannaí dhíbh maidin eicínt roimh lá. Tá a gcuid airgead acraí íoctha ag chuile dhuine. Ach ar ndóigh caithfidh coilíneach a bheith ar chuile thréad. Bíodh acu. Bhí muid roimh an lá cairde ariamh go dtí i mbliana
·
Má théann tú i mbannaí déan díolaíocht (nó díol — tá an dá fhoirm air) — má théann tú i mbannaí ar dhuine, ní dóichíde an Cháisc ar an Domhnach nó brisfidh sé na bannaí agus caithfidh tusa cur dhíot nó íoc ansin leis an mbannaí a fhuascailt (fc. bannaí)
b.
 íocaíocht airleacain nó cairde.
+
Dar brí an leabhair, níl call casaoide ar bith dhom ortsa. Tugann tú díolaíocht mhaith dhom. Ní raibh tú ariamh nach raibh an t-airleacan ag teacht ag gáirí agat, ní hé sin do dhaoine eile é. An bhfeiceann tú an leabhar sin ansin. Tá daoine ansin …
Ná lig an díolaíocht choíchin i bhfad scéil. B'fhearr liom a bheith faoi chomaoin ag aon duine beo ná ag fear siopa. Má bhíonn aon cheo aige ort, feicfidh tú pus chomh fada le dris fhireann air chuile uair dhá ngabhfaidh tú isteach aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag cur tuairisc Bh. liom an lá cheana. 'Is fadó an lá nach bhfaca mé isteach í,' adeir sé. Is cosúil nár thug sí aon díolaíocht dó le fada. Ní mórán maitheasa dhó muise, guth a bheith aige uirthi siúd. Beidh déidín tite aige ag fuiríocht leis shula dhéanfas sí siúd díolaíocht leis
+
Níl drogall ar bith aige airleacan a thabhairt uaidh, an té a dhéanfas díolaíocht leis mar is ceart, ach dar fiagaí, ní milleán ar bith air a bheith géar leis an duine a thógfas foracún mór ann agus nach mbeidh deifir ar bith air faoina íoc
Ní chuireann J. dlús ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaíocht nuair a bheas sé agat. Ach is deacair do dhuine ar bith ligean leat mura gcaithe tú rud eicínt aige corruair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choíchin ort má choinníonn tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásaíonn tada cuid de na daoine ach nuair a bhíos an t-airleacan caite acu i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céanna a thógáil ann
TUILLEADH (5) ▼
Is maith í an chairde don té atá ina call, ach ba cheart do dhuine, má tá sé ina acmhainn chor ar bith, díolaíocht a dhéanamh chomh maith agus a fhéadfas sé. 'Sí an díolaíocht dhona a fhágas chuile dhuine gan tada a fháil
Níl F. ag tabhairt trust ar bith uaidh anois i ngeall ar dhrochdhíolaíocht adeir sé. B'éigean dó éirí as, nó bhánódh sé é féin
Tá sé thar am agat anois díolaíocht a dhéanamh liom. Is maith trom an bille atá in t'aghaidh anseo, agus tá faitíos orm nach bhfaighidh tú níos mó le tógáil go gcuire tú anuas é seo, anuas rud eicínt ar dtús
Tháinig mé le díolaíocht a dhéanamh leat. Tá sé thar am, ach dheamhan neart a bhí ag na daoine air, nó gur díoladh an dá shúgán muice sin
Is furasta do dhuine teach mór a bheith aige thíos i nG. Ach cé mhéad acu a bhfuil na tithe thar barr amach acu? 'Sé an chaoi a bhfuil na tithe sin ar fad, iad a thógáil ar an oiread seo sa mbliain, agus díolaíocht a dhéanamh ansin orthu de réir na míosa nó an ráithe. Mura mbeidh tú suas leis an lá cairde ansin i gcónaí, cuirfear as seilbh thú ar an bpointe boise, agus beidh duine eicínt eile istigh in t'áit. Nach bhfuil na mílte ag forcamhás ar thithe ann, agus é cinnte orthu a bhfáil
+
Dheamhan duine in Éirinn nach bhfuil S. Ph. Mh. ag díolaíocht leis má fhaigheann sé é — tógfaidh sé airleacan i chuile áit dhá bhfaighidh sé é. Tá sé i gceist ann freisin ar bhealach eile nach dea-dhíolaí é, ach go mbíonn sé ag iarraidh trust ar chuile dhuine, go n-íocann sé beagán leis an té seo, ach go bhfágann sé an ceann trom de na fiacha gan íoc, agus go dtéann sé ag lorg airleacain i bpaer eicínt eile
Dheamhan siopa i nG. nach mbíodh sé sin ag díolaíocht leis scaitheamh. Bhí siad uileag sa mullach air faoi dheireadh, agus iad ag stróiceadh ag iarraidh an áit a chantáil. Tháinig an sirriam air míle uair, ach má tháinig féin, chinn orthu aon cheo a bhaint dó. Ní bhainfeadh súiste Oscair aon phínn as a chreatlaigh siúd!
TUILLEADH (1) ▼
Ní hin fear ar bith le bheith ag díolaíocht leis. Mura gcoinní tú féin cuntas ar a bhfaighidh tú, níor dhóichíde cleas dó sin ná an oiread eile a bhualadh ar do bhille. Maidir le coinsias níl sé aige. Faigh thusa an siopa a bhainfeas an ceart amach, feiceamuist!

Féach freisin

díolaíocht in iontrálacha eile (2)

 
Deir siad go mba an-díolaí é an tAthair M. ach nach raibh rath ná ríocht ar an Athair D. Bhíodh S. Ph. Th. ag imeacht ag carraeireacht aige — ag an Athair D. — ag tabhairt mhóna agus phlúir agus chuile shórt dhá dteastaíodh uaidh chuige. Bhí dubhphlód beithíoch aige agus bheathaíodh sé thar cionn iad le bran, agus min mhór, agus cácaí. Idir chaon tsórt bhíodh S. Ph. Th. ar bóthar chuile lá, nó ionann is é. Meas tú chuile uair a dteastaíodh a pháí uaidh nach gcaithfeadh sé a dhul agus a mheabhrú don tsagart, agus ansin féin, b'fhéidir go gcaithfeadh sé an cleas sin a dhéanamh faoi dhó agus trí huaire, shula gheobhadh sé aon phínn. Ba deacair leis an Athair D. scaradh le tada. Níorbh fhéidir díolaíocht a bhaint as
 
Ghreamaigh sé dhó sin a bheith ina dhrochdhíolaí. Ar ndóigh bhí cáil na máthar i bhfad agus i ngearr. Bhíodh sí i gcónaí ag imeacht ag iarratas agus an té a thabharfadh aird uirthi ní dhéanfadh sí aon díolaíocht go brách leis. Bhí sí uair anseo agus cíos ag teacht trasna uirthi, agus tháinig sí aníos chugam agus mé ag obair i ngarraí na L. Thug mé chúig phunt di go dtí lá an aonaigh a bhí chugat, má b'fhíor di féin. Bhí airgead an uair sin ann ina shnáth mara le linn an chogaidh. Tháinig lá an aonaigh agus d'imigh sé ach ní raibh aon chaint ar mo chúig phunt. Chaith mé an tsíoraíocht ag tuineadh léithe shula fuair mé é. Bhí an mhaith bainte as faoi dheireadh, ag fanacht leis