Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
duántacht
ag iascach le duáin; ag iascach; ag saighdeadh abhann.
a.
+
Ná bac lena chuid maitheasa sin i ngarraí. Tá cat crochta roimhe shílfeá i chuile gharraí ag gabháil leis. Duántacht, cliabhántacht nó foghlaeireacht a bhuac sin. Ná hiarr aon mhaith eile air
Ní dhearna mé mórán duántacht chor ar bith i mbliana — fós ar chaoi ar bith. Amach anseo b'fhéidir, ach a mbeidh am agam air
TUILLEADH (1) ▼
D'éireodh staic de bhradán leat le duántacht chomh réidh le bealach ar bith eile, dhá dtéiteá dhó mar is ceart. Ach tá daoine ann agus ní bhíonn a ndóthain foighde acu. Bíonn siad ró-uafásach. Ní mór leo a gcniogadh de rith is de léim. Bheadh sin deas go leor, dhá n-éiríodh leat a dhéanamh
b.
duántacht amhraisduánacht amhrais: má bhíonn bradáin i linn ag fuireach le ligean a dhul suas ar na háthannaí síolraithe, cuireann saighdeoirí duáin i bhfostós ar dhorú, agus caitheann siad amach sa linn é, agus is iondúil go mbíonn na bradáin ag sníomh agus ar siúl ariamh ariamh nó go dtéann duán i bhfostós i gceann acu. An dorú a tharraingt ansin, agus an bradán a chur de leataobh agus an cleas céanna a dhéanamh in athuair. Bíonn daoine ar aibhneacha san oíche freisin agus lóchrainn nó fáideogaí acu leis an mbreac a dhalladh, agus camóg a chur ann ansin, nó breith ar gheolbhach air. Sin duánacht amhrais freisin. Níl sin chomh tréan anois agus a bhíodh roimhe seo.
+
Chaillfeadh sí thú, an duántacht amhrais sin. Is meata an cheird í, ag forcamhás ar do dhorúín agus ar do dhuáinín ansin. An scríobaire an cailín! Sin í nach mbeidh ag dul anonn ná anall leo!
'Sí an duántacht amhrais a thug bás dó. Céard eile? An iomarca den fhíoruisce. Nach mbíodh sé thuas ar Linn na mBradán ansin thuas ó oíche go maidin scaití, thíos go dtí n-a ghuaillí ansin agus an fháideoig aige. Ar ndóigh dheamhan duine beo nach gcaillfeadh an obair sin
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon bhradán ann anois, nó má tá 'sé cuid an bheagáin é. Tá siad ardaithe leo ag dream na Gaillimhe le na líonta móra. Cén mhaith dhuit a bheith ag caint? Chaith mé dhá oíche anuraidh le duántacht amhrais i bPoll na hEasa. Dheamhan a shúil a thug mé as ach ceann. Agus m'anam go raibh siad ann! Ach ní bhuailfeadh aon cheann mé. Shílfeá gur fios a bhí acu
Chuaigh mé soir lá ag an gCora Bh. Bhí brachlainn acu ann (bradáin). Bhí píosa dorú in mo phóca agus cupla duán. 'Sé díol an diabhail é, arsa mise liom fhéin, mura dtuga mé ceann astaí (asaibh) le duánacht amhrais. Chaith mé amach. Diabhal mé go raibh mé ag cur sámhais iontu leis an duán, ach ba é a cás céanna é. D'fhan mé ansin. "Má théann tú ar meath téirigh ag iascach," arsa mise liom féin. Bhí a fhios agam go mbeadh maor eicínt in mo mhullach gan mórán achair. Diabhal easna dhíom, nuair ab fhada liom an fanacht, nach bhfaigheann gruán mór de chloich, agus nach gcaithim amach ina gceartlár í. Bhuail cúpla mé in éindí …
Ná bac le do chuid duánacht amhrais, ach cuir an chamóig ann. 'Sí is siúráilte
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …

Féach freisin