Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dubhú (6)

+
dubh 3
Bhí sé liath gairid ó shin, ach shílfeá go bhfuil sé ag dubhú (a chuid gruaige) aríst, muran daite aige atá sí
TUILLEADH (5) ▼
Tá an oíche ag dubhú — an oíche ag titim; an lá ag diúltú dhá sholas. Ach tá an oíche ag duibheachan .i. bhí sé ina oíche cheana, agus bíonn an oíche i gcónaí a bheagán nó a mhórán dubh, ach éiríonn sí níos duibhe le duibheachan
Shílfeá go bhfuil an lá ag dubhú — ré dhorcha ann
Nuair a fheicfeas tú an bun sin ag dubhú bí ar do shon féin ansin. Is gearr uait báisteach — ceaird áirid den spéir
Tá tú ag dubhú páipéir bail ó Dhia ort. Is diabhlaí nach ngráineofá den scríbhneoireacht uair eicínt!
Tá na fataí ag dubhú as éadan (leis an dúchan)