Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dubhliathach
ainmfhocal, baineann
cineál feamainne a bhíos ar an tanaí sa stopóig. Feamainn dubh í ach í níos caoile agus níos míne.
+
Níl ann ach an dubhliathach, mar chinn orainn a dhul ar an mBranra. Ansin a mhic ó ab fhiú a dhul. Is ann atá máithreach na coirlí
Níl leabharachaí (nó liúrachaí) ar bith sa bpas siúd. An dubhliathach sin atá ann, agus bheifeá meata dhá baint le hais a bheith in éadan na sraoilleogaí móra. Bí réidh agus gabhfaidh foireann againn ar an oileán an chéad lá den rabharta … Bíodh an diabhal ag an té ar mór leis dúinn í. Nach feamainn pháirteach í, agus nach bhfuil baint ag chuile dhuine di chomh maith le chéile. Tá sí ansiúd acu chomh maith linne agus bainidís í más breá leo í. Níl muide ag dul ina mbéal uirthi. Ach tá an iomarca leadaíocht orthu …
TUILLEADH (4) ▼
Glaicín den dubhliathach sin a chuir mé air. Chuaigh sé rite liom an oiread a fháil agus a leasódh an paintéar, théis a dtáinig isteach ó thús bliana
Bhí an-bharr agamsa ansin anuraidh agus dheamhan ceo a chuaigh ariamh air ach seanleasú agus athleasú de dhubhliathach na Cora agus daithín aoiligh os a chionn. Maidir le diúain (guano) níor cuireadh a leithide air. Ach bhí an talamh séasúrach
Níl amach ansin anois ach dubhliathach ar na starráin sin. Bheadh sí sách freagrach don chur óg dhá mbainteá do dhíol di, ach ní bheidh sí nocht aríst i mbliana. Ní bheidh na rabhartaí sách maith
Níl a dhath ariamh soir ar an tanaí sin ach dubhliathach … Dheamhan an miste liomsa. Gabhfaidh muid dhá sceanadh má thograíonn tú. Ní fearr liomsa ceird dhá mbeidh orm

Féach freisin