Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
féar
ainmfhocal, fireann
1.
fás ar an talamh.
a.
+
Tá féar ina luí ann — tá féar sínte ann
Tá na beithígh ag dul go glúine i bhféar ann, agus ní mian leo fanacht ann ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Tá fás breá faoin bhféar ar an aimsir seo — tá sé ag fás go breá; tá teacht suas faoin bhféar
"Tá féar fada agus fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile" (Cuaichín Ghleann Éifinn)
+
Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
Tá sé ag baint an fhéir as a bhuille (fc. buille)
TUILLEADH (2) ▼
Tá siad leis an bhféar inniu — dhá bhaint nó dhá shábháil
Le féar atá S. inniu?
+
Níl aon tsop féir ag gabháil liom nach bhfuil ar a chois fós — ina sheasamh gan baint
Tá an féar siar againne ar a chois fréna chéile. Bhí an iomarca chruóig mhóna ar dhaoine
TUILLEADH (2) ▼
Tá acra féir ar a chois fós aige — gan baint
Dhá dhonacht dhá bhfuil an bháisteach seo ag féar atá ar sraith, is measa go fada é ag an bhféar atá ar a chois. An féar atá "ina luí" lobhfaidh amlú anois é. Tá sé buille deireanach sa mbliain
·
Tá mé ag brath ar an garraí sin a ligean amach chun féir i mbliana — é a chosaint le haghaidh féir tirim
Tá sé ag ligean amach an fhéir (fc. lig)
+
Ní raibh rath ná ríocht ar bheithígh inniu (ag an aonach). Mura bhfeabhsaí siad amach anseo i dtús féir! — le teacht an fhéir; deireadh an Mhárta agus an tAibreán
Ná lig na beithígh isteach ansin go tús féir i ndeireadh an earraigh
TUILLEADH (2) ▼
Níl seamaide féir ar bith ag teacht fós — ag fás
Tháinig féar i bhfad roimhe seo anuraidh — d'fhás sé
·
Tá féar dhá bhó aige mar atá againn ar fad — an oiread talúna agus a thógfadh dhá bhó, i dteannta a mbeadh de laontaí acu, nó go mbeidís i gcruth a ndíolta; tuairim is leathghabháltas mar a chomhairfí é i gConamara nó i gCois Fharraige go háirid
Bhí sruth agus féar leo an fhad is a bhí siad ar an mbaile seo — deirtear seo amantaí in áit: sruth is gaoth
+
Tá fásach féir ann — féar a ngabhfá go básta ann
Níl ann ach geamhar beag féir — giomannach beag féir
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan téagar (brí, a rath srl.) féir a bhí sa ngarraí sin
Thug an bhó sracadh féir léithe
Uchtóg fhéir, bréidín féir, scuabán féir, gabháil fhéir srl.
Tá tairne féir i speal (fc. tairne)
Cuirfidh mé an píce féir thríot (fc. píce)
Rinne siad fáinne féir (fc. fáinne)
An bhfuil mórán síol fhéir curtha agat i mbliana
b.
+
Tá sé ag cur féir óna chosa — ag siúl go tréan
Siúd é an fear atá in ann an féar a chur óna chosa bail ó Dhia air — siúl go maith sciobtha
TUILLEADH (2) ▼
Ní bhainfeadh sé an drúcht den fhéar, siúlann sé chomh réidh (mín, mion srl.) sin
Shiúlfadh sé chomh mín agus nach mbainfeadh sé an drúcht den fhéar lena chosa
+
Níor fhás mórán féir faoi mo chosa nó go ndeachaigh mé siar chuige — rinne mé deifir ag dul chuige (le turas nó aistir)
Ní fhásfaidh mórán féir faoina cosa nó go n-insí sí an scéal sin do dhuine eicínt eile — duine a bhíos beophianta go dté sé ag caint faoi scéal eicínt
TUILLEADH (3) ▼
Dar fia muis, d'inis tú do rún don fhear cheart. Ní ligfidh sé sin do mhórán féir fás faoina chosa go gcuire sé seoladh faoi. Ní chasfadh duine ar bith leat is craobhscaoiltí
Imigh anois, agus ná tabhair cead don fhéar fás faoi do chosa go dté tú ann agus go ndeire tú leis a theacht
Sin é an fear nach ligfidh don fhéar fás faoina chosa ag dul ina ghnaithe dhó. Mo léan géar! Ní bleid a bheas buailte aige ar chuile fhear ar an mbóthar
+
Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás — cailltear daoine leis an amhgar chomhuain is a bhíos siad ag fanacht le cabhair, go bhfaighe a gclann postaí, go dteaga a gclann in éifeacht, go mbeidh a gcuid eallaigh, a gcuid barr srl. in alt a ndíolta srl.
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Tá dhá bhliain eile uirthi siúd sa gcoláiste. Dhá mbeadh sí ina máistreás bheadh sí in ann deoladh a choinneáil leis an athair agus leis an máthair. Dheamhan slí ó fhlaithis Dé acu. Ach faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
+
Tá tú chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás — is bréagadóir corónta thú
Ara ná géill do J. Tá sé sin chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Nár dhúirt sé liom fhéin an lá faoi dheireadh gurb é an áit a bhfuil an mac ag obair anois ag déanamh céibheannaí i nDúiche Sheoigheach. Diabhal mé gur chreid mé é, agus go ndeachaigh mé dhá inseacht sa mbaile aríst. Rinne siad ball séire dhíom. Céibheannaí i nDúiche Sheoigheach!
TUILLEADH (1) ▼
Is bréagaí thú ná an fear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás. Cén tsomhaoine dhuit an chumadóireacht sin? Breá nach n-éireofá aisti
+
'Sé an fear is cantalaí é a shiúil féar ariamh; sé an fear is cantalaí é a shiúil talamh ná féar — 'sé an fear is cantalaí beo é
Níor shiúil sé talamh ná féar aon mhac is mí-ásaí ná P. má bhíonn aon deoir caite aige. Bíonn coinneal ina shúile nó go n-aimsí sé duine eicínt
TUILLEADH (6) ▼
Níl aon lá dar shiúil mé talamh agus féar nár chuala mé gurb é a athair sin a mharaigh C. Th.
Níl aon fhear ag siúl talamh ná féar in ann aige sin. Tá mise dhá rá leat
Is beag fear a shiúil féar ba dea-chaintí ná a athair sin. Chaithfeadh sé laethantaí fada na Féile San Seáin ag nathaíocht agus gan iamh a theacht ar a bhéal
Níor shiúil sé talamh ná féar an té a d'fhéadfadh aon cheo a chasadh liomsa ná le aon dhuine dhá mbaineann liom faoi chneámhaireacht
Níl sí ag siúl talamh ná féar aon bhean is láí shuáilcí ná í sin
Sin é an slíomadóir is measa a shiúil talamh ná féar
·
Ní fheicim ar foth ná ar féar é; níl sé le fáil ar foth ná ar féar srl. (fc. foth)
+
Fáilte na gé romhat ón bhféar go dtí an t-uisce — fáilte a chuirtear roimh dhaoine scaití (fáilte mhaith í)
Do mhíle fáilte a mhic ó, agus ní hé amháin. Fáilte na gé romhat ón bhféar go dtí an t-uisce!
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le fáilte! Chuir sé fáilte na gé romham ón bhféar go dtí an t-uisce.
+
Tá an ghrian ag dul siar agus níl an féar dhá shábháil — tá an t-am dhá chaitheamh agus gan an mhaith dhá dhéanamh
Seoigí a scraistí! Éirigí feasta ag obair! Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (2) ▼
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agat fios a bheith agat air feasta. Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
Níl ag Nóra s'againne anois ach bliain eile le dhul isteach ar an Preparatory (Examination). Agus níl sí ag breathnú ar leabhar ná ar pháipéar. Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháilt
+
Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — dea-ghealladh ach nach gcothóidh sé duine gan cur leis; geall rud do dhuine agus maireadh sé ar a rogha caoi uaidh sin amach; bíodh foighid agat agus ná fuasaoid d'easpa agus tiocfaidh gach rud ceart uair eicínt amach anseo
Tá tusa ar dhroim (ar mhuin) na muice, ach cén chaoi a mairfidh daoine eile. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! M'anam gur deas é do chomhrá
TUILLEADH (2) ▼
Beidh an saol go maith fós ach foighid a bheith againn, adeir sé. Foighid! Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar! Níl a fhios aige sin cá'il an bhróig ag luí ar aon duine eile, agus is ríchuma leis
Fiafraím díot, cén chaoi a ndéanfaidh muintir na háite seo an saol a ríochan, nó go ndéantar a bhfuil tusa a rá. Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar, ab ea. Mar a chéile sibh ó sháil go rínn. Tá sibhse chomh dona le dream ar bith eile
+
Ní bheathaíonn an féar an phis — ní mór leasú a dhul ar phis (peas) seachas a cur ar an bhfód nó as an mbán; love does not make the pot boil; níl gnaithe ag duine obair a thosaí mura bhfuil teannadh ar a chúl aige, nó an oiread is go mbeidh sé in ann freastal do dhola na hoibre; you cannot build on sand
Cén áit a bpósfaidh sé. Dar fia muise má phósann, déanfaidh sé tíobhas! Gan ní dhár dhealbh an ghrian aige ach an bráicín sin. Ara chuala tú ariamh é, ní bheathaíonn an féar an phis
TUILLEADH (2) ▼
Níl aon ghnaithe ag duine ar bith bualadh faoi theach a dhéanamh mura bhfuil riar eicínt airgid aige fhéin. Níl aon ghair aige air. Ní bheathaíonn an féar an phis. Bheadh duine go deas dhá gcaitheadh sé é a chaitheamh in aer, agus é leath-dhéanta aige. Ní mór do dhuine fios a bheith aige go bhfuil sé in ann cailleadh leis, go bhfuil sin
Níl a fhios cén talamh atá socraithe aige le aghaidh fataí agus gan aon tsop leasú ag gabháil leis. B'fhéidir go gcuirfeadh sé ar an bhfód iad. Cuireadh cheana, ach deir siad nach mbeathaíonn an féar an phis.
c.
is iomaí cineál féir ann: trismhínleach, aorthann, bréinleach, sceitheach, féar gliomach, féar seangáin, féar gortach, féarlach srl.
+
Tá go leor féar seangáin ann ach sin é an méid — an féar beag scáinte a fhásas ar phúiríní seangáin agus timpeall orthu. D'fheicfeá ar chnocáin i ngarrantaí é go minic
Ní íosfaidh bó ar bith an féar seangáin sin! Tá col acu leis.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan ceo ar fhuaid an gharraí ach mar a bheadh féar seangáin ann: giomannach bheag bhídeach
D'fheicinnse an cnocán sin faoi fhéar seangáin ar fad roimhe seo, ach rómhraíodh ó shin é agus tá a shliocht air
Níl tada siar le claí ach féar seangáin — féar beag cranda, (ach ní raibh aon phúiríní seangáin ann, ach an cineál céanna féir agus a bhíos orthu)
+
Tá na locháin siúd ar an íochtar faoi fhéar gliomach fré chéile — ní féar é dháiríre ach cineál feamainne a bhíos i locháin an chladaigh in áiteachaí; ribíní fada é ar dhéanamh féir, agus é mór go maith; dath bán a bhíos air; ní bhíonn aon tsaint rómhór ag lucht leasaithe ná ag ceilpeadóirí ann, ach cuirtear amach ar an talamh é thríd fheamainn eile
Diabhal a dhath síos in íochtar an chlochair ach féar gliomach. Tá sé sin go fairsing ann. Ní bhfaightheá boirdín asail d'fheamainn dubh ar an roinn ar fad
TUILLEADH (1) ▼
Cén mhaith dhuit a bheith do do mheath fhéin leis an bhféar gliomach sin. Is fhearr an fáisín bliana fhéin ná é sin. Fág i dtigh tubaiste ansin é. Faraor nach é an barr chuanla a chuaigh muid a bhaint
+
Tá féar gortach thuas i mbarr an bhaile — cíb ar éigean; sórt féar beag gann gágach garbh a fhásas ar mhótaí agus ar thuláin ar na barra garbha; glaoitear scaití ar fhéar a bheadh mar é i móinéir nó in áit ar bith (ach ní thabharfaí cíb ar éigean air sa gcás sin); ní thugtar ar ocras é a bhuaileas duine amuigh; sliabh gortach é sin
Tá na tuláin agus na mótaí siúd ar fad faoi fhéar gortach. Ní bhfaigheadh bó dhá phlaic ann. Má chuireann sibh ann iad ní mór dóibh buicéid
TUILLEADH (2) ▼
Tá barr baile anseo againne muis agus is gearr le dhul é. Níl ann fré chéile ach féar gortach. Is fhearr aon phóicín amháin istigh agaibhse le cruth a chur ar bheathach ná a bhfuil de thalamh istigh ar na bailteachaí seo. Tá substaint sa bhféar agaibhse
Ná bac lena bhfuil d'fhéar againne i mbliana! An dá phreabán sin thuas, agus gan orthu sin fhéin ach féar gortach — bunfhéar gann; ní cíb ar éigean
·
Féar i ndiaidh féir atá ann (ath-fhéar) — athbharr; ligean d'fhéar fás in áit ar baineadh féar ar mhóinéar
D'imigh an diabhal orthu má tá siad gráinithe ar an ngarraí sin agus féar i ndiaidh féir acu ann.
d.
is iomaí caoi a gcuirtear síos ar fhéar nó a dtugtar a cháilíocht i gceist: féar glúiníní, féar luibheannach, féar tirim, féar corráin, féar boilgíneach, féar ascaille, féar ainleoige, féar speile, féar clascannaí srl.
+
Tá go leor féar clascannaí ann — an féar a bheadh ar chlascannaí srutha nó ar lagchlascannaí nach bhféadfaí a bhaint le speal i móinéar; an féar a bhíos i gclascannaí na bhfataí
Bhí mé ag baint féar corráin inniu (féar ascaille) — féar nach bhféadfadh an speal a bhaint; féar clascannaí nó an féar a bhíos buailte ar na claíochaí (féar ascaille) nó ar leachtaí, nó i gcarracáin
TUILLEADH (8) ▼
Caithfidh mé a dhul ag baint féar ascaille — an féar a bhíos i gcúinní agus le claíochaí. Le corrán a bhaintear é
Féar ainleoige, féar airgead luachra srl. — bheadh go leor ainleoige agus airgead luachra srl. fé seach sna cineálachaí féir seo
Féar speile — an féar atá in araíocht ag speal a bhaint; féar mhóinéir
Níl mórán féar speile agam i mbliana — níl mórán féar móinéir agam
Tá neart féar tirim aige — an féar ó bhíos sé bainte nó sábháilte; ar a chois a bhíos sé roimhe sin
Níl gionnóid féar tirim de bhláth bliana agam
Caithfidh mé a ndíol théis mo dhíchill ó tharla nach bhfuil féar tirim ná farae agam dóibh (beithígh)
An bhfuil féar tirim ag dul a rath anois?
2.
+
Mura dtograí tú a chaitheamh (toitín), cuir in do phóca é. Is féar tirim duit fhéin é — déanfaidh sé leas duit uair eicínt eile
Mura dtograí tú a gceannacht (gamhna), fág i do dhiaidh iad. Níl mise dhá dtiomaint ort chor ar bith a dhuine chroí. Is féar tirim dom fhéin iad — tá mé dearfa go ngabhfaidh siad chun sochair dom fhéin amach anseo, nó go ndéanfaidh mé farasbarr buntáiste orthu
TUILLEADH (4) ▼
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirim dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht de phunt amach anseo san earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) — is maith an éadáil dom fhéin í le coinneáil
Is féar tirim do dhuine i gcónaí teach. Mura dteastaí sé uaidh fhéin ní bheidh sé d'uireasa duine le dhul ann — féadfaidh sé a ligean ar cíos
Cén chiall go gcuimhneofá amháin air? Do churach a ligean uait mar sin ar bheagán! Is maith an féar tirim duit fhéin í. Fan go hearrach nó go dteastaí leasú uait! Fóirfidh sí ansin. Ar ndóigh ní feamainn scine atá agat
Dar fia ná tabhair an píopa sin uait. Is féar tirim duit fhéin i gcónaí é. Má chailleann tú, nó má bhriseann tú an píopa eile sin, cén bhail a bheas ort? Beidh: do mhéir a bheith in do bhéal agat. Tá píopaí ina n-ór anois

Féach freisin

foth
lig

féar in iontrálacha eile (50+)

 
Déanaidh cocaí den fhéar faitíos báistí — ar fhaitíos go dtiocfadh báisteach
 
Má chothaíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon fhód móna ná aon tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon chailleadh air
 
fliuch 1
Tá an féar fliuchta aríst. Má fhaigheann sé mórán amlú anois, beidh sé dreoite
 
Ní iarrfadh na daoine fliuchán anois go mbeadh an féar craptha
 
Bhí sé ansin os comhair do dhá shúl chomh follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é ina dhiaidh sin
+
Níl féar ná fothar (fothair freisin) agamsa i mbliana — níl féar ar bith agam (cuirtear féar agus fothar i gcuingir mar seo)
TUILLEADH (6) ▼
Tá an talamh chomh spalptha i mbliana agus nach mbeidh féar ná fothair ann mura bhfuil ag Dia. Níor buaileadh aon deoir bháistí ar an talamh ó Lá Bealtaine
Tá féar agus fothair aige sin, agus is beag an dochar dhó agus a gcuireann sé de mhúirín agus de leasú air. Thug sé suas le trí thonna amach as an bhfóidín i mbliana
Is furasta dhó féar agus fothair a bheith aige agus a bhfuil d'fhairsinge (talúna) aige. Ba bheag a bheadh aige dhá mbeadh sé chomh gann linne
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
Is deacair dhó féar ná fothair a bheith aige lá is gur fhága sé an garraí sin thuas gan baint nó gur lobh sé ar a chois. Sin é a chleas chuile bhliain: Ag imeacht ag cipiléireacht agus ag biorú claíochaí nuair a bhí aige a ghnaithe a dhéanamh
Bíonn féar agus fothair ar choinnleach choirce an Mhárta, adeir an Chailleach Bhéarra. Sin í a raibh a fhios aici é!
 
Iarr leat a mhic ó! Tuige nach n-iarrfá! Is féar tirim duit fhéin sin. Den tsonas an achainí, adeir siad, ach den donas a bheith dhá freagairt. 'Sé an scéal is measa nach bhfuil mé in ann a freagairt sílim
+
fág
Bíodh sé buíoch do T. faoin bhféar ar chuma ar bith. Más thíos a fuair sé é is thuas a d'fhága sé é — bhain sé nó chrap sé an féar dó, nó chuir sé caoi cheart air
TUILLEADH (2) ▼
D'fhága sé an féar siúd rófhada ar sraith agus fuair sé amlú
D'fhága an soilíos mo chuid féir fhéin dreoite
+
An bhfeiceann tú an changailt atá ar an asal sa síol féir! Dar brí an leabhair tharraing sé (cic) orm, nuair a shíl mé a dhul ina éadan! Sin é an diabhlánach! Tá sé mar a bheadh cat ann ag cangailt páideoige anois. Beidh scéal agat air a bhithiúnaigh, ar feadh mise maide maith téagarthach a fháil!
TUILLEADH (2) ▼
Tá an féar sin fréna chéile faoi fháideogaí fuara — cruimhe agus cloigne dearga orthu. Iad beag agus mór. Bheifeá millte le salachar a níos siad sa gcoirce. Is mór an ghráin cuid acu. Ní bhíonn siad i gcuid den choirce chor ar bith. An chruach a níos iad
Nuair a bhain mé a chuid balcaisí den ógánach sin aréir (gasúr), bhí sé ag snámh le fáideogaí fuara. Bhí siad ag titim as a chrioslaigh ina gcuasnógaí, de bharr a bheith dhá únfairt fhéin sa bhféar ar feadh an lae inné. Is colúil an rud iad. Ní thaitneoidís liom chor ar bith
+
Déanann siad fáinne féir thoir ann agus cuireann siad na gasúir ag troid — cumraíocht fáinne a dhéanamh sa talamh le maide nó láí, agus na gasúir a dhul isteach ann; ní thuigim cén bhaint atá aige le "féar" muran abairt shamhailteach a bhí ann ó thús. Nítear fáinní féir i móinéir agus in iothlainneachaí
TUILLEADH (2) ▼
Déan fáinne féir dóibh go dté siad ag coraíocht
Rinne muid fhéin fáinne féir don bheirt agus thosaigh siad ag plancadh a chéile. Tabhair plancadh air! Más ea fhéin, ní raibh gair ná gaobhar ag an mbleitheach mór ar Th.
+
Breathnaigh amach faitíos na fálach thuas. Tá an cneámhaire d'asal sin, agus a cheann síos thar chlaí gharraí T. Mh. aige ar feadh an lae. Má théann sé ina chuid síol féir siúd, is measa duit é a tharraingt ort ná an tÁibhirseoir
TUILLEADH (1) ▼
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
Tá bhur gcuid féir ag imeacht go fánach ansiúd thíos cheal claíochaí. Bíonn beithígh an bhaile istigh ann chuile ré solais — go neamhthairbheach díbh fhéin
 
fán
Ní shásódh rud ar bith anois é ach fán a fheiceáil ar a bhfuil sa teach sin thíos. Dhá bhfeiceadh sé féar go fraigh leis bheadh gliondar air
 
Tabharfaidh sé siúd faoi na físeachaí dhuit é má fheiceann sé an féar taltaithe. Mar sin, fan amach as.
 
fíóg
Dhá bhfaighinn glac fhíógaí le rópaí a chur ar na cocaí féir sin amuigh! Ba cheart go mbeadh dalladh acu thuas i mbarr an bhaile agatsa
 
Níor mhór a bhfuil de chlocha sa ngarraí sin a phiocadh agus iad a chaidhleadh suas in áit eicínt as an mbealach más linn é a ligean amach chun féir i mbliana. Tá an draoi cloch air.
+
Tá an slám féir sin thiar ina chiseach ag na caoirigh. Dheamhan pointe ar bith nach istigh ann a bhíonns siad.
TUILLEADH (1) ▼
Má fhaigheann an féar sin thíos mórán eile amlú, beidh sé ina chiseach.
 
Má tá tonna féir sa gcoca sin, leabharsa 'sé a chlochneart é.
 
Níl an féar i gcosúlacht a bheith an-fhliuch, ach is fánach an chaoi a ndreofadh sé ina dhiaidh sin fhéin.
 
Chonaic mise féar chomh mín chomh séimhí agus gheofá istigh sa leathbhaile seo ar an bpreabán talúna sin, agus féacha anois go bhfuil sé ina chíb ar éigean. Dhéanfadh talamh ar bith an rud céanna dhá bhfágtaí gan aon chaoi é.
 
Má sheasann an aimsir i bhfad ina círéabachaí mar seo, beidh na daoine in anchaoi. Ní bheidh fata ná arbhar ná féar ann.
+
baile
Crap do chuid féir muran leat amlú a thabhairt dó. Tá an braon ar ghort an bhaile.
TUILLEADH (1) ▼
"Tá féar fada is fásach i ngleanntán álainn i bhfad ó bhaile; Agus cuaichín Ghleanntán Éifinn nár fhéad mé ariamh a mealladh"
+
"Is deas an rud bólacht, féar maith agus gabháltas; Cruithneacht is eorna le gearradh; Min ins an gcomhra agus tine tráthnóna; Agus dídean d'fhear bóthar is bealaigh" (Raiftearaí — Caismirt an Phótaire leis an Ól)
TUILLEADH (2) ▼
Níor ligeadh a shláinte ariamh le fear bóthair ná bealaigh as an tsráidbhaile chéanna. An cluiche scabhaitéaraí ba mhó a bhí ar foth ná ar féar, is istigh sa mbaile sin a bhí siad scaitheamh.
Ní mórán a chuirfeadh sé as do bhealach thú cupla uair a chloig a thabhairt dom leis an bhféar a chur i dtoll a chéile.
+
beart
Tá beart luachra, féir, scolb, raithní, barrann srl. aige.
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan mórán nach ndéanfadh an bréidín féir sin beart ann fhéin.
Ní thabharfadh sé le rá go gclisfeadh sé faoin mbeart féir, ainneoin go raibh a sceadamán amuigh aige dhá iompar.
Chaith sí an lá ag dilleoireacht liom agus ag iarraidh orm scaitheamh de lá a thabhairt di leis an bhféar. Ach séard adúirt mise léithe, nach dtabharfadh aon duine aon chúnamh dhom fhéin dhá mbeinn ina chall. Tarraingeadh chuile dhuine a bheart fhéin ar an saol seo.
 
Cé nach bhfuil tú a thabhairt do na beithígh sheasca ach an ghabháilín fhéir sin? Is gearr le dhul orthub an teirgéis sin ar choraice dhuibh na bliana agus gan soláthar na solamar ar an talamh.
+
crinn
Níl seamaide féir anois ann. Tá sé crinnte síos go grinneall acub — beithígh a bheadh i bhféar.
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór don bhó féar a fháil a mbeidh sí in ann a teanga a chasadh air, ach tá an capall in ann é a chrinneadh. An áit a gcaillfí an bhó, mhairfeadh an capall ann, an chaora ar an gcapall agus an ghé ar an gcaora.
+
beo 1
'Fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar' (seanfhocal) — má bhíonn tú in ann an ganntanas nó an t-ocras a bharraíocht idir an dá linn, beidh greadadh beatha le fáil agat fós. (Ag cur comhlíonadh an dea-ghealladh ar an méir is faide i gcónaí)
TUILLEADH (2) ▼
Tá an chaint sin ceart go leor — fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar — ach ar chuala tusa ariamh go bhfaigheann na ba bás 'fhad is a bhíonns an féar ag fás.
Sin é an leathrann atá acub sin i gcónaí, go mbeidh saol maith ann an chéad bhliain eile. Tá siad a fhearacht ag an bhfear fadó adeireadh: fan beo a chapaill agus gheobhaidh tú féar.