Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

gotha (21)

 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
Dar príosta má tá sé go lách, tá sé ag gabháil in aghaidh a chosúlacht, arae tá gotha crochadóra air.
 
Níl gotha ar bith againn ar an mbolstaic chéanna. Is fada a bheadh sé amuigh go gcuirfí fios anseo air!
 
buail
Ba bheag an dochar dhó faitíos dhá bhualadh, agus an gotha a bhí ar Sh. B.
 
Tá gotha na cneámhaireachta ar an asal sin. Ní mór dhaoibh fanacht ag aireachas air nó tiocfaidh sé thar claí
 
amach
Níl gotha ar bith againne ar ghaolta i bhfad amach — níl aon tsúil againn go dtiocfaidh siad go dtí muid, go mbrughfaidh siad orainn, níl muid dhá n-iarraidh
 
Loiceadh a dhéanfas an cur sin. Ní hé a athrú de ghotha atá air
 
las
Bhí siad lasta chuig a chéile — iad feargach le chéile agus gotha troda orthu
 
Tá an bháisteach stoptha agus é glanta amach chun feothain ar fad. Diabhal a fhios agam nach séideadh ina stoirm a dhéanfadh sé. Níl aon dea-ghotha air
 
Níl dea-ghotha ar bith ar an lá
 
dealbh 1
Ní luar liom an diabhal a fheiceáil ná a dhealbh. Bíonn gotha crochadóra i gcónaí air, agus scéin ina shúile. Cén bhrí ach an choisméig bhacaíola atá ann!
 
Is diabhlaí an deirgeadas atá san aer sin ó dheas. Gotha toirní atá air
 
Uair í cheapfainn, atá deisithe amach ar bháistigh. Is olc an gotha atá air. Tá sé dhá cothú rófhada, dhá mbeadh neart air
 
Dar mo choinsias, níor mhaith liom cur chun farraige inniu. Tá gotha an-diúltach uirthi, agus feictear dhom go bhfuil sí ag dul chun callóide. Ach is beag an chlóic atá ar lucht na ngliomach. Tá sé in araíocht a dhul amach acu sin mura mbeidh sé an-mhór críochnaithe
 
Is doicheallach an gotha atá ar an bhfarraige inniu. An bhfeiceann tú an bláth bán atá uirthi. Ní mórán dá fhonn a bheadh orm inniu m'aghaidh a thabhairt amach uirthi. Tá sí buille callóideach
 
Is doineanta an uair í. Agus níl aon dhea-ghotha ar an tráthnóna anocht ach oiread
 
Nach é atá drochmhúinte, ná duine ar bith eile a thóg cloch agat (chugat)! Tá gotha an chrochadóra ar an diabhal
 
Seo í dubh-ana na bliana. An t-am seo i gcónaí a ghníos sé chuile drochshíon. Caithfidh sé rud eicínt i mbliana muis. Is maith an t-ádh atá orainn nó gheobhaidh muid drochthuairt shneachta. 'Sé an gotha atá air é
 
Dhá n-ársaíodh an lá suas as an dúchan seo, b'fhéidir go mbeadh sé inrásta a dhul 'na phortaigh ar ball, ach níl aon ghotha maith air chor ar bith. Míle buíochas le Dia nach caillte an uair í!
 
Scaití bíonn sí an-phléascánta: ag caint, agus ag déanamh spraoi, agus chuile shórt tarraingthe anuas aici, agus shílfeá go mba leat ar fad í. Ach ar iontú do bhoise aríst, bíonn sí chomh dúnárasach agus nach mbainfeá focal aisti le meanaí. Luathintinneach mar sin atá sí. Chonaic mé ag dul siar tráthnóna í agus gotha an-diúltach uirthi. Ba bheag le gur bheannaigh sí dom. Sách deacair a bheadh sé í a bhearradh anocht cheapfainn, ach beidh a shliocht uirthi, fanóidh na daoine (an té atá ag caint) glan uirthi
 
'Anois b'fhéidir, is gearr go mbeidh a fhios cé hé searrach na dea-lárach,' adeir P. Ch. agus an bheirt ag tarraingt ar a chéile agus ag cur gotha troda orthu féin. Ach ní ghabhfaidís le chéile ina dhiaidh sin. Bhí claonadh ag chaon duine acu ón gceann eile