Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

mothú (17)

+
arann
Níl mothú ná arann ann (Conamara; cuirtear an dá fhocal le chéile ansin, mothú agus arann, ach má deirtear ceann acu as fhéin, 'sé mothú é .i. níl aon mhothú ann. 'Sé a mhalrait ar an Achréidh é. Ní chloistear mothú ná arannníl aon mhothú ann ansin. Níl aon arann ann adeir muintir an Achréidh agus tá ciall níos ligthe leis ná faoi Chonamara)
TUILLEADH (9) ▼
Níl mothú ná arann ann — tá a mheabhair caillte aige, mar a bheadh duine a mbeadh meirfean air, duine a bheadh ar meisce, duine a bheadh in achar an anama nó a shamhail
Níor fhan mothú ná arann ann ar an toirt
Bhí sé caite ar an mbóthar gan mothú gan arann.
Níor fhága an t-ól mothú ná arann ann.
Tabharfaidh mé iarraidh dhuit nach bhfágfaidh mothú ná arann ionat.
Is fada a chaith sé gan mothú gan arann.
Ba beag an dochar dó a bheith gan mothú gan arann agus an gleadhradh buailte a fuair sé.
Níl mothú ná arann ann inniu agus tá an aithne imithe uaidh.
Bhuail míobhán sa gceann mé agus shíl mé nach bhfanfadh mothú ná arann ionam. (mothú = a bheith in araíocht rudaí a thabhairt faoi deara agus a thuiscint. arann = mar atá thuas.)
 
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
 
driog
Rug sé ansin orm in aice an ailt. 'Sé a raibh ann go bhfeicfeá lorg ann agus níor tháinig deoir fhola. Ach mura dtáinig, bhí pian ann. Timpeall is leathuair ina dhiaidh sin d'airigh mé na driogannaí cráite ag snámh suas thrí mo láimh — suas go gualainn, agus níor fhan mothú ná arann i gcrobh mo láimhe. Chuir mé fios ar an dochtúr de léim. Níor mhór dhom féin gur chuir. Dhá bhfágainn leathuair eile í adeir sé, bhí mo chnaipe déanta. Chaithfí an láimh a bhaint anuas ón ngualainn díom
 
droim
Bhuail sé failm orm de (le) dhroim na láimhe agus is beag nár bhain sé an mothú asam droim na láimhe: an chuid amuigh di. Bos a tugtar ar an gcuid istigh
 
Thabharfainn an leabhar go raibh déidín tite ag an luán cait seo agam an oíche faoi dheireadh. Bhí plaic ina bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cinnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt lena caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball ina bhior aige, gan mothú ar bith. Hé brí cén sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) sa deireadh é. Dhá n-imíodh sé féin, is beag an chaitheamh ina dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timpeall an tí seo, is cait iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
 
Nach maith a chuaigh mé as an uair sin. Frítheadh caite ar an mbóthar stromptha mé. Leag siad láimh ar mo chroí agus bhí sé ag bualadh ar éigean. Bhí díogarnach anála ionam freisin, agus thosaigh siad do mo chuimilt. Thug Dia do Sh. N. Ph. go raibh buidéal fuisce poitín aige — buidéal nár bearnaíodh chor ar bith. Choinnigh siad liom é. Bhí glas ar mo bhéal ach d'oscail siad é ar chaoi eicínt. Léar (de réir) mar a bhí siad ag coinneáil an phoitín liom, thosaigh mothú ag teacht ionam i leaba a chéile. Dar brí an leabhair, faoi cheann uair an chloig bhí mé in mo bhíthin óg aríst
 
Ní fhaca tú madadh le dúchas ariamh. Well ní fearr duit a fheiceáilt. D'fheicfeá go minic fadó iad. Bhí madadh againn anseo uair: madadh mór gliobach rua. Chonaic mé féin thuas ar an teallach lá é agus é ag líochán a chuid uisce féin. Bhuail mé cnap air. Ba mhínádúrtha an rud é. Ba ghearr go raibh a chuid súile chomh glórach lena bhfaca tú ariamh, agus claonfhéachaint i gceann acu. Faoi cheann cupla lá, bhí sé ag creathadh ar fad, agus banlámh dhá theanga amuigh agus gan mothú ná arann ina ghiall déarfá. Dheamhan easna dhó nach n-éiríodh ar a chosa deiridh agus thugadh sé farra san aer. Bhí tart céatach air, agus sian chráite aige, agus é ag cur chúir amach. Dhá bhfeictheá na creaití a bhí air. Agus bhíodh sé caite anuas ina phleibistín chuile phointe. Cailleadh é théis cúig nó sé de laethantaí. Dúchas a bhí air. Is fada go mbeifí dhá bhuachailleacht anois. Chaithfí é
 
Tá dúradán dona d'uascán — uascán na bliana anuraidh — thuas ansiúd thuas ar an gcriathrach aige. Is maith a chruthós sé má bhíonn sé sa gcomhaireamh ceann mí ó inniu. Más leis srianadh thríd, níorbh fholáir dó aire, thar is é a fhágáil thuas ansiúd ar an gcriathrach ag imeacht ina ghoróir faoi chlocha. Níl mothú ar bith ann, agus titfidh sé i bpoll eicínt nach dtiocfaidh sé as, nó is maith an t-ádh atá air