Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

ní dhearna (50+)

 
Ní drochfhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon dochar d'aon duine ariamh adeir siad
 
focal
Níor dhúirt mé dhá fhocal cainte leis ariamh; ní dhearna mé dhá fhocal cainte leis ariamh — ní raibh mé ag caint mórán leis
 
ciste
Fhóbair ciste a bheith faighte ag mo sheanathair sa gcnocán sin thiar. Neach a tháinig go dtí é agus adúirt leis a dhul ann, ach ní dhearna sé a chomhairle, arae is fear de mhuintir Dh. a thug sé leis i leaba C. Bhí leac an phota nochtaithe acub nuair a tháinig an marcach — marcach a bhí chomh hard leis an aer — go dtí iad, agus d'fhuagair sé orthub staonadh. Sin é a raibh na thimpeall. D'fhan an ciste mar sin ariamh ó shin, agus chreidim go bhfanfaidh, ar ár son s'againne.
 
cleite
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh, ach breith ar Sheán Mh. idir chorp chleite is sciathán, agus é a leagan istigh sa gcarr.
 
Ní dhearna sé a leathcheart leat — droimeáil mhaith a thabhairt duit — agus a fhusacht duit do bhealach fhéin a dhéanamh agus gan araoid beag ná mór a chur air.
 
Ní dhearna tú aon chreachlaois oibre inniu?
 
borr
Ainneoin ar buaileadh air, ní dhearna sé ach borradh leis.
+
Bhí duine de bhrogúis Chonamara istigh agus ní dhearna mé aon mhoill.
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mé aighneas ar an mbrogús ach ní dhearna sé an oiread agus beannú dhom.
 
Ní dhearna sí filleadh ná feacadh ach seál a bhuaileadh aniar ar a bráid agus bóthar abhaile a thabhairt di fhéin. Ón lá sin go dtí an lá seo, níor thaobhaigh sí an teach aige, ach sa mbaile abuil a hathair agus a máthair.
 
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach breith air agus é a bhualadh anuas faoin talamh
+
buille
Chreidim gur thug sé buille na speirthe dhó, ó fhada go dtí é. Má thug fhéin, ní dhearna sé leath a cheart leis. Is fada dhá thuaradh dhó fhéin é.
TUILLEADH (1) ▼
An buille fhéin ní dhearna sé le mí anuas, ach ag imeacht ar ragairne agus ag déanamh aos díobhaill i gcaitheamh na hoíche ar fud na tíre.
 
buinne 1
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
 
Bhí pian ghártha orm, agus ainneoin sin (.i. thar éis sin), ní dhearna mé a dhath éagaoineadh.
 
amach
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a íoc amach as láimh — ní dheachaigh sé anonn ná anall leis ach é a íoc ar an toirt boise
 
anuas
Níor chomaoin dó a bheith anuas ormsa mar ní dhearna mise oirille ar bith air ach an oiread is a rinne mé ar aon duine eile
+
ard 2
Ní dhearna mé ariamh níos airde ná beannú dhó — bheannaigh mé dhó, ach sin é an méid; ní raibh mé ag caint ariamh leis thairis sin
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna mé níos airde ná sin, agus thugadar chun cúirte mé ina dhiaidh sin.
 
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul glanoscartha amach as an gcurraigh ar an gcarraig, agus fanacht ansin go dteagadh cabhair.
 
faon-
Ní dhearna mé ach fionnoscailt a thabhairt ar an doras agus mo cheann a chur isteach. Nuair a chonaic mé an teach bán chrap liom aríst
 
Ní thabharfadh sé aon fhód móna don fhear chneasta féin anois gan a híoc ar an tairne ó d'imigh an fear siúd lena chuid airgid. 'Sé fálú an ghoirt é théis na foghlach. Ní dhearna sé in am é
 
Ní dhearna sé brí báistí aréir. Rinne sé fraighfhliuchas beag
 
Ní dhearna mise aon chur isteach ariamh air — níor chuir mé araoid ar bith air ariamh
 
iontas
Ní dhearna mise iontas ar bith di. Nach achrann uilig é (seo é adúirt duine le duine eile faoi fhear a bhí in ainm is achrann a tharraingt)
+
fiach 1
Ní dhearna mé aon fhiach fós i mbliana
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna mé fiach ná fionnscaradh ariamh thar rud ar bith
+
fill
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul anonn go dtí é agus a bhualadh ar an smaois — ní dhearna sé braiteoireacht ar bith; rinne sé maolabhrach é; rinne sé é gan stánadh ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Ní dhearna J. Mór filleadh ná feacadh ach a theacht aníos ón tine agus an píosa dhá scilling a leag sé ar bhord an tsagairt a thógáil dhó aríst. "Bíodh agat, a shagairt," adeir sé. "Mura nglaca tú dhá scilling, glacfaidh mé féin iad. Ach ní bhfaighidh tú aon leathchoróin ar chuma ar bith"
Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach fáisceadh ar a chapall agus isteach Gaillimh nó gur tharraing sé summonsachaí
 
Ní dhearna sé fionna feanna an t-earrach seo, ach soir agus anoir go dtí an tsráidbhaile seo thoir ag féachaint cén blas a bhí ar an bpórtar
+
Thosaigh sé ag bollaireacht luath go maith agus ní dhearna sé aon fhoighid aríst ar feadh na hoíche. Bhí a raibh sa teach leis ag cur foighid ann ach ní raibh aon mhaith ann nó go ndéanadh sé an bualadh agus an briseadh
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna an madadh sin aon fhoighid ar feadh na hoíche ach ag tafann
 
folach 2
Ní dhearna sé aon chur i bhfolach ar an crainnte. Chonaic mise an scian bheag i dtosach a chiotóige agus d'fhuagair mé tús láimh an dá chrann ar an gcarnán thoir
 
frigh
Ní dhearna sé faic na fríde le seachtain — fionna feanna
 
Dúirt S. rud eicínt leis, agus ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach a dhul dhá fhuasaoid air (ar Sh.) leis an sagart. Sílim nach aon bharrshásamh a fuair sé ón sagart. Tháinig sé abhaile sách bréan dó fhéin ar chaoi ar bith
 
Beart féir a bhí air, agus d'airigh sé an-mheáchan ann, agus diabhal mé go dtug sé go hiothlainn é ina dhiaidh sin. Ach chuir sé é féin thar a fhulaing leis. Ní dhearna sé aon bhuille ó shin
 
Ní dhearna siad faice ó mhaidin inniu ach istigh i lúbainn an chlaí ag ligean deataí le gaoith. Sin iad an chuingir agat.
 
An bhliain faoi dheireadh a raibh sé sa mbaile, ní dhearna sé tíochas ar bith. Dheamhan mórán le seachtain a chaith sé anseo sílim
 
diaidh
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
Dhiúltaigh sé iad féin agus a dteach ar fad. Ach ní dhearna sé in am é. Cúig bhliana roimhe sin a bhí aige a dhéanamh. Dhá ndéanadh, ní bheadh drochrath ar a chuid mar atá. Ach ina dhiaidh a feictear don Éireannach a leas
+
dochar
Ní dhearna sé díth ná dochar dó — ní go minic a bhíos sé seo i gcaint ach amháin i seanamhráin agus i seanphaidreacha, ach deirtear scaití é mar sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé dochar ná díobháil d'aon duine ariamh
+
Bhí an t-an-drochghotha air, ach ní dhearna sé brí ina dhiaidh sin. Is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
TUILLEADH (1) ▼
Deir sé nach gcuirfeadh sé a chois chlí ná dheas isteach thar an tairsigh aríst go deo acu leis an doicheall a bhí acu roimhe Dé Domhnaigh seo caite. Is beag nár dhúirt siad leis go mb'fhearr leo go bhfanfadh sé uathu. Ní dhearna sé dhá mhionóid moille ann gur ghlan sé leis gan greim gan blogam
 
droim
Is gearr go mbeidh sé de dhroim tí agus árais má mhaireann dó. Ní dhearna sé smeach ar bith i mbliana thar is ariamh. Láí níor chuir sé i dtalamh ó tháinig earrach nó gur imigh sé, cé is moite de na cupla súileoigín fhataí a chuir fear fánaí dhó. Nach diabhaltaí an spreallaireacht atá air seachas aon duine. Bhí áit theolaí aige muise dhá dtugadh sé aire dhó
 
Thug siad sin de dhualgas leo gan mórán fíriúlacht a bheith iontu. 'Sé an áit a gcaitheadh a n-athair féin a shaol, ag imeacht ag fálróid ó chnocán go cnocán agus cara chainte buailte aige ar chuile dhuine. Ní dhearna sé lá maith oibre ina shaol ariamh
+
dubh 2
An chéad uair ar tháinig an phian ann, ní raibh dubh na hiongan ann, ach leathnaigh sé amach i leaba a chéile, agus thabharfá an leabhar gur ag déanamh seile a bhí sé, ach ní dhearna ina dhiaidh sin. Meall crua atá ann. Leag do láimh thú fhéin air!
TUILLEADH (1) ▼
Ní dhearna sé a dhubh ná a dhath (nó ní dhearna sé a dhath báistí fc. dath) báistí le trí seachtainí go Satharn seo (gha)bh thart. Tá chuile shórt spalptha críochnaithe anois
 
Ní dhearna mé mórán duántacht chor ar bith i mbliana — fós ar chaoi ar bith. Amach anseo b'fhéidir, ach a mbeidh am agam air