→
isteach
rith isteach (19)
→
faitíos
Le neart an fhaitís a bhí air, níor bhain sé cois de rith nó go ndeachaigh sé isteach béal an dorais
'Ar ndó sé an fear fobhairne atá ag an sáirsint é. Ní dhéanann an sáirsint tada gan é a cheadú. Isteach chuige atá sé rite chuile phointe
→
bruach
Is olc an fear é ag leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar an gclaise ceart go leor, ach ní mhíníonn sé na spreabannaí chor ar bith. Is cuma leis é ach rith air chomh maolscríobach agus a fhéadfas sé.
→
aire
Tá sé ró-aireach air fhéin ar fad. Ní túisce braon i mbéal na gaoithe ná a fheicfeas tú rite isteach sa teach é
Deir siad nach bhfuil pas ar bith is mífholláine ná taobh na Gaillimhe anseo. Tá sé róghar don fharraige, agus bíonn sé ina bháistigh i gcónaí ann. Nach in é an ceo reatha sin isteach den fharraige chuile phointe!
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí chuile áit ar fónamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach, i gcruthúnas duit go bhfuil sí chomh daingnithe anois agus nach féidir a cur amach. Nár ba fearr a bheas sí muise, mura ndeachaigh sé rite go leor léithe sa gcogadh seo. Mo choinsias chuaigh!
→
dallán
Bhí bó ansin thoir ar an aonach agus nuair a chuaigh siad dhá bleán, bhí an úth chomh rite lena bhfaca tú ariamh. Ach deoir féin ní raibh sí a thál ina dhiaidh sin. Chuaigh chuile dhuine di ach ba aon mhaith amháin é. Tháinig an fear seo — ceannaitheoir a bhí ann — agus chuaigh sé féin ag méirínteacht léithe. Chuir sé soipín tuí isteach sna dalláin aici, mar dhóigh dhe go raibh siad tachta … ach dheamhan tachtadh ná cuid de thachtadh. Ní ar na dalláin ná ar a cuid siniúchaí a bhí an diomar (marach, locht) chor ar bith. Fear sách simplí — bádóir as Conamara — a casadh timpeall ann sa deireadh agus é ar a ghlasmheisce. Ní thabharfá deich triuf air lena fheiceáil. Sách adhartha a bhí sé ag imeacht. D'fhiafraigh sé céard a bhí orthu, agus hinsíodh dó. Bhí an ceannaitheoir an uair seo in éadan na ndalláin aici. 'Lig do na dalláin,' adeir an bádóir. 'Tá na dalláin chomh freeáilte agus a bhíos mo pholláiríse agus an bád ag tabhairt leathbhord sa ngaoith thar an gCeann lá flichshneachta. Ach inseoidh mise dhaoibh céard a dhéanfas sibh. Stopainn an bhainne atá ar an mbó. Má tá bairille ann agus é lán uisce, ardaígí suas é ar áit ard eicínt. Tugaidh an bhó lena ais. Coinnígí ansin í. Scairdigí anuas an t-uisce as an mbairille de réir a chéile. Mura ndéana an bairille sin, líonaigí bairille eile, agus déanaigí an cleas céanna. Nach mairg gan galún taosctha an bháid agam, agus is gearr a bheinnse dhá cur ag tál.' Tugadh isteach i yard Sh. í. Tá a fhios agat an bairille ard siúd a raibh an teaip air a bhí thiar le balla. Thiomáil siad an bhó suas lena thaobh, agus chuir siad an teaip ag rith. Ligeadh chomh maith le trí bhuicéad uisce as. Ná raibh ann nár thosaigh an bhó ag tál an bhainne chomh briosc agus dhá mba as béal gloine a bheadh sé ag teacht. B'éigean buicéad a chur fúithi de léim. 'Anois,' adeir an bádóir 'ab iad na dalláin a bhí dúnta,' agus haway leis isteach i ndoras cúil Bh. gur chuir cáitheadh pórtair ar an smut aige féin. Cé a mb'fhearr é sin ná do wireínse ar ball?
→
deibhil
Ní raibh sé inrásta acu an bealach a rith meireach an deibhil a tháinig. B'fhada a chaith siad ag maraíocht anonn is anall i mbéal na trá sul má d'fhéad siad a n-aghaidh a thabhairt isteach. Má bhíonn lonnadh ar bith le tír, is olc an bealach í an chuisle sin aníos. Chuaigh sé fhoisceacht mbeannaí Dia dhúinn muid a chur soir ar an bhfearsaid, agus dhá gcuirtí, bhí ar gcuid bádóireacht ar iarraidh
→
ding
Tá an-ding sa mudguard tosaigh aige. Rith isteach i stuaicín an sconsa thiar ag an teach a rinne sé. A chuid sleamchúise féin, deile! 'Sé an fear deiridh é le dhul i ngreim i roth mótair
→
doiligh
In aghaidh a chos a tugadh siar ann é. Ag dul isteach sa séipéal féin bhí sé ag loiceadh, agus b'éigean do thriúr a chur isteach don bhuíochas. Ach le chuile chamánaí phós sé í, agus dar príosta ón lá ar phós, bhí rith an tsonais air théis go mb'fhurasta cur chuige roimhe sin. Sin é é. Níl a fhios agat an rud is doilí leat nach é do leas é
→
driog
Is beag nár phréach mé thiar leis an doras dúnta. Bhí an seoide isteach ann: gaoth thollta freisin. D'airigh mé drioganna ag rith síos le mo chaoldroim, agus bhí mo chroí ag eitealla leis an bhfuacht
→
droim
Thug na Black and Tans leo é sna lorries agus gan folach dhár dhealbh an ghrian air ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chónaigh siad gur fhága siad ar thrá an L. Bh. é agus an snáth feamainne ina mhullach. D'fhuagair siad ansin air éirí agus rith. Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht sa méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach sa mbeairic é, agus thosaigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cén spídiúlacht a thug siad dó. Tháinig sé amach as an mbeairic sin uair eicínt leis an deargmhaidin agus gan aon ribe dubh ina cheann de dhroim na hoíche … Is mór a chonaic é. Nár bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dtéidís thríd an oiread sin
Glaicín den dubhliathach sin a chuir mé air. Chuaigh sé rite liom an oiread a fháil agus a leasódh an paintéar, théis a dtáinig isteach ó thús bliana
Bhíodh T. Ó M. ag guairdeall ar fud na sléibhte ag déanamh dícheannadh ar mhná agus ar pháistí. Bhí sé ag imeacht ina rógaire reatha. An áit a bhfaigheadh sé an fear as baile, ní bhíodh scrupall ar bith aige an bhean nó na páistí a chur dhá gcois, nó spídiúlacht ar bith a gcuimhneodh sé air a thabhairt dóibh. Deir siad gur casadh isteach i dteach in aice an L. é. Bhí an teach bán cé is moite de sheanbhean dona a bhí ann. Rug sé ar ghrideall a bhí ann, agus chuir sé ar an tine é, agus rug sé ar an tseanbhean agus chuir sé síos dhá róstadh air í. Bhí an cine sin uileag go dona …
→
dúrúch
Tá dúrúch ar an mbó sin ag imeacht. Chaith sí an claí amach as an ngarraí inniu. As go brách léithe síos an bóthar agus fhóbair gur mharaigh mótar í ag ceann an bhóithrín. Leag sí an bhearna isteach i gclaí T. Sh. agus chuir sí na beithígh thrína chéile. Dheamhan cónú a rinne sí ansin go ndeachaigh sí sna cosa in airde bóithrín an chladaigh agus chloisfeá thiar aduaidh í ag géimneach. Chas D. Sh. Mh. aníos aríst í agus bhí sí ag iontú soir an bóthar murach go ndeachaigh mé roimpi agus a cur aníos go teach. Shíl mé i dtosach gur dúrúch dárach a bhí uirthi, ach dheamhan glae ná a dhath a bhí léithe. Thug mé chuig an tarbh í, ach ní dáir ar bith a bhí uirthi. Fuílleach a thug sé le déanamh dhom coinneáil léithe ar an mbealach anuas, agus murach scorachín le S. Mh. A., bheadh sí bailithe soir an bóthar aríst orm thar éis mo dhíchill. Sin í an diabhlánach agat. Bhí an dúrúch céanna anoir aríst uirthi — ag rith, ag géimneach agus ag gabháil dhá tóin in airde. Ach dar brí an leabhair ach a bhfuair mise istigh ar an tsráid í, thug mé cró dhi, agus fanóidh sí ansin go n-athraí sí béasa. Dheamhan greim le n-ithe a thug mé di ó shin, ná cuid de ghreim. B'fhéidir go mbainfeadh an t-ocras an dúrúch di. Mura mbaine, bainfidh neart maide di é. Tá an clampar ar bhó ar bith aniar as Conamara céanna
→
téigh ar
Bhí dul orm, agus bhí a fhios agam go maith go raibh. Ní raibh a fhios agam ó neamh go néal céard ab fhearr dom a dhéanamh. Dhá bhfaigheadh sé ar an talamh mé, ní fhágfadh sé aon chnáimh in mo chorp gan leonadh. Dheamhan easna dhíom nach ndeachaigh i muinín mo chroí agus mo chruite, ag iarraidh mé féin a bhaint as greim. Agus bhaineas. Seo liom siar i ndiaidh mo chúil. Thug mé cor. Chuaigh seisean tharam amach de rite reathach. Níor liom féin ab fhaillí é. Tarraingím mo sheanchic air — isteach ansin ar an gceathrú …