Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sparán (14)

+
Cén mhaith breáichte mura bhfuil rud eicínt ina haice? Dheamhan a dhath! Ní farasbarr breáichte a chuireas barr ar an bpota. Bíodh sí go breá nó ná bíodh, ach má tá sí ina gnaitheach maith agus an téagar a bheith sa sparán aici, déanfaidh sí cúis
TUILLEADH (1) ▼
An gcuimhníonn tú ar an Lá Nollag a raibh muid ag ól thoir tigh Ph. Sh.? Tháinig M. P. Th. isteach agus d'ól sé buidéal pórtair. Chuaigh an láimh síos sa mbrollach, agus go deimhin tháinig sí aníos (le) sparán a raibh ceangal air! D'iontaigh sé a chúl linn gur thug sé an t-airgead aníos as agus gur chuir sé taisce aríst ar an sparán faoin gcích. An dara buidéal a d'ól sé, chuaigh sé siar sa sáinn siúd ar chúla an tsiopa leis an sparán a bhaint aníos aríst. Le earasbarr a chur ar an gcuibhiúlacht. Deile? — chuaigh sé ar cúlráid i riocht is go mbeadh cuibhiúlacht ní b'fhearr aige le luach na dí a fháil
 
Amach san oíche, d'imigh sé gan aireachtáil agus d'ardaigh sé leis a raibh de phínneachaí beaga sa sparán — d'imigh sé deireanach san oíche, i ngan fhios do chuile dhuine, agus thug sé leis pé ar bith beagán airgid a fuair sé sa sparán
 
anam
Má tá i ndán is go mbainfidh tú leis an sparán sin feasta, bainfidh mé an t-anam amach asat beo beithíoch.
 
anó
B'fhearr leis anó a dhéanamh air féin ná teangachtáil leis an sparán.
 
'Sé an t-airgead atá in ann a gcur fréna chéile ina sost. Foighid an sparáin a mhic ó!
 
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chloig sin. Dhamnófá thú féin leis, agus ba aon mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang den sparán agus faigh ceann nua. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
 
Ná teara isteach anseo agamsa anois ag teacht ar ais duit agus boladh na deataí ort mar a bhíos i gcónaí. Is beag a aireos do sparán cúig nó sé de ghloiniúchaí maith fuisce
 
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach ina dheireadh" (seanfhocal, fc. sparán)
 
dlúth 2
Go dlúth théis an lae sin, casadh orm ar an mbóthar aríst é, agus d'fhiafraigh sé dhíom an raibh tuairisc ar bith agam ar a sparán; gur chaill sé é …
 
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grá don chomhluadar aige, go mba é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
 
Is beag an néal air sin! Tá sé ag déanamh suas le C. seo thiar, ach ní le C. atá sé ag déanamh suas ach lena cuid airgid. Airíonn sé sparán teann aice
 
dóirt
Chonaic mé ceannaí (mála) thíos tigh S. Mh. S. ag dóirteadh sparán giniúchaí amach ar an mbord lá, agus dheamhan gine de leathchéad gine nach raibh ann. Meánn tú cár éirigh siad leis. Bhí siad aige ar aon chor
 
Rachadh chúig phunt air murach a raibh de charaideachaí aige. Ach deir siad gur fearr caraid sa gcúirt ná bonn sa sparán