Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

sparán (8)

 
Níl a dhath maitheasa dhuit a bheith in éadan an chluig sin. Dhamnóchthá thú féin leis, agus badh aon-mhaith amháin duit é. Tá a chuid deasú ar iarraidh sílim. Bain an tsreang de'n sparán agus fagh ceann nuadh. Caithfidh tú é a fháil ar a shon sin
 
Is beag an néal air sin! Tá sé ag déanamh suas le C. seo thiar, ach ní le C. atá sé ag déanamh suas ach len a cuid airgid. Airigheann sé sparán teann aice
 
Ná teara isteach annseo agamsa anois ag toidheacht ar ais duit agus baladh na deataighe ort mar a bhíos i gcomhnaí. Is beag a aireochas do sparán, cúig nó sé de ghloineadhachaí maith fuisce
 
"Ní i dtús an mhála atá an sparán ach in a dheireadh" (sean-fhocal. fc. sparán)
 
dlúth 2
Go dlúth th'éis an lae sin, casadh orm ar an mbóthar aríst é, agus d'fhiafruigh sé dhíom an raibh tuairisc ar bith agam ar a sparán; gur chaill sé é …
 
dóirt
Chonnaic mé ceannuidhe (mála) thíos tigh S. Mh. S. ag dóirteadh sparán gineadhachaí amach ar an mbord lá, agus dheamhan gine de leath-chéad gine nach raibh ann. Meadhann tú cá'r eirigh siad leis. Bhí siad aige ar aon-chor
 
Dheamhan mórán a chaith sé ariamh le drabhlás. M'anam má bhíodh sé ag imeacht go fánach agus grádh do'n chomhluadar aige, go mbadh é cuid daoine eile a chaith sé. Cé a chonnaic é ag baint an tsnaidhm dhá sparán féin?
 
Rachadh chúig phunt air, marach a raibh de charaideachaí aige. Ach deir siad gur fearr caraid ins an gcúirt ná bonn ins an sparán