Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
airdeall
aireachas, faire, amharc.
a.
+
Bí san airdeall air — fair é
Bí san airdeall ar na beithígh le faitíos go dtiocfaidís sa gcoirce.
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór dhuit a bheith san airdeall ar an gcáca sin faitíos a ndófaí é.
Mura mbí tú go maith san airdeall air, goidfidh sé a bhfuil agat.
Is maith an dícheall dhom a bheith san airdeall ar na cearca sin i gcónaí le faitíos go gcartfaidís an coirce.
Chaith mé an lá san airdeall agus d'éalaigh sé uaim ina dhiaidh sin.
Chaith mé an lá san airdeall agus níor tháinig aon duine ina dhiaidh sin.
+
Bí san airdeall ort fhéin ansin, arae tá an áit an-achrannach — tabhair aire dhuit féin ann; fair thú fhéin
Is mór nach maith dhuit a bheith san airdeall ort fhéin ag siúl sa duirling.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé sách maith san airdeall air fhéin agus sciorr sé ar na leacrachaí bradacha údan.
+
Déan airdeall ar na bainbh agus ná lig don chráin iad a ionsaí.
Is fearr dhuit airdeall a dhéanamh ar an mbó anocht mar tá a ham caite.
TUILLEADH (5) ▼
Is beag an scéal é nach ndearna airdeall orthub nuair a bhí siad aige.
Is deacair airdeall a dhéanamh ar chuile shórt nuair atá tú taobh leat fhéin.
Nach mór an t-ionadh nach ndéanfá airdeall ar na beithígh agus gan an garraí féir sin thiar a bheith ó mhaith na bliana acub.
Tá an iomarca den ealaín istigh ina cheann le airdeall a dhéanamh ar thada.
Ní mór do dhuine eicínt a dhul síos go garraí an chladaigh le airdeall a dhéanamh ar na beithígh.
+
Níl airdeall ar bith ionaibh; lig sibh don cháca dó scáth an t-achar a bhí mé amuigh — grinneas, faire, aireachas
Níl aon mhaith dhuit í sin a chur ag fosaíocht mar níl aon airdeall inti.
TUILLEADH (5) ▼
Dhá mbeadh airdeall ionat, ní ligfeá na beithígh isteach san iothlainn os comhair do dhá shúl.
Is beag an airdeall thú, a thiarna Dia!
Nach beag an airdeall sibh agus na muca a dhul amach as an bhfail i ngan fhios daoibh.
Is beag an airdeall ar fheamainn ná ar thada eile iad sin.
Níl airdeall agaibh ar thada. Níor mhiste libh, dhá n-imíodh a bhfuil istigh is amuigh againn.
·
Tá siad ag imeacht leob gan airdeall ar bith — gan aon duine san airdeall orthu
+
Bí ar t'airdeall féin anocht, mar tá sé bruite ar bhainne ag an dream seo thiar dhuit — fainic thú féin
Ní mór dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin orthub sin, mar tá an chloch sa muinchille acub dhuit, agus do chuile fhear eile as do ruta.
TUILLEADH (6) ▼
Fainic nach mbeifeá ar t'airdeall fhéin ar an gcapall ar fhaitíos na timpiste.
Má ghlacann tú mo chomhairlese, beidh tú ar t'airdeall fhéin ar an mbicycle sin mar tá sé tugtha uaidh ar fad.
Ní mór dhuit a bheith ar an airdeall faitíos a dtiocfaidís i ngan fhios.
Tá sí ar an airdeall anois.
Tá sé ar a airdeall fhéin go maith, agus ní mór dhó.
Cuir pearúl air bheith ar a airdeall fhéin go maith ar na póilíos
+
Cuir ar an airdeall í — tabhair fuagra di nach mór di a bheith ar a haireachas féin
Chuir mise ar a hairdeall fhéin í.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a chuir mise ar a airdeall féin é, meas magaidh a bhí aige orm.
Ní mórán buíochais a bhí aige orm, théis mé a chur ar an airdeall.
b.
+
An bhfuil tú ag airdeall ar na beithígh chor ar bith.
Ag airdeall ormsa atá tú, i leaba do ghnaithe a dhéanamh.
TUILLEADH (2) ▼
Fuirigh ag airdeall air anois, faitíos a dtabharfadh sé aon cheo leis
Chaith mé an mhaidin ag airdeall air

Féach freisin

aire

airdeall in iontrálacha eile (50+)

 
Bí san airdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
 
Mura dtapaí tú na feadhnógaí, iontóidh an t-ualach ort. Bí ar t-airdeall fhéin. Tá an cineál sin cléibh an-chleasach
 
Ní foláir dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin — ní mór duit; is ceart duit
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuillidh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san airdeall ar do chuid beathach. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cíor tuaifil díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agat é a fháil in aice láthair: sin nó ligean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó basctha ansin thuas shul má gheofaí í
 
'Sé an fear is fhearr é le airdeall na mbeathach a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín anseo ar an teallach, agus má airím aon ghéim ón mbodóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní foláir do bhó ar a céad lao airdeall maith
 
fána
Nuair a bheas tú ag dul le fána, bí san airdeall ort fhéin go maith, mar níl aon ghaisce ar na brakes sin
 
I ndar liom féin gurb é an t-uisce a d'ól sí (an bhó) ansin thiar a chuir an tonn taoscach sin uirthi. Bhí sé ina chailimhineoig ar fad. Níor mhór do dhuine a bheith san airdeall céard a bhfaighidís (a gheobhaidís) le n-ól ar an teasúch seo.
 
cora
Tá caonach liath agus coirt roille-bhuí ar chlocha na cora agus is maith a bheifeá ar t'airdeall fhéin nó sciorrfá orthub.
 
Is maith nach mór dhuit a bheith san airdeall air anois, nó féachfaidh sé le dhul sa mbile buaic ort.
 
bocht 2
Is maith nach mór a bheith san airdeall anois air, mar ó théanns bocht go nocht, bíonn sé ag iarraidh a dhul go gabháil éadain.
+
Is maith nach mór dhuit a bheith san airdeall nó is fear in aiféala thú.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfaidh sé in aiféala dhuit mura mbí tú san airdeall
 
buail
Is deacair do bhádóirí na glaschuanta sin a mharaíocht chor ar bith. Buaileann cuaifeachaí iad agus ní mór dóibh a bheith ar a n-airdeall fhéin thar cionn.
+
buille
Is maith a bheas tú ar t'airdeall fhéin nó tabharfaidh sé an buille feill duit.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair dhó buille oibre ar bith a dhéanamh amuigh agus an t-airdeall nach mór dhó a dhéanamh ar an áit istigh.
Má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, imreoidh sé ort de do mhíle buíochas. Dhá bhríthin sin, is fhearr dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin in am.
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'airdeall fhéin nó má fhaigheann sé buille bog ar bith ionat, beidh sé ag tuineadh leat go gcuire sé an oiread den dallach dubh ort agus go ndéana tú margadh leis.
 
aire
Ní mór dhuit a bheith san airdeall ar do roinn carraigín mar an dream (nó an teaghlach) atá ar aon teorainn leat, is beag acu do chuidse a bhaint i dteannta a gcuid fhéin.
 
amach
Mura mbí airdeall maith agat ar fhear an chúinne, sciorrfaidh sé amach i ngan fhios duit — tiocfaidh sé cluiche i ngan fhios.
 
Gheobhaidh tú rud ón antlachán siúd! Bí ar t'airdeall féin nó gheobhaidh tú an bhróig — déarfaí rud mar seo le duine adéarfadh go raibh sé ag dul i gcleithiúnas le rud eicínt (airgead srl.) a iarraidh ar dhuine a mbeadh cáil na sainte amuigh dhó.
 
Tabhair rí-aire dhuit fhéin air má ardaíonn an t-ól air; bí ar t'airdeall fhéin air má ardaíonn an t-ól air
 
arsa
Nach béalráiteach an mhaise dhom é, arsa tusa, agus an méid sin a inseacht dó ach lena chur ar an airdeall a rinne mé é
 
ascar
Muran leat a dhul in ascar ansin, is mór nach maith dhuit a bheith san airdeall ort fhéin
 
fearg
Ná teagadh aon fhearg oraibh ar chaoi ar bith. An té a bheas faoina mhionna, ní mór dhó a bheith san airdeall ar a theanga. Deir siad nár dhúirt fearg fíor ariamh.
 
An té a dhéanfas aon chur isteach air siúd, is maith nach mór dó a bheith san airdeall
 
Bí san airdeall air siúd mar tá sé in ann imeartas ar rí na méaracán
 
imir
A dhiabhail álainn! Tuige nach mbíonn tú san airdeall ar an imirt — tuige nach bhfaireann tú na cártaí a thagas le clár
 
Bí ar t'airdeall féin agus ná lig dó breith isteach ort
 
Bí san airdeall air nó leagfaidh sé isteach chugat. 'Sé atá deas air.
 
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a airdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneáil uaidh ná a thabhairt as a bhéal
 
fill
Bí ag airdeall agus má théann aon cheann de na cearca soir i ngarraí na bhfataí, fill anoir aríst iad
 
frigh
Ní chorródh an fhrigh sa teach seo thíos nach léir dó. Ar ndóigh sin é a mhaith agus a mhaoin, san airdeall ar an teach sin.
 
fód
An fód ascaille adeir tú? Ní sleádóir go fód ascaille a mhic ó. Aineolaí ar bith a ghabhfas in éadan an fhód ascaille, brisfidh sé an sleán leis mura mbeidh tú san airdeall air. Ní mór a bhaint i bhfad níos téagarthaí ná fód ar bith eile
 
feasta
Más leat aon chúis a dhéanamh feasta, níor mhór duit a bheith san airdeall air seo thoir. Tá sé do do bhánú
 
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfaighinnse aon tsásamh uirthi ina dhiaidh sin. Chítear dhom go bhfuil sí rófhuarchosach. Chaithfeá a bheith san airdeall ort fhéin i gcónaí léithe. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
 
Abair léithe a bheith ar a hairdeall féin
 
Tá daidhce eicínt ar an sáirsint agus é a bheith chomh luaineach ar a chois anocht. Níor chónaigh sé ar feadh na hoíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur san airdeall ar M. atá sé. Más ea, béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar den chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghnaithe, agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtuga sé chun cúirte é. Diabhal blas eile
 
dairt
Ní raibh ansin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionsaí sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thabharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon troid thútach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar a airdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá easna ann. Tuilleadh ghéar den diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
 
dall 3
Níor mhór dhuit a bheith san airdeall air sin. Má phléascann sé ort, dallfaidh (/dāʟhə/, /dāʟə/, /daʟhə/) sé na súile istigh in do cheann
 
Dhamnaigh (dhamain) an sionnach muid i gcaitheamh na bliana anuraidh. Théis an airdeall a bhí againn air níor fhága sé sicín ag gabháil linn. 'Sé a rinne an sladadh spleách, ní ag ceasacht ar Dhia é. Is gearr go bhfeice tú ag sirtheoireacht aríst é, ní ag tabhairt gutha air é. Bíonn cuain acu an tráth seo bhliain i gcónaí
 
dealg
Cé a tharraing na deilgne sin isteach ar an tsráid. Tá beatha cos iontu sin muis, mura mbí sibh san airdeall
+
deis
Má fhaigheann na póilíos deis tógála ort, gabhfaidh tú isteach. Mar sin, bí san airdeall — deis ghafa
TUILLEADH (1) ▼
Mura mbí tú go maith san airdeall ort féin anois, cuirfidh sé ó dheis thú — d'fhoirinn a dhó nó a chur amach (fc. dóigh agus cluiche corr)
 
deoin
Deirimse leat mura ndéana sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leithphínn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirthi scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an airdeall, nó ní bhfaigheadh sé an tsinseáil cheart uaithi
 
deoir
Ní fhágfaidh sé deoir ann mura mbeidh sé ar a airdeall féin. 'Sé atá deas air
+
diaidh
Murar bhreathnaigh sé roimhe, féadfaidh sé breathnú ina dhiaidh anois, ach sin é a bhfuil de mhaith dhó ann. Ní fheicfidh sé aon sciúrtóg dhá chuid airgid go héag. Is maith nach mór do dhuine a bheith san airdeall air féin ag plé le cneámhairí
TUILLEADH (1) ▼
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
D'imreodh sé dobeart orm, ach ní bhfuair sé an dóigh. Bhí mise ar m'airdeall fhéin freisin
 
Bhí sí ró-antlásach ag an mbia. Chuir sí an iomarca suas in éindí, agus chuaigh sé lena hanáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirthi é a chur aníos, agus sheas sé ina muineál. Thosaigh siad ag bualadh boiseogaí sa dromán uirthi, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí sa ngeampa feola a chuir sí suas, a chniog í. Is maith nár mhór do dhuine a bheith ar a airdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís chomh huafásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontúirt é sin go sábhála Dia sinn. Ar aon chor, ní bhíonn aon mhaith sa mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirthi