Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
áirdeall
aireachas, faire, amharc.
a.
+
Bí 'san áirdeall air = fair é.
Bí 'san áirdeall ar na beithidhigh le faitchios go dtiocfaidís sa gcoirce.
TUILLEADH (5) ▼
Ní mór dhuit a bheith 'san áirdeall ar a' gcáca sin, faitchíos a ndóigh(f)í é.
Mara mbí tú go maith 'san áirdeall air, goidfe sé 'bhfuil agad.
Is maith an dícheall dhom a bheith 'san áirdeall ar na cearca sin i gcomhnuidhe, le faitchíos go gcartfaidís a' coirce.
Chaith mé an lá 'san áirdeall, a's d'éaluigh sé uaim in a dheidh sin.
Chaith mé an lá 'san áirdeall a's níor tháinig aon-duine 'na dheidh sin.
+
Bí san áirdeall ort fhéin annsin, arae tá an áit an-achrannach = tabhair aire dhuit féin ann; fair thú fhéin.
Is mór nach maith dhuit a bheith 'san áirdeall ort fhéin, a' siubhal sa dúirling.
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh sé sáthach maith 'san áirdeall air fhéin, agus sciorr sé ar na leacrachaí bradacha údan.
+
Déan áirdeall ar na bainbh, a's ná leig de'n chráin iad ionnsuighe.
Is fearr dhuit áirdeall a dheanamh ar a' mbó anocht, mar tá a h-am caithte.
TUILLEADH (5) ▼
Is beag a' scéal é, nach ndearna áirdeall orra(b) nuair a bhí siad aige.
Is deacair áirdeall a dhéanamh ar chuile shórt, nuair atá tú taobh leat fhéin.
Nach mór a' t-iongnadh nach ndéanfá áirdeall ar na beithidhigh a's gan an garruidhe féir sin thiar a bheith ó mhaith na bliadhna aca(b).
Tá an iomarca de'n ealadhain istigh 'na cheann, le áirdeall a dhéanamh ar thada.
Ní mór do dhuine eicínt a dhul síos go garruidhe an chladaigh le áirdeall a dhéanamh ar na beithidhigh.
+
Níl áirdeall a' bith ionnaí(bh); leig sib de'n cháca dóghadh, scáth an t-achar a bhí mé amuigh = grinneas, faire, aireachas.
Níl aon-mhaith dhuit í sin a chur a' fosuidheacht, mar níl aon-áirdeall innte.
TUILLEADH (5) ▼
Dhá mbeadh áirdeall ionnad, ní leigfeá na beithidhigh isteach 'san iothlainn as comhair do dhá shúl.
Is beag an áirdeall thú, a thighearna Dia!
Nach beag an áirdeall sib, a's na muca a dhul amach a's a' bhfail ingan-fhios daoib.
Is beag an áirdeall ar fheamuinn ná ar thada eile iad sin.
Níl áirdeall agaibh ar thada. Níor mhiste lib, dhá n-imthigheadh a bhfuil istigh a's amuigh againn.
·
Tá siad ag imtheacht leo(b) gan áirdeall a' bith = gan aonduine 'san áirdeall orra.
+
Bí ar t'áirdeall féin anocht, mar tá sé bruithte ar bhainne ag a' dream seo thiar dhuit = fainic thú féin.
Ní mór dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin orra(b) sin, mar tá'n chloch sa muinchille aca(b) dhuit, agus do chuile fhear eile as do ruta.
TUILLEADH (6) ▼
Fainic nach mbeitheá ar t'áirdeall fhéin ar a' gcapall, ar fhaitchíos na timpiste.
Má ghlacann tú mo chomhairle-sa, beidh tú ar t'áirdeall fhéin ar a' 'mbicycle' sin, mar tá sé tugtha uaidh ar fad.
Ní mór dhuit a bheith ar an áirdeall, faitchíos a dtiocfaidís ingan-fhios.
Tá sí ar an áirdeall anois.
Tá sé ar áirdeall fhéin go maith, agus ní mór dhó.
Cuir pearbhúl air bheith ar 'áirdeall fhéin go maith ar na póilíos.
+
Cuir ar an áirdeall í = tabhair fuagra di nach mór di, 'bheith ar a h-aireachas féin.
Chuir mise ar a h-áirdeall fhéin í.
TUILLEADH (2) ▼
Nuair a chuir mise ar 'áirdeall féin é, meas maga 'bhí aige orm.
Ní mórán buidheachais a bhí aige orm, th'éis mé 'chur ar an áirdeall.
b.
+
'Bhfuil tú ag áirdeall ar na beithidhigh chor a' bith.
Ag áirdeall ormsa atá tú, 'leaba do ghna(ithe) a dhéanamh.
TUILLEADH (2) ▼
Fuiri(gh) ag áirdeall air, anois, faitchíos a dtiubharfad sé aon-cheo leis.
Chaith mé an mhaidin, ag áirdeall air.

Féach freisin

aire

áirdeall in iontrálacha eile (50+)

 
Bí san áirdeall ar an ngamhain faitíos (ar fhaitíos, le faitíos) go mbuailfeadh an ceann eile é
 
Mara dtapaí tú na feánógaí, ionntóidh an t-ualach ort. Bí ar t-áirdeall fhéin. Tá an cineál sin cléibh an-chleasach
 
Ní fuláir dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin = ní mór duit; is ceart duit
 
M'anam nach beag dom a bhfuil ag fortabháil orm cheana agus gan tusa a dhul ag cur tuilleadh orm. Cén chaoi a bhféadfainnse a bheith san áirdeall ar do chuid beithioch. Tá mo chuid fhéin ag déanamh cír tuaifill díom. Má ba leat féarach a cheannacht, bhí agad é a fháil in aice láthair: sin nó leigean dó ar fad. Bheadh bó trí lá báite nó bascha annsin thuas shul má gheobhfaí í
 
Sén fear is fhearr é le áirdeall na mbeithioch a fhágáil air, má bhíonn tú fhéin i bhfad as baile
 
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
 
fána
Nuair a bhéas tú ag dul le fánaidh; bí san áirdeall ort fhéin go maith, mar níl aon-ghaisce ar na "brakes" sin
 
Indar liom féin gurb é an t-uisce a d'ól sí (an bhó) annsin thiar a chuir an tonn-taoscach sin uirre. Bhí sé 'na chailemhineoig ar fad. Níor mhór do dhuine a bheith 'san áirdeall, céard a bhfaighidís (a gheobhaidís) len' ól ar an teasúch seo.
 
cora
Tá caonach liath a's cairt roille-bhuidhe ar chlocha na carra, agus is maith a bheitheá ar t'áirdeall fhéin, nó sciorrfá orra(b).
 
Is maith nach mór dhuit a bheith 'san áirdeall air, anois, nó fiachfa (féachfa) sé le dhul sa mbile buaic ort.
 
bocht 2
Is maith nach mór a bheith 'san áirdeall anois air, mar ó theighea(nn)s bocht go nocht, bíonn sé ag iarraidh a dhul go gabhail éadain.
+
Is maith nach mór (dh)uit a bheith 'san áirdeall, nó's fear in aithmhéala thú.
TUILLEADH (1) ▼
Tiocfa sé in aithmhéala dhuit mara mbí tú san áirdeall.
 
buail
Is deacair do bhádóirí na glas-chuanta sin a mharuidheacht chor a' bith. Buaileann cuaibhtheachaí iad, a's ní mór dóibh a bheith ar a n-áirdeall fhéin thar cionn.
+
buille
Is maith a bheidheas tú ar t'áirdeall fhéin, nó tiubharfa sé an buille feill duit.
TUILLEADH (3) ▼
Is deacair dhó buille oibre a' bith a dhéanamh amuigh, a's an t-áirdeall nach mór dhó a dheanamh ar an áit istigh.
Má fhaghann sé buille bog a' bith ionnad, imreocha sé ort de do mhíle buidheachas. Dhá bhrighthin sin, is fhearr dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin in am.
Is maith nach mór dhuit a bheith ar t'áirdeall fhéin, nó má fhaghann sé buille bog a' bith ionnad, beidh sé a' tuinne(amh) leat, go gcuire sé an oiread de'n dallach-dubh ort, a's go ndeana tú margadh leis.
 
aire
Ní mór dhuit a bheith san áirdeall ar do roinn carraigín, mar a' dream (nó'n teaghlach) atá ar aon teorainn leat, is beag aca do chuidse a bhaint idteannta a gcuid fhéin.
 
amach
Mara mbí áirdeall maith agad ar fhear an chúinne, sciorrfa sé amach ingan-fhios duit = tiocfa sé cluithche in gan fhios.
 
Gheobha tú rud ó'n an-tlachán siúd! Bí ar t'áirdeall féin nó gheobha tú an bhróig = déarfaidhe rud mar seo le duine adéarfadh go raibh sé ag (dh)ul i gcleitheamhnas le rud eicínt (airgead etc) a iarraidh ar dhuine a mbeadh cáil na sainnte amuigh dhó.
 
Tabhair rí-aire dhuit fhéin air, má árduigheann a' t-ól air; bí ar t'áirdeall fhéin air, má árduigheann a' t-ól air.
 
arsa
'Nach béalráideach an mhaise dhom é' arsa tusa 'agus an méid sin a innseacht dó', ach le na chuir ar an áirdeall a rinne mé é
 
ascar
Maran leat a dhul in ascar annsin, is mór nach maith dhuit a bheith 'san áirdeall ort fhéin.
 
fearg
Ná teagadh aon-fhearg oraibh ar chaoi ar bith. An té a bhéas faoin a mhionna, ní mór dhó a bheith san áirdeall ar a theanga. Deir siad nachar dhúirt fearg fíor ariamh.
 
An té a dhéanfas aon-chuir isteach air siúd, is maith nach mór dó a bheith san áirdeall.
 
Bí san áirdeall air siúd, mar tá sé indon imeartas ar rí na méaracán.
 
imir
A dhiabhail áluinn! Tuige nach mbíonn tú san áirdeall ar an imirt = tuige nach bhfaireann tú na cártaí a tha[gas] le clár
 
Bí ar t'áirdeall féin, agus ná leig dó breith isteach ort.
 
Bí san áirdeall, air nó leagfa sé isteach chugad. 'Sé atá deas air.
 
Is maith nach mór do dhuine a bheith ar a áirdeall fhéin ar fhiacail an mhadaidh. Bíonn sé fealltach, adeir siad. Ach is fusa do dhuine a láimh a choinneál uaidh ná a thabhairt as a bhéal
 
fill
Bí ag áirdeall agus má theigheann aon-cheann de na cearca soir i ngarraí na bhfataí, fill anoir aríst iad
 
frigh
Ní chorródh an fhrigh san teach seo thíos nach léar dó. 'Ar ndú' sin é a mhaith agus a mhaoin, san áirdeall ar an teach sin.
 
fód
An fód ascaille, adeir tú? Ní sleádóir go fód ascaille a mhic ó. Aineólaí ar bith a ghabhfas in éadan an fhód ascaille, brisfidh sé an sleán leis mara mbeidh tú san áirdeall air. Ní mór a bhaint i bhfad níos téagaraí ná fód ar bith eile
 
feasta
Más leat aon-chúis a dhéanamh feasta, níor mhór duit a bheith san áirdeall air seo thoir. Tá sé do do bhánú
 
Shílfeá go bhfuil sí an-lách ach ní bhfuighinnse aon-tsásamh uirri in a dhiaidh sin. Chíotar dhom go bhfuil sí ro-fhuarchosach. Chaithfeá a bheith san áirdeall ort fhéin igcomhnaí léithi. Níl sí fáilí mar a bheadh duine eile.
 
Abair léithe a bheith ar a h-áirdeall féin
 
Tá daighce eicínt ar an Sáirsint agus é a bheith cho luainneach ar a chois anocht. Níor chomhnuigh sé ar feadh na h-oíche ach ag dul ó chloigeann an R. go dtí ceann an bhóthair. B'fhéidir gur ins an áirdeall ar M. atá sé. Má's eadh béarfaidh sé air go siúráilte. Tuilleadh ghéar de'n chlampar aige — nach bhfaireann é agus aire a thabhairt dhá ghna (gno) agus fios aige nach bhfuil an ceann eile ach ag iarraidh breith thall air go dtugaidh sé 'un cúirte é. Diabhal blas eile.
 
dairt
Ní raibh annsin muise ach caitheamh dairteachaí nó go n-ionnsuighidh sí féin é. Deirim leat go dtiocfadh sé ó Sh. Thiubharfadh sé iarraidh dhó ceart go leor, ach ní dhéanfadh sé aon-troid thuatach. Ach í siúd! Is maith nach mór dó a bheith ar áirdeall féin nó cuirfidh sí an scian idir dhá asna ann. Tuilleadh ghéar de'n diabhal aige! Nach mór an spochadh a bhíos aige leo!
 
dall 3
Níor mhór dhuit a bheith san áirdeall air sin. Má phléascann sé ort, dallfaidh (/dāʟhə/: /dāʟə/, /daʟhə/) sé na súile istigh in do cheann
 
dealg
Cé a tharraing na deilgne sin isteach ar an tsráid. Tá beatha cos ionnta sin muis, mara mbí sib ins an áirdeall
+
deis
Má fhaghann na póilíos deis tóigeála ort gabhfaidh tú isteach. Mar sin bí ins an áirdeall = deis ghabhtha
TUILLEADH (1) ▼
Mara mbí tú go maith ins an áirdeall ort féin anois cuirfidh sé ó dheis thú = d'fhuirinn a dhóghadh nó a chur amach (féach dóghadh agus cluiche cor)
 
deoin
Deirimse leat mara ndéanaidh sí siúd airgead nach dhá deoin é. Cnuastóir ceart í. Diabhal mé go bhfeicfeá í, nuair a bheadh leith-phighinn sinseála ag dul duit, agus go sílfeá gur carghas a bhíos uirre scaradh léithe. Níor mhór do dhuine a bheith ar an áirdeall, nó ní bhfuigheadh sé an tsinseáil cheart uaithe
 
deoir
Ní fhágfaidh sé deoir ann mara mbeidh sé ar a áirdeall féin. 'Sé atá deas air.
+
diaidh
Marar bhreathnuigh sé roimhe, féadfaidh sé breathnú in a dhiaidh anois, ach sin é a bhfuil de mhaith dhó ann. Ní fheicfidh sé aon-sciúrtóg dhá chuid airgid go h-éag. Is maith nach mór do dhuine a bheith ins an áirdeall air féin ag plé le cneamhairí
TUILLEADH (1) ▼
Chinn air aon-deoch a fháil in aon-teach ins an tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh ins an áirdeall orra. Tháinic sé abhaile agus chuir sé na buinn le teine. Ba ghearr go dtáinic M. Bh. isteach agus d'innis sé dhó faoi'n gcaoi ar chinn air aon-deoch a fháil. "'Chuile sheans go bhfuil siad ag leigean isteach daoine faoi seo" adeir M. Bh. "ní mhaireann an daol sin ach tamall." Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaol a mhainge. Ina dheidh sin féin nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
D'imreochadh sé doibeart orm, ach ní bhfuair sé an dóigh. Bhí mise ar m'áirdeall fhéin freisin
 
Bhí sí ro an-tlásach ag an mbiadh. Chuir sí an iomarca suas in éindigh, agus chuaidh sé len a h-anáil síos píobán an doichill. Chinn sé uirre é a chur aníos, agus sheas sé in a muineál. Thosuigh siad ag bualadh bosógaí ins an dromán uirre, ach dheamhan maith a bhí ann. Ní rug an sagart ar an mbean bhocht. Cnáimh a bhí ins an ngeampa feola a chuir sí suas, a chriog í. Is maith nar mhór do dhuine a bheith ar a áirdeall féin ag ithe a bhéilí. D'fheicfeá daoine agus bheidís cho h-uathbhásach sin aige agus nach ndéanfaidís ach a shlamairt. Is mór an chontabhairt é sin 'sábhalaidh Dia sinn. Ar aon-chor ní bhíonn aon-mhaith ins an mbeatha leis an ithe sin a thabhairt uirre
 
Bhuail muid amach ag dolaidheacht le líon scríbe. Bhí an-áirdeall ag na maora ar an abhainn an t-am céadna ach dhá fheabhas dhá raibh siad ar a maidí, thug muid as cionn leathchéad uatha. Níor dhroch-dhol ar bith é aon-uair an chluig amháin