aoibhinn
—ní baintear leas as a bhfocal seo as éadan faoi chomhair chuile rud. Ní chloisfeá leaganachaí den tsórt seo: is aoibinn an rud é; is aoibhinn an leabhar í srl. Le aimsir, saol agus na flaithis is mó a thagas sé i gceist
—
breá, álainn.
a.
·
Is aoibhinn an lá é, buíochas do Dhia! — lá meirbh álainn
Is aoibhinn an aimsir í le coicís anuas!"
+–
aoibhinn aerach (sa bhfilíocht)
"Is aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe, ag breathnú síos ort a Bhaile Uí Liagh" (Máire Ní Eidhin, Raiftearaí)
"B'aoibhinn aerach na ba ag géimneach; ar thamhnóig réidh úd, Thoraidh (Dhoraidh?) Bhriain" (Thoraidh Bhriain — seanamhrán)
TUILLEADH (1) ▼
"B'aoibhinn aerach ár dtriall le chéile, ar ghleanntáin sléibhe agus ar thulaigh fraoigh."
·
aoibhinn álainn (cuirtear an dá fhocal le chéile)
Is aoibhinn álainn an lá é
Is aoibhinn álainn í an fharraige inniu.
b.
méanra, buac.
+–
Nach aoibhinn Dia dhuit má bhíonn tú ag imeacht as seo! — nach méanra dhuit
Is aoibhinn Dia dhó agus an saol atá aige.
TUILLEADH (3) ▼
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith nach bhfuil ag éisteacht léithe sin istigh ag cocaireacht agus ag sciolladóireacht dhá cheann den ló.
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith a fhéadfas dealú leis as an áit bhrocach bhroghach seo.
Is aoibhinn Dia dhi agus a bhfuil d'airgead aici.
+–
Nach aoibhinn duit a bheith ag fanacht ón scoil!
Nach aoibhinn duit a bheith ag dhul go Sasana!
TUILLEADH (5) ▼
Is aoibhinn do dhuine ar bith a d'fhéad a dhul go Meiriceá chúns a bhí cead a dhul ann, tharas a bheith fágtha ina mbáis anseo.
Is aoibhinn do dhuine ar bith a fhéadanns an oíche a chodladh.
"Tiocfaidh long an óir; tiocfaidh an tóir ina diaidh; tiocfaidh cogadh an dá Ghall go hÉirinn, agus is aoibhinn don té a bheas beo ina diaidh" (rann tairngreachta)
Is aoibhinn don té nach bhfuil ina dtuilleamaí
Is aoibhinn muise. Dá mbeadh a fhios agat!
+–
Is aoibhinn dó. Is maith an mhalrait aige é! — duine a gheobhadh bás agus cheapfaí dhó go raibh sé sna flaithis
Is aoibhinn dó! — tá sé sna flaithis
TUILLEADH (12) ▼
Is aoibhinn dó. Ní raibh aon pheaca air
Tá sé ar shlí na fírinne agus is aoibhinn dó, le cúnamh Dé!
Mura n-agraí Dia a pheacaí airsean, is aoibhinn dúinne — mura gcuire Dia peiriachaí airsean, rachaidh muide go flaithis
Is aoibhinn dá anam anocht agus is geal é a lóistín i bhflaithis Dé.
Is aoibhinn do dhuine ar bith a dtiocfaidh sé ina bháistigh air agus é dhá chur.
Is aoibhinn don té a gheobhas bás ola agus aithrí.
Is aoibhinn don té a gheobhas sagart ar uair a bháis
Is aoibhinn dó. Chuir Dia fios air.
Is aoibhinn di. Thug Dia chuige fhéin í.
Is aoibhinn dó anois agus a bhfuair sé de chrácamas ar an saol seo
An té gheobhas anró agus amhgar ar an saol seo, is aoibhinn dó sa gcéad saol eile
Ní haoibhinn d'aon duine nó is aoibhinn dósan sa gcéad saol eile agus a fheabhas agus atá sé ag saothrú an tsaoil seo
aoibhinn in iontrálacha eile (31)
→
framsóg
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneoidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
→
fág
Tá do chuid dola dhíot agat aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
→
carn
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann agus an sneachta a bheith dhá charnadh aduaidh; Agus le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan" (as Díomua Rí na hAoine)
→
cleite
"Dhá mba páipéar é an talamh glas, cleitiúchaí na n-éan a bheith ina bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith ina gcléir: dúshlán a n-iomlán; An drullán is lú de phianta ifrinn a chur i gcéill" (Pádraig adúirt le Oisín)
+
→
beo 1
Is aoibhinn don té a bheas beo i ndiaidh an chogaidh adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Naoi lá a sheasfas an cogadh adeir an tairngreacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min choirce a thabhairt leis agus a dhul síos in uamhain thalúna go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn don té a bheas beo. Beidh saol na bhfuíoll aige.
'Tiocfaidh loing an óir; tiocfaidh an tóir ina diaidh; Tiocfaidh cogadh an dá Ghall go hÉirinn, agus is aoibhinn don té; a bheas beo ina dhiaidh' (Rann tairngreachta)
Is aoibhinn dó é go bhféadann sé a bheith ag imeacht ina bhoideoide mar atá sé. Corrdhuine a fhaigheanns a bheatha ó neamh mar sin.
→
bollaire
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith nach gcaithfidh éisteacht leis an mbollaire siúd go minic. Go bhféacha Dia ar an dream atá ina aice i gcónaí!
→
agair
Murar agraigh Dia an éagóir a rinne sé ar bhaintreachaí agus ar dhílleachtaí airsean, is aoibhinn dúinne!
→
bunúsach
Ní chasfaí aon chailín beag in do shiúl lae ort is bunúsaí ná í. Is aoibhinn don té a gheobhas í!
Is mór an t-ionadh nach gcailleann an áit istigh thú. Breá nach dtéann tú amach ar na bhfionnuartas duit fhéin. Lá aoibhinn amuigh é
→
fonn
Is aoibhinn dó agus chomh beag a fhonn oibre agus atá sé — is aoibhinn dó agus a laghad fonn oibre agus atá air
+
→
imní
Is aoibhinn don té nach mbíonn aon imní air
TUILLEADH (1) ▼
Nach aoibhinn duit nach gcuirfeadh tada imní ort
→
deis
Níl deis mhóna ar bith sa taobh seo tíre. Tá na portaigh rófhada ó láthair. Nach aoibhinn daoibh soir agaibhse, a bhfuil siad ag béal an dorais agaibh
→
diaganta
Is aoibhinn di agus chomh diaganta agus atá sí. Tá a glúine caite aici ag urnaí chuile ré solais
→
dris
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilí tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinig uirthi. Is mó dhá fhonn a bhí uirthi shílfeá, mé a ionsaí. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn don té a dtiocfaidh brat pósta air léithe
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na hoíche. Shílfeá go mbagródh duine eicínt uirthi, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirthi. Dhá ndéanthá, ní bheifeá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn don té a gheobhas í dar fia
→
drullán
"Dá mba páipéar é an talamh glas: cleiteachaí na n-éan a bheith ina bpeann. Clann Aoibhinn uileag a bheith ina gcléir: Dúshlán a n-iúmlán (iomlán); An drullán is lú de phiantaí ifrinn a chur i gcéill"
→
dubh 3
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhaithe aige leis féin le seachtain. Ginn é! Bheadh ciall ina leithide. Is aoibhinn don bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuí a bheas sí Lá Fhéile San Seáin (beidh seanfhataí aice)
→
déirce
"Lá Nollag go haoibhinn aerach; Lá Fhéil Stiofáin gafa gléasta; Lá Fhéil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuí is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adúirt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adúirt sí, nuair a fuair sí amach an cleas a himríodh uirthi)
→
díle 1
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann, agus an sneachta a bheith dhá charnadh aduaidh; agus le mo ghrá dhá bhfaighinn cead síneadh, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan" (As amhrán — A Landlady na Páirte)
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
Dá dtéadh chuile dhuine thríd an saol mar a chuaigh sé, b'aoibhinn dóibh. Ní bheadh aon pheaca orthu ar chuma ar bith