Aoibhinn
—Ní baintear leas as a bhfocal seo as éadan, faoi chomhair 'chuile rud. Ní chloisfeá leaganachaí de'n tsórt seo: "is aoibinn a' rud é"; "is aoibhinn a' leabhar í etc." Le aimsir, saoghal agus na Flaithis, is mó a thagas sé i gceist
—
breagh, áluinn.
a.
·
Is aoibhinn a' lá é, buidheachas do Dhia! = lá meirbh áluinn.
Is aoibhinn an aimsir í, le coicís anuas!
+–
Aoibhinn aerach (sa bhfilidheacht).
Is aoibhinn aerach ar thaobh a' tsléibhe, a' breathnú síos ort a Bhaile Uí Liagh (Máire Ní Eidhin, Rafteri)
B'aoibhinn aerach na ba a' géimneach; ar thamhnóig réidh úd, Thoraidh (Dhoraidh?) Bhríain (Thoraidh Bhriain — sean-amhrán)
TUILLEADH (1) ▼
B'aoibhinn aerach ar dtriall le chéile, ar ghleanntáin sléibhe a's ar thulaigh fraoigh.
·
Aoibhinn áluinn (cuirtear a' dá fhocal le chéile).
Is aoibhinn, áluinn a' lá é.
Is aoibhinn, áluinn í an fhairrge indiu.
b.
méa(n)ra, buac.
+–
Nach h-aoibhinn Dia dhuit, má bhíonn tú ag imtheacht as seo! = nach méa(n)ra dhuit.
Is aoibhinn Dia dhó, agus a' saoghal atá aige.
TUILLEADH (3) ▼
Is aoibhinn Dia do dhuine 'bith, nach bhfuil ag éisteacht léithe sin istigh a' cocaireacht agus a' sciolladóireacht dhá cheann de'n ló.
Is aoibhinn Dia do dhuine 'bith a fhéadfas dealú leis, as an áit bhrocach, bhróthach seo.
Is aoibhinn Dia dhi, agus a bhfuil d'airgead aice.
+–
Nach aoibhinn duit, a bheith 'fanacht ó'n scoil!
Nach aoibhinn duit, a bheith 'g (dh)ul go Sasana!
TUILLEADH (5) ▼
Is aoibhinn do dhuine 'bith a d'fhéad a dhul go Ameriocá, chúns bhí cead a dhul ann, (fh)arrus a bheith fágtha in a 'mbáis' annseo.
Is aoibhinn do dhuine 'bith a fhéada(nn)s an oidhche a chodladh.
'Tiocfa long an óir; tiocfa an tóir 'na diaidh; tiocfa cogadh an dá Gháll go h-Éirinn, agus is aoibhinn do'n té bheidheas beo 'na diaidh' (rann tair(n)gearachta)
Is aoibhinn do'n té nach bhfuil in a dtuilleamuidhe.
'Is aoibhinn muise'. Dá mbeadh fhios agad!
+–
Is aoibhinn dó. Is maith an mhaltraid aige é! = duine gheobhfadh bás, agus cheapfaidhe dhó go raibh sé 'sna Flaithis.
Is aoibhinn dó! = tá sé 'sna Flaithis.
TUILLEADH (12) ▼
Is aoibhinn dó. Ní raibh aon-pheacadh air.
Tá sé ar shlighe na fírinne, agus is aoibhinn dó, le congnamh Dé!
Mara n-agruighe Dia a pheacaidhe air-sean, is aoibhinn dúinne = mara gcuire Dia peirfhiachaí air-sean, rachamuide go Flaithis.
Is aoibhinn dá anam anocht, agus is geal é a lóistín i bhFlaithis Dé.
Is aoibhinn do dhuine 'bith a' dtiocfa sé 'na bháisti(gh) air, agus é dhá chur.
Is aoibhinn do'n té a gheobhfas bás ola agus aithrighe.
Is aoibhinn do'n té 'gheobhfas sagart ar uair a bháis.
Is aoibhinn dó. Chuir dia fios air.
Is aoibhinn di. Thug dia 'uige fhéin í.
Is aoibhinn dó anois, agus a bhfuair sé de chrácamus ar a' saoghal seo.
An té gheobhfas anró agus amhgar ar a' saoghal seo, is aoibhinn dó sa gcéad saoghal eile
Ní h-aoibhinn d'aonduine, nó's aoibhinn dó-san, sa gcéad-saoghal eile agus 'fheabhas a's tá sé a' saothrú an tsaoghail seo.
Aoibhinn in iontrálacha eile (31)
→
framsóg
Cé leis an fhramsóg sin? Is aoibhinn don té a gheobhas í. Coinneóidh sí an croí dhó ar chaoi ar bith!
→
fág
Tá do chuid dola dhíot agad aríst i mbliana. Is aoibhinn duit. Ach cár fhága tú tuarastal an tsagairt? Níor chomhair tú é sin chor ar bith
→
carn
Dhá mbeadh sé a' cur na díleann a's an sneachta a bheith dhá chárnadh adtuaidh; A's le mo ghrádh dhá bhfaghainn cead síneadh, bheidhinn chomh h-aoibhinn leis an eala ar cuan (As "Diombuadh Ríogh na h-Aoine").
→
cleite
'Dhá mbadh páipéar é an talamh glas, cleiteadhachaí na n-éan a bheith in a bpeann; Clann Aoibhinn uilig a bheith in a gcléir: dubhshlán a n-iomlán; An drúllán is lugha de phianta Ifrinn a chuir igcéill' (Pádraig adubhairt le Oisín).
+
→
beo 1
Is aoibhinn do'n té a bheidheas beo indiaidh an choga adeir siad.
TUILLEADH (2) ▼
Naoi lá a sheasfas a' cogadh adeir a' tar(n)gaireacht. Ní mór do chuile dhuine trí mhaingín min' choirce a thabhairt leis, a's a dhul síos in ua(mh)ain thalmhana go mbeidh sé thart. Ach is aoibhinn do'n té a bheidheas beo. Beidh saoghal na bhfuigheall aige.
'Tiocfa luing an óir; tiocfa an tóir 'na diaidh; Tiocfa coga an dá Ghall go h-Éirinn, agus is aoibhinn do'n té; 'bheidheas beo ina dhiaidh' (Rann tarngaireachta)
Is aoibhinn dó é, go bhféadann sé a' bheith ag imtheacht in a bhoideoide mar tá sé. Corr-dhuine 'fhagha(nn)s a bheatha ó Neamh mar sin.
→
bollaire
Is aoibhinn Dia do dhuine ar bith, nach gcaithfe éisteacht leis a' mbollaire siúd go minic. Go bhféacha Dia ar a' dream, atá in 'aice igcomhnuidhe!
→
agair
Marar ágru(igh) Dia, an éagcóir a rinne sé ar bhaintreabhchaí agus ar dhilleachtaí air-sean, is aoibhinn dúinne!
→
bunúsach
Ní chasfaidhe aon-chailín beag in do shiubhal lae ort, is bunúsaighe ná í. Is aoibhinn do'n té 'gheobhfas í!
Is mór an t-íonadh nach gcailleann an áit istigh thú. Breá nach dteigheann tú amach ar na bhfionnuartas duit fhéin. Lá aoibhinn amuigh é
→
fonn
Is aoibhinn dó agus cho beag a fhonn oibre agus atá sé = is aoibhinn dó agus a laghad fonn oibre agus atá air
+
→
imní
Is aoibhinn do'n té nach mbíonn aon-imnidhe air
TUILLEADH (1) ▼
Nach aoibhinn duit nach gcuirfeadh tada imnidhe ort.
→
deis
Níl deis mhóna ar bith ins an taobh seo tíre. Tá na portaigh ro-fhada ó láthair. Nach h-aoibhinn daoibh soir agaibhse, a bhfuil siad ag béal an doruis agaibh
→
diaganta
Is aoibhinn di agus cho diaganta agus atá sí. Tá a glúine caithte aice, ag urnaighe 'chuile ré solais
→
dris
Sheas mé oíche ar a cois thiar ag céilidhe tigh T. Ph. agus dhá bhfeictheá an strainc ghangaideach a tháinic uirre. Is mó dhá fhonn a bhí uirre shílfeá, mé a ionnsuidhe. Siúd í an dris chantalach. Is aoibhinn do'n té a dtiocfaidh brat pósta air léithe.
Nach diabhaltaí drisíneach atá sí anois, a bheith ar an gceird sin ar feadh na h-oíche. Shílfeá go mbagróchadh duine eicínt uirre, ach chreidim gur beag an mhaith bagairt uirre. Dhá ndéanthá ní bheitheá ach ag borradh léithe. Is aoibhinn do'n té a gheobhas í dar fiadh
→
drullán
"Dá mba páipéar é an talamh glas: cleiteachaí na n-éan a bheith in a bpeánn. Clann Aoibhinn uiliog a bheith in a gcléir: Dúbhshlán a n-iúmlán (iomlán); An drullán is lugha de phiantaí Ifrinn a chur i gcéill"
→
dubh 3
Diabhal an féidir go bhfuil an dá chúl sin dubhuighthe aige leis féin le seachtain. Gínn é! Bheadh ciall in a leithide. Is aoibhinn do'n bhean a phósfas é. Ní taobh le min bhuidhe a bhéas sí Lá Fheile San Seáin (beidh sean-fhataí aice)
→
déirce
"Lá Nodlag go h-aoibhinn aerach; Lá 'eil Stiopháin gabhtha gléasta; Lá 'eil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuidhe is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adubhairt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adubhairt sí, an uair a fuair sí amach an cleas a h-imrigheadh uirre)
→
díle 1
"Dhá mbeadh sé ag cur na díleann agus an sneachta a bheith dhá chárnadh adtuaidh; agus le mo ghrádh dhá bhfaghainn cead síneadh, bheinn cho h-aoibhinn leis an eala ar cuan" (As amhrán — "a Landlady na Páirte")
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
Dá dteigheadh 'chuile dhuine thríd an saoghal mar a chuaidh sé, b'aoibhinn dóib. Ní bheadh aon-pheacadh orra ar chuma ar bith