Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dímheasctha
+
Tá sí an dí-mheasctha (an ghaoth) = tá sí an-luainneach; ní túisce thoir ná thiar í
Tá an aimsir an-dí-mheasctha. Ní túisce in a shamhradh ná in a gheimhreadh é. Bhí scathamh de'n trathnóna indé go h-aoibhinn, ach chuaidh sé ar ghála annsin ag dul a chodladh dhuinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé an-dímheasctha ar a chuid óil. Ní bheadh a fhios agad ó neamh ná néal céard a tharraingeochadh sé agad. Sean-síomálachaí a bhí ann céad bliain ó shoin nó gar dhó a bhíos ag dul 'san gcloigeann air
Tá na ríoghachtaí sin dímheasctha thrín a chéile ar fad. Ní túisce mór le chéile iad, ná is mian leo a bheith in árachaí a chéile aríst. Muintir an bhaile seo thiar go díreach! Ar an dá luath agus a ndéanfaidh duine mórtas le duine eile, tiocfaidh duine eicínt eile in a aghaidh

Féach freisin

dí-