Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dímheasctha
+
Tá sí an dímheasctha (an ghaoth) ─ tá sí an-luaineach; ní túisce thoir ná thiar í
Tá an aimsir an-dímheasctha. Ní túisce ina shamhradh ná ina gheimhreadh é. Bhí scaitheamh den tráthnóna inné go haoibhinn, ach chuaigh sé ar ghála ansin ag dul a chodladh dhúinn. Is aimsir í nach bhfuil muiníneach chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Bíonn sé an-dímheasctha ar a chuid óil. Ní bheadh a fhios agat ó neamh ná néal céard a tharraingeodh sé agat. Seansíomálachaí a bhí ann céad bliain ó shin nó gar dhó, a bhíos ag dul sa gcloigeann air
Tá na ríochtaí sin dímheasctha thrína chéile ar fad. Ní túisce mór le chéile iad ná is mian leo a bheith in árachaigh a chéile aríst. Muintir an bhaile seo thiar go díreach! Ar an dá luath is a ndéanfaidh duine mórtas le duine eile, tiocfaidh duine eicínt eile ina aghaidh

Féach freisin

dí-