ardaigh ó
—
·
Ardaigh uaim ar fad é — tabhair leat é; dealaigh as m'amharc é.
Rinne siad an méid sin fhéin a ardú uainn.
ardaigh ó in iontrálacha eile (14)
→
fág i
Fágfaidh muid ina dhearmad é. Níor mhaith liom a rá gurb é a ghoid d'aon uaim a rinne sé. Murab é fearacht an fhear fadó leis an ngairleoig aige é: "ní do do ghoid atá mé a ghairleog ach do t'ardú liom".
→
abhaile
Ní fhaca tú a leithide de bhail ariamh dhá chur ar dhuine. Bhí an bicycle ardaithe uaidh ag S., agus b'éigean dó siúl aníos, ainneoin gur gearr a bhí le dhul aige. Marcaíocht go Gaillimh agus cead siúl abhaile a bhí ann.
+
→
ardaigh
'Sé is socra dhá bhfaca tú ariamh go n-ardaí an t-ól. Uaidh sin amach, 'sé úll na haithne é.
TUILLEADH (1) ▼
D'ardaigh an t-ól i stuaic na mbacach agus bhí sé ina reaintí bó leáraí uaidh sin amach.
+
→
ardú
Bhí a fhios agam go mba gearr uaidh: bhí biseach aige Dia Domhnaigh agus ardú air Dia Céadaoin agus sé ar mhair sé go dtí tráthnóna Déardaoin
TUILLEADH (1) ▼
Is olc é biseach an Domhnaigh, mar ní minic uaidh a theacht gan ardú na Céadaoine a theacht ina dhiaidh
'Sé an chéad fhear i gcónaí é a dhaoirsíos chuile rud. Níl aige ach leide a fháil go bhfuil rud lena ardú, agus daoirseoidh sé ar an toirt é. Is beag is mian leis an gcreagaire a thabhairt muis ar an rud a bheas sé a cheannacht uait. Dheamhan sticéara gan chrochadh is measa ná é ar an gcaoi sin
Sea! Ardóidh sé leis mo phíopasa go maith ach cé a gheobhas aon bhrabach air fhéin. Mise i mbannaí nach bhfágfadh sé a phíopa féin ina dhiaidh anseo. Mo chreach mhaidne ghéar tú! Ní bheidh aon dearmad uaidh air sin
→
draoi
Tá an draoi sionnach anois sna clochair sin siar. Tá siad beo leo ó tháinig an cogadh agus nach bhfuil aon phúdar le fáil. Go gcuire Dia an t-ádh ort! Nach ndearna siad sladadh orainn. Dheamhan thiomanta cearc de cheithre cinn déag nár ardaigh siad uainn anuraidh. Tá muid bánaithe acu
→
droim
Tá fíogach caite thíos ar dhroim na trá agus é lofa. Bhí sé thoir sa bhfearsaid, ach d'ardaigh buachaill báire eicínt anoir é agus chaith sé i mbéal an tseoil i gcosán na ndaoine é le faitíos nach mbeadh a dhóthain boladh bréan uaidh san áit a raibh sé
Tháinig faoileán droimeannach ansin ar an tsráid ar ball beag, agus diabhal easna dhó nár ardaigh leis sceallóg d'fhata: fataí a (ár) mbéilí a bhí mé a fhuarú. Thosaigh sé ag scréachaíl chomh hacmhainneach agus a bhí sé in ann, agus lig sé an fata uaidh aríst. Dhóigh sé é cheapfainn!
→
dán
Ní raibh sé ariamh ar dhánta na talúna aon chur is fhearr a d'íocfadh duine ná an bheet sin, ach cén mhaith sin nuair nach bhfuil aon talamh ag na daoine lena cur. Tá bláthannaí agus beatha muc agus beithíoch uirthi; ní ídíonn sí an talamh mar a ghníos an chruithneacht; agus dar príosta tá sí ag dul airgead mór. Tiocfaidh an lorry isteach ag an gclaí agat lena hardú uait. 'Sé an scéal é, tá an tír seo buailte ar chuile chaoi ina dhiaidh sin
→
déan 1
Is mall uaidh an seol a ardú. Tógann sé cosamar uair an chloig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaitneodh sé leis aon locht a fháil air ina dhiaidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
→
dúrúch
Mhaithfeá do Dhia nach (ach) gan é a fheiceáil ag dúrúch thart ar fud an tí, agus é ag búiriúch mar a bheadh bullán ann. Shíl mé go gcuirfeadh sé an teach dhá lúdrachaí. Ní raibh sé buailteach chor ar bith, ach bhí sé sách bagarthach deirimse leat. D'ardaigh duine eicínt amach ar an tsráid é faoi dheireadh agus bhí teach na bainse suaimhneach uaidh sin amach