Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
bior
focal firinscneach
ginideach uatha: bhir, ach go hiondúil ní cuirtear claochló tuisil ar bith air.
uimhir iolra: biorannaí
bior beag: birín
1.
rinn; barr géar; rud bioraithe, nó lorga géar ar bith, maide, píosa iarainn, nó lorga nó brionglán ar bith den tsórt sin a bheadh géar as a bharr nó as a cheann.
a.
+
Seachain an bior sin ort fhéin.
Fainic an gcuirfeá an bior sin faoi shúil an ghasúir.
TUILLEADH (13) ▼
Bí airdeallach leis an mbior sin nó cuirfidh tú faoi shúil duine eicínt é.
Chuir sé bior an tairne ionam — barr géar tairne
Chuir an gabha bior iarainn sa tine gur thug sé goradh dhó, agus ansin, lúb sé é go ndearna sé tlú dhe
Shuigh mé ar bhior eicínt agus stiall sé mo bhríste
Tá bior géar amach as a thiocfadh thríot dhá mbuailtí le teannadh fút é.
Tá biorannaí ar an ngráinneoig — coilgní
Tá bior ar a chrúib chomh géar le rásúr
Má chuireann sé an bior siúd thríot (ionga ghéar), ní fhágfaidh sé liobar leathair ort (.i. stiallfaidh sé an craiceann dhíot)
Tá bior aige le aghaidh na tine (.i. sórt poker nó maide tinteáin)
Tá sé chomh hard le bior (speiricín) an Teampaill Mhóir
Ba gheall le bior bioráin a sháfaí in mo thaobh leis an arraing a bhuail mé
Má chuireann an diabhlánach sin bior an bhioráin (an tairne srl.) ionat, beidh scéal agat air
Níl oiread bior bioráin (nó barr bioráin) ann — níl téagar ná toirt ar bith ann
b.
bior próiste: giota nó lorga nó brionglán de mhaide a ndéantar tointe nó íorna snátha a thochras air le linn sníomacháin. Próiste a tugtar ar an méid snátha a tochrastar ar an mbior seo. Uaireanta tugtar de leasainm ar chleithire caol caite fir nó mná é. Deirtear freisin maide próiste agus biorán próiste, ach is annamh é.
+
Tochras an méid seo snátha dhom ar an mbior próiste.
Tá cion próiste eile snátha sa méid sin dhá mbeadh bior agam lena aghaidh
TUILLEADH (9) ▼
Ná lig tointe mar sin leis an mbior próiste — snáth fada ar sliobarna as
Tá tointe fada na hóinsí agat leis an mbior próiste
Tá cheithre phróiste sníofa agam ó mhaidin.
Tá cion ceirtlín mhaithe ar an méid sin próistí.
Féacha an bhfeicfeá aon bhior próiste ar stuaic an lota.
Ní fhaca mé aon teach béal in airde ariamh go dtí é. Níl an bior próiste fhéin le fáil ann nuair a theastós sé ó dhuine.
Is deas an bhean abhrais thusa agus gan aon bhior próiste ag gabháil leat i mbéal do chuid sníomhacháin.
Dheamhan tuirne ná sreang ná oiread agus bior próiste a gheofá in aon teach anseo anois, dhá gcuirtheá slat ar an tír. Tá an obair sin caite in aer. Isteach go Gaillimh a chuireanns chuile dhuine a chuid abhrais anois le sníomh. I nDomhnach, tá mná óga ar mo bhaile agus dheamhan a gcos a d'aithneodh bior próiste, ní áirím a mhalrait.
Céad slán don uair a mbíodh muid ag sníomhachán chuile oíche! Chruinníodh mná an bhaile isteach — bean ag cardáil, bean ag sníomh, agus bean ag tochras ar an mbior próiste, agus bean eile ag líonadh bórán roilléirí do bhean an tuirne.
+
Is geall le bior próiste é — clifeartach mór ard caol
'Sí an bior próiste í.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur bior próiste é; an-airde ann agus gan scioltar air.
Nach agat atá an mhisneach asat fhéin a bhior próiste. Cá bhfaightheása aon spreacadh a bheith ionat! (Go gairid, beidh an leasainm nó an tsamhail sin bior próiste seargtha sa gcaint, arae tá scoth óg ag teacht in inmhe, nach maith is feasach dóibh céard é bior próiste!)
c.
bior eanga: birín nó sliseoigín a d'fhanfadh ar eang (eing) nó na slisíní a thitfeadh aisti agus thú ag cur eanga (einge) i gclár nó i maide.
+
Níl bior eanga air — níl scioltar air; tá sé chomh caite leis an bhfíóg; níl feoil ar bith air; tá sé snoite caite
Dheamhan bior eanga thuas uirthi, agus is diachta sin di, mar tá sí ag fáil a ceart le n-ithe
TUILLEADH (13) ▼
Dhá dtugtá a bhfuil istigh i nGaillimh dhi, ní bheadh bior eanga uirthi ina dhiaidh sin.
Níor fhan bior eanga orm le gairid agus ní airím tada ag gabháil dom — níor fhan scioltar orm le gairid, agus ainneoin sin; ní feasach dom céard atá orm.
Níl bior eanga uirthi ó phós sí. Is olc atá an t-athrú ag gabháil di — is olc sin
Má chuireann tú chun sléibhe na gamhna sin chomh luath seo sa mbliain, ní fhanfaidh bior eanga orthub. Tabharfaidh siad anuas ar fad
Níor fhága an príosún bior eanga air. Chaithfeadh sé nár caitheadh go maith leis ann nó ní bheadh sé chomh tugtha anuas agus atá sé.
Níl bior eanga ar an mbean bhocht, ach is suarach an t-ionadh sin agus lán an tí aici ar aon chéill. Níor bhris cearc an áil a heagán ariamh, agus sin é a fhearacht aicese é. Is geall le dhul ar a muirín an saothrú beag sin atá ag a fear.
Scaoinn mhór ard í agus gan bior eanga uirthi — bean shínte chaol í agus gan aon fheoil uirthi
Dheamhan bior eanga orm, ní ag ceasacht ar Dhia é!
Deir siad an té nach mbeadh bior eanga air, dhá bhfaigheadh sé feoil chearc, smior mairt, nó bainne bó gamhnach ar feadh aon mhí amháin go mbeadh sé tite i bhfeoil ina dhiaidh.
Mura bhfuil bior eanga uirthi muis, ní cheal aire é, arae tá chuile shórt ar fheabhas aici sin dhá bhfuil sí in ann caitheamh a chur ann.
Is mór de na daoine uaisle sin nach bhfeicfeá bior eanga orthub, théis go mbíonn fuíoll na bhfuíoll acub, ní hionann sin agus créatúir bhochta.
Tá ithe a codach go maith inti, agus dheamhan bior eanga uirthi ina dhiaidh sin.
Is gránna an rud bean a fheiceáil iata le feoil, ach is gránna an rud freisin í a fheiceáil gan bior eanga ar a corp.
d.
bior cléithe: an spíce aonraic i gcliaith fhuirste. Biorannaí cléithe.
e.
·
Tá sé ag caitheamh sceana gréasaí agus an bior géar dhíobh anuas (an barr géar díobh anuas go hiondúil, ach deirtear seo go minic freisin) — tá sé ina bháistigh ghreadánta; tá sé ag rilleadh báistí; tá sé ina dhórtadh.
Tá bior iarainn ag imeacht aige dhá shá i ndaoine.
f.
+
Ní dhéanfadh sé é go gcuireadh sé bior faoina shúil — ní dhéanfadh sé é go gcuireadh sé scian faoina shúil; ní dhéanfadh sé é go gcuireadh sé puis de sciain faoina shúil; ní dhéanfadh sé é ar bhás an domhain (ar ór ná ar airgead srl.)
Ní dhéanfainn an cleas a rinne sé go díreach glan go gcuirinn bior faoi mo shúil i dtosach; b'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrí mo shúil shula ndéanfainn an cleas a rinne sé.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr liom bior a chur faoi mo shúil ná a dhul ag fiachadh ar na dílleachtaithe bochta sin.
Is túisce go mór a chuirfinn bior dearg thrí súil duine ná adéarfainn an chaint sin leis.
Nach mb'fhearr leat duine ag cur bior dearg faoi do shúil ná é ag déanamh cleas den tsórt sin ort — nach mb'fhearr leat duine ag cur méire faoi do shúil srl.
An té a thiocfadh i gcleithiúnas tútaíola den tsórt sin, ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach bior dearg a shá isteach thrína shúil.
Chuirfeadh sé bior in do shúil a mhic ó dhá samhlaíteá a leithide de rud leis — bheadh sé le cuthach dhá n-abraíteá go ndearna sé a leithide de rud nó go raibh sé ar chaoi áirid eicínt, mar a bheadh sé fhéin ag ceapadh nach mbeadh.
Dhá samhlaíteá leis siúd go raibh aon dhuine a bhain leis bocht, chuirfeadh sé bior dearg thríd an tsúil agat.
Má chloisimse ar an gcaint sin aríst thú, cuirfidh mé bior in do shúil
+
Ní dhéanfaidh tú é go gcuire tú do shúile ar bhior (ar chipíní is mó adeirtear) — cinnfidh ort é a dhéanamh luath ná mall
Dheamhan do chos a d'ardódh é go díreach glan go gcuirtheá do shúile ar bhior.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois is aon mhaith amháin duit é, ní bhfaighidh tú greim dhe.
Dhá mbeifeá dhá iarraidh anois, go gcuirtheá do shúile ar bhior, níl aon mhaith dhuit ann. Déanfaidh tú dhá uireasa.
Nach thú atá thart gan tobac. Dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, dheamhan an gráinne a gheobhas tú go dtí amárach.
g.
ceann ar bior: duine corrmhéiniúil (go háirid páiste) nach bhféadfadh cónaí ná fanacht socair in aon áit ach ag útamáil anonn is anall. Nuair a ghlaoitear ar dhuine é, ní thagann aon chlaochló tuisil ar cheann.
+
Tá tú ag imeacht in do cheann ar bior ó mhaidin. Nach mór an t-ionadh nach bhféadfá cónaí a dhéanamh uair eicínt.
Déan foras, muran tú an ceann ar bior — fan socair, muran tú atá corrmhéiniúil luaineach againn
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhéanfaidh sí tíochas in aon áit, an ceann ar bior bradach.
Níl a fhios agam cé leis a ndeachaigh tú chor ar bith, a cheann ar bior. Tuige thú a bheith chomh luaineach sin agus gan fhios cén fáth?
Maidir le bheith ag iarraidh suaimhnis ar an gceann ar bior sin! B'fhearr dhuit go mór fada gan aithne ar bith a chur uirthi ach cead roptha a thabhairt di go n-éiríodh sí tuirseach.
Ní fhaca tú aon cheann ar bior ó rugadh thú nach (ach) í.
Tá sé ag imeacht ina cheann ar bior agus gan fhios ag aon duine cén ábhailleacht a chaithfeas sé ina cheann.
Tá mo chroí dóite ag an gceann ar bior sin. Ní fhaca mé go hiomaí aon ghasúr is míshuaimhní ná é.
Ní túisce istigh ná amuigh an ceann ar bior sin.
D'éagóir dé dhuit nach bhfanann socair, a cheann ar bior!
Cén sórt útamáil atá ar an gceann ar bior sin aríst. Dheamhan a féidir gur ag iarraidh an cliabhán a fhágáil atá sé, théis gur gearr ó bhí sé ag strócántacht go gcuirfí a chodladh é.
M'anam go raibh sí ag imeacht ina ceann ar bior mar sin, agus í ina bean mhóir mhillteach!
Níl de leasainm ag duine ar bith anois air ach ceann ar bior.
Nach agat atá do cheann ar bior tharas aon duine. Is measa dhom thú ná a bhfuil eile sa teach — nach tú atá corrmhéiniúil tharas an chuid eile de na páistí. Is mó an t-anró a fhaighim uait ná ón gcuid eile ar fad
h.
bior in aon tsúil: duine amháin clainne; athair nó máthair a bheadh taobh le mac nó iníon aonraic; mámh aonraic i láimh chártaí.
+
Tá mé in mo bhior in aon tsúil — níl agam ach mac nó iníon amháin
Is air sin a thitfeas an t-airgead mar is bior in aon tsúil é.
TUILLEADH (14) ▼
Féadfaidh sé pósadh ina rogha uair — bior in aon tsúil.
Tá sé taobh le bior in aon tsúil — níl aige ach mac nó iníon amháin
Is furasta dhó sin — bior in aon tsúil — fuíoll na bhfuíoll a fháil, ní hionann sin agus lán tí de mhuirín agus chuile dhuine acub ag iarraidh a chórach fhéin, go lige Dia slán iad!
Ní raibh aige ariamh ach bior in aon tsúil
Tá S. L. ina shuí go te agus é taobh le bior in aon tsúil — mac — tá a sháith de mhaoin an tsaoil aige agus é taobh leis an t-aon mhac
Má éiríonn aon cheo dhó sin agus é ina bhior in aon tsúil, is gearr a mhairfeas an mháthair le duifean croí ina dhiaidh.
Is mór an díol trua é a athair bocht agus é taobh leis. Ní raibh ann ariamh ach an bior in aon tsúil.
Níl sac na mac ná muirín air ach é féin. Bior in aon tsúil é.
Is mairg a bheadh taobh le bior in aon tsúil — is mairg nach mbeadh aige ach duine aonraic clainne
Tá aire an linbh le fáil aige sin — bior in aon tsúil.
Ní mian léithe cead amach ar bith a thabhairt dó, arae is bior in aon tsúil é.
Ba mhaith an dóigh í anois le bualadh fúithi — bior in aon tsúil, agus gabháltas maith talún aici — b'fhiú bleid chleamhnais a bhualadh uirthi mar tá a hathair is a máthair taobh léithe, agus beidh gabháltas maith talúna ag titim uirthi
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur agus gan agam ach bior in aon tsúil
Cor in aghaidh an choir, bunúdar na gangaide, agus bior in aon tsúil — na trí rud a bhí mac an duine uasail a iarraidh ar inín an Ghobáin Saor i leagan amháin dár chuala mé den scéal sin
·
Thug mé cead an bhealaigh don rí mar bhí sé ina bhior in aon tsúil agam.
2.
a.
·
Chuir sé bior ar an scolb, ar an bpencil srl. — barr géar; ghéaraigh sé as a bharr é
b.
+
Tá bior ar a theanga — duine a mbeadh an-díle cainte aige, nó a bheadh abartha, gangaideach sa rud adéarfadh sé
Tá bior ar a shúile. — tá amharc grinn aige
TUILLEADH (1) ▼
Is aige atá an bior ar a shúile — tá sé an-ghrinn
c.
tá bior air: tá sé ar bís, beophianta (ní abraítear tá sé ar bior).
+
Tá bior air go bhfaighe sé cead imeacht'.
Tá bior air go bhfaighe sé cead a bhealaigh.
TUILLEADH (6) ▼
Tá bior ar an diabhlánach de ghamhain sin go dté sé i mbradaíl.
Caithfidh tú an t-asal sin a cheangal — cromnasc nó rud eicínt a chur air a cheansós agus a smachtós é — arae tá bior air go dté sé thar chlaí na comharsan.
An bhfeiceann tú an bior atá ar an gcneámhaire de lao go dté sé i mbradaíl?
Bhí bior uirthi nó go bhfaigheadh sí cead scoir ar bhóithrí, ach is olc a chuaigh na bóithrí dhi as a dheireadh, ní dhá roinnt léithe é.
Níl aon Domhnach nach mbíonn bior orthub go gcaitear a ndinnéar chucub agus go bhféada siad imeacht ag bóithreoireacht aríst go meán oíche.
Bíonn bior air go n-imí sé, agus ní túisce imithe é, ná a bhíonns bior air go mbí sé sa mbaile aríst. Dheamhan mac faoi na brait is corrmhéiniúla ná é.
d.
tá bior air: stiúir na ropaireachta; fonn achrainn; gotha ghangaideach; coinneal ina shúile.
+
Tá bior ar a dhá shúil (ina dhá shúil) anois go gcastar duine eicínt air a mbuailfidh sé coc achrainn air — tá coinneal ina dhá shúil
Tá bior an diabhail air — gotha gangaideach, drochmhúinte
TUILLEADH (5) ▼
Ó ólfas sé gloine, d'fheicfeá bior air ag iarraidh údar achrainn, agus dheamhan a mbíonn uaidh ach an t-údar.
Fan as a bhealach sin má bhíonn aon bhraon caite aige! Bíonn bior air go mbaine sé achrann as duine eicínt.
Sin í an drochghiota! A dheirfiúr ó, bíonn bior uirthi go n-ionsaí sí thú má bhíonn aon fhaltanas istigh aici dhuit.
An bhfaca tú an bior a bhí uirthi! Fonn maistínteachta agus cocaireachta!
Ní luath (luar) liom an sioc ná duine a mbíonn bior i gcónaí air le chuile fhocal adéarfas tú a fhostú — tá an ghráin shaolta agam ar dhuine ar bith a bhíos i gcónaí ag faire ar bhrabach a fháil ar do chuid cainte. (ag mhagadh, nó ag fonóid fút)

Féach freisin

bior in iontrálacha eile (24)

 
fios
Breá nach mbeadh fios do ghnaithe agat thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruife capaill leat nuair a bhí agat tairní cruife bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
 
Bhí sí sin ina beathach chomh tógtha agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannaigh sé ina gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirthi. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó tháinig an geimhreadh agus gan aon ghabháil a chaitheamh ariamh aici. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheathach ar bith mar siúd
 
Is fear é sin atá ag fáil amhgair, mura bhfuil sé ag dul in aghaidh a chosúlachta. Bhíodh sé sin ramhar beathaithe, ach dheamhan bior eanga thuas air anois.
 
crinn
Is beag an dochar dá chuid beathach gan bior eanga a bheith thuas ar an gcraiceann, ag iarraidh bheith ag crinneadh na mbreaclach sin agus gan solamar ná súiteán orthub.
 
Tá sí ina ceann ar bior le aeraíl.
 
Má tá mé brúidiúlach beathaithe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall i nduine a mbeadh slacht a chodach air tharas an té nach gcuirfeadh tada bior eanga air.
 
Má thagann sé anuas aon cheo eile, ní bheidh bior eanga air (fc. bior)
 
Is furasta le corp fíniú ar aimsir the, go mórmhór corp nach raibh ídithe ag tinneas. Ní fhíneodh corp théis luí fada go deo mar ní bhíonn bior eanga orthu. Bhí corp sheanN. chomh héadrom le cleite, go ndéana Dia grásta uirthi!
 
imigh
Ó d'imigh Cáit orm, tá mé in mo bhior in aon tsúil — ó cailleadh Cáit, tá mé taobh le duine amháin clainne
 
Bior in aon tsúil í, agus cliamhain isteach a thiocfas ann — níl aon duine clainne sa teach ach í agus nuair a phósfas sí, tiocfaidh a fear ina chónaí fréithi i dteach a muintire féin
 
Tá na cladaí sin thíos anois chomh gealta le croí do bhoise. Ní bhfaightheá bord feamainne istigh ar an roinn s'againne anois, dhá gcaithfeá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh ina sraith aníos go dtí bun na duirlinge, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá foithnín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag teacht ar an gcladach agus atá ar an saol
 
fuil 1
Tá sé in aon chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma sa diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior eanga air sa mbaile
 
Ní dheachaigh a leath ndóthain fuinnimh sna súgáin sin. B'fhurasta a aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
 
danra
hIarradh air fanacht sa mbaile. Bhí siad ina suí go te, agus ar ndóigh is dó a shroichfeadh a raibh ann. Deile, agus é ina bhior in aon tsúil. Ach ní bheadh aon tsástaíocht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnoic i bhfad uainn ar ndóigh. Duine aerach a bhí ann agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaighdeadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneáil ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhúirt an t-athair drúcht ná báisteach ach: 'A chomhairle féin do mhac dhanra,' adeir sé, 'agus ní bhfuair sé ariamh níos measa.' B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann nuair a thit ceann de na rudaí eile sin air — na bombs
 
Mura ndealaí tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agat air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhroim. Rún atá agat mo bhruith agus mo loscadh. Chonaic mise gasúir ábhailleacha go minic ach ag an diabhal go raibh sibhse — crosaim aríst sibh! — sháraigh sibh a bhfaca mé ariamh
 
Is diachta dhó a bheith chomh suaite sin; shílfeá go bhfaigheann sé aire mhaith. Ach ní chuirfeadh an saol mór ar fad bior eanga air. 'Sé an duine is dothógtha a chonaic mé ariamh é
 
diaidh
Níl ann ach go bhfuil sé i ndiaidh a chéile anois. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh, is mó a d'ídigh ná é le gairid. Níl bior eanga féin air
 
Tá mé sáraithe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaighinn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sá bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastódh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoibh féin, tá sin
 
dream
Is furasta a aithinte as a dhream é: luisneachán mór fada agus gan bior eanga air
+
dual 2
Céard atá le déanamh agat ach an bior a chur isteach idir dhá dhual agus coinneoidh sin an tuí. Is furasta a aithinte nach tuíodóir thú, ach ní fearr duit ar bith é. Is mór an mearú ar dhuine an tuíodóireacht chéanna
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór duit an bior sin a fháscadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
 
Thabharfainn an leabhar go raibh déidín tite ag an luán cait seo agam an oíche faoi dheireadh. Bhí plaic ina bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cinnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt lena caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball ina bhior aige, gan mothú ar bith. Hé brí cén sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) sa deireadh é. Dhá n-imíodh sé féin, is beag an chaitheamh ina dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timpeall an tí seo, is cait iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
Ní bhaileodh seisean a bhfuil de mhóin ann le trí aistir, agus an díthreabhach de chruib (chrib) atá aige. Ar ndóigh ní thoillfeadh dhá ghabháil inti. Ach ní raibh aon ghnaithe aici a bheith mórán níos mó. Ní bheadh an díthreabhach capaill atá aige in ann a tarraingt. Níl bior eanga uirthi cheal tógála