Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bior
focal firinscneach
gein. uathaidh = bhir. Ach go h-iondamhail ní cuirtear claochlodh tuisil ar bith air.
Uimhir iolraidh — biorannaí.
Bior beag = birín.
1.
rinn; barr géar; rud biorruighthe, nó lorga géar ar bith, maide, píosa iarainn, nó lorga nó brionglán ar bith de'n tsórt sin a bheadh géar as a bharr nó as a cheann.
a.
+
Seachain a' bior sin ort fhéin.
Fainic a gcuirfeá an bior sin, faoi shúil an ghasúir.
TUILLEADH (13) ▼
Bí áirdeallach leis a' mbior sin, nó cuirfe tú faoi shúil duine eicínt é.
Chuir sé bior a' tairnge ionnam = barr géar tairnge.
Chuir an gabha bior iarainn sa teine gur thug sé goradh dhó, a's annsin, lúb sé é, go ndearna sé tlú dhe.
Shuidh mé ar bhior eicínt, a's stiall sé mo bhríste.
Tá bior géar amach as, a thiocfadh thríot, dhá mbuailtí le teannadh fút é.
Tá biorannaí ar a' ngráinneoig = cuilgní.
Tá bior ar a chrúib chomh géar le rásúr.
Má chuireann sé an bior siúd thríot (ionga ghéar), ní fhágfa sé liobar leathair ort (i.e stiallfa sé an craiceann dhíot).
Tá bior aige l'aghaidh na teine (i.e. sórt "poker" nó maide teinteáin).
Tá sé chomh h-árd le bior (speiricín) a' Teampaill Mhóir.
Ba gheall le bior bioráin a sháithfí in mo thaobh leis an arraing a bhuail mé.
Má chuireann a' diabhlánach sin bior a' bhioráin (a' tairnge etc) ionnad, beidh scéal agad air.
Níl oiread bior bioráin (nó barr bioráin) ann = níl téagar ná toirt a' bith ann.
b.
Bior próiste: giota nó lorga nó brionglán de mhaide a ndéantar tuinnte nó iarna snátha a thochras air, le linn sníomacháin. Próiste a tugtar ar a' méid snátha a tochrastar ar a' mbior seo. Uaireanta tugtar de leas-ainm ar chleathaire caol caithte fir nó mná é. (Deirtear freisin "maide próiste" a's "biorán próiste", ach is annamh é).
+
Tochras a' méid seo snátha dhom ar a' mbior próiste.
Tá cion próiste eile snátha sa méid sin, dhá mbeadh bior agam len' aghaidh.
TUILLEADH (9) ▼
Ná leig tuínnte mar sin leis a' mbior próiste = snáth fada ar sliobarna as.
Tá tuinnte fada na h-oinsighe agad leis a' mbior próiste.
Tá cheithre phróiste sníomhtha agam ó mhaidin.
Tá cion ceirtlín mhaithe ar a' méid sin próistí.
Feacha a bhfeicfeá aon-bhior próiste ar stuaic a' lota.
Ní fhaca mé aon-teach béal in áirde ariamh go dtí é. Níl a' bior próiste fhéin le faghail ann, nuair a theastóchas sé ó dhuine.
Is deas a' bhean abhrais thusa, a's gan aon-bhior próiste a' gabhail leat imbéal do chuid sníomhacháin.
Dheamhan túirne ná sreang, ná oiread a's bior próiste a gheobhfá in aon-teach annseo, anois, dhá gcuirtheá slat ar a' tír. Tá'n obair sin caithte in aer. Isteach go Gaillimh a chuirea(nn)s 'chuile dhuine a chuid abhrais anois, le sníomh. InDomhnach, tá mná óga ar mo bhaile, a's dheamhan a gcos a d'aithneochadh bior próiste, ní áirmhighim a mhaltraid.
Céad slán do'n uair a mbíodh muid a' sníomhachán 'chuile oidhche! Chruinnigheadh mná an bhaile isteach — bean a' cárdáil, bean a' sníomh, a's bean a' tochras ar a' mbior próiste, a's bean eile a' líonadh bórán roilléirí do bhean a' túirne.
+
Is geall le bior próiste é — clifeartach (cleithbheart-ach?) mór árd caol.
Sí'n bior próiste í.
TUILLEADH (2) ▼
Shílfeá gur bior próiste é; an-aoirde ann, a's gan sciolltar air.
Nach agad atá an mhisneach asad fhéin a bhior próiste. Cá bhfaightheá-sa aon-spreacadh a bheith ionnad! (Go goirid, beidh an leas-ainm nó'n tsamhail sin "bior próiste" seirgthe sa gcainnt, arae tá scoth óg a' teacht in innmhe, nach maith is feasach dóib, céard é bior próiste!")
c.
Bior eanga = birín nó sliseoigín a d'fhanfadh ar eang (eing) nó na slisíní a thuitfeadh aisti, a's thú a' cur eanga (einge) i gclár, nó i maide.
+
Níl bior-eanga air = níl sciolltar air; tá sé chomh caithte leis an bhfitheoig; níl feoil a' bith air; tá sé snuidhte caithte.
Dheamhan bior-eanga thuas uirre, a's is diadhachta sin di, mar tá sí a' faghail a ceart le n-ithe.
TUILLEADH (13) ▼
Dhá dtugtá a bhfuil istigh in Gaillimh dhi, ní bheadh bior-eanga uirre ina dheidh sin.
Níor fhan bior-eanga orm le goirid, a's ní airighim tada a' gabhail dom. = níor fhan sciolltar orm le goirid, a's aindeoin sin; ní feasach dom, céard atá orm.
Níl bior-eanga uirre ó phós sí. Is olc atá an t-athrú a' gabhail di — is olc sin.
Má chuireann tú un sléibhe na gamhna sin, chomh luath seo sa mbliadhain, ní fhanfa bior-eanga orra(b). Tiubharfa siad anuas ar fad.
Níor fhága an príosún bior-eanga air. Chaithfead sé nar caitheadh go maith leis ann, nó ní bheadh sé chomh tugtha anuas a's tá sé.
Níl bior-eanga ar a' mbean bhocht, ach is suarach a' t-iongnadh sin, a's lán a' tighe aice ar aon-chéill. Níor bhris cearc an áil a h-iogán (a h-eagán) ariamh, a's sin é 'fhearacht aice-se é. Is geall le dhul ar a muirghín, an saothrú beag sin atá aigéan a fear.
Scaoinn mhór árd í, a's gan bior-eanga uirre = bean shínte, chaol í, a's gan aon-fheoil uirre.
Dheamhan bior-eanga orm, ní a' ceasacht ar Dhia é!
Deir siad a' té nach mbeadh bior-eanga air, dhá bhfaghadh sé feoil chearc, smior mairt nó bainne bó gamhnach ar feadh aon-mhí amháin, go mbeadh sé tuithte i bhfeoil in a dhiaidh.
Mara bhfuil bior-eanga uirre, muis, ní cheal aire é; arae tá 'chuile shórt ar fheabhas aice sin, dhá bhfuil sí indon caitheamh a chuir ann.
Is mór de na daoine uaisle sin, nach bhfeicfeá bior-eanga orra(b), th'éis go mbíonn fuigheall na bhfuigheall aca(b), ní h-ionann sin a's créatúir bhochta.
Tá ithe a codach go maith innte, a's dheamhan bior-eanga uirre in a dheidh sin.
Is gránna an rud bean 'fheiceál iadhta le feoil, ach is gránna an rud freisin í 'fheiceál gan bior eanga ar a corp.
d.
Bior cléithe = an spíce aonraic i gcliaith fhursta. Biorannaí cléithe.
e.
·
Tá sé a' caitheamh sceanna gréasuidhe a's an bior géar dhíob anuas ("an barr géar díob anuas" go h-iondamhail, ach deirtear seo go minic freisin) = tá sé in a bháistigh ghriodánta; tá sé a' roilleadh báistighe; tá sé in a dhórtadh.
Tá bior iarainn ag imtheacht aige dhá sháthadh indaoine.
f.
+
Ní dhéanfad sé é, go gcuireadh sé bior faoi na shúil = ní dhéanfadh sé [é] go gcuireadh sé scian faoi na shúil; ní dhéanfadh sé é, go gcuiread sé puis de sciain faoi na shúil; ní dhéanfadh sé é ar bhás a' domhain (ar ór ná ar airgead etc).
Ní dhéanfainn a' cleas a rinne sé, go díreach glan, go gcuirinn bior faoi mo shúil idtosach; b'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil, ná go mbeadh sé le casadh liom go ndearna mé a leithide de chleas; chuirfinn bior isteach thrídh mo shúil shul a ndéanfainn an cleas a rinne sé.
TUILLEADH (7) ▼
B'fhearr liom bior a chuir faoi mo shúil ná a dhul a' fiachadh ar na dílleachtaidhthe bochta sin.
Is túisce go mór a chuirfinn bior dearg thrídh súil duine, ná adéarfainn a' chainnt sin leis.
Nach mb'fhearr leat duine a' cur bior dearg faoi do shúil, ná é 'déanamh cleas de'n tsórt sin ort = nach mb'fhearr leat duine a' cur méire faoi do shúil etc.
An té a thiocfadh i gcleitheamhnas tútaighle de'n tsórt sin, ní raibh le déanamh leis, go díreach glan, ach bior dearg a sháthadh isteach thrídh na shúil.
Chuirfeadh sé bior in do shúil a mhic ó, dhá samhl(uigh)theá a leithide de rud leis = bheadh sé le cuthach, dhá n-abruightheá, go ndearna sé a leithide de rud nó go raibh sé ar chaoi áithrid eicínt, mar bheadh sé fhéin a' ceapadh nach mbeadh.
Dhá samhl(uigh)theá leis siúd, go raibh aon-dhuine a bhain leis bocht, chuirfeadh sé bior dearg thríd a' tsúil agad.
Má chloisimse ar a' gcainnt sin aríst thú, cuirfe mé bior in do shúil.
+
Ní dhéanfa tú é, go gcuire tú do shúile ar bhior ("ar chipíní" is mó adeirtear). = cinnfe ort é dheanamh luath ná mall.
Dheamhan do chos a d'árdóchadh é, go díreach glan, go gcuirtheá do shúile ar bhior.
TUILLEADH (3) ▼
Dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois sé'n mhaith amháin duit é, ní bhfaighe tú greim dhe.
Dhá mbeitheá dhá iarraidh anois, go gcuirtheá do shúile ar bhior, níl aon mhaith dhuit ann. Déanfa tú dhá uireasbha.
Nach thú atá thart gan tobac. Dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, dheamhan a' gráinne a gheobhfas tú go dtí ambáireach.
g.
"Ceann-ar-bior" = duine corr-mhéineamhail, (go h-áithrid páiste) nach bhféadfadh comhnuidhe ná fanacht socair in aon-áit, ach ag útamáil anonn 's anall. (Nuair a ghlaodhtar ar dhuine é, ní thagann aon chlaochlodh tuisil ar "cheann").
+
Tá tú ag imtheacht in do cheann-ar-bior ó mhaidin. Nach mór a' t-iongnadh nach bhféadfá comhnuidhe a dheanamh uair eicínt.
Déan forus, maran tú an ceann-ar-bior = fan socair, maran tú atá corr-mhéineamhail, luaithneach againn.
TUILLEADH (12) ▼
Ní dhéanfa sí tigheachas in aon áit, an ceann-ar-bior bradach.
Níl fhios agham, cé leis a ndeacha tú chor a' bith, a cheann-ar-bior. Tuige thú 'bheith chomh luaithneach sin, a's gan fhios cé'n fáth?
Maidir le bheith ag iarraidh suaimnis ar a' gceann ar bior sin! B'fhearr dhuit go mór fada, gan aithne a' bith a chuir uirre, ach cead roptha a thabhairt di, go n-eirigheadh sí tuirseach.
Ní fhaca tú aon-cheann ar bior ó rugadh thú nach (ach) í.
Tá sé ag imtheacht in a cheann ar bior, a's gan fhios ag aonduine cé'n ámhuilleacht a chaithfeas sé in a cheann.
Tá mo chroidhe dóighte ag an gceann ar bior sin. Ní fhaca mé go h-iomdha aon-ghasúr, is mío-shuaimnighe ná é.
Ní túisce istigh ná amuigh an ceann-ar-bior sin.
D'iagcóir dé dhuit, nach bhfanann socair, a cheann-ar-bior!
Cé'n sórt útamáil atá ar a' gceann-ar-bior sin aríst. Dheamhan a' féidir gur ag iarraidh an cliabhán a fhágáil atá sé, th'éis gur gearr ó 'bhí sé 'strócántacht go gcuirfí a' chodladh é.
M'anam go raibh sí ag imtheacht in a ceann-ar-bior mar sin, a's í in a bean mhóir mhillteach!
Níl de leas-ainm ag duine 'bith anois air ach ceann-ar bior.
Nach agad atá do cheann ar bior, fharrus aonduine. Is measa dhom thú, ná a bhfuil eile sa teach = nach tú atá corr-mhéineamhail, fharrus an chuid eile de na páistí. Is mó an t-anró a fhaghaim uait, ná ó'n gcuid eile ar fad.
h.
Bior in aon-tsúil = duine amháin cloinne; athair nó máthair a bheadh taobh le mac nó inghean aonraic, mámh aonraic i láimh chártaí.
+
Tá mé in mo bhior in aon-tsúil = níl agam ach mac nó inghean amháin.
Is air sin a thuitfeas an t-airgead mar is bior in aon-tsúil é.
TUILLEADH (14) ▼
Féadfa sé pósadh in a rogha uair — bior in aon-tsúil.
Tá sé taobh le bior in aon-tsúil = níl aige ach mac nó inghean amháin.
Is furasta dhó sin — bior in aon-tsúil — fuigheall na bhfuigheall a fhághail, ní h-ionann sin a's lán tighe de mhuirghín a's chuile dhuine aca(b) ag iarraidh a chórach fhéin, go leige Dia slán iad!
Ní raibh aige ariamh, ach bior in aon-tsúil.
Tá S. L. in a shuidhe go te, a's é taobh le bior in aon tsúil — mac = tá a sháith 'mhaoin a' tsaoghail aige, a's é taobh leis a' t-aon-mhac.
Má eirigheann aon-cheo dhó sin, a's é in a bhior in aon-tsúil, is gearr a mhairfeas an mháthair le duibhthean croidhe 'na dhiaidh.
Is mór a' díol truaighe é 'athair bocht, a's é taobh leis. Ní raibh ann ariamh ach a' bior in aon-tsúil.
Níl sac na mac ná muirghín air ach é féin. Bior in aon-tsúil é.
Is mairg a bheadh taobh le bior in aon-tsúil = is mairg nach mbeadh aige, ach duine aonraic cloinne.
Tá aire an leinbh le faghail aige sin — bior in aon-tsúil.
Ní mian léithe cead amach a' bith a thabhairt dó, arae is bior in aon-tsúil é.
Badh mhaith an dóigh í anois, le bualadh fúithe — bior in aon-tsúil, a's gabhaltas maith talmhan aice = b'fhiú bleid chleamhnais a bhualadh uirre, mar tá a h-athair a's a máthair taobh léithe, a's beidh gabhaltas maith talmhana, a' tuitim uirre.
Is deacair dhomsa fata ná meacan a chur, a's gan agam ach bior in aon-tsúil.
Cor in aghaidh an chuir, bun-ughdar na gangaide, a's bior in aon-tsúil = na trí rud a bhí mac a' duine uasail a iarraidh ar inghin a' Ghobáin Saor i leagan amháin dá'r chuala mé de'n scéal sin
·
Thug mé cead a' bhealaigh de'n rí, mar bhí sé in a bhior in aon tsúil agam.
2.
a.
·
Chuir sé bior ar a' scolb, ar 'a' bpencil' etc. = barr géar; ghéaruigh sé as a bharr é.
b.
+
Tá bior ar a theanga = duine mbeadh an-díle cainnte aige, nó bheadh abartha, gangaideach sa rud adéarfadh sé.
Tá bior ar a shúile. = tá amharc grinn aige.
TUILLEADH (1) ▼
Is aige atá an bior ar a shúile = tá sé an-ghrinn.
c.
"Tá bior air" tá sé ar bís, beo-phianta (ní abruighthear "Tá sé ar bior").
+
Tá bior air, go bhfagha sé cead imtheacht'.
Tá bior air, go bhfagha sé cead a bhealaigh.
TUILLEADH (6) ▼
Tá bior ar a' diabhlánach de ghamhain sin go dteighe sé imbradghail.
Caithfe tú an t-asal sin a cheangal — cromnasc nó rud eicínt a chuir air, a cheannsóchas a's a smachtóchas é — arae, tá bior air, go dteighe sé thar chlaidhe na comharsan.
'Bhfeiceann tú an bior atá ar a' gcneamhaire de laogh, go dteighe sé imbradghail?
Bhí bior uirre nó go bhfaghad sí cead scuir ar bhóithrí, ach is olc a chuaidh na bóithrí dhi, as a dheire, ní dhá roinnt léithe é.
Níl aon-Domhnach nach mbíonn bior orra(b) go gcaithtear a ndínnéar (ch)ucab, a's go bhféada siad imtheacht a' bóithreoireacht aríst go meadhon-oidhche.
Bíonn bior air, go n-imthighe sé, a's ní túisce imthighthe é, ná 'bhío(nn)s bior air, go mbí sé sa mbaile aríst. Dheamhan mac faoi na bruit is corr-mhéineamhla ná é.
d.
"Tá bior air" stiúir na ropaireachta; fonn achrainn; gothadh ghangaideach; coinneal in a shúile.
+
Tá bior ar a dhá shúil (in a dhá shúil) anois, go gcastar duine eicínt air, a mbuailfe sé coc achrainn air. = tá coinneal in a dhá shúil.
Tá bior a' diabhail air = gothadh gangaideach, droch-mhúinte.
TUILLEADH (5) ▼
Ó ólfas sé gloine, d'fheicfeá bior air, ag iarraidh ughdar achrainn, a's dheamhan a' mbíonn uaidh, ach a' t-ughdar.
Fan as a bhealach sin, má bhíonn aon-bhraon caithte aige! Bíonn bior air, go mbaine sé achrann as duine eicínt.
Sin í an droch-ghiota! A dheirbhshiur ó, bíonn bior uirre, go n-ionnsuighe sí thú, má bhíonn aon fhaltanas istigh aice dhuit.
'Bhfaca tú an bior a bhí uirre! Fonn maistínteacht' a's cocaireachta!
Ní luath (lughar) liom a' sioc ná duine 'mbíonn bior i gcomhnuidhe air, le 'chuile fhocal adéarfas tú a fhastú = tá'n ghráin shaoghalta agham ar dhuine a' bith a bhíos i gcomhnuidhe a' faireadh ar bhrabach a fhaghail ar do chuid cainnte. (a' siodh-mhagadh, nó a' fonóid fút)

Féach freisin

Bior in iontrálacha eile (23)

 
fios
Breá nach mbeadh fios do ghnatha agad thairis sin. A dhul ag tabhairt tairní cruithe capaill leat nuair a bhí agad táirní cruithe bróg a thabhairt leat. Tá tú in do cheann ar bior
 
Bhí sí sin in a beitheach cho tóighe agus d'fheicfeá in do shiúl ionsaí nuair a cheannuigh sé in a gamhain í, ach chuirfeá amach i bhfáinne anois í. Níl bior eanga uirre. Is beag an dochar di: cuibhrithe sna breaclachaí siúd ó a tháinig an geimhreadh agus gan aon-ghabhail a chaitheamh ariamh aice. Go deimhin ba chóir dhó náire a bheith air, amhgar a thabhairt do bheitheach ar bith mar siúd
 
Is fear é sin atá 'faghail amhgair, mara bhfuil sé ag dul in aghaidh a chosamhlacht'. Bhíodh sé sin ramhar beathuighthe, ach dheamhan bior-eanga thuas air anois.
 
crinn
Is beag an dochar dá chuid beitheadhach gan bior-eanga a bheith thuas ar a' gcraiceann, ag iarraidh [bheith] a' crinneadh na mbreaclach sin, a's gan solamar ná súighteán orra(b).
 
Tá sí in a ceann-ar-bior le aerighil.
 
Má tá mé brúideamhlach beathuighthe fhéin, cá'il do chaillteamas-sa? Nach mbeadh ciall induine a mbeadh slacht a chodach air, fharra's a' té nach gcuirfeadh tada bior-eanga air.
 
Má thagann sé anuas aon-cheo eile, ní bheidh bior-eanga air (féach "bior").
 
imigh
Ó d'imthigh Cáit orm, tá mé in mo bhior in aon-tsúil = ó cailleadh Cáit, tá mé taobh le duine amháin cloinne.
 
Bior in aon-tsúil í, agus cliamhain isteach a thiocfas ann = níl aon-duine cloinne sa teach ach í, agus nuair a phósfas sí, tiocfa a fear in a chomhnuidhe fréithi i dteach a muinntire féin.
 
Tá na cladaigh sin thíos anois cho gealta le croí do bhoise. Ní bhfuightheá bord feamainne istigh ar an roinn se'aghainne anois, dhá gcaitheá do bhliain dhá baint. Roimhe seo, d'fheicinnse feamainn dubh in a sraith aníos go dtí bun na dúrlinne, ach dhá gcuirtheá do shúile ar bhior anois, ní fheicfeá fúinín ann. Chreidim go bhfuil an smál céanna ag tiacht ar an gcladach agus atá ar an saol
 
fuil 1
Tá sé in aon-chorcán amháin agus bhainfeadh dealg spíonáin fuil as. Is cuma san diabhal é, ach rinne an t-aistriú maith dhó. Ní raibh bior-eanga air san mbaile
 
Ní dheachaidh a leath ndóthain fuinneamh sna súgáin sin. B'fhurasta aithinte agus cead a thabhairt don ghasúr sin a gcasadh: ceann ar bior bradach!
 
danra
h-Iarradh air fanacht ins an mbaile. Bhí siad in a suidhe go te, agus 'ar ndú is dó a shroichfeadh a raibh ann. 'Deile, agus é in a bhior in aon-tsúil. Ach ní bheadh aon-tsástuigheacht air go dtugadh sé ruaig go Sasana. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn 'ar ndú'. Duine aerach a bhí ann, agus bhí an dream a bhí i Sasana dhá shaghdadh. D'imigh leis. Chaoin a mháthair uisce a cinn ag iarraidh a choinneál, ach ba bheag an mhaith dhi é. Dheamhan ar dhubhairt an t-athair drúcht ná báisteach ach "A chomhairle féin do mhac dhanra" adeir sé "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa". B'fhíor dhó. Fuair sé fód a bháis i Sasana. Dhá mhí a bhí sé ann an uair a thuit ceann de na rudaí eile sin air — na "bombs"
 
Mara ndealuighidh tú leat anois a ghrabairín, beidh scéal agad air. Is deas iad do bhéasa. Ag iarraidh bior dearg a chur síos le mo dhruím. Rún atá agad mo bhruith agus mo loscadh. Chonnaic mise gasúir ámhuilleacha go minic ach ag an Diabhal go raibh sibse — croisim aríst sib! — sháruigh sib a bhfaca mé ariamh
 
Is diachta dhó a bheith cho suaidhte sin; shílfeá go bhfaghann sé aire mhaith. Ach ní chuirfeadh an saoghal mór ar fad bior-eanga air. 'Sé an duine is do-thóigthe a chonnaic mé ariamh é
 
diaidh
Níl ann ach go bhfuil sé indiaidh a chéile anois. Ní fhaca mé duine ar bith ariamh, is mó a d'ídigh ná é le goirid. Níl bior-eanga féin air
 
Tá mé sáruighthe agaibh le bliain ag dilleoireacht liom go bhfaghainn madadh dhaoibh. Tá sé agaibh anois agus is beag an mheas atá agaibh air. Ag imeacht dhá chiceáil agus ag sáthadh bior dearg ann. Diabhal bréag nach uaibh a theastóchadh an tslat. Tá sibh dhá tuaradh dhaoib féin, tá sin.
 
dream
Is furasta aithinte as a dhreám é: luisneachán mór fada agus gan bior-eanga air
+
dual 2
Céard atá le déanamh agad ach an bior a chuir isteach idir dhá dhual agus coinneochaidh sin an tuighe. Is furasta aithinte nach tuigheadóir thú, ach ní fearr duit ar bith é. Is mór an meárú ar dhuine an tuigheadóireacht chéadna
TUILLEADH (1) ▼
Ní mór duit an bior sin a fháisceadh síos go maith idir na duail! Ná fág ar bogadh chor ar bith é
 
Thiubharfainn an leabhar go raibh déidín tuithte ag an luadhán cuit seo agam an oíche faoi dheire. Bhí plaic in a bhéal agus gan í ag dul siar ná aniar, agus é ag cínnt air a caitheamh amach ná a bhéal a oscailt len a caitheamh amach. Bhí sé ag sníomh agus ag lúbadh agus a dhrioball in a bhior aige, gan mothú ar bith. Hébrí cé'n sórt ualach a bhí air chuir sé dhó (dhe) ins an deire é. Dhá n-imigheadh sé féin, is beag an chaitheamh in a dhiaidh a bheadh againn: is beag é a mhaith ná a mhaoin. Má tá eallach ar bith fairsing timcheall an tighe seo, is cuit iad. Bhainfidís an greim amach as do bhéal
 
díon 1
Is mór an chontabhairt é an teach ceann tuighe in a dheidh sin. 'Bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóighte a chur ins an teine agus é a sháith ins an mbun tsop. Ó a chuaidh sé thrídh lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus marach cho h-éascaidh agus a brathadh é, bheadh dóighteán ann a mbeadh cuímne air
 
Ní bhaileochadh seisean a bhfuil de mhóin ann le trí aistir, agus an dithreabhach de chruib ("chrib") atá aige. 'Ar ndú' ní thuíllfeadh dhá ghabhail innte. Ach ní raibh aon-ghnatha aice a bheith mórán níos mó. Ní bheadh an dithreabhach capaill atá aige indon a tarraint. Níl bior eanga uirre cheal tógála