1.
ciumhais, colbha, leiceann amuigh, éadan, taobh, bord, crioslach.
a.
+–
Bruach an phortaigh, an bhóthair, na habhann, na locha, na farraige, lócháin, an bhoird, an bhéil, na carraige, na trá, na huaighe srl.
Tá bruach thiar an phortaigh scraite aige.
TUILLEADH (10) ▼
Caithfidh tú é (.i. an binse móna) a shioscadh le bruach.
Ní bhaineann sé an fód bruach chor ar bith fágann sé an fód atá istigh le bruach ina sheasamh
Tá an mhóin ina cora ar an mbruach fós gan scaradh.
Tá ionlach maith aici ar bruach, ach ní thriomódh an saol í sa lagpholl.
Féadfaidh mé dhá bharr a chur ar bruach, agus an barr íochtar sa lagpholl
Is maith fada amach ar bruach nach mór dhuit a dhul leis an mbarr uachtair más leat trí bairr a chur air.
Tá an bruach thoir amuigh againn ach tá faitíos orm go gcaithfidh an bruach thiar fanacht ar an bhfaraor géar. Má chaitheann sé deoir ar bith báistí, ní bheidh an cosán in araíocht é a shiúl ag an duine fhéin, ní áirím ag asal.
Tá an bruach bearnaithe ar fad ag brisí portaigh — áiteachaí a mbriseann an bruach agus a dtiteann sé ina bhuíograchaí síos sa lagpholl.
Is gearr go mbí an bruach ídithe — an mhóin ar fad bainte air nó é caite
Bhí cloch sa mbruach agus fhóbair dhi an sleán a bhriseadh orm.
+–
Tá go leor feamainne ar bruach inniu.
Ag cur fheamainne ar bruach a bhí mé ó mhaidin
TUILLEADH (7) ▼
Cheal nach bhfuil sí ar bruach agat fós? (an fheamainn)
Cuir an scaipiúch fheamainne sin ar bruach shula bhéarfas an tuile uirthi
Tá an-bhrachlainn fheamainne ar bruach ó mhaidin aige.
Bhí sé breá go leor aigesean a bhí ar bruach, ach ní raibh sé chomh breá sin ag an té a mb'éigean dó a dhul go muineál i bhfarraige — bhí an té a bhí ar bruach tirim
Is mairg dhuit nár fhan ar bruach agus gan a dhul sa tónáiste sin le feamainn
Tá sé sin chomh teolaí air fhéin le cat. Muise i mbannaí nár chorraigh sé den bhruach.
Chuir sé snáth (feamainne) uileag go léireach aníos ar bruach.
+–
Thug sé (an gluaisteán) cor agus chuaigh sé isteach ar bhruach an bhóthair d'aon iarraidh (bruach an bhóthair = colbha an bhóthair in aice leis an móinín bán)
Fan ar bhruach an bhóthair.
TUILLEADH (4) ▼
Níor mhór d'fhear 'bicycle' imeacht i gcónaí ar bhruach an bhóthair, arae is mór an chontúirt iad na motors sin.
Tá ísleáin i mbruach an bhóthair agus cothaíonn an t-uisce iontub i gcónaí.
Thug Dia dhó gur ar bhruach an bhóthair a sciorr sé, arae dhá n-éiríodh leis a bheith i lár an bhóthair, bhí a chosa nite. Mharódh an motor é.
Shílfeá gur fada fairsing atá an tír agaibh tharas a dhul ag bualadh cead ar bhruach an bhóthair.
+–
D'imigh leis suas le bruach (na habhann)
Shiúl sé síos le bruach.
TUILLEADH (1) ▼
Shiúl mé bruach na locha uileag, agus má shiúil fhéin, sin é a raibh dhá bharr agam.
+–
Ag leagan bruachannaí atá sé ar an aimsir seo — in áiteacha nach dtreabhtar an talamh, agus a mbíonn sé ina iomrachaí, cuirtear leiceann na hiomaire loirg nó ithreach ar chaon taobh isteach sa gclaise le láí, agus fágthar caolóid nó lorga caol aon spreab ina seasamh ar feadh croí na hiomaire. Leagan bruachannaí nó múchadh na talúna a tugtar ar an obair sin. Faoi chomhair coirce a leagtar bruachannaí. Sa ngeimhreadh nó i dtús an earraigh a déantar é, i riocht is go mbeadh faill ag an sioc, an ithir támáilte a bhrioscú. San earrach nuair a bhítear ag cur an choirce spréitear an chaolóid isteach ar an gclaise
Ar leag tú na bruachannaí fós?
TUILLEADH (17) ▼
Dheamhan bruach ná cuid de bhruach a leag mé fós i mbliana.
Caithfidh mé lá a thabhairt dhó ag leagan bruachannaí.
Níl obair ar bith is fusa ná bruachannaí a leagan.
Ní lá maith ag leagan bruachannaí é an lá inniu. Tá an chréafóg róthámáilte théis na báistí.
Tá sé thar am na bruachannaí a leagan. Ná bac le duine ar bith nach mbeidh siad leagtha aige roimh an sioc.
Sin é an stócach crua fáiscthe. Chonaic mé thíos ansin é an lá faoi dheireadh in éindí lena athair ag leagan bruachannaí, agus i nDomhnach, leag sé bruach ar an mbruach leis.
Níl sé éasca chor ar bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann agus 'sé díol an diabhail iad le deacracht (fc. bráideannaí)
Cáide go dté tú ag leagan bruachannaí, faoina bheith slán duit?
Níor leag sé aon bhruach go raibh sé ag cur an choirce agus bhí a shliocht air, bhí an ithir ar fad ina carcaireachaí righne.
Is olc an fear é ag leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar an gclaise ceart go leor, ach ní mhíníonn sé na spreabannaí chor ar bith. Is cuma leis é ach rith air chomh maolscríobach agus a fhéadfas sé.
D'aithin mé go maith ar an ngarraí sin i mbliana, nuair a bhí tú ag leagan na mbruachannaí ann, go mb'ait an dóigh coirce a dhéanfadh sé.
Ní fhéadfainn aon bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach agus má théim ag leagan bruachannaí ann, cothóidh an t-uisce in íochtar.
'Sé an chaoi ar chuir sé an coirce inniu, é a spré amach as na hiomrachaí agus gan bruach ar bith a leagan. Dheamhan a fhios agam nárb é an cás céanna dhó é agus an bhail a bhí ar an talamh ithreach (loirg) aige
Ní leagfaidh mé bruach ar bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrutha. Spréidhfidh mé amach iad mar atá siad.
Ní fhéadfá sá de láí a chur i mbruach anois, tá an chréafóg chomh fliuch sin.
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí, leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid ar bith ina ndiaidh. Is fusa an ithir a spré mar sin, más fíor dóibh fhéin.
+–
Bhris bruach beag faoi agus cuireadh amach i ndiaidh a mhullaigh é — mar a bheadh tulchán nó tortáinín beag
Tá an áit faoi bhruachannaí as éadan.
TUILLEADH (1) ▼
Tá go leor bruachannaí beaga ann.
b.
+–
Tá an abhainn ag cur thar bruach anois — tá sí ag cur thar maoil le uisce; tá sí ag sceitheadh
Bhí an bairille ag cur thar bruach ar maidin inniu. Chaithfeadh sé gur háibhéil an lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan gair agat aon fhód a bhaint sa bportach siúd go lige tú an t-uisce as. Tá sé ag cur thar bruach.
Bíonn an easca sin buntirim go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araíocht í a shiúl. Ach sa ngeimhreadh, ní shiúlfadh an fia í. Bíonn na feadáin atá inti ag cur thar bruach (fc. feadáin)
Tá an tobar ag cur thar bruach anois ach dar ndóigh ní iontas é, agus an t-uisce atá caite aige le seachtain.
Nach tú an laisceach nach gcuimhneofá céard a bheifeá a dhéanamh? Dúirt mé céad uair cheana leat gan na cupáin sin a chur thar bruach — iad a chur thar maoil le tae
Bhí sé ag scairdeadh fuisce sa jug gur chuir sé thar bruach é
Bhí bosca an chairr suas go maith thar bruach aige le tornapaí. Shíl mé nach raibh an oiread sin aige dhíobh.
Ná cuir thar bruach an muigín sin. Cén mhaith a bheith dhá chuir amú.
Tá claise Gharraí an Chladaigh ag cur thar bruach. Tá mé ag ceapadh gurb é an cúltsruth agus súiteán an rabharta is ciontaí leis. Is beag an mhaith a bheith leis an gclaise chéanna go ndéantar tóchar ceart amach ar an duirling.
Is beag an t-ionadh má tá an chlaise céanna thar bruach. Nach uirthi atá uisce an dá bhaile ag teacht
M'anam muise má tá claise an tsrutha ag cur thar bruach inniu go mbeidh an garraí fré chéile báite amárach, agus na fataí ó mhaith.
Bíonn an chlaise mhór sin thar bruach i gcónaí sa ngeimhreadh mar is uirthi atá a bhfuil d'uisce ó bhrollach an chriathraigh anuas ag teacht
Cuireann an lochán sin thar bruach i gcónaí le tuile mhóir agus sceitheann an bóthar. Thiocfá go glúine sa log sin sa ngeimhreadh.
+–
Tá an ghloine lán go bruach; tá an ghloine lán go buinne bruach.
Tá an chlaise srutha lán suas go bruach.
TUILLEADH (4) ▼
"'Sí an tSionainn Mhór a chuaigh eadrainn, a bhí líonta suas go bruach" (líne as Mná Deasa Locha Riach)
Bhí an chlaise lán go bruach le fataí.
Tá dradlíonadh maith ar an mbairille ach ní baileach go bhfuil sé lán go bruach.
Ná líon an cupán go bruach mar is maith liom braon maith bainne a chur ar an tae.
+–
Airím bruach mo bhéil tinn.
D'éirigh gearradh beag de bhruach mo bhéil.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cnap mór ar bhruach a coise — ansin, slán an tsamhail.
·
Fan ó bhruach na taoille anois — fan ó bhéal na toinne
Chonaic mé toirt eicínt ag snámh ar bhruach na taoille agus shíl mé gur bairillle a bhí ann
c.
+–
Tá an t-uisce bruach ar bhruach leis an mbóthar ann — tá an t-uisce cab ar chab nó bord ar bhord leis an mbóthar ann.
Tá an tobar bruach ar bhruach lena bheith líonta.
TUILLEADH (12) ▼
Shín sé gloine mhór chugam a bhí bruach ar bhruach lena bheith lán.
Is gearr go mbí an tuile bruach ar bhruach le colbha an bhóthair ansiúd.
B'áibhéil an taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na duirlinge.
Nuair a bheadh taoille mhór rabharta ann, bheadh sí bruach ar bhruach le Cloich Mhóir an Charracáin, agus bheadh Cloch an Mhioscáin faoi ar fad.
Bhí ina meaingeals bruach ar bhruach le stuaicín na cruibeach.
Tá an carnán cloch bruach ar bhruach le barr an chlaí anois. Cuirfidh an carnán siúd clocha briste go M.
Líon an portach aníos bruach ar bhruach leis an darna barr.
Nach diabhaltaí an tuile a bhí thíos i gCill Dara an geimhreadh seo chuaigh thart. Dúirt ceannaitheoir ar an aonach liom gur líon sí isteach sa teach aige agus go raibh sí bruach ar bhruach le posta na leabthan sa seomra a bhí le talamh. Déanann sí mínós i gcónaí sna taltaí íseala sin.
Cuimhním fhéin ar bhliain, ach 'sí mo ghéarchuimhne í — is fadó an lá é. Chaith sé tuile bháistí ar rabharta mór na Féile Bríde agus bhí sruth na habhann ansin thoir bruach ar bhruach le áirse an droichid. Shíl chuile dhuine go scuabfadh sí an droichead, agus scuabfadh freisin, dhá mbeadh i ndán is go gcaithfeadh sé í ar neart an rabharta. Ach d'éirigh Dia leis an tuile nach dtáinig sí go raibh an rabharta ag imeacht
Tá an log siúd anois bruach ar bhruach leis an airdín aige. Chaithfeadh sé nach bhfuil a fhios cé na clocha a chuir sé ann lena líonadh.
Bhí sí luchtaithe aige bruach ar bhruach leis an tslat boird. Ba mhór liom fhéin faoi dheireadh a raibh sé a chur inti, arae bhí sé bungharbh agus clagfharraige ar ghob an Bhranra. Ach dheamhan maith a bhí dhom ann. 'Is mór an lá a bheas ann,' adeir sé, 'nó beidh mise in ann farraige a bharraíocht'. Is beag an stró a bhí air.
Chuala mé m'athair ag rá go raibh siad ag iascach lá ansin amuigh ar an meath mhóir agus go raibh colmóirí acub tráthnóna bruach ar bhruach leis an seas deiridh — bád iomartha a bhí acub. Nach diabhlaí an cúl a thug an t-iasc don chaoláire ó shin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheofá anois ann
+–
Tá sé bruach ar bhruach le T. Mh. anois — tá sé ionann is chomh deisiúil, nó chomh saibhir, nó chomh maith leis
I nDomhnach, bhí sé sách bocht scaitheamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó cuid dhá chuid talúna a dhíol? Ach dar fia, tá sé bruach ar bhruach leis an té is fhearr ar an mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croí. Is fhearr éirí as ná titim ann, adeir siad.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr go mbí an mac bruach ar bhruach leis an athair — is gearr go mbí sé chomh mór nó chomh láidir
Tá sé bruach ar bhruach le na báireoirí is fhearr sa gcontae anois
Má mhaireann dó, is gearr go mbí sé bruach ar bhruach leis an gcuid is fhearr acub — is gearr go mbí sé chomh láidir leis an gcuid is fhearr acub, má thagann ann amach anseo mar a tháinig cheana
d.
+–
Tá sé i ngreim sa dá bhruach — tá sé ag tabhairt chaon taobh leis; tá sé ina Pháidín eatarthu; is leiciméara nó slíomadóir é; tá sé síos agus suas le chuile dhuine
Beidh sé sin i ngreim sa dá bhruach má fhéadann sé é
TUILLEADH (5) ▼
Sin é a chuid leiciméireacht sin i gcónaí — a bheith i ngreim sa dá bhruach.
Murar athraigh sé, beidh greim aige ar an dá bhruach — liomsa agus leatsa agus liomsa aríst — sin é an chaoi a bhfuil sé sin.
Ní mórán tuilleamaí a bheadh agam as sin. Coinneoidh sé greim ar an dá bhruach má fhéadann sé
D'imreodh sí sin ort os comhair do dhá shúl. An bhfeiceann tú an iomlaíocht atá uirthi anois? Oíche in éindí le Seán, agus oíche eile le Máirtín i ngan fhios dó. Is beag dhá cuid aisiléireacht é, greim a choinneáil ar an dá bhruach.
Shíl sé greim a choinneáil ar an dá bhruach, ach ina leaba sin, 'sé an chaoi a raibh sé nach raibh bruach ar bith aige faoi dheireadh.
+–
Tá sé ar bhruach na huaighe — leathchois leis istigh agus leathchois leis amuigh inti.
Dhá mbeadh sé sin ar bhruach na huaighe sin í an cheird a bheadh air.
TUILLEADH (12) ▼
Má tá sé ar bhruach na huaighe fhéin, tá sé in am sin aige. Is iomaí oíche agus lá ó dúradh go mba gasúr é.
Chuir an slaghdán mallaithe céanna go bruach na huaighe mé.
Bhí mé go bruach na huaighe aige (tinneas), agus míle buíochas le Dia, shrian mé as ina dhiaidh sin.
Chuir an gortú sin go bruach na huaighe é.
Ara a dheartháir mo chroí, ná samhlaigh obair dhomsa go ceann míosa fós! Nach raibh mé ar bhruach na huaighe go dtí seachtain ó shin!
Is fada an duine bocht ag crochadóireacht leis ar bhruach na huaighe ach 'sé mo mheas gur gearr an bás anois uaidh ar aon chor
Má thagann ardú eile air mar tháinig aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na huaighe.
Is fada an meathlaíocht é, ach ní raibh sé ar bhruach na huaighe ceart críochnaithe go dtí anois.
Tá an oiread uafáis oibre air siúd agus go n-iontóchadh sé an seanduine a bheadh ar bhruach na huaighe trí huaire sa leaba go bhfeiceadh sé an mbeadh sé in ann buillear bith a dhéanamh.
Má tá sé ar bhruach na huaighe, is maith greadánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as an seomra inné é, ag fuagairt orthub na claíochaí i mbarr an bhaile a bhiorú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saol ag déanamh an imní dhó fós!
Is deas an táirm atá oraibh, agus an seanfhear seo thiar ar bhruach na huaighe.
Ná bac le go dona. Murach go bhfuil sé ar bhruach na huaighe, ní fhailleodh sé ina ghnaithí anocht. Baol air siúd rud is lú ná bainis a ligean thairis!
2.
ionann is; beagnach, i mbéal; ar ghort an bhaile; ar na pointí, i ndáil le (faoi am).
+–
Bhí sé ar bhruach eadarshutha san am ar tháinig sé — bhí sé ionann is, nó i mbéal eadarshutha, nuair a tháinig sé. (leagan an-choitianta é seo ar Achréidh na Gaillimhe)
Tá sé ar bhruach coicíse ó d'imigh sé.
TUILLEADH (16) ▼
Tá sé ar bhruach seachtaine imithe anois.
Measaim go bhfuil sé ar bhruach míosa anois ann.
Nach maith an chiall ag seanóir bocht mar mise é atá ar bhruach cheithre scóir (bliain)?
Is fadó an lá ó bhí sé in ord Mhuire. Measaim go bhfuil sé ar bhruach deich mbliana agus trí fichid ó shin (fc. ord)
Tá sé ar bhruach bliana pósta má tá sé taobhmhar leis.
Is ceart don mhac is sine aige a bheith níos mó ná sin. Bhí an t-athair pósta romhamsa, agus tá mise pósta ar bhruach fiche bliain anois.
Bail ó Dhia ar do thrí scóir. Tá an t-am atá mise ag rá ar bhruach céid fhéin — an t-am a mbídís ag obair ar thoistiún sa ló ar an mbóthar sin thuas.
Tá an sliabh sin thuas roinnte anois ar bhruach fiche bliain ar chuma ar bith
Níor tháinig sé aniar go raibh sé ar bhruach oíche
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá an fáinne bán imithe soir ar fad
Níor fhágamar teach na bainse go raibh sé ar bhruach lae. Ar ndóigh bhí sé ina lá gheal ghléigeal nuair a bhíomar sa mbaile
Amach ar bhruach na Bealtaine a bhí ann. Cuimhním go raibh an coirce curtha ar chuma ar bith.
Nach mbíonn sé amach ar bhruach na Samhna shula dtosaíonn sé ag fuagairt faoistin. Tá moill mhór fós air.
Tiocfaidh an Cháisc amach ar bhruach na Bealtaine i mbliana. Tá sí an-deireanach.
Ní raibh sé chomh luath sin sa mbliain nuair a d'imigh sé. Bhí sé amach ar bhruach Máirt (Márta)
Más leis pósadh an rubber (geábh, iarraidh) seo, ní mór dhó corraí go gairid. Nach bhfuil muid ar bhruach an Charghais.
3.
ardú; reang; ata; dromainn; dronn; cruit.
a.
+–
Tá bruach amach ar a shúil — cineál cnapáin nó at amach in íochtar nó uachtar na súile
Ní fhaca tú ariamh é gan bruach a bheith ar a shúil.
TUILLEADH (8) ▼
Tháinig go leor uisce ó na súile i dtosach. Bhídís ag rith i gcónaí. Ansin, tháinig bruachannaí orthub agus d'éirigh siad an-tinn.
Caithfidh mé a dhul chuig an dochtúr faoin mbruach atá ar shúil an pháiste sin. Tá an-tochas ann agus is fada liom atá sé ag cothú uirthi.
Bail ó Dhia ort fhéin agus ar do shleamhnán! Tuige dhá mba sleamhnán an bruach sin?
Bruach tirim é. Níl ábhar ar bith ann.
Tá bruach nó goirín eicínt ar fhora na súil aige. Déarfainn go raibh sé air ariamh.
Tá an bruach seo ag dul ar gcúl anois, agus má tá fhéin, tá sé in am sin aige.
Drochbhruach é sin ar a shúil, hé brí céard a chuir air é.
Tá a shúile faoi bhruachannaí ar fad.
+–
Tá bruachannaí ar a bhéal — fonsaí móra a thaganns ar bhéal daoine amantaí
Bhí na bruachannaí sin ag rith leis an dream sin uileag.
TUILLEADH (7) ▼
Tagann bruachannaí ar mo bhéal i gcónaí le fuacht.
Chuile bhliain nuair a thaganns dubhluachair na bliana, éiríonn cora bhruachannaí ar a bhéal
Níl an chaint ag teacht liom ceart chor ar bith ag na bruachannaí seo atá ar mo bhéal.
Briseann a bhéal amach agus tagann bruachannaí air i gcónaí an t-am seo bhliain.
Tá mianach bog eicínt i chuile dhuine den dream sin. Muran bruachannaí ar an mbéal é, is briseadh amach agus neascóideachaí agus goiríní é.
Níl aon uair ó gortaíodh mé fadó nach mbriseann mo bhéal amach agus nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaighim tsiocair fuaicht ar bith.
Is gránna iad na bruachannaí céanna, ar mhná go háirid.
b.
déanann loit bruachannaí freisin. Tagann ainfheoil ar an lot agus bíonn sí ina bachaill timpeall air. Sin bruachannaí ar lot.
+–
Tá an lot seo ag déanamh bruachannaí anois.
Le seachtain a tháinig an ainfheoil sin air. Tá sé ina bhruachannaí anois.
TUILLEADH (16) ▼
Is bocht an chois atá aige anois. Tá feoil bhroclofa ina bruachannaí timpeall ar an lot. Shílfeá nach bhfuil cuimhne ar bith cneasú fós aici.
Ní thaitníonn na bruachannaí sin liom. Dar príosta, tá máthair an drochábhair istigh fós.
Tá an lot ina chora fré chéile anois le na bruachannaí atá ag teacht air. Dheamhan bréag nach ar an láimh atá an droch-chosúlacht.
D'éirigh gearradh beag de mo chois. Shílfeá nárbh fhiú biorán é. Ach a mhic ó, shéid sé suas agus rinne sé bró bhracha. Tháinig bruachannaí ansin air, mar a bheadh ainfheoil ann. Is mé a shaothraigh é i gcaitheamh coicíse gan néal a chodladh.
Má airíonn tú aon sámhas sna bruachannaí sin, tá aice: ag cneasú atá sí.
Murach thú fhéin, ní bheadh leath clóic ar an lot sin. Bíonn tú i gcónaí ag piocadh leis agus ag baint na mbruachannaí dhe.
Sin é do mhaith má tá díocas tochais sna bruachannaí sin. Fulaing é agus ná scríob é.
Tá bruach amach ar chaon taobh den lot. Ní fuil bhrúite é, murab é an craiceann a bheadh ag lobhadh.
Rinne an fheoil fíniú i dtosach agus lobh sí ar fad ansin. D'éirigh bruachannaí timpeall ar an ngeadán a raibh an dochar ann agus chuaigh sé in othras. Shíl mé nach gcneasódh sé chor ar bith, bhain sé an fhad sin asam.
Is deacair aon cheirín a chur léithe agus na bruachannaí sin uirthi.
Is aisteach na bruachannaí atá ar an lot sin. Shílfeá gur lannaí iad.
Níl aon cheo feoil bheo sna bruachannaí sin; ainfheoil lofa iad.
Ná bí ag priocadh chor ar bith léithe, nó má tá i ndán is go mbainfidh tú na bruachannaí sin dhi, gheobha sí rud le déanamh agus cneasú go gairid.
Dheamhan dochar é a bheith ag déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin más drochlot é.
Imeoidh na bruachannaí sin lofa dhi agus cneasóidh sí ansin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agat.
Coinnigh clúdaithe í agus cuir neart ceiríní léithe. Má théann an salachar sna bruachannaí sin, déanfaidh sí bró thinn ort
4.
olc; mosán; bruas; stainnc; stuaic; múisiam.
+–
Tá bruach air — bruas, stainc, bundún, mosán
Céard a chuir an bruach anois air?
TUILLEADH (15) ▼
Is minic leis an gceann céanna bruach a bheith air. Tá sé an-íogmhar thar dhuine eile.
Má thagann bruach air siúd, níl aon ghnaithe agat ina ghaire.
Bhí bruach eicínt anocht air, arae ní raibh focal den chaint aige.
Duine aisteach é sin. Dheamhan a mbeadh a fhios agat, céard a chuirfeadh bruach air amantaí
M'anam gurb iúd é an drocheallach le dhul ag nathaíocht leis má bhíonn aon bhruach air.
D'aithin mise go maith air, ón nóiméad a dtáinig sé isteach, go raibh bruach air, ach níor bheo é an ceann eile ina dhiaidh sin gan a bheith ag siocadh leis.
Dhá mbeadh aon acmhainn grinn aige, shílfeá nach gcuirfeadh an méid sin barrúlachta bruach ar bith air. Ach is furasta le cuid de na daoine rud a thógáil suas.
Dar ndóigh dheamhan duine beo nach gcuirfeadh an chabaireacht sin a bhí ortsa bruach air. 'Sé an fear is fhearr éisteacht é a chonaic mise ariamh, agus éisteacht leat chomh fada sin fhéin.
Ní hiúd é an ribín réidh le a theacht salach air má bhíonn bruach ar bith air.
Is mairg dhuitse nach n-éisteann leis agus ní bheadh aon bhruach air. Nach bhfuil tú ina éadan d'aon cheird lena shaighdeadh.
Tá bruach eicínt ó mhaidin air muis, muran cheal tobac é. Nuair nach mbíonn aon tobac aige is deacair ceart ar bith a bhaint dhó.
Chonaic mé bruach ag teacht ar an bhfear thiar agus dúirt mé liom fhéin, dhá mbeadh call eadrascán, go mbeadh cead ag duine eicínt eile é a dhéanamh. Chrap mé liom fhéin ar fad.
Ná tagadh bruach anois ort faoin méid sin a rá leat. Murach gur ar mhaithe leat atá mé, ní chuirfinn comhairle ar bith ort.
Ní fhaca mé do leithide ó rugadh mé. Tá bruach ort chuile ré solais.
M'anam gurb in é an áit chéanna nach bhfaighidh sé mórán sásaimh, tagadh bruach air nó ná tagadh
bruach in iontrálacha eile (50+)
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uileag air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh rua a thaithíos sé, pé ar bith cén sórt feithideach é
+
→
carcair
Tá carcair giúsaí sa mbruach.
TUILLEADH (2) ▼
Is gearr a bhí mé ag baint gur nocht mé carcair dhiabhalta ghiúsaí i mbruach an phortaigh.
Chreidfinn go raibh coill le bruach na farraige fadó. Is minic a d'fheicfeá mioncharcaireacha agus maidí giúsaí i mbarr na trá, ach a dhul síos buille domhain.
→
cora
Tá cora spairtithe ar bruach ann nár tógadh as an scaradh ariamh. Dheamhan an fiú trumpa gan teanga anois í, ná aon mhóin eile a fhaigheas an sioc ina scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
→
bealaigh
Cuireadh ar a bhéal agus ar a fhiacla sa bportach é an áit ar sciorr sé ar an mbruach bealaithe a raibh siad ag cur aníos na móna air.
→
boscaed
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuraidh agus sin é ar thug sé dhúinn ina ómós i mbliana — boscaeidín beag bídeach, agus gan é sin fhéin lán.
Céard a dhéanfas sibh leis an mbrachlainn spré mhóna údaí atá ar bruach. Caithfear í a chrapadh as siúd sula dtosaítear ag baint aríst nó beidh sí sa mbealach.
Fágadh a raibh de mhóin ar an mbruach thiar ina bratscair fré chéile anuraidh. Shíl sé go dtiocfadh triomach sa bhfómhar, ach ina leaba sin, tháinig an bhliain chomh dona agus nár thriomaigh fód ar bith.
+
→
buinne 1
Líon sé an ghloine go buinne bruach agus shín sé chugam í.
TUILLEADH (13) ▼
D'ól sé cupán poitín agus é lán go buinne bruach.
Chuir sé an ghloine go buinne bruach dhom fhéin in athuair, as sin ní fhágfadh sé go n-ólainn chuile dheoir dhi.
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa i dtaca, agus ceann acub lán go buinne bruach. Isteach leis ansin, agus murar chuir sé fuaim le 'Bádóirín Thír an Fhia', castar leis é.
Bhí dradlíonadh maith air ach ní raibh sé go buinne bruach ná baol air.
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon fhear sa tír. Ná bí dhá inseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá a fhios é.
Tá an tobar lán go buinne bruach inniu.
Thug mé mug mór bláthaí dhó — an mug craobhach sin thuas agus é lán suas go buinne bruach — agus 'sé a d'ól é go súite. Ní raibh faitíos ar bith orm ach go raibh sí géar, ach shílfeá go raibh an-dúil aige inti.
Líon suas go buinne bruach dhom é. 'Sé an bia nua dhomsa bainne buí a fháil.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, agus shílfeá ina dhiaidh sin go raibh siad ag fuasaoid tairt.
An bhfeiceann tú an muigín buí sin thuas? Ba é a leathcheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é agus dheamhan ar thóg sé dhá cheann é, ná a ndearna sé an darna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc agus acmhainn ar phoitín ag an bhfear sin!
Líon suas an pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheas ár ndíol fhéin agus díol na muc bainte as, is maith an poll a bheas ann.
Dar mo choinsias, níor chreagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon ghloine a chuaigh sé a líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi ach í a chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuilleadh de lucht an tsléibhe chomh fairsing sin faoina gcuid.
Dar príosta, dá mbeadh aon cheo dhá chaillteamas fhéin leis, ba bheag an baol air í a líonadh go buinne bruach.
→
aire
Tá sé in am aici a bheith in ann aire a thabhairt di fhéin feasta choíchin agus í ar bhruach fiche bliain.
+
→
átha
'Ní fhanann an bradán fireann os cionn an tsíl. Fanann sé ar an átha, ar an gcolbha faoin mbruach. Fanfaidh an dá bhradán ar an átha achar nó go bhfuil sé nádúrach acub dul chun na farraige' (Peadar Chois Fharraige, lch 69)
TUILLEADH (1) ▼
Fanann bradán an lábáin i gcónaí le bruach. Is furasta a aithne é, mar tá camóg lúbtha anuas ar a bhéal rud nach mbíonn ar bhradán na n-eochraí chor ar bith séasúr an tsíolraithe.
→
fabhall
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhabhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
Ag feamnú a ghabhfas mé amárach faoina bheith slán dúinn. Tá díol lae ar bruach agam, agus leasóidh mé an garraí sin thoir as láimh
→
fuaim
"Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac: seas ar an mbruach agus gabhfaidh sí thart" — an té a éistfeas le torann na habhann beidh a fhios aige cén uair a mbeidh marú ar an iasc; an té a chuireas cronaí cheart i gcúrsaí an tsaoil, tuigfidh sé go maith cén uair atá aige féin rud a thapú le balachtáil a bheith aige dhá bharr; ach an té nach dtapóidh an fhaill, ní móide go bhfaigheadh sé aríst í
+
→
istigh
Bhí an madra uisce istigh le bruach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an madra uisce istigh faoin mbruach
→
íochtar
Bhí an gloine líonta go buinne bruach agus shlog sé go híochtar í — bhí sí líonta go drad agus d'ól sé chuile mhíle deoir dá raibh inti
→
fill
Tháinig olc air agus bháigh sé an láí go filleadh dúda sa mbruach. Bhí mise ag téamh. Ní raibh a fhios agam cén pointe a n-áiteodh sé mé
→
folc
Thug sé folcadh eicínt do T. sa bportach ach dheamhan a raibh ann ach scliúchas beag. Tada ach gur chuir sé turraic ann ar bruach agus gur chaith sé sa bpoll é
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láí i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá geadáin dó éasca go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann atá dhá dhéanamh
→
dealbh 1
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceáil beag ná mór anois. Cuireann sí úis air cheapfainn. 'Dhá gcuireadh sí fear ar fónamh in m'áit,' adeir sé, 'níor cás ar bith liom é, ach an strabhsacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na huaighe ó rugadh é. Scread mhaidne uirthi! Má bhí sí ag dul ag déanamh mo mhalrait, breá nach bhfuair sí fear ceart.'
+
→
deis
Níor fhága sé sop feamainne sa gcladach anuraidh nár sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailithe aige i gcónaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirthi ina dhiaidh sin: a fágáil ina meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceáil ag dul chun sochair don chomharsa
TUILLEADH (2) ▼
An fhad is a bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis, bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le crinneadh don scarthóir, ach chomh luath agus a d'athraigh siad, agus a mb'éigean dom tosaí in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcamhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise — ag baint an bhinse i riocht is go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lú umhlachta)
B'fhurasta dhuitse earra mhóna a bheith ar bruach agat agus an scarthóir a shárú, ach féacha mise a bhí ag baint in aghaidh deise i gcaitheamh an lae. Is beag an dochar dhom, arsa tusa, a bheith gan sea gan seoladh anois
→
diaidh
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé i ndiaidh a leataoibhe san am a mbeadh sé thíos sa bhfeadán. Dar diagaí muise, dhá dtéadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
→
droim
Sin í an cailín agat nach bhfuil aon tolgán aici cléibhín feamainne a chur aníos ar bruach. 'Sé moladh ná mná óige an droim a bheith fliuch aici, adeir siad
+
→
dromainn
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil an dromainn sin suas sa lagpholl. Scrathachaí iad sin a baineadh den bhruach anseo an bhliain cheana agus a caitheadh ann. Ní aithneofá anois go raibh siad ina scrathachaí ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh tú an láí a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá dromainn suas uileag ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roinnt, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhinse é, thar is aon cheann dhá bhfaca mise timpeall anseo
→
dual 2
Chaith sé dual na droinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise soir ansin ag dul thar bruach. An bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Maróidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinnleoireacht, duántacht amhrais, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agat. Chonaic mé brúisc ag dul suas ag an gcora Bh. anuraidh. Isteach le péire faoin mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh, mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar lig an faitíos dom. Ala ina dhiaidh sin tháinig duine de na maoir aníos le abhainn …