Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Bruach
ainm-fhocal, firinscneach.
tuiseal gein. uathaidh = bruaigh, bruaich.
uimhir iolraidh = bruachannaí.
1.
ciumhais, colbh, leiceann amuigh, éadan, taobh, bord, crioslach.
a.
+
Bruach an phortaigh, an bhóthair, na h-abhann, na locha, na fairrge, lócháin, an bhuird, an bhéil, na carraige, na trágha, na h-uaighe etc.
Tá bruach thiar a' phortaigh scraithte aige.
TUILLEADH (10) ▼
Caithfe tú é (i.e. an bínnse móna) a shioscadh le bruach.
Ní bhaineann sé an fód bruach chor a' bith = fágann sé an fód atá istigh le bruach in a sheasamh.
Tá'n mhóin in a cora ar an mbruach fós gan scaradh.
Tá únnlach (ionnlach) maith aice ar bruach, ach ní thriomóchadh a' saoghal í sa lag-pholl.
Féadfa mé dhá bharr a chuir ar bruach, a's an barr-íochtar sa lag-pholl.
Is maith fada amach ar bruach, nach mór dhuit a dhul leis a' mbarr uachtair, má's leat trí bairr a chuir air.
Tá'n bruach thoir amuigh againn, ach tá faitchíos orm, go gcaithfe an bruach thiar fanacht ar a' bhfaraor géar. Má chaitheann sé deoir a' bith báistighe, ní bheidh an casán in araidheacht é 'shiubhal, ag a' duine fhéin, ní áirmighim ag asal.
Tá'n bruach beárnuighthe ar fad ag brisí portaigh = áiteachaí a mbriseann a' bruach a's a dtuiteann sé in a bhuidheagrachaí síos sa lag-pholl.
Is gearr go mbí an bruach ídighthe = an mhóin ar fad bainte air, nó é caithte.
Bhí cloch sa mbruach, a's fhobair dhi an sleághan a bhriseadh orm.
+
Tá go leor feamuinne ar bruach indiu.
a' cur fheamuinne ar bruach a bhí mé ó mhaidin.
TUILLEADH (7) ▼
Cheal nach bhfuil sí ar bruach aghad fós? (an fheamuinn).
Cuir a' scaipeadhach fheamuinne sin ar bruach, shul dhá bhéarfas an tuile uirre.
Tá an-bhrachlainn fheamuinne ar bruach ó mhaidin aige.
Bhí sé breagh go leor aige-san a bhí ar bruach, ach ní raibh sé chomh breagh sin ag a' té a mb'éigin dó a dhul go muineál i bhfairrge = bhí an té a bhí ar bruach tirm.
Is mairg dhuit nar fhan ar bruach, a's gan a dhul sa túnáiste sin le feamuinn.
Tá sé sin chomh teoluidhe ar fhéin le cut. Muise 'mbannuidhe, nár chorruigh sé de'n bhruach.
Chuir sé snáth (feamuinne) uileag go léireach aníos ar bruach.
+
Thug sé (an gluaisteán) cor a's chuaidh sé isteach ar bhruach a' bhóthair d'aon-iarraidh (Bruach an bhóthair = colbh an bhóthair in aice leis an móinín bán).
Fan ar bhruach a' bhóthair.
TUILLEADH (4) ▼
Níor mhór d'fhear 'bicycle' imtheacht igcomhnuidhe ar bhruach a' bhóthair, arae, is mór a' chontabhairt iad na 'motors' sin.
Tá ísleáin imbruach a' bhóthair, a's cothuigheann a' t-uisce ionnta(b) igcomhnuidhe.
Thug Dia dhó gur ar bhruach a' bhóthair a sciorr sé, arae dhá n-eirigheadh leis a bheith i lár a' bhóthair, bhí a chosa nighte. Mharbhóchadh an 'motor' é.
Shílfeá gur fada fairsing atá an tír agaibh fharra's a dhul a' bualadh cead ar bhruach a' bhóthair.
+
D'imthigh leis suas le bruach (na habhann).
Shiubhal sé síos le bruach.
TUILLEADH (1) ▼
Shiubhal mé bruach na locha uileag, a's má shiubhail fhéin, sin é a raibh dhá bharr agham.
+
A' leagan bruachannaí atá sé ar an aimsir seo = (in áiteacha nach dtreabhtar a' talamh, a's a mbíonn sé in iomrachaí, cuirtear leiceann na h-iomaire luirg nó ithreach ar chaon taobh isteach sa gclaise le láighe, a's fágthar caolóid nó lorga caol aon-spreab ina seasamh ar feadh croidhe na h-iomaire. "Leagan bruachannaí" nó "múchadh na talmhana" tugtar ar an obair sin. Faoi chomhair coirce a leagtar bruachannaí. 'Sa ngeimhreadh nó idtús an earraigh a déantar é, i riocht's go mbeadh fáill ag a' sioc, an ithir támáilte a bhrioscú. 'San Earrach nuair a bhítear a' cur a' choirce spréidhtear an chaolóid isteach ar a' gclaise).
Ar leag tú an bruachannaí fós?
TUILLEADH (17) ▼
Dheamhan bruach, ná cuid de bhruach a leag mé fós imbliadhna.
Caithfe mé lá a thabhairt dhó a' leagan bruachannaí.
Níl obair a' bith is fusa ná bruachannaí a leagan.
Ní lá maith a' leagan bruachannaí é an lá indiu. Tá'n chreafóg ro-thámáilte, th'éis na báistighe.
Tá sé thar am na bruachannaí a leagan. Ná bac le duine a' bith nach mbeidh siad leagtha aige roimh an sioc.
Sin é an stócach cruadh fáiscthe. Chonnaic mé thíos annsin é, an lá faoi dheire in éindigh len' athair a' leagan bruachannaí, a's inDomhnach, leag sé bruach ar a' mbruach leis.
Níl sé éasca chor a' bith na bruachannaí a leagan ann in áiteachaí. Tá bráideannaí fliucha ann, a's sé díol a' diabhail iad, le deacracht (féach "bráideannaí)
Cá'ide go dteighe tú a' leagan bruachannaí, faoi na bheith slán duit?
Níor leag sé aon-bhruach, go raibh sé a' cuir a' choirce, a's bhí 'shliocht air, bhí an ithir ar fad in a carcaireachaí roighne.
Is olc a' fear é a' leagan bruachannaí. Cuireann sé an bruach isteach ar a' gclaise ceart go leor, ach ní mhínigheann sé na spreabannaí chor a' bith. Is cuma leis é, ach rith air, chomh maoilscríobach a's fhéadfas sé.
D'aithin mé go maith ar a' ngarrdha sin imbliadhna, nuair a bhí tú a' leagan na mbruachannaí ann, go mb'ait a' dóigh coirce a dhéanfadh sé.
Ní fhéadfainn aon-bhruach a leagan faoi chladach fós. Tá na clascannaí lán le uisce suas go bruach, a's má theighim a' leagan bruachannaí ann, cothócha an t-uisce in íochtar.
'Sé'n chaoi ar chuir sé an coirce indiu, é 'spréidheadh amach as na h-iomruchaí a's gan bruach a' bith a' leagan. Dheamhan fhios agham narb é an cás céadna dhó é, a's an bhail a bhí ar an talamh ithreach (luirg) aige.
Ní leagfa mé bruach a' bith ar na crúbáin fhliucha sin thíos le claise an tsrotha. Spréidhfe mé amach iad, mar tá siad.
Ní fhéadfá sáthadh de láighe a chuir imbruach anois, tá'n chreafóg chomh fliuch sin.
Fág na bruachannaí mar sin, go bhfagha tú aimsir chóireamhail. B'fhearr dhuit a dhul a' cur amach fheamuinne indiu.
Nuair a leagann siad sin na bruachannaí leagann siad an iomaire as éadan: ní fhágann siad caolóid a' bith 'na ndiaidh. Is fusa an ithir a spréidheadh mar sin, má's fíor dóib fhéin.
+
Bhris bruach beag faoi, a's cuireadh amach indiaidh a mhullaigh é = mar bheadh tulchán nó tortáinín beag.
Tá'n áit faoi bhruachannaí as éadan.
TUILLEADH (1) ▼
Tá go leor bruachannaí beaga ann.
b.
+
Tá'n abhainn a' cur thar bruach anois = tá sí a' cur thar maoil le uisce; tá sí a' sceitheadh.
Bhí an bairille a' cur thar bruach ar maidin indiu. Chaithfead sé gur h-áidhbhéil a' lear uisce a chaith sé aréir.
TUILLEADH (12) ▼
Dheamhan goir aghad aon-fhód a bhaint sa bportach siúd, go leige tú an t-uisce as. Tá sé a' cur thar bruach.
Bíonn an easca sin bun-tirm go maith sa samhradh. Well bheadh sí in araidheacht í 'shiubhal. Ach sa ngeimhreadh, ní shiubhailfeadh an fiadh í. Bíonn na fiodáin atá innte, a' cur thar bruach (féach fiodáin).
Tá'n tobar a' cuir thar bruach anois, ach dar ndoigh ní iongantas é, a's a' t-uisce atá caithte aige, le seachtmhain.
Nach tú an laisceach, nach gcuimne(ochth)á céard a bheitheá a dhéanamh? Dubhairt mé céad uair cheana leat, gan na cupáin sin a chur thar bruach = iad a chuir thar maoil le tae.
Bhí sé 'scárdadh fuisce sa 'jug', gur chuir sé thar bruach é.
Bhí bosca an cháirr suas go maith thar bruach aige, le turnapaí. Shíl mé nach raibh an oiread sin aige dhíob.
Ná cuir thar bruach a' muigín sin. Cé'n mhaith a bheith dhá chuir amú.
Tá claise Gharrdha an Chladaigh a' cur thar bruach. Tá mé 'ceapadh gurab é an cúl tsruth a's súighteán a' rabharta, is cionntaighe leis. Is beag a' mhaith a bheith leis a' gclaise chéadna, go ndeantar tóchar ceart amach ar a' dúirling.
Is beag a' t-iongnadh má tá an chlaise céadna thar bruach. Nach uirre atá uisce an dá bhaile a' teacht.
M'anam muise má tá claise an tsrotha a' cuir thar bruach indiu, go mbeidh an garrdha fré chéile báithte ambáireach, a's na fataí ó mhaith.
Bíonn a' chlaise mhór sin thar bruach i gcomhnuidhe sa ngeimhreadh, mar is orra atá 'bhfuil d'uisce ó bhrollach a' chriathraigh anuas a' teacht.
Cuireann a' lochán sin thar bruach i gcomhnuidhe le tuile mhóir, a's sceitheann a' bóthar. Thiocfá go glúine sa lag sin, sa ngeimhreadh.
+
Tá'n ghloine lán go bruach; tá'n ghloine lán go buinne bruach.
Tá'n chlaise srotha lán suas go bruach.
TUILLEADH (4) ▼
'Sí'n tSionainn Mhór a chuaidh eadrainn a bhí líonta suas go bruach' (líne as "Mná Deasa Locha Riach").
Bhí an chlaise lán go bruach le fataí.
Tá drad-líonadh maith ar a' mbairille, ach ní baileach go bhfuil sé lán go bruach.
Ná líon a' cupán go bruach, mar is maith liom braon maith bainne a chuir ar a' tae.
+
Airighim bruach mo bhéil tinn.
D'eirigh gearradh beag do bhruach mo bhéil.
TUILLEADH (1) ▼
Tá cnap mór ar bhruach a coise — annsin slán a' tsamhail.
·
Fan ó bhruach na taoille anois = fan ó bhéal na tuinne.
Chonnaic mé toirt eicínt a' snámh ar bhruach na taoille, a's shíl mé gur barrille a bhí ann.
c.
+
Tá'n t-uisce bruach ar bhruach leis a' mbóthar ann = tá'n t-uisce cab ar chab, nó bord ar bhord leis a' mbóthar ann.
Tá'n tobar bruach ar bhruach le na bheith líonta.
TUILLEADH (12) ▼
Shín sé gloine mhór chugam a bhí bruach ar bhruach le na bheith lán.
Is gearr go mbí an tuile bruach ar bhruach le colbh a' bhóthair annsiúd.
B'áidhbhéil a' taoille a bhí anocht ann. Bhí sí bruach ar bhruach le barr na dúirlinge.
Nuair a bheadh taoille mhór rabharta ann, bheadh sí bruach ar bhruach le cloich mhóir a' charracáin, a's bheadh cloch a' Mhioscáin faoi ar fad.
Bhí 'na meaingeails' bruach ar bhruach le stuaicín na 'cribeach'.
Tá'n carnán cloch, bruach ar bhruach le barr a' chlaidhe anois. Cuirfe an cárnán siúd clocha briste go M.
Líon a' portach aníos bruach ar bhruach leis a' darna barr.
Nach diabhaltaidhe an tuile a bhí thíos i gCill Dara, an geimhreadh seo (chuai)dh thart. Dubhairt ceannachthóir ar an aonach liom, gur líon sí isteach sa teach aige, a's go raibh sí bruach ar bhruach le posta na leapthan, sa seomra a bhí le talamh. Déanann sí míonós igcomhnuidhe 'sna taltaí íseala sin.
Cuímnighim fhéin ar bhliadhain, ach sí mo ghéar-chuimne í — is fadó an lá é. Chaith sé tuile bháistighe ar rabharta mór na Féile Brighde, a's bhí sruth na h-abhann annsin thoir bruach ar bhruach le áirse an droichid. Shíl 'chuile dhuine go scuabfad sí an droichead, agus scuabfadh freisin, dhá mbeadh indan's go gcaithfead sé í ar neart a' rabharta. Ach d'eirigh Dia leis a' tuile, nach dtáinic sí go raibh an rabharta ag imtheacht.
Tá'n lag siúd anois, bruach ar bhruach leis an áirdín aige. Chaithfead sé, nach bhfuil fhios, cé na clocha a chuir sé ann le na líonadh.
Bhí sí luchtuighthe aige bruach ar bhruach leis a' tslat buird. Ba mhór liom fhéin faoi dheire a raibh sé a chuir innte, arae bhí sé bun-gharbh, a's clag-fhairrge ar ghob an Bhranntra. Ach dheamhan maith a bhí dhom ann. 'Is mór a' lá a bheidheas ann' adeir sé 'nó beidh mise indon fairrge a mharuidheacht'. Is beag a' stró(bh) a bhí air.
Chuala mé m'athair a' rádh go raibh siad ag iascach lá annsin amuigh ar a' meath mhóir, a's go raibh colmóirí aca(b) tráthnóna bruach ar bhruach leis a' seas deire — bád iomartha bhí aca(b). Nach diabhluidhe an cúl a thug a' t-iasc do'n chaoláire ó shoin? Dheamhan a shúil — mórán leis — a gheobhfá anois ann.
+
Tá sé bruach ar bhruach le T. Mh. anois = tá sé ionann's chomh deiseamhail, nó chomh saidhbhir nó chomh maith leis.
InDomhnach bhí sé sáthach bocht scathamh. Ní raibh bonn bán air. Nach mb'éigean dó, cuid dhá chuid talmhana a 'dhíol? Ach dar fiadh, tá sé bruach ar bhruach leis a' té is fhearr ar a' mbaile anois. Ach ní mór linn dó — an fear croidhe. 'Is fhearr eirghe as ná tuitim ann' adeir siad.
TUILLEADH (3) ▼
Is gearr go mbí an mac bruach ar bhruach leis an athair = is gearr go mbí sé chomh mór nó chomh láidir.
Tá sé bruach ar bhruach le na báireoirí is fhearr sa gconndae anois.
Má mhaireann dó, is gearr go mbí sé bruach ar bhruach leis a' gcuid is fhearr aca(b) = is gearr go mbí sé chomh láidir leis a' gcuid is fhearr aca(b), má thagann ann, amach annseo, mar tháinic cheana.
d.
+
Tá sé ingreim sa dá bhruach = tá sé a' tabhairt 'chaon taobh leis; tá sé in a Pháidín eatorra; is leiciméara nó slíomadóir é; tá sé síos a's suas le chuile dhuine.
Beidh sé sin ingreim sa dá bhruach, má fhéadann sé é.
TUILLEADH (5) ▼
Sin é 'chuid leiciméaracht sin igcomhnuidhe — a bheith ingreim sa dá bhruach.
Marar athruigh sé, beidh greim aige ar a' dá bhruach — liomsa a's leatsa, a's liomsa aríst — sin é an chaoi 'bhfuil sé sin.
Ní mórán tuilleamuidhe a bheadh agam as sin. Coinneocha sé greim ar a' dá bhruach, má fhéadann sé.
D'imreochad sí sin ort as comhair do dhá shúl. 'Bhfeiceann tú an úmluigheacht (iomluigheacht) atá uirre anois? Oidhche in éindigh le Seán, a's oidhche eile le Máirtín ingan-fhios dó. Is beag dhá cuid aisiléaracht é, greim a choinneál ar a' dá bhruach.
Shíl sé greim a choinneál ar a' dá bhruach, ach in a leaba sin, sé'n chaoi a raibh sé, nach raibh bruach a' bith aige faoi dheire.
e.
+
Tá sé ar bhruach na h-uaighe — leath-chois leis istigh, a's leath-chois leis amuigh innte.
Dhá mbeadh sé sin ar bhruach na h-uaighe, sin í an cheird a bheadh air.
TUILLEADH (12) ▼
Má tá sé ar bhruach na h-uaighe fhéin, tá sé in am sin aige. Is iomdha oidhche a's lá ó dubhradh go mbadh gasúr é.
Chuir an slaghdán malluighthe céadna go bruach na h-uaighe mé.
Bhí mé go bruach na h-uaighe aige (tinneas), a's míle buidheachas le Dia shrian mé as ina dheidh sin.
Chuir a' gortú sin go bruach na h-uaighe é.
Ara a dhearbhráthair mo chroidhe, ná samhluigh obair dhomsa, go ceann míosa fós! Nach raibh mé ar bhruach na h-uaighe go dtí seachtmhain ó shoin!
Is fada an duine bocht a' crochadóireacht leis ar bhruach na h-uaighe, ach 'sé mo mheas gur gearr an bás anois uaidh ar aon-chor.
Má thagann árdú eile air, mar tháinic aréir, dheamhan a chos nach mbeidh ar bhruach na h-uaighe.
Is fada a' meathluigheacht é, ach ní raibh sé ar bhruach na h-uaighe, ceart críochnuighthe go dtí anois.
Tá an oiread uathbháis oibre air siúd, a's go n-ionntóchad sé an sean-duine a bheadh ar bhruach na h-uaighe, trí h-uaire sa leaba, 'bhfeiceadh sé a mbeadh sé indon buille 'bith a dhéanamh.
Má tá sé ar bhruach na h-uaighe, is maith griodánta an glór atá aige fós. Chuala mé aniar as a' seomra indé é, a' fuagairt orra(b) na claidhtheachaí imbarr a' bhaile a bhiorrú a bhí sé. Sin é an buachaill a bhfuil an saoghal a' déanamh an imnidhe dhó fós!
Is deas a' táirm atá oraíbh, a's an sean-fhear seo thiar, ar bhruach na h-uaighe.
Ná bac le 'go dona'. Marach go bhfuil sé ar bhruach na h-uaighe, ní fhailleochadh sé in a ghnaithí anocht. Baoghal ar siúd rud is lugha ná bainis a leigean thairis!
2.
ionann's; beagnach, imbéal; ar ghort a' bhaile; ar na puinntí, indáil le (faoi am).
+
Bhí sé ar bhruach eadarshutha, 'san am ar tháinic sé = bhí sé ionann's nó imbéal eadarshutha, nuair a tháinic sé. (leagan an-choitchiannta é seo ar Achréidh na Gaillimhe).
Tá sé ar bhruach coicíse ó d'imthigh sé.
TUILLEADH (16) ▼
Tá sé ar bhruach seachtmhaine imthighthe anois.
Miosaim (measaim) go bhfuil sé ar bhruach míosa anois ann.
Nach maith an chiall ag sionóir (seanóir) bocht mar mise é, atá ar bhruach cheithre scóir (bliadhain)?
Is fadó an lá ó bhí sé in ord Mhuire. Measaim go bhfuil sé ar bhruach deich mbliadhna a's trí fíchid ó shoin (féach ord).
Tá sé ar bhruach bliadhna pósta, má tá sé taobhmhar leis.
Is ceart do'n mhac is sine aige a bheith níos mó ná sin. Bhí an t-athair pósta rómhamsa, a's tá mise pósta ar bhruach fiche bliadhain anois.
Bail ó Dhia ar do thrí scóir. Tá an t-am atá mise a' rádh ar bhruach céid fhéin — an t-am a mbídis ag obair ar thuistiún sa ló ar a' mbóthar sin thuas.
Tá'n sliabh sin thuas roinnte anois, ar bhruach fiche bliadhain ar chuma ar bith.
Níor tháinic sé aniar go raibh sé ar bhruach oidhche.
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá'n fáinne bán imthighthe soir, ar fad.
Níor fhágamar teach na bainse go raibh sé ar bhruach lae. (D)ar ndó(igh) bhí sé 'na lá gheal ghléigeal, nuair a bhíomar sa mbaile.
Amach ar bhruach na Bealtaine a bhí ann. Cuimnighim go raibh an coirce curtha ar chuma 'r bith.
Nach mbíonn sé amach ar bhruach na Samhna shul a dtoisigheann sé a' fuagoirt faoistean. Tá moill mhór fós air.
Tiocfa an Cháisc amach ar bhruach na Bealtaine imbliadhna. Tá sí an-deireannach.
Ní raibh sé chomh luath sin sa mbliadhain nuair a d'imthigh sé. Bhí sé amach ar bhruach Máirt (Márta)
Má's leis pósadh an 'rubber' (geábh, iarraidh) seo, ní mór dhó corruighe go gairid. Nach bhfuil muid ar bhruach a' Charghaois.
3.
árdú; reang; atthadh; dromainn; dronn; cruit.
a.
+
Tá bruach amach ar a shúil = cineál cnapáin nó at amach in íochtar nó uachtar na súile.
Ní fhaca tú ariamh é gan bruach a bheith ar a shúil.
TUILLEADH (8) ▼
Tháinic go leor uisce ó na súile idtosach. Bhídís a' rith igcomhnuidhe. Annsin, tháinic bruachannaí orra(b), a's d'eirigh siad an-tinn.
Caithfe mé 'dhul chuig a' dochtúr faoi'n mbruach atá ar shúil an pháiste sin. Tá an-tochas ann, agus is fada liom atá sé a' cothú uirre.
Bail ó Dhia ort fhéin, a's ar do shleamhnán! Tuige, dhá mbadh sleamhnán a' bruach sin?
Bruach tirm é. Níl adhbhar a' bith ann.
Tá bruach nó guirín eicínt ar fhor(bh)a na súil aige. Déarfainn go raibh sé air ariamh.
Tá'n bruach seo a' dul ar gcúl anois, a's má [tá] fhéin tá sé in am sin aige.
Droch-bhruach é sin ar a shúil, hébrí céard a chuir air é.
Tá a shúile faoi bhruachannaí ar fad.
+
Tá bruachannaí ar a bhéal = fonnsaí móra a thaga(nn)s ar bhéal daoine amanntaí
Bhí na bruachannaí sin a' rith leis a' dream sin uileag.
TUILLEADH (7) ▼
Tagann bruachannaí ar mo bhéal igcomhnuidhe le fuacht.
'Chuile bhliadhain nuair a thaga(nn)s dubh-luachair na bliadhna, eirigheann carra bhruachannaí ar a bhéal
Níl a' chainnt a' teacht liom ceart chor a' bith ag na bruachannaí seo atá ar mo bhéal.
Briseann a bhéal amach a's tagann bruachannaí air i gcomhnuidhe, an t-am seo 'bhliadhain.
Tá mianach bog eicínt is chuile dhuine de'n dream sin. Maran bruachannaí ar a' mbéal é, is briseadh amach a's nioscóideachaí a's guiríní é.
Níl aon-uair ó gortuigheadh mé fadó, nach mbriseann mo bhéal amach, a's nach ndéanann sé bruachannaí, má fhaghaim tsiocair (siocair) fuaicht a' bith.
Is gránna iad na bruachannaí céadna, ar mhná go h-áithrid.
b.
Deanann luit bruachannaí freisin. Tagann ainfheoil ar a' lot a's bíonn sí in a bachaill timcheall air. Sin bruachannaí ar lot.
+
Tá an lot seo a' déanamh bruachannaí anois.
Le seachtmhain a tháinic an ainfheoil sin air. Tá sé in a bhruachannaí anois.
TUILLEADH (16) ▼
Is bocht a' chois atá aige anois. Tá feoil bhroc-lobhtha in a bruachannaí timcheall ar a' lot. Shílfeá nach bhfuil cuímne 'bith cneasú fós aice.
Ní thaithnigheann na bruachannaí sin liom. Dar príosta tá máthair a' droch-ádhbhair istigh fós.
Tá'n lot in a charra fré chéile anois, le na bruachannaí atá 'teacht air. Dheamhan bréag nach ar a' láimh atá an droch-chosamhlacht.
D'eirigh gearradh beag de mo chois. Shílfeá narbh fhiú biorán é. Ach a mhic ó, shéid sé suas, a's rinne sé bró-bhracha. Tháinic bruachannaí annsin air, mar bheadh ainfheoil ann. Is mé a shaothruigh é, igcaitheamh coicíse, gan néal a chodladh.
Má airigheann tú aon-sámhas 'sna bruachannaí sin, tá aice: a' cneasú atá sí.
Marach thú fhéin ní bheadh leath-clóic ar a' lot sin. Bíonn tú igcomhnuidhe 'piocadh leis, a's a' baint na mbruachannaí dhe.
Sin é do mhaith má tá díocas tochais, 'sna bruachannaí sin. Fuiling é, a's ná scríob é.
Tá bruach amach ar 'chaon taobh de'n lot. Ní fuil bhrúighte é, marab é an craiceann a bheadh a' lobhadh.
Rinne an fheoil fínniú idtosach, a's lobh sí ar fad annsin. D'eirigh bruachannaí timcheall ar a' ngiodán a raibh an dochar ann, a's chuaidh sé in óthras. Shíl mé nach gcneasóchad sé chor a' bith, bhain sé an fhad sin asam.
Is deacair aon-cheirín a chuir léithe, a's na bruachannaí sin uirre.
Is aisteach na bruachannaí atá ar an lot sin. Shílfeá gur lannaí iad.
Níl aon-cheo feoil bheo 'sna bruachannaí sin; ainfheoil lobhtha iad.
Ná bí a' priocadh chor a' bith léithe, nó má tá indán's go mbainfe tú na bruachannaí sin dhi, gheobhfa sí rud le déanamh a's cneasú, go goirid.
Dheamhan dochar é 'bheith a' déanamh bruachannaí. Déanann chuile lot iad sin, má's droch-lot é.
Imtheocha na bruachannaí sin lobhtha dhi, a's cneasócha sí annsin. Ach ní mór dhuit foighid a bheith agad.
Coinnigh clúduighthe í, a's cuir neart ceiríní léithe. Má theigheann a' salachar 'sna bruachannaí sin, déanfa sí bró thínn (thuínn?) ort.
4.
olc; musán; bruas; stainnc; stuaic; muisiam.
+
Tá bruach air = bruas, stainc, bundún, musán.
Céard a chuir a' bruach anois air?
TUILLEADH (15) ▼
Is minic leis a' gceann céadna bruach a bheith air. Tá sé an-íogmhar thar dhuine eile.
Má thagann bruach air siúd, níl aon-ghna(ithe) aghad 'na ghoire.
Bhí bruach eicínt anocht air, arae ní raibh focal de'n chainnt aige.
Duine aisteach é sin. Dheamhan a mbeadh fhios aghad, céard a chuirfeadh bruach air amanntaí.
M'anam gurb shiúd é an droch-eallach le dhul a' nathaidheacht leis, má bhíonn aon-bhruach air.
D'aithin mise go maith air, ó'n núiméad (nóiméad) a dtáinic sé isteach, go raibh bruach air, ach níor bheo é an ceann eile in a dhiaidh sin, gan a bheith 'siocadh leis.
Dhá mbeadh aon-acmhúinn grinn aige, shílfeá, nach gcuirfeadh an méid sin barramhlacht' bruach a' bith air. Ach is furasta le cuid de na daoine rud a thógáil suas.
Dar ndoigh dheamhan duine beo, nach gcuirfeadh an chabaireacht sin a bhí ortsa bruach air. 'Sé'n fear is fhearr éisteacht é 'chonnaic mise ariamh, a's éisteacht leat chomh fada sin fhéin.
Ní shiúd é an ribín réidh, le 'theacht salach air, má bhíonn bruach a' bith air.
Is mairg dhuitse nach n-éisteann leis, a's ní bheadh aon-bhruach air. Nach bhfuil tú in 'éadan d'aon-cheird, le na shaghdadh.
Tá bruach eicínt ó mhaidin air, muis, maran cheal tobac é. Nuair nach mbíonn aon-tobac aige, is deacair ceart a' bith a bhaint dhó.
Chonnaic mé bruach a' teacht ar a' bhfear thiar, a's dubhairt mé liom fhéin, dhá mbeadh call eadarascán, go mbeadh cead ag duine eicínt eile é 'dhéanamh. Chrap mé liom fhéin ar fad.
Ná tagadh bruach anois ort faoi'n méid sin a rádh leat. Marach gur ar mhaithe leat atá mé, ní chuirfinn comhairle 'bith ort.
Ní fhaca mé do leithide ó rugadh mé. Tá bruach ort 'chuile ré soluis.
M'anam gurb shin é an áit chéadna, nach bhfuighe sé mórán sásaimh, tagadh bruach air, nó ná tagadh.

Bruach in iontrálacha eile (50+)

 
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
+
Tá carcair giumhasaighe sa mbruach.
TUILLEADH (1) ▼
Chreidfinn go raibh coill le bruach na fairrge fadó. Is minic a d'fheicfeá mion-charcaireacha, a's maidí giúmhasaighe i mbarr na trághadh, ach a dhul síos buille domhain.
 
cora
Tá carra spairtighthe ar bruach ann, nar tóigeadh as a' scaradh ariamh. Dheamhan a' fiú trompa gan teanga anois í, ná aon-mhóin eile a fhaghas an sioc in a scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
 
Cuireadh ar a bhéal a's ar fhiacla sa bportach é in áit ar sciorr sé ar a' mbruach bealthuighthe, a raibh siad a' cur aníos na móna air.
 
binse
Tóig na fóide sin atá caithte ar a' mbínnse, a's cuir ar bruach iad, as a' mbealach.
 
Fuair sé fhéin cliabh mór oinniúin lán go buinne bruach anuiridh, a's sin é ar thug sé dhúinn in ómós imbliadhna — boscaeidín beag bídeach, a's gan é sin fhéin lán.
 
Céard a dhéanfas sib leis a' mbrachlainn spré mhóna údaidh atá ar bruach. Caithfidhear í 'chrapadh as siúd, sul a dtosuightear a' baint aríst, nó beidh sí sa mbealach.
 
Fágadh a raibh de mhóin ar a' mbruach thiar in a brat-scair fré chéile anuiridh. Shíl sé go dtiocfadh tiormach sa bhfoghmhar, ach in a leaba sin, tháinic an bhliadhain chomh dona, a's nar thiormuigh fód ar bith.
+
buinne 1
Líon sé an ghloine go buinne bruach, a's shín sé chugam í.
TUILLEADH (13) ▼
D'ól sé cupán poitín, a's é lán go buinne bruach.
Chuir sé an ghloine go buinne bruach dhom fhéin in ath-uair, as sin ní fhágfadh sé go n-ólainn 'chuile dheoir dhi.
D'ól sé trí slaidhbhear as cosa idtaca, a's ceann acab lán go buinne bruach. Isteach leis annsin, a's marar chuir sé fuaim le 'bádóirín Thír an Fhiaidh' castar leis é.
Bhí drad-líonadh maith air, ach ní raibh sé go buinne bruach ná baoghal air.
Dheamhan a n-ólfá a lán sin go buinne bruach anois, go mbeirtí aríst thú. Ní olfadh ná aon-fhear ins a' tír. Ná bí dhá innseacht domsa a mhic ó. Agamsa atá fhios é.
Tá'n tobar lán go buinne bruach indiu.
Thug mé mug mór bláthaighe dhó — an mug 'craobhach' sin thuas a's é lán suas go buinne bruach — a's sé a d'ól é go súighte. Ní raibh faitchíos a' bith orm, ach go raibh sí géar, ach shílfeá go raibh an-dúil aige innte.
Líon suas go buinne bruach dhom é. Sé'n biadh nuadh dhomsa bainne buidhe 'fhaghail.
Chuir mé ceaintín mór súgáin ar an bportach — ceaintín a bhí líonta suas go buinne bruach, a's shílfeá in a dheidh sin, go raibh siad a' fuasaoid tairt.
'Bhfeiceann tú an muigín buidhe sin thuas? Badh é a leath-cheann sin é. Líonadh suas go buinne bruach dhó le poitín é, a's dheamhan ar thóig sé dhá cheann é, ná 'ndearna sé an dárna deoch dhe, gur scaoil sé siar fré chéile é. Abair go bhfuil coimpléasc a's acmhúinn ar phoitín ag a' bhfear sin!
Líon suas a' pota fataí sin go buinne bruach anois. Ní mór é. Nuair a bheidheas ar ndíol fhéin, a's díol na muc bainte as, is maith an poll a bheidheas ann.
Dar mo choinsias níor chneagaire é D. R. ar chuma ar bith. Aon-ghloine a chuaidh sé a' líonadh ariamh, ní dhearna sé leath ná meath dhi, ach í 'chur go buinne bruach. M'anam nach raibh tuille de lucht a' tsléibhe chomh fairsing sin faoi na gcuid.
Dar príosta, dá mbeadh aon-cheo dhá chaillteamas fhéin leis, ba bheag a' baoghal air í 'líonadh go buinne bruach.
 
ailleog 2
Fuair mé cupla ailleog agus iad líonta suas go buinne bruach.
 
aire
Tá sé in am aice a bheith indon aire a thabhairt di fhéin feasta choidhchinn, agus í ar bhruach fiche bliadhain.
 
amuigh
Ba cheart go mbeadh an bruach amuigh indiu nó ambáireach.
 
'Sí'n an-tlás a d'fhága ar bhruach na h-uaighe é.
+
átha
Ní fhanann an bradán fireann as cionn an tsíl. Fanann sé ar an átha, ar a' gcolbha faoi'n mbruach. Fanfaidh an dá bhradán ar an átha achar, nó go bhfuil sé nádúrach acab dul chun na fairrge ("Peadar Chois-Fhairrge" — l. 69)
TUILLEADH (1) ▼
Fanann bradán a' labáin i gcomhnuidhe le bruach. Is furasta aithne é, mar tá camóg lúbtha anuas ar a bhéal, rud nach mbíonn ar bhradán na n-eochraighe chor a' bith séasúr a' tsíolruighthe.
 
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhámhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
 
Feamainn ghaoithe; feamainn le gaoith: feamainn a bhaintear amach ar na scóthachaí nó ar na mulláin dhomhainne san gcladach áit nach mbíonn sé in araíocht a cur ar bruach as le capall, asal, ná leis an druim féin. Baintear í agus scaoiltear le gaoith nó san sruth í, agus tiúrfaidh an taoille tuile isteach ar an tráigh í. Cuirtear sreangáin bheaga ar chosa na feamainne, i gcomharaíocht aithne, agus má theigheann sí i gcladach baile ar bith eile, ní dhrannfar léithe.
 
Ag feamnadh a ghabhfas mé amáireach faoin a bheith slán duinn. Tá díol lae ar bruach agam, agus leasóidh mé an garraí sin thoir as láimh
 
fuaim
"Éist le fuaim na habhann agus gheobhaidh tú breac: Seas ar an mbruach agus gabhfaidh sí thart" = an té a éistfeas le torann na habhann beidh a fhios aige cén uair a mbeidh marú ar an iasc; an té a chuireas cronaí cheart i gcúrsaí an tsaoil, tuigfidh sé go maith cén uair atá aige féin rud a thapú, le balachtáil a bheith aige dhá bharr; ach an té nach dtapóidh an fháill, ní móide go bhfuigheadh sé aríst í
+
istigh
Bhí an madar-uisce istigh le bruach
TUILLEADH (1) ▼
Bhí an madar-uisce istigh faoin mbruach.
 
Bhí an gloine líonta go buinne bruach, agus shluig sé go h-íochtar í = bhí sí líonta go drad, agus d'ól sé 'chuile mhíle deor, dá raibh innte.
 
fill
Tháinig olc air, agus bháith sé an láidhe go file dúda san mbruach. Bhí mise ag téigheamh. Ní rabh a fhios agam cén puínte a n-áiteódh sé mé
 
folc
Thug sé folcadh eicínt do T. san bportach, ach dheamhan a raibh ann ach scliúchas beag. Tada ach gur chuir sé turraic ann ar bruach, agus gur chaith sé san bpoll é
 
deacair 2
I dteannta sioscadh istigh le bruach, caithfidh mé 'chuile mhíle fód dhá mbainfidh mé a shioscadh, a ghearradh amach leis an láighe i dtosach. D'imigh an deabhac air, thar a bhfaca mise ariamh. Agus tá giodáin dó éascaidh go leor. Na dabaí feoil chapaill sin atá ann, atá dhá dhéanamh
 
dealbh 1
Is beag is ait leis a dealbh a fheiceál beag ná mór anois. Cuireann sí uais air cheapfainn. "Dhá gcuireadh sí fear ar foghnamh in m'áit" adeir sé "níor cás ar bith liom é, ach an stramhasacháinín dona sin, a bhfuil cois aige ar bhruach na h-uaighe ó a rugadh é. Scread-mhaidne uirre, má bhí [sí] ag dul ag déanamh mo mhaltrait, breagh nach bhfuair sí fear ceart"
+
deis
Níor fhága sé sop feamuinne ins an gcladach anuiridh nachar sciob sé. Dheamhan sop muis. Bhí an snáth bailighthe aige i gcomhnaí uair roimhe lá, agus ba dona an deis a chuir sé uirre in a dheidh sin: a fágáil in a meall thuas ar bruach nó gur lobh sí — gur lobh 'chuile dhosán ariamh di. B'fhearr leis sin féin chreidim, ná a feiceál ag dul 'un sochair do'n chomhursa
TUILLEADH (2) ▼
An fhad's 'bhí mé ag cur suas na móna ar mo dheis bhí agam. Bhí mé ag tabhairt cnáimh le creinneadh do'n scarthóir, ach cho luath agus a d'athruigh siad, agus a mb'éigin dom tosuighe in aghaidh deise, bhíodh sé ag forcabhás orm ar an mbruach (ag baint mhóna in aghaidh deise = ag baint an bhínnse i riocht agus go gcaithfeá an mhóin a chur ar thaobh na láimhe ba lugha umhlachta)
B'fhurasta dhuitse earra mhóna a bheith ar bruach agad agus an scarthóir a shárú, ach feacha mise a bhí ag baint in aghaidh deise i gcaitheamh an lae. Is beag an dochar dhom arsa tusa a bheith gan seadh gan seoladh anois
 
diaidh
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil lorg an rotha. Níl sé orlach ó bhruach. Ba bheag eile muis a ghabhfadh sé indiaidh a leathtaoibhe ins an am a mbeadh sé thíos ins an bhfiodán. Dar dia-guidhe muise, dhá dteigheadh sé síos, ní chuirfeadh Goll Mac Móirne aníos aríst é. Diabhal cur ná cuid de chur
 
droim
Sin í an cailín agad nach bhfuil aon-tolgán aice cléibhín feamainne a chur aníos ar bruach. Sé moladh ná mná óige an druim a bheith fliuch aice, adeir siad
+
An bhfeiceann tú an áit a bhfuil an drumainn sin suas ins an lag-pholl. Scrathachaí iad sin a baineadh de'n bhruach annseo an bhliain cheana, agus a caitheadh ann. Ní aithneochthá anois go raibh siad in a scrathachaí ariamh
TUILLEADH (1) ▼
Caithfidh tú an láighe a fháil agus na tuláin agus na tulógaí sin a bhaint. Tá drumainn suas uiliog ar bhruach an phortaigh. Nó go ndéantar é a mhíniú roint, ní féidir a scrathadh mar is ceart. Is danra an diabhal de bhínnse é, thar agus aon-cheann dhá bhfaca mise timcheall annseo
 
dual 2
Chaith sé dual na druinne de bháisteach aréir. Tá chuile chlaise 'soir annsin ag dul thar bruach. 'Bhfeiceann tú an trinse sin thíos agus í cab ar chab leis an mbóthar
 
'Sí an abhainn sin thiar máithreach na mbradán. Marbhóchaidh tú ar do rogha caoi ann iad: coinleoireacht, dubhántacht aimhris, eangach, camóig, bealach ar bith is túisce agad. Chonnaic mé brúisc ag dul suas ag an gcara Bh. anuiridh. Isteach le péire faoi'n mbruach. 'Sé a raibh orm a dhéanamh mo láimh a chur isteach agus a gcaitheamh aníos. Diabhal ar leig an faitíos dom. Ala in a dhiaidh sin tháinic duine de na maoir aníos le abhainn …
 
dáil
M'anam go raibh sé indáil lena bhacadh faoin bhfeamuinn a chur ar bruach