ceannann
—
+–
Tá mac Sh. Ph. Mh. ag dul siar agus an capall ceannann aige
Cá'il sé ag dul leis an láirín cheannann?
TUILLEADH (3) ▼
Capall ceannann ciarghlas a bhí aige an uair sin
Tá ceannainn bhán sa gcapall atá aige anois — scead inti
Cé leis an searrach sin a bhfuil an cheannainn bhán ann?
ceannann in iontrálacha eile (7)
→
ceal 1
Chaithfinn an chaint cheannann chéanna leis an sagart dhá gcuireadh sé aon chaidéis orm faoi agus cead aige a rogha ceal a dhéanamh di má thogair sé é. Dheamhan stánadh a bheadh agamsa ón sagart ach an oiread le duine ar bith eile.
→
foríseal
Breá nach n-abrofá do chuid cainte amach agus gan a bheith chomh fuaríseal. Shílfeá gur dhá cangailt agus dhá comhchangailt atá tú … Ach féacha aríst é! Ar an gceird cheannann chéanna. Is gearr go gcaithfidh duine a chluais a bhualadh isteach le do bhéal
→
deil 2
Nach é atá in ann a deil. "'B'éigean dom foireann nua a fháil do na scorachaí. Bhí siad ag stróiceadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar a bhí siad.' 'Tá sé chomh maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann,' adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta, nach é atá in ann an aithris a dhéanamh uirthi! An chaint chéanna agus na goití ceannann céanna, chomh maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár is chuinneoig
→
diaidh
Deir chuile dhuine nach ndearnadh leath an chirt leis, agus nach bhfuair sé ach ar thuill sé. Ina dhiaidh sin agus uileag, an dream céanna atá ar an gcaint sin, dhéanfaidís féin an rud ceannann céanna nó rud is measa ná sin ar maidin amárach, dá sílidís go rithfeadh leo
Tá na gasúir s'againne an-diomalach le leabhra. Dheamhan seachtain san aer nach ag iarratas atá siad. B'éigean dom luach table book a thabhairt do Sh. inné, agus fuair sé an ceann ceannann céanna tá coicís ó shin ach go bhfuil sí stróicthe ó chéile aige, an ruifíneach bradach
→
déanta
'Sé P. L déanta é: an spágaireacht cheannann chéanna, an bruas céanna agus go fiú is an "'Muire muise" tá sé aige
→
téigh ar
Chuaigh faitíos ormsa cheana san áit cheannann chéanna sin. Oíche dhá raibh mé ag teacht ó chuairt …