clóic
—ainmfhocal, baininscneach
—fc. Foclóir Uí Dhuinnín — ní hé baileach an chiall chéanna atá leis, nó cuirtear malrait leagain ar an gcaint.
—
stró; uireasa; easpa; údar casaoide nó ghearáin; ceal.
+–
Níl aon chlóic air anois — tá sé ceart; níl easpa ná uireasa air; tá leis.
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú in ann an oíche a bharraíocht agus an foracún a d'ith tú.
TUILLEADH (12) ▼
Má airíonn sibh aon chlóic air, b'fhearr fios a chur ar an sagart dhó — má airíonn sibh aon ardú, aon bharr, nó aon donacht air srl.
Sea! Is beag an chlóic atá uirthi ina meall istigh ansiúd ar an teallach.
Dheamhan clóic ar bith anois ort ná cuid de chlóic.
Ní fhéadfadh clóic ar bith a bheith ar Sh. anois agus a bheirt mhac ag saothrú dólúm. Is iomaí duine nach bhfuil pínn ná bonn ag teacht isteach aige agus a chaithfeas maireachtáil ina dhiaidh sin — uireasa; ceal slí.
Théis a bhfuair sé d'amlú le seachtain, dheamhan clóic fós air (sraith fhéir) — níl aon stró fós air; níl aon bhaol lofa air.
Cén chlóic a bheadh air (asal)? Nach bhfuil sé ag fáil greadadh le n'ithe, agus tá teálta ansiúd aige má thograíonn sé a dhul isteach ann.
Ara cén chlóic fhuaicht a bheadh ortsa, do leithide de scrománach luath láidir!
Tá sí trí bliana agus cheithre fichead, agus má tá fhéin, níl de chlóic fós uirthi ach nach bhféadann sí aon cheo a léamh. Tá a hamharc tugtha uaidh.
Dhá mbeadh an lá ag caitheamh sceana gréasaí, ní chuirfeadh sé aon chlóic air siúd ach feamainn dearg a fháil le tógáil.
Is beag an chlóic ná an mhairg atá ar an gcuaille sin. Dhá mbeadh, ní ag imeacht ag cuartaíocht a bheadh sí — donacht, contúirt.
Shíl mé, agus a raibh ólta aige, nach ndéanfadh sé abhaile choíchin é, ach mo choinsias, is beag an chlóic a bhí air ina dhiaidh sin —stró
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear ar bith a bhíonns ina shuí le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin agus é spréachta ag dúiseacht chuile dhuine eile sa teach.
clóic in iontrálacha eile (27)
→
fearann
An té a gheobhadh fearann arán coirce agus babhal leamhnacht, ba bheag an chlóic a bheadh air — straiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
→
cobha
Buaileann an cobha cuid mhaith acub ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon chlóic orthub leis mura mbeadh sé an-dona go díreach.
Tá sí in aon choinicéar amháin ansiúd ar an teallach agus is uirthi atá chuile anó más fíor di fhéin, ach is beag an chlóic atá uirthi ina dhiaidh sin.
→
baile
Ní bheadh clóic ar bith ar dhuine amach faoin tuaith, ach an té a thiocfas 'na bhaile mhóir tugadh sé lón nó costas leis ar mhaithe leis fhéin, arae mar adeir an fear fadó: fear gan airgead i mbaile móra, is olc an lón dó goile géar.
→
beo 2
Dúirt cailleach na clúide nár bheo léithe a beo ó b'éigean di athrú as an mbaile. Ach dheamhan mórán clóice a bhí uirthi ina dhiaidh sin i gcosúlacht.
→
bruach
Murach thú fhéin, ní bheadh leath clóic ar an lot sin. Bíonn tú i gcónaí ag piocadh leis agus ag baint na mbruachannaí dhe.
→
buinne 1
Níl clóic ar bith ar an mbuinne ach sílim go raibh na heasnachaí a cuireadh ann lofa críochnaithe.
→
ainm
In ainm is a bheith ag fáil bháis atá sé ó tháinig cuimhne dhom, agus ní fheiceann muid a dhath clóice fós air.
→
aire
'Sé an tsiocair bháis a bhí aige nár thug sé aon aire dhó fhéin ar an slaghdán a bhí air. Ní choinneodh fear is píce istigh é, ag déanamh amach nach raibh clóic ar bith air.
Níl aon lá ariamh nach bhfuil sí anóiteach agus is beag an clóic atá uirthi ina dhiaidh sin — bíonn sí ag fuasaoid i gcónaí ariamh agus is maith an mhaise dhi é ina dhiaidh sin
→
imirt
Níl aon chlóic orm fós, ach níl a fhios agam céard a dhéanfas mé as deireadh na himeartha — tá mé ceart go leor fós, ach níl a fhios agam cén chaoi a mbeidh an scéal agam i ndeireadh na cúise; i ndeireadh na ngnaithe; faoi dheireadh thiar thall; agus an rud ionann is thart
+
→
deachma
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
TUILLEADH (1) ▼
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionam in imeacht cupla mí. Murach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé
→
diaidh
Cuir isteach í i ndiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneáil uirthi, agus ní bheidh a dhath clóice uirthi
→
diúltach
Dar mo choinsias, níor mhaith liom cur chun farraige inniu. Tá gotha an-diúltach uirthi, agus feictear dhom go bhfuil sí ag dul chun callóide. Ach is beag an chlóic atá ar lucht na ngliomach. Tá sé in araíocht a dhul amach acu sin mura mbeidh sé an-mhór críochnaithe
→
dreach
Is beag duine is measa dreach ná é. Ach tá sé sa meath sin ó chonaic mé ariamh é, agus dheamhan lá clóic air, bail ó Dhia air
→
droim
Bhí caoirigh againne muis thuas ansin ar dhroim an chnoic sin i gcaitheamh an tsneachta mhóir, agus dheamhan lá clóice a bhí orthu nuair a chuathas ar a dtóir théis na coscairte. Nár dhiabhaltaí an seasamh acu é!
+
→
déan 1
Tá a gcuid seolta déanta acu anois agus níl clóic ar bith orthu, mar beidh sí teann siar acu. Beidh pórtar ar na smuit ag na bádóirí sin fós anocht tigh Bh. na C.
TUILLEADH (1) ▼
Cén chaoi a bhfuil an pósadh ag dul dó ab ea? Dheamhan lá clóice air. Tá sé ag déanamh go hóg. Neart nathaíochta aige, mar a bhí ariamh.
→
díle 1
Ara cén donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ón Díle, agus is beag an chlóic air ina dhiaidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul chun aois na hóige atá sé, sea sin.
→
díogha
Ní fhaca tusa a chuid talúna chor ar bith. Dhá bhfeictheá, déarfá nach den díogha é. Féadfaidh sé céad caorach a thógáil air i gcaitheamh na bliana i dteannta chaon tsórt eile. Is air nach bhfuil an chlóic
Tá siad ag díolachán anois ann le dul chun bliana, agus sipín deas istigh acu. Níl de chlóic orthu anois ach go bhfuil an áit beagán róchúng. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tithe beaga a théitear sna tithe móra adeir siad
→
díonmhar
Ní fhaca tú aon áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taobh istigh agus dalladh raithní agus féir faoi is thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin san am sin. Bhí neart scailpreacha agus uaineanna aige le dhul ar a chaomhúint féin iontu. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith acu. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé chomh héasca ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na dTans
→
díth
Ní meisce ar bith atá air ach díth codlata. Nuair a bhainfeas sé spuaic amach, feicfidh tú féin air gur beag an chlóic a bheas air