Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Clóic (cló-ghoic?)
ainm-fhocal, baininscneach.
Féach Foclóir Uí Dhuinnín — ní hé baileach an chiall chéadna atá leis, nó cuirtear malrait leagain ar a' gcainnt
stró; uireasbha; easba; ughdar casaoide nó ghearáin; ceal.
+
Níl aon-chlóic air anois = tá sé ceart; níl easba ná uireasbha air; tá leis.
Dheamhan clóic ort anois. Beidh tú indon an oidhche a bharruidheacht, a's an foracún a d'ith tú.
TUILLEADH (12) ▼
Má airigheann sibh aon-chlóic air, b'fhearr fios a chur ar a' sagart dhó = má airigheann sibh aon-árdú, aon-bharr nó aon-donacht air etc.
Seadh! Is beag a' chlóic atá uirre in a meall istigh annsiúd ar a' teallach.
Dheamhan clóic a' bith anois ort ná cuid de chlóic.
Ní fhéadfadh clóic a' bith a bheith ar Sh. anois, a's a bheirt mhac a' saothrú dólúm (dolom). Is iomdha duine nach bhfuil pighinn ná bonn a' teacht isteach aige, a's a chaithfeas maireachtáil 'na dheidh sin = uireasbha; ceal slighe.
Th'éis a bhfuair sé d'amlú le seachtmhain, dheamhan clóic fós air (sraith fhéir) = níl aon-stró fós air; níl aon-bhaoghal lobhtha air.
Cé'n chlóic a bheadh air (asal)? Nach bhfuil sé 'faghail greadadh le n'ithe, a's tá teálta annsiúd aige má thogruigheann sé a dhul isteach ann.
Ara cé'n chlóic fhuaicht a bheadh ortsa, do leithide de scrománach luath láidir!
Tá sí trí bliadhna a's cheithre fichead, a's má tá fhéin, níl de chlóic fós uirre, ach nach bhféadann sí aon-cheo a léigheamh. Tá a h-amharc tugtha uaidh.
Dhá mbeadh an lá a' caitheamh sceanna gréasuidhe, ní chuirfeadh sé aon-chlóic air siúd, ach feamuinn dearg 'fhaghail le tógáil.
Is beag a' chlóic ná'n mhairg atá ar a' gcuaille sin. Dhá mbeadh, ní ag imtheacht a' cuartaidheacht a bheadh sí = donacht, contabhairt.
Shíl mé, a's a raibh ólta aige, nach ndéanfadh sé abhaile choidhchin é, ach mo choinsias, is beag a' chlóic a bhí air 'na dheidh sin = stró.
Tá clóic mhór air go deimhin! — fear a' bith a bhío(nn)s in a shuidhe le giolcadh na fuiseoige chuile mhaidin, a's é spréachta a' dúiseacht 'chuile dhuine eile sa teach.

Clóic in iontrálacha eile (27)

 
An té a gheobhfadh fearann arán coirce, agus babhal leamhnacht ba bheag an chlóic a bheadh air = stráiméad de cháca arán coirce; an ceathrú cuid den cháca
 
cailm
Tá súil agham nach bhfuil clóic ná cailm ort.
 
cobha
Buaileann an cabh cuid mhaith aca(b) ar uair mhóir mar seo, ach ní bhíonn aon-chlóic orra(b) leis, mara mbeadh sé an-dona go díreach.
 
Tá sí in aon-choinicéar amháin annsiúd ar a' teallach, a's is uirre atá 'chuile anshógh má's fíor di fhéin, ach is beag a' chlóic atá uirre in a dheidh sin.
 
baile
Ní bheadh clóic a' bith ar dhuine amach faoi'n tuaith, ach a' té a thiocfas 'na bhaile mhóir, tugadh sé lón nó costas leis ar mhaith leis fhéin, arae mar adeir a' fear fadó: 'fear gan airgead imbaile móra, is olc a' lón dó goile géar'.
 
Cé'n chlóic atá ort, má tá fios do bhealaigh aghad!
 
beo 1
Is beag a' chlóic atá fós uirre, ach beo, bíodhgamhail.
 
beo 2
Dubhairt cailleach na clúide nar bheo léithe a beo, ó b'éigean di, athrú as a' mbaile. Ach dheamhan mórán clóice 'bhí uirre 'na dheidh sin, i gcosamhlacht.
 
bruach
Marach thú fhéin ní bheadh leath-clóic ar a' lot sin. Bíonn tú igcomhnuidhe 'piocadh leis, a's a' baint na mbruachannaí dhe.
 
buinne 1
Níl clóic a' bith ar a' mbuinne, ach sílim go raibh na h-easnachaí a cuireadh ann lobhtha críochnuighthe.
 
ainm
In ainm's a bheith 'faghail bháis atá sé ó tháinig cuímne dhom, agus ní fheiceann muid a dhath clóice fós air.
 
aire
Sé'n tsiocair bháis a bhí aige nar thug sé aon-aire dhó fhéin, ar a' slaghdán a bhí air. Ní choinneochadh fear a's píce istigh é, a' déanamh amach, nach raibh clóic a' bith air.
 
Níl aon-lá ariamh nach bhfuil sí an-shóighteach, agus is beag a' clóic atá uirre in a dheidh sin = bíonn sí fuasaoid i gcomhnuidhe ariamh, agus is maith an mhaise dhi é, ina dheidh sin.
 
imirt
Níl aon-chlóic orm fós, ach níl fhios agam céard a dhéanfas mé as deire na h-imeartha = tá mé ceart go leor fós, ach níl fhios agam cé'n chaoi a mbeidh an sgéal agam indeire na cúise; indeire na ngnaithe; faoi dheireadh thiar thall; agus an rud ionann's thart.
+
Bhí cion cheithre cléibh fhataí annsin thuas agam arbhú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú in áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhudóig i dtinneas laoigh. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drugal mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orra. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruínn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha in a scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpighne mhaith anois ionnta ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le 'chuile obair. Níl aon-ghoir aige air
TUILLEADH (1) ▼
Fuair mé garbh é i mbliana ó na scoilteachaí. Níor fhága siad smeámh ionnam in imeacht cupla mí. Marach sin dheamhan clóic a bheadh orm, ná cuid de chlóic. Ní beag dhom a dhonacht arsa tusa. Ní beag cheana, ach chreidim go gcaithfidh gach duine deachma na sláinte a íoc. Is amhlaidh a bhíos sé.
 
diaidh
Cuir isteach í indiaidh a crainn. Féadfaidh tú lann na speile a fhágáil taobh amuigh, agus greim a choinneál uirre agus ní bheidh a dhath clóic' uirre
 
Dar mo choinsias níor mhaith liom cur 'un fairrge indiu. Tá gothadh an-diúltach uirre, agus feicthear dhom go bhfuil sí ag dul 'un callóide. Ach is beag an chlóic atá ar lucht na ngliomach. Tá sé in araidheacht a dhul amach aca sin mara mbeidh sé an-mhór críochnuighthe
 
dreach
Is beag duine is measa dreach ná é. Ach tá sé ins an meath sin ó a chonnaic mé ariamh é, agus dheamhan lá clóic air, bail ó Dhia air
 
droim
Bhí caoirigh againne muis thuas annsin ar dhruím an chnuic sin i gcaitheamh an tsneachta mhóir, agus dheamhan lá clóic' a bhí orra, nuair a chuadhthas ar a dtóir th'éis na cascairte. Nachar dhiabhaltaí an seasamh aca é!
+
déan 1
Tá a gcuid seolta déanta aca anois agus níl clóic ar bith orra, mar beidh sí teann siar aca. Beidh pórtar ar na smuit ag na bádóirí sin fós anocht tigh Bh. na C.
TUILLEADH (1) ▼
Cé'n chaoi a bhfuil an pósadh ag dul dó, ab eadh? Dheamhan lá clóic' air. Tá sé ag déanamh go h-óg. Neart nathaidheacht' aige, mar a bhí ariamh.
 
díle 1
Ara cé'n donacht sin ort! Tá an diabhal sin meath-thinn mar sin ó'n Díle, agus is beag an chlóic air in a dheidh sin. Dheamhan a dhath. Ag dul 'un aois na h-óige atá sé, seadh sin.
 
Ní fhaca tusa a chuid talmhana chor ar bith. Dhá bhfeictheá déarfá nach de'n díogha é. Féadfaidh sé céad caorach a thógáil air i gcaitheamh na bliana i dteannta 'chaon tsórt eile. Is air nach bhfuil an chlóic
 
Tá siad ag díolachán anois ann le gul 'un bliana, agus sipín deas istigh aca. Níl de chlóic orra anois ach go bhfuil an áit beagán ro-chumhang. Ach cuirfidh siad fairsinge air leis an aimsir. As na tighthe beaga a theightear ins na tighthe móra adeir siad
 
Ní fhaca tú aon-áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taebh istigh agus dalladh raithnighe agus féir faoi agus thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin ins an am sin. Bhí neart scailpreacha agus úaineanna aige le dhul ar a chaomhamhaint féin ionnta. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith aca. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé cho h-éascaidh ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na "dTans"
 
díth
Ní meisce ar bith atá air ach díth codlata. Nuair a bhainfeas sé spuaic amach, feicfidh tú féin air gur beag an chlóic a bhéas air