Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díol (díon)
ainmfhocal
níl iolra ar bith aige, ná ní thagann claochlú tuisil air
focal ríchoitianta i gcaint é díol
1.
dóthain, sáith, diongbháil, mian do chroí, riar.
a.
+
An bhfuil do dhíol fataí (coirce, móna, feamainne, páipéir, cipíní, toitíní srl.) agat? — do dhóthain, do sháith
Ní raibh a dhíol talúna aige chor ar bith go bhfuair sé a dhíol dhe faoi dheireadh. Faigheann chuile dhuine a dhíol talúna thiar sa reilig
TUILLEADH (13) ▼
Ba deacair a dhíol achrainn a thabhairt dó, ach fuair sé é faoi dheireadh thiar thall. Comhairleoidh an gó sin anois é
Shíl tú nach raibh mo dhíol siúil fúm. Bhí agus fuílleach. Ceathrú don trí a bhí mé ann
Ní bhfuair sí a díol scoile le bheith in ann a dhul ina nurse. Is mór an lear scoile nach mór do dhuine anois leis an bposta is fánaí ar bith a thógáil
Dá mbeadh ár ndíol córach againn bheadh muid sa mbaile ó sholas, ach ní raibh fleaim ann
Dá mbeadh mo dhíol teanntáis ionam, bhrúfainn air, ach sin rud nach raibh ionam ariamh as baile amach
Níl do dhíol céille agat fós. Dá mbeadh, ní ghabhfá ag déanamh cleas mar sin
Ní sa treallús a chaill sé é. Tá a dhíol treallúis ann, ach níl sé barúlach go bhfuil sé in ann an obair a dhéanamh. Sin é an fáth a loiceann sé i gcónaí.
Ní d'uireasa a dhíol cabaireachta atá sé mo léan!
Dá ndéanadh nathaíocht dó é, dhéanfadh sé obair. Ní d'uireasa a dhíol nathaíochta atá sé
Tá a ndíol den drochmhúineadh iontu, pé ar bith cén t-easpa eile atá orthu
Tá mo dhíol den Ghaeilge agam, bíodh mo dhíol den Bhéarla agam nó ná bíodh
Cheal nach bhfuair tú do dhíol den achrann fós?
Sin é do dhíol anois. Tá tú cluiche — tá do dhíol cúigeanna faighte agat
+
Tá cúnamh maith dhár ndíol againn anois — is beag nach bhfuil ár sáith againn. Tá muid gar go leor dár ndíol a bheith againn
Níl baol ar mo dhíol fós agam
TUILLEADH (9) ▼
Tá mé ag tarraingt ar mo dhíol a bheith agam anois
Cáid uait do dhíol a bheith agat? — an fada go mbí do dhíol agat
An fada óna dhíol é?
Is gearr óna díol anois í
Tabharfaidh sé cnáimh le crinneadh dhuit do dhíol a bheith agat sa méid sin
Tá muid gar go leor dár ndíol a bheith againn anois
Tá baol ar do dhíol a bheith agat fós — níl do dhíol agat ná baol air
Is beag lena dhíol móna atá aige
An bhfuil do dhíol eolais agat fós
+
Is mór é do dhíol — bíonn go leor ag teastáil uait
Ith suas anois iad, agus is mór é do dhíol díobh murar athraigh tú
TUILLEADH (3) ▼
Ba mhór é a dhíol den phórtar chuile lá ariamh
Is beag é a ndíol de na fataí, ach is mór é a ndíol den tae
Is beag é mo dhíolsa talúna feasta choíchin, ní ceasacht ar Dhia é. Ní mó ná go bhfuil mé in ann siúl ag an ngarraí
+
Tá a dhíol go maith aige — tuilleadh agus a dhíol
Tá beagán le cois a dhíol cainte aige
TUILLEADH (5) ▼
Dúirt an dream seo nuair a chuaigh siad isteach go mbainfidís den té a mbeadh rud le cois a dhíol aige, ach mo chreach mhaidne, an dea-ghealladh agus an droch-chomhlíonadh
Is mór le cois mo dhíol atá agam i mbliana, té (cé) go raibh mé easpach anuraidh
Is mór thar do dhíol atá sa méid sin
Is mór thar do dhíol atá le rá agat
Bhí a dhíol go maith le rá aige
+
Thabharfadh sé a dhíol le déanamh dhó é a leagan murach go raibh an stól sa mbealach. Mar a bhí sé féin, ní raibh tada le reic aige
Thug sé a dhíol agus fuílleach dó, diabhal bréag nár thug, théis chomh dúlaí agus a bhí sé ag an achrann
TUILLEADH (7) ▼
An bhfuair tú do dhíol, do riar agus do dhóthain? — leagan atá i gcleas a dtugtar Díol an ChoirceFaic air (fc. Obair agus Luadhainn — Ó Gaora lch 227—229)
Fuair sí a díol den bhóithreoireacht sa deireadh, ní dhá roinnt léi é.
An té a shantaíos an troid gheobhaidh sé a dhíol di
Ní imeoidh sé níos mó. Fuair sé a dhíol de Shasana sílim
Ó bhain sé féin amach sa gcaint, fuair sé a dhíol den chaint sa deireadh
Is gearr go mbeidh a dhíol faighte aige den obair anois. Shílfeá go bhfuil sé ag fuarú aisti cheana féin. Ní raibh ann ach an rith searraigh ariamh, hé brí céard a ghabhfadh sé a dhéanamh
Fuair sé a dhíol agus fuílleach den chogadh. Ní thiocfadh sé ann aríst dá naomhtaí é
+
Cuirfidh an méid sin go dtí do dhíol thú — nuair a bheas an méid sin agat, beidh do sháith agat
Dhá mbeadh cupla cruib eile mhóna agam, chuirfeadh sí go dtí mo dhíol mé. Bhí ní ba mhó drabhláis in mo chuid féin ná a shíl mé
TUILLEADH (8) ▼
Dhá mbeadh cupla punt airgid agam faoi láthair anois, bhainfinn mo ghaisneas astu agus chuirfidís go dtí mo dhíol mé
Cuirfidh dhá stuca eile go dtí n-a díol í seo — ní theastóidh ón gcruaich seo ach dhá stuca eile le bailchríoch a bheith uirthi
Is beag eile deasaithe anois a chuirfeas go dtí n-a dhíol an garraí údan: dhá bhoirdín nó mar sin
Ualach eile anois a chuirfeadh an chruach mhóna seo go dtí n-a díol. Tá sí críochnaithe ach í a bhiorú
Ní fiú dhuit a dhul ag bacadh le balla fuar. Dhá mbeadh trí nó ceathair de mháilíní eile cement agat, i dteannta a bhfuil agat cheana, chuirfeadh sé go dtí do dhíol thú. Ní hé an oiread sin a thógfas cró, mura bhfuil fút caisleán Pléimeannach a dhéanamh!
Ligeadh fairsinge mhór orm nuair a d'imigh B. Ph. síos amach. Fuair mé an chuid ab fhearr a bhí ag gabháil leis — thuas i mbarr an bhaile. Ceathrú gabháltais eile nár mhór dom anois. Chuirfeadh sin go dtí mo dhíol ceart mé
Ní chuirfeadh a bhfuil de thalamh i gCois Fharraige go dtí n-a dhíol é siúd, mar is mór — agus is rímhór — é a dhíol dó (de)
Sin togha béilí anois. Tá mé sách ceart míle buíochas le Dia. Cupla pionta pórtair a chuirfeadh go dtí mo dhíol anois mé
+
Tá an t-asal sin anois ina dhíol. An bhfeiceann tú go bhfuil sé i bhféar go bolg
Chuaigh sé isteach ina dhíol an lá ar phós sé í sin. Roimhe sin ní fhaca sé a dhíol ariamh. Cá bhfeicfeadh sé é — thiar sna leacachaí siúd
TUILLEADH (4) ▼
Bhí mise in mo dhíol san áit a raibh mé dá mbeadh sé de chiall agam fanacht ann, ach ní raibh. Cheithre dheoch a bhí gluite (glaoite) dhom, agus gan bearnaithe dhíobh ach aon cheann amháin
Mura raibh tú in do dhíol mná (ban) aréir, ní shásófar go brách thú. Nach raibh siad fút is tharat. Dar príosta bhí, agus gan fear ar bith arbh fhiú ainm fir a thabhairt air ann ach thú féin
Cheal nach bhfuil sé ina dhíol fós? D'imigh an diabhal air. Más tuilleadh airgid atá sé a lorg i ndiaidh an dá uachta sin, ní féidir a dhíol airgid a thabhairt dó — ní féidir sin
Chuir mise ina dhíol éisc aréir é ar chaoi ar bith. Bhí mé féin agus an curachóir seo thuas ar meath inné agus bhí suas le dhá chéad faoitín againn. Ar a theacht isteach dó aréir, chuir mé síos sé fhaoitín dó agus pota fataí. Deirimse leatsa go mba bheag é an fuílleach ina dhiaidh sin. D'íosfadh sé siúd an tsáith Mhuimhneach
+
Ní leasóidh mé é, mar níl díol a leasaithe agam. Shíl mé go raibh níos mó drabhláis ná sin sa lucht feamainne
Bhí M. Mhór ag glámhóid nach raibh díol a chaointe istigh, ach nuair a chuir sí féin uaill aisti, dheamhan a raibh go dona di
TUILLEADH (3) ▼
Ní fiú dhom aon cheo a thairiscint duit mar níl díol an roinnte ann — cion an roinnte; ní fiú a dhul ag roinnt a bhfuil ann
Dá mbeadh díol an roinnte ann, dheamhan duine ar bith is túisce a gheobhadh cuid dhe ná thú, ach ní raibh
D'fhuagair sé leath agus páirt orm, ach ní raibh díol an roinnte ann
+
Dúirt sé go raibh díol péire bróg de leathar ann, ach mheasfainnse nach raibh díol bróige féin ann
'Speáin sé giota dhom agus dúirt sé go raibh díol culaith éadaigh ann. Má bhí muis, sách gann a bheadh sé déarfainn
TUILLEADH (12) ▼
Nár thug sibh díol an chait féin d'iasc libh? (díol an chait — beagán)
An bhfuil díol an tae de bhainne agat
Tá díol an gharraí de leasú ann
Má tá díol na saoire de mhóin ann, beidh muid ar fheabhas
Ní raibh díol na bliana d'fhataí aige théis a ndearna sé de dhúchan
Níl díol na hoíche de tae istigh. Tá díol seachtaine go maith ann
Níl aon díol míosa inti, nó má tá, is ar a chruachúis di é
Níl díol an lao de bhainne ag an mbó
Níl díol cúl de leasú ar an roinn fheamainne atá againn ar fad
Níl díol dreancaide d'fhéar ag gabháil leis
Níl díol bó mhaithe de chimín istigh ar do bhaile fré chéile
Ní raibh díol na sochraide d'airgead aige féin ainneoin a raibh de cháil airgid amuigh air
+
Is cuma do dhuine é ach díol na coise tinne a bheith aige — an oiread is a riarfadh é nuair a bheadh a chuid maitheasa ar iarraidh i ndeireadh a shaoil
Is gearr le dhul an pinsean céanna ach go bhfuil díol na coise tinne ann ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal mórán is fiú di an uachta ach go bhfuil díol na coise tinne inti ina dhiaidh sin
+
Deamhan mórán le cois aige, ach go bhfuil díol a fhreastail aige, agus nach in é a dhóthain. Caitheamh agus fáil beatha na naomh adeir siad — riar a cháis; an oiread is a dhéanfadh cúis dó le maireachtáil, ach gan tada thairis a bheith aige
Is mór is fiú do dhuine díol a fhreastail a bheith aige. Nach in é a bhfuil chuile dhuine a iarraidh
TUILLEADH (9) ▼
Ní raibh sé ariamh gan díol a fhreastail, dhá chruaichte dhá dtiocfadh an saol. Ach ní fhaca mé ariamh an-deisiúil é
Tá a bhfuil sa teach againn ag saothrú agus tugann sé rud le déanamh dúinn ina dhiaidh sin díol ar bhfreastail a bheith againn. Is deacair bróga agus éadach agus beatha a choinneáil leo ar fad
Théis a raibh de theacht isteach aige, bhí a sheacht sáith le déanamh aige agus díol a fhreastail a bheith aige. Ar ndóigh bhí dola mór air lena raibh de mhuirín aige
Tá díol a freastail go maith aici. Tuige nach mbeadh. Agus ainneoin sin, tá an béal bocht uirthi i gcónaí. Ag caitheamh ina dhiaidh atá sí anois nach bhféadann sí an carr a chur ar na bóithrí ag saothrú. Ní mór le cuid de na daoine a dhá láimh a chur timpeall ar an saol ar fad
Mura bhfuil díol a fhreastail muis ag máistir scoile, is trua ghéar do thuilleadh. Nár agraí Dia ort é a mháistir. Ag imeacht as do chranna cumhachta atá tú lena bhfuil agat. Tá tú fearacht na n-uaisle ar fad …
Is duine é nach mbeadh a fhios ag aon duine céard a bheadh aige ó dhíol a fhreastail amach — bheadh barúil ag gach uile dhuine cén dola a bheadh air — cíos, airgead acraí, leasú, beathú agus eile — ach ní ligfeadh sé amach le aon duine cén t-airgead tirim a bheadh aige
Théis an pháí atá anois aige, is beag le díol a fhreastail é ina dhiaidh sin. Cáid le dhul chúig phunt sa tseachtain agus an saol atá ann, agus go gcaithfidh sé chuile mhíle ní a cheannacht
Má tá díol do fhreastail d'airgead agat, tá do dhóthain agat. Níl maith ar bith a bheith dhá chur sa stoca go ndéana sé caonach liath!
Is deacair díol a fhreastail de thobac a choinneáil leis. Bíonn sé ag stolladh i gcónaí
+
Thug tú díol mo náire dom — an oiread go baileach agus a náireodh mé, ach nach ndéanfadh sé aon mhaith dhom féin, agus go mba mhó an t-údar náire ná sochair é. Déarfaí le fear roinnte i gcártaí é, cuir i gcás, nuair nach dtabharfadh sé dhó féin ach an oiread is a thógfadh cúig a láimhe dhéanta
Bhí sé ag ceapadh go raibh an-spré le fáil aici sin, agus ar ndóighnín d'fhága a muintir mar sin é nó gur bhuail siad air í. Deich bpunt a bhí aice: sin é an méid. Ní bhfuair sé ach díol a náire
TUILLEADH (9) ▼
Cé mhéad, meas tú, a chuaigh an gamhain? Coróin thar mar a thug sé air, ainneoin ar thug sé de bheathú dhó ó cheannaigh sé é. Fuair sé díol a náire ceart air
Thug mé "madraí" do chuile dhuine eile agus chuir mé mé féin taobh leis an dó beag — díol mo náire
Nach mé atá feidheartha. Thug tú díol mo náire dhom — an oiread is a thógfas cúig dhéanta. Ach ní cás dom é agus a bheith in ann í sin féin a thógáil
Is dona an roinnt a thug tú orthu. Dheamhan mámh ag gabháil liom — oiread agus díol mo náire féin
Cén sórt banrán atá ort faoi mo dhéanamhsa. Nár chuir mé in do mhámh tú … Bhuel thug mé díol do náire dhuit ar aon chor
Tá sé chomh maith dhom a gcaitheamh i bpaca. Níl cúig ná cárta iontu — go fiú is díol mo náire féin. Tá an rud sin in do láimh i gcónaí. Fágann do dhéanamh feidheartha críochnaithe mé chuile uair
Níl díol an roinnte ann, ach tá díol mo náire ann. Leag an cúpla seo air go maith ó fuair siad ligean air — buidéal óil nó a mhacasamhail. Ní bheadh an oiread ann agus go mb'fhiú é a roinnt, ach bheadh beagán ann le náire a thabhairt ar dhuine
Ní raibh an oiread ceann faoi orm ariamh. Dhá scilling is seacht bpínne a bhí agam — trí pínne go díreach a bhí mé easpach gan luach deoch a bheith agam. Ní raibh agam ach díol mo náire
An lá a ndeachaigh mé go Sasana an chéad uair, tháinig mé amach den traein ag Euston. Bhí an oiread Béarla agam agus go raibh mé in ann eolas an bhealaigh a chur, ach cén mhaith dhom sin agus nach raibh mé in ann focal ariamh dhá gcuid lapaireachta a thuiscint. Bhí canúint an diabhail orthu. Sin é an uair adúirt mise liom féin nach raibh de Bhéarla agam ach díol mo náire
+
Tá díol fear ar bith de bhean inti sin — tá sí sách maith ag fear ar bith; d'fheilfeadh sí fear ar bith; is bean diongbhála fear ar bith í
Is ait an díol mná é — is maith an oidhe mná é; tá bean tuillte aige; tá sé ina fhear mhaith le bean a thabhairt dó
TUILLEADH (33) ▼
"Naonúr naoi n-uaire díol mná rua d'fhear; dháréag de na fir is fhearr díol mná duibhe; Agus aghaidh an tslua ar an mbean bhán"
Tá a dhíol de bhean aige — tá an bhean atá aige sách maith
Leagadh anuas díol sagairt de bhéilí aige, ach ní leagfadh sé smut air — béilí a bheadh sách maith do shagart
Tá díol easpaig de bhearradh ort bail ó Dhia agus ó Mhuire ort!
Cuireadh díol carraera de rán (d'arán) ina mhínis (in a fhianais), ach ní fhaca mé ina dhiaidh sin gur fhága sé aon fhuílleach — bhí sé de cháil ar na carraeraí go raibh siad mórghoileach
Tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air
Níl díol tincéara de dhá bhróig air
'Tá díol Rí Seoirse d'inín agamsa,' adeireadh P. Sh. M. 'Rí Seoirse féin ní bhfaighidh í, mura gcruthaí sé go bhfuil sé in ann iarraidh mhaide a bhualadh chomh maith liomsa'
Sin é díol L. K. de theach anois — L. K.: ba bó mhór é san áit
Sin é díol de Valera de sate (seat), agus síleann tusa nach bhfuil sé sách maith agat ina dhiaidh sin
Tá díol máistir scoile de pheann aige, agus gan a fhios sa diabhal cén fáth — fear nach bhfuil in ann a ainm a scríobh
Tá díol póilí de scoilteadh sa ngruaig aige. An bhfaca tú é — tá sé i gceist go mbíonn scoilteadh breá ar an ngruaig ag póilíos
Tá díol saighdiúra de chána aige
Tá díol cabhnsailéara (counsellor B. L) de theanga aige. 'Sé a scoiltfeadh an chaint
Tá díol céachta de choltar sróine air
Tá díol triúr de dhá chois faoi
Tá díol deichniúir le rá aige
Tá díol ceannaí de mhála agat
Tá díol báid mhóir de naprún uirthi — tá an oiread éadaigh ina naprún agus a chuirfeadh seol ar bhád mhór
Tá díol cúl fataí d'fheamainn idir a ladhrachaí — ghreamaíodh an oiread feamainne dá ladhrachaí agus a leasódh cúl fhataí, agus ní ghlanfadh sé iad rómhinic
Leagadh díol Rí Shasana de dhinnéar anuas againn
Tá díol baile de shioscadh agat
Bíonn díol lán tí de chaint ag an mbeirt istigh ar an teallach gach oíche
Tá díol paróiste de ghleo aige ach a mbíonn aon deoir ólta aige
Tá díol lady d'fháinne uirthi, pé ar bith cá bhfuair sí ar sliobarna é
Tá díol Ch. Mh. de chadairne tónach uirthi cheana agus gan í ach sé bliana déag — bhí sé de cháil ar Ch. Mh. go raibh tóin mhór uirthi. Seo bean (C. M.) atá beo fós
Tá díol Mh. Mh. (fear san ait) de dhá chrúib ort, bail ó Dhia ort, agus thú chuile orlach chomh místuama leo
Níl aon chall le raidió acu. Tá díol raidió ar bith de ghláiféisc ag B. cheana
Tá díol coinneal mhór na Nollag de smaois leis.
Tá díol ceardchan de bhoilg ann
Tá díol crú d'fhoghairt ina dhá súil
Tá díol beirt ar bith sa mbéal atá air, slán an tsamhail!
Tá díol beirt d'airde ann bail ó Dhia air
+
Tá díol fir de thalamh faoi — tá sé leitheadach uaibhreach suimiúil
S. Ó N. a casadh leat. Fear go deimhin a bhfuil díol fir de thalamh faoi
TUILLEADH (6) ▼
Chonaic mé an sceathracháinín óg sin ann ag dul síos teach an phobail Dé Domhnaigh, agus go deimhin má chonaic féin, bhí díol fir de thalamh faoi. Bhí go deimhin
Tá máistir nua anseo thiar le seachtain in áit Mh. Chuaigh sé soir ag spaisteoireacht an tráthnóna faoi dheireadh. Is faoi atá díol fir de thalamh — is faoi sin
Cé b'as é siúd … B'fhurasta a aithinte. Tá díol fir de thalamh faoi. Ní fhaca mé fear a thíre ariamh nach mbeadh sé amhlaidh
Bhí an scrathachán mór seo ag M. C. ann, agus má bhí agus go raibh, bhí díol fir de thalamh faoi
M. Mh. Mh. Mh. an ea! Sin é an fear agat a bhfuil a dhíol talúna faoi
Tá a dhá dhíol talúna ar fad faoi. Níor thaitnigh a chuid cóipís ariamh liom
+
Tá díol tíre de thalamh aige agus gan tada dhe saothraithe
'Sé an chaoi a bhfuil an fheamainn sin anois, díol dháréag ag duine agus duine eile gan a dhíol chor ar bith
TUILLEADH (13) ▼
Bhainfí díol Chontae na Gaillimhe de mhóin ar an gcriathrach sin
Tabhair a dhíol bóthair dó — beithíoch a mbeadh fonn reatha air; gluaisteán nó carr a bheadh do do scoitheadh ar an mbóthar
Níor thug sé a dhíol bóthair don bhus. Is beag nach ndeachaigh sé sa gclaí ó thuaidh
Ba mhór an chontúirt na mótair sin roimh an gcogadh mura dtugtaí a ndíol bóthair dóibh
Fág a dhíol áite aige
An bhfuil do dhíol áite ansin agat ar an stól?
Ní bheidh a ndíol áite ag triúr sa leaba siúd — ní bheidh díol triúr d'áit sa leaba siúd
Ní bheadh a ndíol áite damhsa sa gcisteanach seo
Tá an cosán róchaol. Níl a dhíol bealach cairr ann
An bhfuil do dhíol réitigh agat ansin anois le síneadh
Ní fhéadfadh bád aeir tuirlingt in áit ar bith sa tír seo. Dhéanfaí spruánaí di ag na clocha. Níl a díol réitigh ann
Ní fhéadfá teach a dhéanamh ansin. Níl do dhíol réitigh ann
Cén áit a gcasfadh lorry. Thuas ansiúd ab ea. Ní chasfadh muis. Níl a dhíol réitigh ann
+
Níl a díol caoi ar an mbróig fós
Tá sé in am ag an seanbhicycle sin a dhíol caoi a bheith air feasta. Mura bhfuil, ní bheidh sé air anocht
TUILLEADH (10) ▼
Tá do dhíol déanamh suas ort anois. Ar ndóigh, ní i láthair daoine uaisle atá tú ag dul
Tá do dhíol cóiriú ar an leaba sin feasta
Bhí a díol biorú ar na claíochaí sin cheana agus gan a dhul orthu aríst
M'anam go bhfuil do dhíol cur uirthi a mhic ó. Cuir leat í. Ar ndóigh ní ag caitheamh lán laidhre ag tuíodóir a ghabhfá agus thú féin in ann a cur ceart
Tá do dhíol scríobh uirthi anois. Tiocfaidh sí leis
Tá do dhíol scuabadh ar an urlár sin anois agat. Dá mbeadh sé chomh maith i gcónaí, ní bheadh de chailleadh air
Tá do dhíol bearradh ort anois. An bhfuil tú ag ceapadh gur cailíní óga a bheas ag breathnú ort. Baol orthu!
Tá a díol triomaigh ar an móin sin lena dó thrí mhóin mhaith
Thug sé a dhíol marú air. Níor éirigh sé ina dhiaidh
Sílim go bhfuil a dhíol téamh ar an mbainne seo anois más le n-ól atá sé
+
'Sé an cóta seo mo dhíol ceart — níl sé róchúng ná rófhairsing agam
B'fhéidir dá gcuirtheá an caipín seo ort gurb í do dhíol í — do fit
TUILLEADH (9) ▼
'Sí bróig C. mo dhíolsa — mo dhíol díreach
Ní fhéadann sí a díol de hata a fháil i siopa ar bith. Bíonn chuile cheann rómhór nó róbheag di
Ní hiad mo dhíolsa iad ar chaoi ar bith. Thógfainn miotóig níos mó ná sin
Gabhfaidh mé thríothu ó cheann go ceann go bhfaighe mé mo dhíol féin
Murab é do dhíol é, cuir ar ais é ar an bpointe boise. Is fhearr athchur ná aiféala
Níl barainn ar bith ar an bpéire bróg a fuair mé. 'Siad díol Sh. iad, ach ní hiad mo dhíolsa iad
Bheadh díol J. Ph. É. (fear mór san áit) sa treabhsar atá air. Tá sé ag stríocáil naoi nó deich de chromthaí dhó ina dhiaidh thrí na lathachaí
Dá mba é mo dhíol é, choinneoinn é. Taitníonn an t-éadach liom. Ach cén mhaith sin. Tá sé buille beag
Chinn orm mo dhíol de léine a thoghadh as lán cuntair ann
+
Tá do dhá dhíol (do thrí dhíol, do sheacht ndíol, do dhá dhíol dhéag srl.) agat sa méid sin — dhá oiread a mbeadh ag teastáil. Tabhair faoi deara in áibhéil den tsórt seo gurb é do dhá dhíol, do thrí dhíol, do sheacht ndíol, do dheich ndíol (go hannamh), d'aon dhíol déag, do dhá dhíol déag, do chúig dhíol déag, do sheacht ndíol déag, do sheacht ndíol déag is fiche adeirtear. Ní tugtar isteach aon líon eile. Má tugtar, is go rí-annamh é
Thug tú a sheacht ndíol dó
TUILLEADH (8) ▼
Fuair sé a sheacht ndíol déag is fiche — fuair sin
Fuair sé a dhíol faoi dhó
Fuair sé a dhíol faoi chéad
Tá a sheacht ndíol déag féin de mhóin aige agus ní dhíolfadh sé aon fhód ina dhiaidh sin
Tá a thrí dhíol talúna saothraithe ansiúd agus é in ann freastal dó. Gabhfaidh sé i léig ar fad aríst cheal cúnta
Thug tú do dhá dhíol déag leat. Dhéanfadh oiread na fríde mé
Bhí a sheacht ndíol geabsaireachta ar fad ag an gceann céanna. Ligfidh sé faoi anois go ceann tamaill
Níl ceathrú cuid mo dhíol ann
b.
+
Sin é do dhíol enough said!
Tháinig sé anuas an bóthar agus mála móna aige le titim na hoíche. Fuair mé an chruach bearnaithe ar maidin. Nárb in é mo dhíol — bhí a fhios agam gurb eisean a ghoid an mála móna aisti
TUILLEADH (2) ▼
Rugthas air san oíche Dia Luain agus gan an chruithneacht ach cruaite aige. Chaith póilí trí huaire tigh Sh. an lá sin, agus bhí a fhios ag muintir Sh. go raibh an iarraidh fuisce ar na bacáin. Nach in é do dhíol!
Casadh liom ise ar bharr an airdín, agus nuair a bhailigh mé siar an gleann, bhí seisean ag caint le E. Sh. ann. Nach in é do dhíol. Bhí sí in éineacht leis
2.
údar, ábhar, dóigh.
+
Díol trua — údar trua; rud, beithíoch nó duine ar maith an oidhe trua a dhéanamh dó; rud nó beithíoch nó duine atá in ainriocht chomh mór agus go dtuilleann sé trua a dhéanamh dó i ngeall ar an staid a bhfuil sé
Is mór an díol trua é agus an chois bocht atá aige
TUILLEADH (8) ▼
Ní díol trua go dtí é ó d'imigh an chlann ar fad uaidh
"Ní díol trua thú choíchin go mbuailtear ort coigealach mná; A dhéanfas gual dubh naoi n-uaire de do chroí ina lár" (An Draighneán Donn)
Is díol trua liom thú agus a bhfuil d'fhuacht ort
Is mór an díol trua liom é a fhágáil mar atá sé ina chadhan aonraic thuas ansiúd. Bhí mé ag brath ar iarraidh air a theacht anseo, ach ní móide gur mhaith leis corraí
'Sé díol na trua é, ní dhá roinnt leis é: dhá mharú fhéin ansin do Mh. agus dhá chlann. Is fiú dhó muise. Is beag é a bhuíochas — feicfidh tú — ar ball
Is tú díol na trua a bhean bhocht, ach ní aireoidh tú achar ar bith anois go mbí na gasúir — slán a bheas siad — inchúntach. Dhá bhféadthá crochadóireacht leat go dtí sin, bheadh agat
Is díol trua liomsa chuile dhuine a mbeidh an phian air ón am a raibh sí orm féin
Is minic a ligeas béal na huaighe rud ag béal na trua; ligeann béal na huaighe rud le béal na trua — sa seanfhocal seo scaití, cuirtear díol na trua i leaba béal na trua .i. ligeann béal na fuaighe rud le díol na trua
+
Nach é an díol náire é — údar náire. Duine nó rud
Is díol náire ceart é ag imeacht síos ansin síos ag ól agus ag caitheamh a chodach ar stocairí coirnéil, agus anó ar a bhean agus ar a chlann sa mbaile
TUILLEADH (10) ▼
Ní díol náire go dtí í: sluamhallacht an phobail a dhul uirthi inniu. 'Sé a thuar sí di féin ag imeacht ag bóithreoireacht ó oíche go maidin
Sin díol náire ceart anois an teach sin, agus a fhusacht dó gan a ligean i léig mar atá sé. Dhá gcuireadh sé scláta anseo agus ansiúd air léar (de réir) mar a bhí siad ag titim, ní bheadh an bháisteach anuas ann as éadan anois
Is díol náire an chaoi a bhfuil an tír anois — gan damhsa gan siamsa gan éirí amach mura dté tú chuig hallannaí na sagairt. Níl ceannús ceann ar bith fanta ar shagairt anois. Tá siad ag fáil cead a gcomhairle féin rómhór
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó
Is mór an díol náire é an rúisc de mhadadh sin. Dar leat féin nach bhfuil sé ag fáil a leathdhíol le n-ithe. Dá mba é an duine ba mheasa leat beo é a bheadh istigh sa teach, ní chónódh sé go leagadh sé a chrúib thuas ar an mbord. Sibh fhéin a mhill i dtosach é nuair a thug sibh faisean dó a bheith ag tógáil giotaí aráin de chorr an bhoird
Ní díol náire ar bith an iníon muis le hais na máthar. Dhá bhfeictheá an mháthair ansin thiar ar shochraide Sh. Ph. N. Thit sí isteach faoin gcorp le teann óil
Is díol náire í an tsráid sin mura gcarta sibh í. Tá seanlatarnach shalach ansin amuigh agus má fhágtar ann í, is mór an aicíd í. Tholgfadh sí baile, ní áirím teach
Ní díol náire dhuit chor ar bith iad. 'Siad an cleite is fhearr in do hata iad a mhic ó. An bhfuil tú ag séanadh an ghaoil? Nach bhfuil a fhios agat gurb in iad an chuid eile dhíot fhéin
Is díol náire críochnaithe na mná sin siar ó thosaigh siad ag éirí amach ar bhóithrí ó oíche go maidin. Níl cuibhiúlacht ar bith dá bhfaca tú ariamh fanta iontu — níl sin
Is díol náire don cheathrú (cupla baile fearainn) an bhail a chuaigh ar an duine bocht sin thíos anseo ar an mbóthar: é a robáil agus gan snáth éadaigh a fhágáil thuas ar a chraiceann. Is diabhlaí an t-iontas nach bhfeicfeadh duine eicínt dhá dhéanamh é
+
Díol magaidh — dóigh mhagaidh; údar magaidh; an duine a mbeadh an ceann trom den mhagadh ag teacht air féin; nó an té a mbeifí ag magadh faoi
Tá faitíos orm gur tú féin díol an mhagaidh an turn seo, ainneoin a mbíonn dá fhonn ort fhéin a bheith ag magadh faoi chuile dhuine eile — tá tusa ag iarraidh a bheith ag magadh faoi dhaoine eile ach tá a leath fút féin an babhta seo
TUILLEADH (9) ▼
Cé hé díol an mhagaidh anois fiafraím díot — tusa nó mise. D'fhéach tusa le dhul ag magadh fúmsa, ach sílimse gur mise atá ag magadh fútsa. Mar adúirt an ceann eile: "Bíonn daoine ag magadh fúmsa nuair a bhainim an choirce glas; Ach bímse ag magadh fúthusan nuair a thiteas an gráinne as". Sin é a fhearacht agamsa agus agatsa anois é
Is iomaí duine a chuaigh ag magadh faoi sin, ach ba iad féin díol an mhagaidh as a dheireadh. Bhuail M. bleid thíos anseo lá air. Is fada gur dhúirt sé tada, ach nuair adúirt, chabáil sé M. agus chuir sé a raibh ann i lagrachaí (gáirí) faoi. D'imigh leis ansin
Chonaic T. s'agaibhse i dteach ósta i mBaile Átha Cliath é an t-am a raibh T. thuas. Bhí sé seo thiar a bhí in éindí leis ag rá an Draighneán Donn. Bhí beirt fhear thall ar a n-aghaidh — strainséaraí — ag ól. Thosaigh an P. ag flithmhagadh: 'Níl a fhios acu sin céard atá muid a rá ach an oiread le asail,' adeir sé. D'iontaigh fear acu ar an bhfear eile, agus arsa seisean de ghlanGhaeilge: 'I gC. a chuala mé an t-amhrán sin go deireanach.' Arbh eisean nó iadsan díol an mhagaidh
'Sé an díol magaidh is mó sa tír é anois. Bhí sé an-chríonna, má b'fhíor dó féin, agus níorbh fhéidir imeartas air. Agus ba deacair a dhíol de bhean a thabhairt dó! Ainneoin an méid sin, rinne siad siúd nead ina chluais nó gur bhuail siad air í: bean atá chomh sean leis an gceo agus í caoch agus bacach agus gan cianóig rua de spré aici
Is corónta an díol magaidh é. Níl aon ghair aige a dhul in áit ar bith nach mbíonn daoine ag caitheamh dairteachaí leis nó ag cumadh dhó. Feicim go mbíonn na gasúir féin ag siocadh leis anois
Is furasta dhuit díol magaidh a fháil má tá tú dhá thóraíocht, thar is a bheith ag saighdeadh faoin seanfhear bocht sin atá san aois leanbaí. Má tá féin, is beag an dochar dhó. Nuair a bheas tusa ina aois, b'fhéidir go mbeifeá fhéin in do dhíol magaidh freisin
Nuair a bhí sé sin ag éirí suas ní raibh aon díol magaidh sa tír a sháródh é. Cineál leathphleota a bhí ann agus áit ar bith dhá mbeadh sé, d'fheicfeá plód cruinnithe air. An áit a mbíonn an óinseach adeir siad, bíonn a cóisir ann. Sin é an chaoi a bhí air muis nó gur phós sé. Ach féacha an gnaithe (gnó) a rinne sé ó shin. Cuirfidh mé geall leat gur beag a fheicfeas tú bailithe air anois …
Ba é díol magaidh na tíre é chomhuain is a mhair sé an duine bocht. Céad slán don lá a raibh sé ag damhsa againn amuigh sa scioból anseo amuigh agus é siúráilte go mba í iníon Lord D. í. M. J. 'Dance to you,' adeireadh an pleib
Chuirfeá slat ar Éirinn agus ní bhfaightheá díol magaidh ba mhó ná Cáit Sh. 'Tá fear aniar as an T. Bh. a bhfuil teach mór aige ag teacht le mise a iarraidh,' adeireadh sí. Déarfadh a mh'anam, agus dá mbeadh sagart an pharóiste i láthair. Gaota críochnaithe a bhí inti. Chuaigh sí go Meiriceá …
+
"'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh"; "'sé ábhar an mhagaidh déanamh an mhagaidh" (seanfhocal agus an dá leagan air) — an té a bheas ag magadh, 'sé féin díol an mhagaidh
Nach diabhaltaí nach dtabharfá iamh do do bhéal uair eicínt agus gan a bheith in do chlaibín muilinn mar sin. Ag magadh mar dhóigh dhe. Sin é an magadh mar siúd. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh
TUILLEADH (3) ▼
Bhí sé ansin thíos an oíche cheana agus é ag iarraidh leota de pháipéar a ghreamú de dhroim S. B. Chinn air. As sin go ceann tamaill, dheasaigh beirt de na gearrchailí suas leis agus greamaíodh pictiúr taobh thiar air féin — an bhean dearg sin a mbíonn an fag ina béal aice. D'imigh leis soir ar fud an S. agus é air, hé brí céard ba chor dó soir. Níorbh fhearr liom leathghine buí ná gur cuireadh an méid sin de bhail air. 'Sé déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh adeir siad
Bhí N. thuas oíche agus ní bheadh aon sásamh aige ann mura dtéití ag caitheamh le M. — bhí sé imithe síos tigh T. Faoi dheireadh thiar thall chuaigh muid síos ar chúla na haille agus chaith muid cupla méaróg le M., ach caitheadh cith le N. Bhí sé thíos sa ngleainnín agus bhí caor thinte dhá bhaint as an gclaí lena ais. Ní raibh a dhul ar a chúl ná ar a aghaidh aige. Ní fhéadfadh sé a theacht aníos go dtí muide in aghaidh na gcloch, agus bhí M. taobh amuigh agus é ag iarraidh a theacht thar claí go maraíodh sé é ar bhun an cúig déag. Ar ndóigh sin é a raibh uainne. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an oíche sin ar chaoi ar bith
Chuaigh sé ag déanamh ball séire ormsa oíche anseo a ndeachaigh sé thart deireanach. Bhí seanasal dubh agam an uair sin agus é thiar ansin thiar i ngarraí an bhóthair. Bhí seanasal eile ag J. Th. sa ngarraí ó thuaidh. Sheol sé anuas é agus isteach in mo gharraíse agus deir tú le céard a rinne sé, ach driobaill an dá asal a cheangal dhá chéile le píosa róipín. Murach gur éirigh le na hasail a bheith an-tsean agus an-tsocair, diabhal mé go mbeadh an dá dhrioball tarraingthe amach ón dúid acu as a chéile ar maidin, mar chuir sé an ceangal cráite orthu. D'fhan mar sin go ceann seachtaine agus siar liom féin oíche agus níor chónaigh mé ariamh gur thug mé a chapall amach glan as an ngarraí, agus as go brách liom gur fhága mé thuas in éindí le na caiple féaraigh ar chuid M. Ph. í. Rug mé ar bhromach réidh go leor, agus as go brách liom anuas aríst gur fhága mé istigh thiar sa ngarraí aige é, an áit a raibh an capall. 'Bailíodh leat,' anois arsa mise. Bhí cupla uair lae ann feadh is mé a bheith sa mbaile. Ba é déanamh an mhagaidh díol an mhagaidh an mhaidin sin ar chaoi ar bith
+
'Sé díol na trócaire é — is údar trócaire é; is mór an grá dia soilíos nó gar eicínt a dhéanamh dhó; tá sé in anchaoi
Is díol trócaire é — údar trócaire. Deirtear díon trócaire freisin fc. díon deirce)
TUILLEADH (8) ▼
Níl aon díol trócaire ann go dtí é. Thíos ansin ar shlata na Gaillimhe agus muirín lag lúbach aige, agus gan buille maitheasa a dhéanamh le bliain mhóir fhada. An mbeadh a fhios ag aon duine ó Dhia anuas cén chaoi a bhfuil sé dhá bharraíocht chor ar bith agus gan slí ná fáltas ó neamh aige
Is mór an díol trócaire na créatúir bhochta atá i Sasana agus na rudaí eile sin ag titim orthu chuile ré solais. Deir siad nach bhfuil maith ar bith sna teáltaí a bhíodh acu ar na báid aeir. Níl aireachtáil ar bith orthu seo ag teacht go gcnioga siad thú d'aon iarraidh
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach i mbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh, agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil éirí as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na shells) sin ag dul faoin smut agat. B'fhearr liom aon lá amháin a dhéanamh dhíom in éindí!
Go bhféacha an tAthair Síoraí orthu, nach saothraithe an greim acu é. Is mór an díon trócaire iad. Fuiríocht calaidh orthu thíos ansin le seachtain agus gan a fhios acu céard is cor dá muintir sa mbaile. 'Sí beatha an ghiorria í beatha an iascaire. Má bhíonn rud de bharr fáiteall na farraige, dar fia bíonn sé ceannaithe go maith
Is mór an díon trócaire í thíos ansiúd craptha anuas ar an splaincín sin agus gan fód aici le cur ina ceann. Ba mhór an grá dia do dhuine agaibh cupla cléibhín móna a chaitheamh thíos aici, nó préachfaidh sí ag buachailleacht na cupla aithinne úd
Is maith a rinne sé é, é a scaoileadh uaidh gan pínn gan bonn. Go dtuga Dia trócaire dhó. Ní chuirfeadh aon ghiúistís beo aon cheo ar an dílleachta bocht údaí. Is mór an díol trócaire é, an té a bhreathnódh isteach ceart ann
Tá S. Ó D. ansin thoir anois ina dhíol trócaire chomh mór agus atá sa tír, agus gan é ag fáil faice — dole, airgead páistí, pinsean caoch, ná ní dhár dhealbh an ghrian — ach ag mianadóireacht ansiúd idir dhá leic ag iarraidh cupla fata a shaothrú. Ach ní taise le fear ar bith istigh ina bhaile é. Níl slí do choise de thalamh acu fréna chéile
Agus chroch siad an fear sin! Ba in é an díol trócaire ba mhó acu uile go léir. Agus gan a fhios an ndearna sé ariamh é. Agus níl siad ag daoradh cuid mhaith eile, ainneoin gur furasta a aithinte gurb iad a dhéanas an choir. Fear Chiarraí sin cuirim i gcás …
+
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear díon in áit díol go rímhinic sa bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
Tháinig sé isteach chugam ag iarraidh a chodach. 'Níl a fhios agam,' arsa mise leis, 'an tusa nó mise díol na déirce. Beidh punt cruinnithe agatsa tráthnóna, ach dhá gcuirinnse mo shúile ar chipíní, ní bhéarfainn ar phunt in imeacht míosa.' Nach raibh an fhírinne agam?
TUILLEADH (5) ▼
Má tá tada le tabhairt uait agat, níl díol déirce ar bith sa tír is mó ná mé féin. Ná caith do sheantreabhsar ná do sheanbhróga ag aon cheannaí. Fónfaidh siad domsa. Agus aon phínneacha airgid a bheas ar sliobarna agat, cuimhnigh go bhfuil fear anseo ag béal an bhóthair a bhfuil scóig chomh spalptha aige agus a bhí ag S. G. an lá ar chaith sé go tráthnóna ag súimínteacht le aon phionta amháin cheal luach an darna ceann!
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia. Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …
'Sí an inín díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh ansin ar an trá thirim agus gan bonn spré le fáil aici. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearthára in araíocht a bpósta iad féin
Dheamhan duine thiar ansin nach díol déirce; greamaithe thuas ansin ar leiceann cnoic agus gan aon talamh in Éirinn is maolscreamhaí ná é. 'Siad is fhearr ar bith agus a bheith in ann maireachtáil a dhéanamh ann. Ach ar ndóigh níl siad ag déanamh aon mhaireachtáil ann
Bhailigh siad an phínn bheag agus an phínn mhór leo agus níor fhága siad bonn bán ag an deartháir. Tá sé ansiúd anois fágtha ar a thóin agus é ina dhíol déirce. Ní tada eile é
+
Ba díon déirce liom é a fháil — ba bhuí bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastaigh an rud sin go géar uaim. Mura dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtuga an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar dúinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad uair, ach anois ó tá a ghaisneas bainte aige as, agus é éirithe as an lathaigh, níl aon mheas aige air. Ar ndóigh, ar aon chor, dhíol sé an déirce ó chuaigh sé sa teach nua
TUILLEADH (5) ▼
Tháinig sé isteach anseo lá ag iarraidh bicycle lena dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaigh sé ansin agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon ghaoith a chur ann. Thug sé chuile dhrochúsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad, níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghlaim ar bith air siúd. Ar ndóigh dhá mbeadh, d'éireodh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith os cionn bóithrí — rud atá chuile scráibín sa tír a dhéanamh
Is díon déirce liom na "Meiriceánaigh" féin a fháil nuair a chinneas chuile sholáthar eile orm. Tá neart acu thartu freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneoidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistrí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na trua uathu
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil i chuile áit, agus go mba díon déirce leis bean ar bith a fháil sa deireadh, dhá mba iníon ceannaí reaigeannaí féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol brá gill air, le go mbeadh mná sna cosa in airde ina dhiaidh. Ach thug siad uileag fuath dhó hé brí cén fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóraíocht tí agus é ag cinnt air aon áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith os a chionn agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
3.
díbliú, ithe, liobairt, gearradh, sciolladh, íde, géaraíocht, maslú. diabhal b'fhéidir ach an fhuaim Mhuimhneach air?
+
Thug sé drochdhíol cainte orm — díbliú, géaraíocht, scamhailéireacht, maslú, íde
Thug sé chuile dhíol orm — chuile ainm thoir agus thiar; d'ionsaigh sé mé ar chuile chaoi a bhféadfadh sé
TUILLEADH (18) ▼
Is beag an ghnaithe a bheadh i Meiriceá aige, áit a dtabharfaí chuile dhíol in Éirinn air, mura ndéanadh sé obair thairis siúd. Sin é an áit a bhfuil na bossannaí francaithe
Níl aon díol in Éirinn nár thug an dochtúr ar a fear faoi nár chuir sé fios ní ba túisce air. 'Má fhaigheann sí bás anois,' adeir sé, 'bíodh a bás ortsa. Diúltaímse í ar fad.' Murach go ndeachaigh sé go bog agus go crua air, ní chuirfeadh sé láimh ar bith inti
Is drochbhodach é an sagart sin. Ní tada eile é. Téann sé i ngeallta críochnaithe le cruóig ola. Chuaigh mé siar aige an oíche a bhfuair B. — go ndéana Dia trócaire uirthi — bás. Bhí sé an-óg san oíche. Ba ar a chruachúis dó a bheith an naoi a chlog. Níl aon díol in Éirinn nár thug sé orm faoi nár tháinig mé níos túisce. 'Ní raibh aon ghair agam air,' adeirimse. 'A dhath féin ní raibh uirthi tráthnóna. Tinneas tobann é.' Ach níor chlaon sé ina dhiaidh sin
Dheamhan díol dhár chuala tú ariamh nár thug an máistir ar an gceann s'againne an lá cheana faoi nár thug sé aon mhóin ag an scoil fós. Ach dheamhan fód againn féin más é is measa dhúinn. Tá cás againn ann go deimhin — é féin agus a chuid móna!
Níl aon díol ariamh dhár thug tincéara ar a bhean nár thug sé seo thuas ar an gcliamhain an lá faoi dheireadh. Thug sé "gadaí na gcruach" agus "giolla na bhfaochan" agus chuile shórt air. Tá an brachán dóirte anois agus beith te te ann sílim
Tá buille sa mbéim ann fós cheapfainn agus an díol a chuala mé é a thabhairt ar na P. an oíche cheana a raibh mé thiar ann ag iarraidh iasacht oird. Bhí sé sínte sa gclúid agus gan smeámh ann nó gur caintíodh ar na P. Dhírigh sé aniar ansin, agus coinneal ann. A dheartháir mo chroí thú, d'áitigh air …
Má fhéachann tú le dhul isteach an tráth seo d'oíche, tá faitíos orm gur ag brú ar an doicheall a bheas tú. Ní thabharfaidh sé aon deoch duit ach tabharfaidh sé drochdhíol cainte ort. Mar sin, fan uaidh
Chuala mé go raibh C. Mh. agus bean Dh. in oighear an chochaill an lá faoi dheireadh. Bhí sé ina ropaireacht thar cionn acu chuala mé. Thug bean Dh. chuile dhíol uirthi. Níor fhág sí ceo ar bith seansíomálachaí dhá raibh ariamh ann nár chas sí léithe. Ina chéile dhóibh muis, agus ná raibh suaimhneas eatarthu!
Dhá gcloistheá é cupla bliain ó shin. Níl aon díol in Éirinn nach raibh sé a thabhairt ar de Valera i ngeall ar chupla díthreabhach de ghamhainín a bhí aige nach raibh dhá gceannacht. Anois níl aon fhear sa ruta seo is mó atá leis ná é an áit a bhfuil sé ag fáil cúig nó sé de leathchorónachaí clainne. Ná bac le duine ar bith a bheas chomh luathintinneach leis an ngaoith mar sin. Ní somhaoine ar bith é
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
Ní raibh ag duine ar bith a dhul ag éisteacht leis sin. Ag scamhailéireacht agus ag tabhairt chuile dhíol is measa ná a chéile ar na daoine: sin é a bhuac. Ach an té a thabharfas airde air is measa é ná é féin
Ní raibh aon sciolladóir ariamh anseo inchurtha síos lena máthair sin. Sagart a bhí anseo thiar — séiplíneach — ní chuimhním cén t-ainm a bhí air — fuair sé caidéis di faoi fhanacht ón aifreann. Ar ndóigh dheamhan díol in Éirinn nár thug sí air. B'fhearr leis an sagart as a dheireadh sílim nach gcuirfeadh sé chuici ná uaithi
Diúltaímid dóibh sin. Ná tarraing orainn aríst iad ó tá siad suaimhnithe. Shíl sé féin mise a mharú cheana le iarraidh chorrán, agus ar ndóigh dheamhan díol faoin domhan nár thug an bhean orainn. Bhíodh sí anseo amuigh chuile lá agus stiúir uirthi ag cur di. Ní thugadh muid aird ar bith uirthi. Nach raibh sé chomh maith dhúinn. An té a thabharfadh aird uirthi, dhéanfadh sí ceann chomh dona léithe féin dó
Má chastar liom é Dé Domhnaigh, tabharfaidh mé chuile dhíol air faoi nár thug sé agam an pisín cait a gheall sé dom. Tá an teach beo beithíoch le luchain. Ní fhágfaidh siad ní dhár dhealbh an ghrian istigh faoi chaolachaí an tí. Mura dtéitear rúb (rompu) go gairid
Níl cuntanós ar bith ag na cléireachaí dole sin d'aon duine. Thug mé páipéar isteach acu uair. Rug cléireach air. Bhreathnaigh sé air, ar éigean. Chaith sé uaidh é agus bhuail sé cic air. Thug sé chuile dhíol orm nuair nach dtáinig mé isteach aige an lá roimhe sin leis. Agus gan dlús ar bith leis an bpáipéar go ceann míosa dá dtograínn é!
Sin é a thug an díol air J. F. — íde, liobairt, drochdhíol cainte
Tugann sé an díol ar gach a gcasann leis
Siúd é atá in ann an díol a thabhairt ar dhuine. Fainicíodh chuile dhuine a theanga, mar go deimhin, níl sí ar fónamh

díol in iontrálacha eile (50+)

+
Ní raibh easpa ná earasbarr agam. Mo dhíol díreach a bhí ann. Nach baileach a thomhais mé anois cén t-éadach a theastódh uaim!
TUILLEADH (6) ▼
Is beag eile a bheadh d'earasbarr nuair a bheadh díol dúcháin eile againn
Tá mo dhíol agam agus tharasbarr
Nach beag an t-earasbarr a bhí agat nuair a bhain tú do dhíol fhéin as an síol!
Tá díol a fhreastail (d'airgead) aige, ach dheamhan farasbarr ar bith (níl pínn d'farasbarr aige)
Deir tú nach bhfuil do dhíol leasaithe agat. M'anam go bhfuil tharasbarr tharamsa agat
Ní raibh earasbarr ar bith ag mo chuid mucsa ar do chuid-se, ach bhí muca tite nuair a dhíol tusa iad. Murach sin, bhuailfeá amach mé
 
Deir siad go bhfuil sé leis an leoraí a dhíol aríst. A fhearacht siúd, ba bheag an ghnaithe a bhí aige dhó luath ná mall
 
Díol an feimíneach de ghamhain sin agat. Sin nó cuir fuafíonaigh ar dhrible an chuid eile. Níl iamh air ach dhá gcangailt
+
fios
Deirimse leatsa go bhfuil fios a ghnaithe aige siúd. Tá sé in ann uibheachaí a dhíol ar an margadh chomh maith le bean ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh a fhios ag aon duine céard a bhí agam ó dhíol mo fhreastail amach
 
focal
Tá sé i bhfocal agamsa le teacht ar páí agam an tseachtain seo chugainn. 'Sé díol an diabhail é má thugann sé uain d'aon duine eile. Ach tá an-sceanadh air. Ní féidir fir fánaí a fháil
 
Ná bac le na Gearmánaigh bochta anois. Tá a ndíol ar a n-aire agus iad foirgthe leis an ocras
 
folach 1
Is daor an ailím folach féin a cheannacht anois ní áirím mála. Deir siad go bhfuil málaí dhá ndíol i nGaillimh ar thrí is sé pínne
 
Ní fhéadfaí gan breith air. Nach raibh sé dhá dhíol rófhollasach! An fear nach bhfaca sé ariamh thabharfadh sé buidéal poitín dó chomh maith leis an té a mbeadh sé ina dhá chuid déag leis
 
Fraiseach mar sin a níos sé i gcónaí má dhíolann sé gamhain ná muic. Dhá mbeadh sé ina ridire, ní sheasfadh airgead leis
 
Thug mise a dhíol de fhreagra air. Ní hé an chéad duine aríst é a chuirfeas mí-aighneas ormsa
 
Nach friochanta atá an laoidín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claí. Má théann sé lena mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneáil anoir thar an gclaí sin ach oiread
 
Lig de do chuid frogaisí cainte anois! Tá ar ndíol dhi sin cloiste againn.
 
Tá ceart agaibh bhur ndíol den fholéimneach sin a bheith agaibh ó mhaidin. Ní thuirseodh an saol sibh
 
Tá mo dhíol agamsa. Seachain a bhfágfá thú fhéin ar deireadh
 
fág
Fág mo bhealach as sin. Níl mo dhíol bealaigh agam le dhul thart.
 
Chuirfeá J. Mh. amach i bhfáinne anois de bharr an airm. Deir sé nach bhfaigheadh sé leath a dhíol le n-ithe ann. Ba dhiabhaltaí an rampaire é shula ndeachaigh sé isteach
+
féar
Cén uair a bheas na muca sin le díol má fhágann Dia againn iad? Faoi Shamhain seo chugainn. Céard a thógfas na daoine idir dhá am … Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás
TUILLEADH (2) ▼
Tá moill ar mhóin shula mbeidh sí le díol. Faigheann na ba bás an fhad is a bhíos an féar ag fás. Mura dté an uair ar thriomach thairis seo, dheamhan fód móna a bheas in alt a díolta go bhfeice tú achar
Caithfidh mé a ndíol théis mo dhíchill ó tharla nach bhfuil féar tirim ná farae agam dóibh (beithígh)
 
Fuair sé na físeachaí faoin méid adúirt sé. Dheamhan leath cheart a bhí leis. Ní mise a bhí ina dhiaidh air ar chaoi ar bith. Tá a dhá dhíol fad ar a theanga ag an gceann céanna
 
fóir
Go bhfóire Dia ar an duine bocht. Is díol trua é
 
Níor fhága tú do dhíol de chaolóid ann — níor fhága tú do dhíol leithid sa gcaolóid.
 
'Sé díol an diabhail aon cheart a bhaint den charcair sin. Tá sé beo drochmhúinte, agus ar bheagán spleáchais le chuile dhuine.
 
I nDomhnach ba mhaith an díol de charraera an oiread a ithe leat, bail ó Dhia ort, agus dheamhan mórán dhá shlacht ort ina dhiaidh sin!
 
ceal 1
Tá chuile shórt ar fheabhas aige — díol rí má thograíonn sé. Níl de cheal air, ach ceal goile le caitheamh a chur ann, agus cé measa beirthe é, arsa tusa.
 
ceas
Shílfeá go dtiocfá le do dhíol (a ithe), agus gan craos mar sin a dhéanamh agus gan ceas a chur ort fhéin le n-íosfá.
 
Bhí duine againn ar chaon stuaicín agus beirt chinnirí ina cloigeann agus ba é díol an diabhail é dá mbeadh bromach capaill in ann rith ar an méid sin. (capall a cuireadh faoi charr den chéad uair)
 
Ní ghnídís sin buille maitheasa ar bith eile fadó ach ag caoladóireacht agus ag ciseadóireacht, agus ag díol chléibh agus ciseáin i nGaillimh.
 
clab
Tá a dhá dhíol le rá ag do chlab mór.
 
Díol cam ort, le áit do chláirseach de smugairle a chaitheamh, anuas ar ucht mo choise!
 
Dheamhan mórán díol trua í, má tá sí fhéin ag fáil cothromacan síne na huaire anois ó bhean a mic. Dheamhan leath an chirt a dhéanfadh sí léithe, dhá mhéad dhá ndéanadh sí uirthi, arae mharaigh sí fhéin an tseanbhean bhocht a fuair sí sa teach sin roimpi — máthair an fhir.
+
Do dhá dhíol cóipíse atá agat
TUILLEADH (1) ▼
Nach ábhailleach an peata thú! Tá do dhá dhíol cóipíse agat ar fad.
 
baile
Is gearr ó bhaile a chuaigh sé ag iarraidh mná. Níor fhága sé béal a dhorais fhéin. Ach deir siad pósadh ar an gcarn aoiligh, agus do bhó a dhíol i bhfad ó bhaile.
+
bannaí 1
'Sé an rud is luath (luar) liom beo, duine a iarraidh orm a dhul i mbannaí air faoi airgead. Ní bheadh a fhios agat nach thú fhéin a chaithfeadh díol (íoc) a dhéanamh i ndeireadh na cúise.
TUILLEADH (8) ▼
Má théann tú i mbannaí air sin, ort fhéin a bheas díol a dhéanamh as a dheireadh. Chuala tú an cleas a d'éirigh do Sh. Mh. cheana, go mb'éigean dó fiche punt a íoc istigh sa mbainc ar aon láimh amháin. Is mór an t-ionadh nach múinfeadh sin thú! Pléifidh sé siúd leat é má fhaigheann sé in t'amadán aige thú!
Shílfeá nach é an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é a scaoileadh amach ar bhannaí, ach ní raibh a dhíol fianaisí ina aghaidh le príosúntacht a chur air. (fonn — ní thagann aon chlaochmú tuisil ar an bhfocal seo sa gcéill seo le idirdhealú a dhéanamh idir é agus fonn = port: "níl mórán fonn air a dhul abhaile" ach "ag gabháil fhoinn".)
Má théann tú i mbannaí, déan díol (díolaíocht amantaí) (seanfhocal); má théann tú i mbannaí ar aon duine, níor dhóchaide beirthe é ná go mbrisfeadh sé an bannaí (más cúrsaí cúirte é), nó nach n-íocfadh sé an t-iasacht (más cúrsaí airgid airleacain é), agus chaithfeása íoc ina leaba ó bheifeá i mbannaí air.
Ar chuala tú ariamh é: má théann tú i mbannaí déan díol (ní cloistear an focal díol, díolaíocht (íoc) i nGaillimh ach i gcorrleagan righnithe mar seo — drochdhíolaí é, caithfidh tú díol a dhéanamh)
Chuala mise ariamh é, má théann tú i mbannaí déan díol, ach tá a fhios agam anois é.
Ní hé is ciontaí ach mise a chuaigh i mbannaí air. Ba chóra dhom a fhios a bheith agam, má théann duine i mbannaí go ndéanfaidh sé díol.
Má théann tú i mbannaí déan díol. Is minic adeireadh P. Mh. Mh., go ndéana Dia grásta air é, agus má deireadh fhéin, bhí údar aige. D'imir S. Ch. ar fhéin faoi airgead a ndeachaigh sé i mbannaí air sa mbainc babhta.
Tá a cheart de bhail anois air má chaitheann sé díol a dhéanamh faoi bheith i mbannaí ar an gcliamhain. Ach is beag a aireos sé é. Tá neart airgid aige.