Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dáimh
/dāv′/
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: dáimhe
uimhir iolra: dáimheannaí, dámhannaí
gaol nó cleamhnas: baint eicínt a bheith agat le dream eile de bharr gaoil nó cleamhnais; smearachán gaoil nó cleamhnais.
+
Tá dáimh eicínt ann
Tá dáimh ghaoil acu lena chéile
TUILLEADH (8) ▼
Tabhair faoi deara nach bhfuil dáimh eicínt acu le chéile más gaol nó cleamhnas é. Murach go bhfuil, ní iarrfadh sé ar an mbainis iad
Ara a dheartháir ó, tá beagán (roinnt, cosamar, smearachán, bruscar srl.) dáimhe ann. Col ceathar do m'athair a bhí pósta aige. Nach in é an fáth a mbíonn sé ag brú orm i gcónaí
Nach bhfuil dáimh ghaoil acu le chéile. Tuige nach mbeadh riu. Col seisearachaí iad
Tá dáimh aici sin le chuile dhuine sa tír más fíor di féin, ach 'sé gaol mhadadh Úna le madadh Áine é. Ar chuala tú ariamh é: "uisce fuar mo chreach agus gaol i bhfad amach". Sin é a fhearacht aici sin é
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
Nach iad an chuid eile dhíot fhéin iad sin: an cleite is fhearr in do hata. I nDomhnach tá na dáimheannaí ann, ach a gcomhaireamh
Níor thosaigh mé ag dul thríd na dáimheannaí céanna ariamh nach ngabhfaidís chun seachmaill orm. Níl a fhios agam anois cén col de dhá chol déag muid, agus is cuma sa tubaiste. Ní bhuachfaidh mise ná iadsan mórán air ar chaoi ar bith
Sin í an dáimh ghaoil nach fearrde mise mórán í. Deirimse leat má théimse ag iarraidh cloch mhine ar trust air ar maidin amárach, nach mórán maitheasa dhom a rá go bhfuil dáimh ghaoil agam leis
+
Is dual dáimhe dhó a bheith mar sin; is dual dáimhe agus muintire dhó a bheith mar sin — ní ón ngaoith a thug sé é; fáisceadh as sin é
Ha muise, is dual dáimhe agus daoine dhó a bheith drochmhúinte. Ar ndóigh dhá dtéadh sé le Clainn Mhac Chonfhaola, ní bheadh léamh ná inseacht scéil air
TUILLEADH (2) ▼
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor lig a máthair aon duine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
Dhá dtéadh sé le dáimh muis, mar sin a bhí aige a bheith. Ní raibh fear ar a chine nach raibh fabhtach
+
Níl gaol ná dáimh agam leo — gaol ar bith ná cleamhnas ach oiread
Is fada amach ó mo chaolánsa a gearradh é: níl gaol ná dáimh agam leis
TUILLEADH (4) ▼
Bíonn sí ag brú gaoil i gcónaí orthu faoi rá is gur daoine móra iad, ach dheamhan gaol ná dáimh ann
Is mó an ghairm atá aici sin don té nach bhfuil gaol ná dáimh aici leis ná lena muintir féin. Ach nuair a theastós rud eicínt uaithi, ní bhíonn aon leisce uirthi an gaol a mhaíochtáil mo léan!
Is fhearr dhuit an té nach bhfuil gaol ná dáimh agat leis ná a raibh de ghaolta ariamh agat. Níl aon duine sa tír nach bhfuil muintreach agamsa, ach ní thaobhóinn ceachtar acu lá an anó. Ba bheag an mhaith dhom é dhá dtaobhaínn féin
Deirimse leatsa nach bhfuil gaol ná dáimh acu le chéile. Tá dhá Dhónall i gCúige Uladh. Ní hé an duine céanna atá muid a rá chor ar bith
+
Níl gaol dáimhe na dúchais ann — níl gaol ná páirt ann; níl cosúlacht ar bith acu le chéile
Níl gaol dáimhe ná dúchais ann. Is beag an baol. Cá mbeadh sé?
TUILLEADH (4) ▼
Ní cheapfadh aon duine beo go mbeadh gaol dáimhe ná dúchais ag an mbeirt le chéile. Tá P. lách spridiúil, ach maidir leis an gceann eile, is creagaire críochnaithe é
Go deimhin níl gaol dáimhe ná dúchais ag J. le duine ar bith eile dhá bhfuil istigh ar an mbaile sin. Amhais de speireadóirí uilig iad ach é féin. Níor rugadh aon duine ariamh ar an mbaile sin nach mbeadh anam duine air — cosúlacht
Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an dá rud le chéile. Is féidir fear a chur amach as lóistín nó as seomra thíos i nGaillimh dhá mbeadh a chíos íoctha aige faoi chéad. Níl i lucht seomraí mar sin ach pailitéaraí. Ach má tá fear pósta agus clann air amuigh faoin tír, is deacair é a chur amach. Níl mé ag rá nach féidir é a chur amach, ach is deacair leis an Land Commission é a dhéanamh ina dhiaidh sin
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an government ná dream ar bith eile in ann tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéana na daoine fhéin é

Féach freisin

dáimh in iontrálacha eile (1)

 
Gaol dáimhe na dúchais (fc. dáimh)