fiacha
—ainmfhocal; sa bhfoirm iolra i gcónaí
1.
airgead a bhíos amuigh ort; airgead a bhíos dlite dhuit ó dhuine eile, nó ag an duine eile uaitse.
+–
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
Ba mhinic leis a bheith salach. Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, bainc srl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in ómós seachtain oibre
Tá fiacha air sin i chuile áit agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
+–
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha sa siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé báite (foirgthe le) i bhfiacha — go leor fiacha air
·
"Tóg a bhféadfaidh tú, íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" — tóg a bhféadfaidh tú ar cairde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás sa deireadh, agus beidh na fiacha maite ansin.
Tá fear na bhfiacha ag iarraidh a chuid féin — an cairdiúnach; an té a bhfuil an t-airgead ag dul dó
·
"Teagann an lá cairde agus ní mhaitear na fiacha" — bíonn an té atá salach i gcónaí ag súil go gcasfar luach na bhfiacha chuige nó mura gcastar, go maithfidh fear na bhfiacha dhó; is hoping against hope é; ní dhéanann sé fhéin ar ceart dhó le airgead na bhfiacha a sholáthar
Má tá cíos le n-íoc agaibh, b'fhearr a íoc as láimh, théis a ghéireacht agus a theastaíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cairde, adeir siad, agus ní mhaitear na fiacha
+–
"Ní bhriseann dea-ghlór fiacal agus tugann an fear sleamhain fiacha leis"; "tugann an fear sleamhain fiacha leis" — an fear atá spleách, agus fios a labhartha aige agus é glic, ritheann na fiacha leis; ní chuirtear i dteannta é faoi fhiacha mar a chuirfí duine eile
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan a ligfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
TUILLEADH (1) ▼
Ní saill gan fiacha é (fc. saill)
2.
·
Nár fheice Dia peiriacha ná fiacha ar m'anam — go raibh m'anam saor slán ar an lá deireanach
Féach freisin
→
fiach 2
fiacha in iontrálacha eile (29)
+
→
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois agus níl a fhios agam cén chaoi a n-íocfar iad — níl a fhios sin.
TUILLEADH (3) ▼
Caithfidh mé rud ar bith is breá leis a chaitheamh agam a ghlacadh faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cairde atá agam anois le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Ní íocfaidh a bhfuil istigh is amuigh aige a chuid fiacha.
Má thagann siad anuas air anois faoi na fiacha, fágfaidh siad in adhastar an anró ar fad é.
→
fabhall
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhabhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
→
folamh 2
Níl fiacha ná folamh air — tá sé glan; ní dhlíonn sé airgead d'aon duine; is fear é a bhfuil tarraingt a láimhe go maith aige
TUILLEADH (4) ▼
'Níl fiacha ná folamh ar an teach sin thíos,' adeir sí. 'Tá sé sin chomh glan leis an gcriostal.' A Dhia láidir nach aici atá na floscaí! Agus nach bhfuil aon duine sa tír nach bhfuil rud aige uirthi
Shílfeá nár cheart go mbeadh fiacha ná folamh air sin agus a bhfuil de shlí airgid aige. Más mar sin atá sé sin, is diachta do dhuine ar bith eile a bheith in ann aon phínn a íoc
Bhí fiacha agus folamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomaí mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith in ann a rá inniu go ndlím pínn rua dhó
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus folamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal
+
→
fiach 2
Da mba é an lá é a mbeidh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach (lá an-te, an-bhrothallach), beidh an cochall thuas aige. Is diabhlaí go seasann sé leis
TUILLEADH (1) ▼
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sióig é. Chaithfeadh sé gurb ea
→
fuascail
Dhá bhfaigheadh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraingt agus gan bacadh le aon duine eile
Is dea-dhíolaí é anois le gairid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí anseo thoir roimhe chuile uair dhá dtéadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
→
dealaigh
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealaithe leis agus fiacha fágtha ina dhiaidh aige i chuile áit ar fud an D. Chuile dheoir óil dár thóg sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tútach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach den tsórt sin a fhágáil ina dhiaidh
→
diachta
Is diachta (iontach) nár thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó chuaigh sí i gcleithiúnas a dhul ag déanamh flaisc chomh mór sin. M'anam go mba chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithi théis a cuid a ithe agus a ól
An bhfuil a fhios agat cén chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailí le aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aici féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aici a d'iompródh Gaillimh aon tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
→
dligh
Má bhí sé gan na fiacha a dhlíochtáil, bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-ionadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon chaidéis air fúthu, murach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar acu aon phínn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orthu: bhí gnaoi na ndaoine orthu
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'ordaigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Muran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise sa gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fianaisí (fianaise) agamsa
Bhí dliteanais air i chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile sa mullach air sa deireadh agus chantáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na háite. Is dona an rud an iomarca a ligean suas nuair nach mbíonn slí ag duine lena íoc
Ba drochdhíolaí a bhí san athair. Bhíodh próiseannaí ag teacht chuile lá aige de bharr fiacha ar fud na Gaillimhe. Chinn orthu aon cheo a bhaint dó ina dhiaidh sin. Ach nuair a d'éirigh an áit leis an mac, ghlan sé a raibh d'fhiacha ann. Dheamhan call a bheadh dó aon phínn a íoc go brách, mar ní raibh siad ag súil leis, bhí an t-airgead chomh fada sin amuigh. Ach d'íoc sé chuile phínn amháin: i gcruthúnas duit ina dhiaidh sin gur fearr seanfhiacha ná seanfhala
→
droim
Ar chuala tú ariamh é, an rud a chruinníos duine ar dhroim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leathchóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoilsiú air ar chaoi eicínt agus a liachtaí pínn cham a bhain sé amach sa siopa sin ariamh. Ní raibh aon chneámhaire gan chrochadh ach é sin. Nár chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. ansin thiar fiacha a íoc faoi dhó
→
déileáil
Déileáil dona a dhéanfas an díthreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirthi. Fágann sí fiacha ina diaidh i chuile áit
→
díleá
'Sé an díleá sin, mar a d'inis mé dhuit, a chuir de dhroim tí é. Bhí sé fánach aige aon chúis a dhéanamh. B'éigean dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag ansin aige ar feadh scaithimh, ach níor éirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóg más beag mór a bhí aige ann in ómós fiacha. Fuair sé bás sa bpoorhouse faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh)
Ní chuireann J. dlús ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaíocht nuair a bheas sé agat. Ach is deacair do dhuine ar bith ligean leat mura gcaithe tú rud eicínt aige corruair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choíchin ort má choinníonn tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásaíonn tada cuid de na daoine ach nuair a bhíos an t-airleacan caite acu i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céanna a thógáil ann