Fiacha
—Ainmfhocal; san bhfuirm Iolraidh i gcomhnaí
1.
airgead a bhíos amuigh ort; airgead a bhíos dlite dhuit ó dhuine eile, nó ag an duine eile uaitse.
+–
Dhá mba fiacha dlisteanacha (glisteanacha) iad d'íocfainn iad
Ba mhinic leis a bheith "salach". Níorbh fhéidir fiacha a bhaint dó ariamh
TUILLEADH (3) ▼
Tá go leor fiacha amuigh aige (siopadóir, beainc agus rl.)
Mhaith sé na fiacha dhó in omós seachtain oibre
Tá fiacha air sin is chuile áit, agus ní féidir pínn ar bith a bhaint dó
+–
Tá sé i bhfiacha
Tá muid i bhfiacha san siopa (le fear an tsiopa, do fhear an tsiopa)
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé báite (foirgthe le) i bhfiacha = go leór fiacha air.
·
"Tóig a bhféadfaidh tú; íoc a bhféadfaidh tú: gheobhaidh tú féin nó fear na bhfiacha bás faoi dheireadh" = tóig a bhféadfaidh tú ar cáirde; gheobhaidh tú fhéin nó an fear a bhfuil an t-airgead ag dul dó bás san deireadh, agus beidh na fiacha maite annsin.
Tá fear na bhfiacha ag iarraidh a chuid féin = an cáirdiúnach; an té a bhfuil an t-airgead ag dul dó
·
"Teagann an lá cáirde agus ní mhaitear na fiacha" = bíonn an té atá salach i gcomhnaí ag súil go gcasfar luach na bhfiacha chuige nó mara gcastar, go maithfidh fear na bhfiacha dhó; is "hoping against hope" é; ní dhéanann sé fhéin ar ceart dhó le airgead na bhfiacha a sholáthar
Má tá cíos len íoc agaibh b'fhearr a íoc as láimh, th'éis a ghéireacht agus a theastuíos an t-airgead le haghaidh rudaí eile. Ach teagann an lá cáirde adeir siad agus ní mhaitear na fiacha
+–
"Ní bhriseann deagh-ghlór fiacal, agus tugann an fear sleamhain fiacha leis"; "tugann an fear sleamhain fiacha leis" = an fear atá spleách, agus fios a labharha aige, agus é glic, ritheann na fiacha leis; ní chuirtear i dteannta é faoi fhiacha mar a chuirfí duine eile
Dhá mbeadh fiacha mar sin ar dhaoine eile, dheamhan an leigfeadh an náire dhóibh a gceann a chur in aon-áit. Ach dheamhan a dhath cáis air siúd. Bladaire maith é. Ó, deir siad é, go dtugann an fear sleamhain fiacha leis.
TUILLEADH (1) ▼
Ní saill gan fiacha é (fc. saill)
2.
·
Nar fheice Dia piorfhiacha ná fiacha ar m'anam = go raibh m'anam saor slán ar an lá deireannach
Féach freisin
→
fiach 2
Fiacha in iontrálacha eile (33)
+
→
amuigh
Tá go leor fiacha amuigh ag lucht siopaí anois, agus níl fhios agham cé'n chaoi a n-íoc(f)ár iad — níl fhios sin.
TUILLEADH (3) ▼
Caithfe mé rud a' bith is breagh leis a chaith(eamh) agham a ghlacadh, faoi go bhfuil fiacha amuigh orm ann.
Sin é an lá cáirde atá agam anois, le na fiacha atá amuigh orm a íoc.
Ní íocfa a bhfuil istigh a's amuigh aige, a chuid fiacha.
→
anó
Níorbh fhiú dhom a dhul a' fiacha air, agus a' t-anshógh atá air = níorbh fhiú dom mo láimh a thógáil aige, faoi rádh's éalang a bheith air.
Má thagann siad anuas air anois, faoi na fiacha, fágfa siad in adhastar an anró ar fad é.
→
fabhall
Tá muid caillte amuigh ar an gcriathrach siúd agus gan d'fhámhall againn ann ach bruach portaigh. Chaillfeadh sé na fiacha dubha, chaillfeadh sin
+
→
folamh 2
Níl fiacha ná falamh air = tá sé glan; ní dhlíonn sé airgead d'aonduine; is fear é a bhfuil tarraint a láimhe go maith aige
TUILLEADH (4) ▼
"Níl fiacha ná falamh ar an teach sin thíos" adeir sí. "Tá sé sin cho glan leis an gcriostal." A Dhia láidir nach aice atá na floscaí! Agus nach bhfuil aonduine san tír nach bhfuil rud aige uirre
Shílfeá nachar cheart go mbeadh fiacha ná falamh air sin, agus a bhfuil de shlí airgid aige. Más mar sin atá sé sin, is diachta do dhuine ar bith eile a bheith indon aon-phínn a íoc
Bhí fiacha agus falamh orm an uair sin, agus gan pínn istigh ná amuigh agam. Is iomdha mo leithide eile a ghabhfadh agus a dhíolfadh an áit, agus glanadh leis. Ach d'fhan mé ag strapadóireacht liom. Míle buíochas le Dia, níl fear ar bith indon a rá inniu go ndlím pínn ruadh dhó
Diabhal neart aige air. Tá fiacha agus falamh air. Céard a fhéadfas a leithide a dhéanamh? An té atá saor caitheadh sé cloch. Sin é an chaoi le chuile dhuine: thíos seal agus thuas seal
→
ionsaigh
Dhá n-ionnsuigheadh sé duine ar bith ach an té a d'ionnsuighe sé — créatúr bocht narbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiacha air = ní chuirfeadh duine ar bith aon-araoid ar an té a d'ionnsuigh [sé], mar bhí sé ro-lag nó ro-chlaoidhte nó ro-shean agus níorbh fhiú bacadh leis.
+
→
fiach 2
Da mba é an lá é a mbeidh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach (lá an- te, an-bhróllach), beidh an cochall thuas aige. Is diabhlaí go seasann sé leis
TUILLEADH (1) ▼
An lá a mbeadh na fiacha dubha ag cur a dteanga amach, ní iarrfadh sé corraí ón splainnc. Ní duine ceart chor ar bith é. Síogaí nó sídheóig é. Chaithfeadh sé gurb ea
→
fuascail
Dhá bhfádh sé duine eicínt a d'fhuasclódh as na fiacha é bheadh leis! M'anamsa go bhfuil a cheart go maith le déanamh ag chuile dhuine agus a bheart fhéin a tharraint agus gan bacadh le aonduine eile
Is deagh-dhíolaidhe é anois le goirid. Fadó ní íocfadh sé tada. Bhíodh a raibh de lucht siopaí annseo thoir roimhe 'chuile uair dhá dteigheadh sé soir ag fuagairt fiacha air, ach ba bheag an mhaith dóibh sin.
→
dealaigh
Ar chuala tú faoi Sh. Tá sé dealuighthe leis agus fiacha fágtha in a dhiaidh aige is 'chuile áit ar fud an D. 'Chuile dheoir óil dár thóig sé, níor íoc sé sciúrtóg dhó (dhe). Nach diabhaltaí tuatach an mhaise dhó lascadh leis mar sin agus ualach de'n tsórt sin a fhágáil in a dhiaidh
→
diachta
Is diachta (iongantach) nar thug sí an dochtúr agus an sagart ann freisin ó 'chuaidh sí i gcleitheamhnas a dhul ag déanamh flaisc cho mór sin. M'anam go mbadh chóra di go mór a dhul agus a cuid fiacha a íoc ná an tír a bheith ag magadh fúithe th'éis a cuid a ithe agus a ól
'Bhfuil a fhios agad cé'n chaoi ar chaith mé an lá: ag dul ag dlaoithiú sailighe l'aghaidh ciseáin. Tá rud beag seifte aice féin, agus dheamhan a dhath de chiseán aice a d'iomchróchadh Gaillimh aon-tSatharn beo é. Deir siad go bhfuil ciseáin dhá ndíol i nGaillimh, ach mo chreach mhaidne, ní saill gan fiacha iad sin
→
dligh
Má bhí sé gan na fiacha a dhligheachtáil bhí an ceart aige gan a n-íoc, ach is mór an t-iongnadh liom go gcuirfeadh S. Bh. aon-chaidéis air fútha, marach go raibh. Is duine cneasta é S. Bh. agus a athair roimhe. Níor bhain ceachtar aca aon-phighinn cham amach ariamh. Bhí a shliocht orra: bhí gnaoi na ndaoine orra
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'orduigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Maran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise ins an gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fiaidhnisí (fiadhnuise) agamsa
Bhí dlighteanais air is 'chuile áit agus ní raibh sé ag íoc tada. Tháinig siad fré chéile ins an mullach air ins an deire agus chandáil siad an áit. Ach níor thada ar na fiacha luach na h-áite. Is dona an rud an iomarca a leigean suas an uair nach mbíonn slighe ag duine len a íoc
Ba droch-dhíolaidhe a bhí ins an athair. Bhíodh próiseannaí ag teacht 'chuile lá aige de bharr fiacha ar fud na G. Chinn orra aon-cheo a bhaint dó in a dheidh sin. Ach an uair a d'eirigh an áit leis an mac, ghlan sé a raibh d'fhiacha ann. Dheamhan call a bheadh dó aon-phighinn a íoc go bráth, mar ní raibh siad ag súil leis, bhí an t-airgead cho fada sin amuigh. Ach d'íoc sé 'chuile phighinn amháin: i gcruthamhnas duit in a dheidh sin gur fearr sean-fhiacha ná sean-fhala
→
droim
Ar chuala tú ariamh é an rud a chruinnigheas duine ar dhruim an diabhail, caitheann sé ar a bholg é. Sin é a fhearacht ag J. anois é. Ní hé leath-chóir Dé é go bhfuil an mac ag ól mar atá sé. Chaithfeadh Dia é féin a fhoillsiú air, ar chaoi eicínt, agus a liachtaí pighinn cham a bhain sé amach ins an siopa sin ariamh. Ní raibh aon-chneamhaire gan chrochadh ach é sin. Nachar chuir sé faoi ndeara do D. Bh. N. annsin thiar fiacha a íoc faoi dhó
→
déileáil
Déileáil dona a dhéanfas an dithreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirre. Fágann sí fiacha in a diaidh is 'chuile áit
→
díleá
'Sé an díleághadh sin mar d'innis mé dhuit, a chuir de dhruim tighe é. Bhí sé fánach aige aon-chúis a dhéanamh. B'éigin dó an teach agus an talamh a dhíol agus a dhul síos go G. Bhí sórt sipín beag annsin aige ar feadh scathamh, ach níor eirigh sin leis ach an oiread. Tháinig an sirriam air agus thóig má's beag mór a bhí aige ann, in ómós fiacha. Fuair sé bás ins an "bpoorhouse" faoi dheire agus faoi dhó (dheoidh)
Ní chuireann J. dlúthas ar bith le fiacha, má ghníonn tú díolaidheacht an uair a bhéas sé agad. Ach is deacair do dhuine ar bith leigean leat mara gcaithidh tú rud eicínt aige corr-uair. Diabhal caidéis a chuirfeas sé choidhchin ort má choinnigheann tú bainte dhó (dhe) chor ar bith. Ach ní shásuigheann tada cuid de na daoine ach an uair a bhíos an t-áirleacan caithte aca i siopa, a dhul go dtí siopa eile agus an sos céadna a thógáil ann