Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fliuchán
fuaim: fleoch
ainmfhocal
báisteach, uisce, taiseacht, brádán, aimsir bháistí.
a.
+
Cén chiall go ngabhfá amach sa bhfliuchán (sa mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní somhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach anseo in aice chúnta Dé
TUILLEADH (9) ▼
Is mór an fliuchán a chaith sé ó mhaidin
Is mór an fliuchán é — drochlá báistí
Bhí an-fhliuchán ann anuraidh — chaith sé go leor báistí
Ní iarrfadh na daoine fliuchán anois go mbeadh an féar craptha
Fliuchán! Tabhair fliuchán air! Chuile lá i mbéal a chéile fliuch
Teara isteach ón bhfliuchán — duine ina sheasamh amuigh nó ag obair faoi bháistigh
Tá an fliuchán ag imeacht
Mura dté sé ar fhliuchán anois i lár an fhómhair thall!
Is gearr uaidh fliuchán
b.
+
Is dona a théas fliuchán domsa — báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh sa gcladach, sa sliabh srl.
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leor báistí srl.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc — má fhaigheann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh srl. air
Is mairg a gheobhadh fliuchán dhá bhféadadh sé chor ar bith é
Ní drochfhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon dochar d'aon duine ariamh adeir siad
Níl aon fhliuchán ar an móin théis an tuile a chaith sé — níl sí fliuch in athuair
c.
+
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán — go leor uisce, locháin srl. ar bhóthar
Níl aon fhliuchán ar an mbóthar de bharr na hoíche caitheadh sé báisteach nó ná caitheadh
TUILLEADH (1) ▼
Céard a chuir an fliuchán sin ar an urlár — lochán uisce: uisce

fliuchán in iontrálacha eile (23)

+
Tá an-fhaitíos aige (air) roimh fhliuchán — cuireann sé faitíos air go bhfaigheadh sé fliuchán
TUILLEADH (1) ▼
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin — ar fhaitíos go bhfliuchfaí é
 
Is diabhlaí an uair í le fearthainn agus le fliuchán — gála agus báisteach
 
Tá na caoirigh fré chéile ag ceisneamh le pochán, murab é an fliuchán atá dhá dhéanamh orthu.
 
Tá mé in mo chiseach le fliuchán. Níl snáth thuas ar mo chraiceann nach bhfuil bog báite.
 
Tá sé crua cuisneach, agus gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán — tá sé cruachúiseach righin, agus ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
 
Is suarach an t-ionadh é a bheith buailte suas agus a bhfuair sé de fhliuchán agus de chruatan ariamh. An té a gheobhas an fliuchán tiocfaidh sé roimhe uair eicínt, luath nó mall.
 
Chuir sé an chéad ruaig dhe, ach de bharr an fhliucháin a fuair sé lá an aonaigh, tá sé buailte síos aríst
 
aire
Ní thugann sé aire ar bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcónaí.
 
áirge
Is dona an áirge do dhuine a bheith amuigh faoi fhliuchán mar sin chuile ré solais.
 
ana
Is gearr gur ceart dó ana triomaigh a thabhairt uaidh anois, muran leis leanacht don fhliuchán go deo (déarfaí seo am ar bith den bhliain)
 
fiach 2
Is fear é Seán atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Go deimhin is furasta a aithinte air é. Tá dath an bháis air. Níor ól sé aon deoir bhainne sláinte ón lá údaí a bhfuair sé an fliuchán mór ar an bportach
 
An té a bhfuil fíriúlacht mar is ceart ann, ní ligfidh sé an lá mór fhéin thairis. Beidh súnás air i gcónaí. Ach is beag an tsomhaoine do dhuine an iomarca fliucháin a thabhairt dhó fhéin. M'anam go mbainfidh an fliuchán a chuid féin as duine
 
Má fhaigheann tusa fliuchán agus amlú íocfaidh tú deachma na sláinte luath nó mall. Bí chomh siúráilte dhó (dhe) sin agus atá grian ar aer.
 
dearg 2
Ní dheargóidh an smután sin anocht. Is beag an baol air. Tá an iomarca fliucháin faighte aige
 
Thug sé guth orm nach ndeachaigh mé a chúnamh dhó ab ea! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na hoíche aréir Pádraic a ligean leis, ach m'anamsa nach (nár) ligeas, ná dheamhan ligean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an sláimín féir atá agam féin caite ansin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amlua. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin ansin agus a dhul in éindí leosan go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
 
dona
Is dona é an fliuchán ag duine, dhá bhféadadh sé fanacht uaidh
 
dubh- 5
Tá dubhacmhainn aige ar fhuacht agus ar fhliuchán
 
déan 1
Mura gcuire tú an bicycle sin isteach ón bhfliuchán déanfaidh sé lobhadh ar fad
 
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaíocht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon bheann aige ar an drochlá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thabharfas fliuchán agus amlua dó féin le siléig, is beag an scéal é, hé brí céard a éireos dó
 
dóigh 3
Dar príosta, is suarach an t-ionadh na barrannaí a bheith dóite agus an t-achar atá sé ó fuair siad aon bhraon báistí. Feicim an seanchur atá ansin thoir agam ag seargadh. Níl an cur óg leath chomh buailte leis, ach tá a bhfuil de chur óg agam i ngeadáin ghleannacha, agus bheadh a bheagán nó a mhórán fliucháin aige
 
Chuaigh sé chun fliucháin an t-am seo anuraidh. Neartaigh an toirneach leis
 
Tá an tráthnóna ag dul i bhfliuchán (chun fliucháin)