Fliuchán
—fleoch fuaim
—Ainmfhocal
—
báisteach, uisce, taiseacht, brádán, aimsir bháistí.
a.
+–
Cén chiall go ngabhfá amach san bhfliuchán (san mbáistigh). M'anam gurb ort atá an macnas!
Fan istigh as an bhfliuchán! Ní samhaoin ar bith do dhuine é fhéin a chailleadh. Tiocfaidh neart laethanta breá amach annseo in aice chúnta Dé
TUILLEADH (9) ▼
Is mór an fliuchán a chaith sé ó mhaidin
Is mór an fliuchán é = droch-lá báistí
Bhí an-fhliuchán ann anuiridh = chaith sé go leór báistí
Ní iarrfadh na daoine fliuchán anois go mbeadh an féar crapha
Fliuchán! Tabhair fliuchán air! Chuile lá i mbéal a chéile fliuch
Teara isteach ón bhfliuchán = duine in a sheasamh amuigh, nó ag obair faoi bháistigh
Tá an fliuchán ag imeacht
Mara dteighe sé ar fhliuchán anois i lár an Fhómhair thall!
Is gearr uaidh fliuchán
b.
+–
Is dona a theigheas fliuchán domsa = báisteach, nó mo chosa a fhliuchadh san gcladach, san sliabh etc.
Fuair sé sin neart an fhliucháin (go leór báistí etc.) roimhe seo, agus anois atá sé ag dul roimhe
TUILLEADH (4) ▼
Caithfidh an fliuchán a chuid fhéin a fháil. Deir siad nach mór deachma na sláinte a íoc = má fhaghann duine fliuchán, beidh slaghdán, tinneas cnámh etc. air
Is mairg a gheobhadh fliuchán dhá bhféadadh sé chor ar bith é
Ní droch-fhliuchán ar bith é fliuchán farraige. Ní dhearna an sáile aon-dochar d'aon-duine ariamh adeir siad
Níl aon-fhliuchán ar an móin th'éis an tuile a chaith sé = níl sí fliuch in ath-uair
c.
+–
Tá an bealach sin thar a bheith go dona le fliuchán = go leór uisce, locháin etc. ar bhóthar
Níl aon-fhliuchán ar an mbóthar de bharr na hoíche caitheadh sé báisteach nó ná caitheadh
TUILLEADH (1) ▼
Céard a chuir an fliuchán sin ar an urlár = lochán uisce: uisce.
Fliuchán in iontrálacha eile (23)
+
→
faitíos
Tá an-fhaitíos aige (air) roimh fhliuchán = cuireann sé faitíos air go bhfuigheadh sé fliuchán
TUILLEADH (1) ▼
Ní chorródh sé amach faitíos fliucháin (ar fhaitíos go bhfliuchfaí é)
Tá na caoirigh fré chéile a' ceisniú le pochán, marab é an fliuchán atá dhá dheanamh orru.
→
ciseach
Tá mé in mo chiseach le fliuchán. Níl snáth thuas ar mo chraiceann nach bhfuil bog, báithte.
Tá sé cruadh cuisneach, a's gan beann aige ar fhuacht ná ar fhliuchán = tá sé cruadhchúiseach roighin, a's ní miste leis faoi fhuacht ná faoi bháistigh.
Is suarach a' t-iongnadh é 'bheith buailte suas, a's a bhfuair sé de fhliuchán, a's de chruadhtan ariamh. An té a gheobhfas a' fliuchán tiocfa sé roimhe uair eicínt, luath nó mall.
Chuir sé an chéad ruaig dhe, ach de bharr an fhliucháin a fuair sé lá an aonaigh, tá sé buailte síos aríst.
→
aire
Ní thugann sé aire 'bith dhó fhéin. Bíonn sé amuigh faoi fhuacht agus faoi fhliuchán i gcomhnuidhe.
→
ana
Is gearr gur ceart dó anna trioma(igh) a thabhairt uaidh anois, maran leis leanacht do'n fhliuchán go deo (déarfaidhe seo am ar bith de'n bhliadhain).
→
fiach 2
Is fear é Seán atá ar an leabhar ag an bhfiach dubh. Go deimhin is furasta aithinte air é. Tá dath an bháis air. Níor ól sé aon-deóir bhainne sláinte ón lá údaí a bhfuair sé an fliuchán mór ar an bportach
An té a bhfuil fíriúlacht mar is ceart ann, ní leigfidh sé an lá mór fhéin thairis. Beidh súnás air i gcomhnaí. Ach is beag an tsamhaoine do dhuine an iomarca fliucháin a thabhairt dhó fhéin. M'anam go mbainfidh an fliuchán a chuid féin as duine
→
deachma
Má fhaghann tusa fliuchán agus amlú íocfaidh tú deachma na sláinte luath nó mall. Bí cho siúráilte dhó (dhe) sin agus atá grian ar aer.
→
dearg 2
Ní dheargóidh an smután sin anocht. Is beag an baol air. Tá an iomarca fliucháin faighte aige
Thug sé guth orm nach ndeachaidh mé a chongnamh dhó ab eadh! Nach raibh sé ag dilleoireacht liom ar feadh na h-oíche aréir Pádraic a leigean leis, ach m'anamsa nach (nachar) leigeas, ná dheamhan leigean. Is dona na gnaithí a bheadh orm, agus an slaimín féir atá agam féin caithte annsin thoir fós faoi fhliuchán agus faoi amluadha. Níor mhór le cuid de na daoine dá bhfágthá do chuid oibre fhéin annsin agus a dhul in éindigh leo-san go mbeadh a gcuid oibre féin réidh
→
dóigh 1
Ní maith an dóigh d'fhear ar bith a shláinte a chailleadh le fánaidheacht mar sin. Is mór adéarfá le duine a bheadh antlásach agus nach mbeadh aon-bheann aige ar an droch-lá, ach dheamhan neart a bhíos aige air go minic. Ach an té a thiubharfas fliuchán agus amluadh dó féin le siléig is beag an scéal é, hébrí céard a eireochas dó
→
dóigh 3
Dar príosta, is suarach an t-iongnadh na barrannaí a bheith dóighte agus an t-achar atá sé ó a fuair siad aon-bhraon báistighe. Feicim an sean-chur atá annsin thoir agam ag seargadh. Níl an cur óg leath cho buailte leis, ach tá a bhfuil de chur óg agam i ngiodáin ghleannacha, agus bheadh a bheagán nó a mhórán fliucháin aige