Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fág amach
+
Ní fhágann sé amach an teach chor ar bith anois
Níor fhága sé amach an áit seo ó thit oíche aréir.
TUILLEADH (2) ▼
Is deacair domsa aon eolas a bheith agam, fear nár fhága amach an baile ariamh
Fágfaidh tú amach an teach seo go beo, nó beidh aiféala ort.

fág amach in iontrálacha eile (50+)

 
Fág an cheirt sin d'earasbarr ar an snáth nó go bhfeice tú leat. B'fhéidir go bhfónfadh sí amach anseo
 
Bhain sí an drioball den mhadadh amach ón dúid. Níor fhága sí feimín ar bith air
 
Ní iarrfadh sé go deo ach ag deismínteacht timpeall tí mar sin. Tá sé an-stuama ceart go leor, ach caitheann sé a shaol ag cipiléireacht agus ag déanamh rudaí nach mbíonn call ar bith leo. Rinne sé teach nua cupla bliain ó shin agus chuir sé an oiread freigisí istigh ann agus nach raibh an oiread áite fágtha aige ann sa deireadh agus go suífeadh sé síos! B'éigean dó tosaí dhá mbriseadh agus dhá gcaitheamh amach aríst ar ais
 
D'fhága an misinéara i gcionn an phoitín sa gcúlteach é an lá sin. Thar éis an aifrinn thug siad amach é nó gur chur siad thrí lasadh é. Ach bhí mo dhuine ar meisce lá arna mhárach. Nuair a fiafraíodh dhe cá bhfuair sé é, séard adúirt sé: 'an té a chruthaigh neamh agus talamh níor fhága sé é fhéin ar deireadh.' Ba in é an fear agat le fágáil i gcionn poitín!
 
fág i
Níor fhága tú dual ná slis dhó (dhe) amach (fc. dual)
+
fág
Fág seo amach go fóilleach. Tá gnaithe agam dhíot
TUILLEADH (5) ▼
Fág seo amach anseo go beo! Is righin thú
Fág seo amach anseo leat a chodaí asail! Go on! Fág seo adeirim! Go on will you! Fág seo go beo!
Níor fhága an phian sin mo chrioslaigh ó shin. Tá sí smeartha amach ar fud mo chnámh ar fad anois
Má shíleann tú go bhfuil doicheall romhat a dheartháir mo chroí, sin é amach an bealach agat. 'Sé an chaoi a bhfuil sé againne anseo: an té ar cúng leis fágadh. Níl buairthín bara againn ar aon duine
Leag sé amach feaigs Mheiriceá chugam agus ní raibh ann ach "tóg iad nó fág iad"
 
Spreangaide fhágtha de bhean í. Tá sí caolaithe ar fad. Ghabhfadh sí amach thrí chró snáthaide
 
Ní raibh de sholas againn le theacht amach as ach solas fáideoige. Diabhal a mbeadh de chailleadh uirthi sin fhéin ach nach raibh aon deoir ola mhór againn le cur uirthi. Sin é a d'fhága inár mbambairne muid
 
Ní fhágann an chaolóid riabhach an chuach chor ar bith, ach dhá tíolacan, agus ag soláthar di. Níl a fhios agam féin an ndéanann sí imirce léithe amach faoi na tíre (tíortha, tíríochaí) coimhthíocha nó nach ndéanann. Feictear dhom nach bhfaca mé ariamh í, ach nuair a bheadh an chuach ann.
 
cleite
Dheamhan mac an éin a d'fhága sé sa teach,nár chaith sé amach idir chorp chleite is sciathán. 'Sé nach raibh i bhfad ag bánú an tí.
 
Ní den ál an sicín ghliadhbhuí sin chor ar bith. 'Sé an chaoi ar casadh ina héan cuideáin ar an tsráid í scaitheamh théis an chuid eile a ligean amach. Chuir muid tuairisc le chuile theach ar an mbaile, agus dheamhan duine ar bith a tháinig ina coinne. I nDomhnach, d'fhága mise ansin í nuair nár chuir aon duine bonn uirthi.
 
Is diachta dhuitse céithireacht ná casacht a bheith ort — duine nár fhága an splainc (splanc) le seachtain. Is maith an chiall ag daoine é, a mb'éigean dóibh a dhul amach faoi dhoininn agus faoi dheallradh le seachtain. Tá ceart acub an slaghdán a bheith orthub ar chuma ar bith.
 
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
 
Níl a fhios agatsa anois, le na hiomrachaí sin a tharraingt amach as a n-íochtar. Fágtar crúbáin ansin, agus ní mó ná mé fhéin atá in ann a dhéanta.
 
beo 1
Má fhaigheann an máistir amach orainn é, ní fhágfaidh sé iall bheo ionainn. Ach ní bhfaighidh, mura n-insí aon duine de na gasúir bheaga dhó é.
 
bocht 1
Ba bocht an lá di an lá ar fhága sí an baile amach, ach cén neart a bhí aici air?
 
bruach
Fág na bruachannaí mar sin go bhfaighe tú aimsir chóiriúil. B'fhearr dhuit a dhul ag cur amach fheamainne inniu.
+
amach
'Sé an fonn amach a d'fhága an bhail sin ort.
TUILLEADH (2) ▼
Fan amach uaidh siúd nó fágfaidh sé éalang ort.
Tá teacht isteach maith aige, ach cár fhága tú an dola amach atá air?
 
Tá mná an bhaile buailte amach aici le olc is gadhraíocht ach cá bhfágfadh sí é!
+
Tháinig cur amach orm agus níor fhága mé aon cheo in mo phutóig nár chuir mé aisti.
TUILLEADH (1) ▼
Fág ansin iad go ndéana siad tuilleadh cur amach.
 
Níor fhága sé an focal fhéin nár lig sé amach — an cabaire.
+
D'fhága an éirí amach an méid sin anois ort — do chois a bheith gortaithe.
TUILLEADH (1) ▼
Ba tútach an éirí amach í. Níor fiafraíodh dhínn an raibh béal orainn ó chuaigh muid isteach sa teach gur fhága muid aríst í, agus dheamhan féachaint siar a rinne sí fhéin orainn.
 
anam
M'anam ná raibh ag an diabhal, mura dté tú amach in éadan do ghnaithe agus nach bhfágfaidh mé cnáimh in do chorp gan bhriseadh.
 
Dheamhan filleadh ná feacadh a rinne J. ach a raibh d'airgead ar an gclár a fhostú agus ligean leis fhéin amach. D'fhága sé an dream istigh gan pínn gan bonn
 
Chuir sé tairne ar a fhaobhar aníos thríd an gcathaoir. Níor fhága sé liobar leathair ná fíonnaigh ar thóin N.: ón oíche sin amach níor lig N. aon lucht cuarta isteach. Bhí sé ina bhothae acu. B'fhada a chaith sé ag fuasaoid a thónach
 
Bhearr mé na cearca inniu. Níor fhága mé foithnín amach ón dúid orthu. Bhí siad ag dul i bhfoghail ar T. Mh. sa ngarraí sin amuigh
 
fuacht
Fágfaidh an fuacht mór amach anseo na gamhna sin réidh. Tá siad ró-éidreorach
 
Fág seo amach nó go bhfuaraí muid muid fhéin taobh amuigh. Tá an áit seo an-phlúchta
 
abair
D'fhéadfá a rá i nDomhnach! Is iomaí a leithide eile a bhuailfeadh amach ar cuairt agus a d'fhágfadh an obair sin faoina bhean.
 
Tá tú daingnithe istigh inti fós. Ní fhágfaidh muid amach a corp gan tiaráil — scilling a bheadh ar chlár na himeartha, agus daoine ag imirt chártaí, agus beirt pháirtithe ag imirt sa scilling
 
dalba
Nach é an druncaera dalba é agus gur ól sé chuile phínn amháin de luach na muc shula d'fhága sé amach an t-aonach. Is maith an fear tí agus urláir é sin!
+
danra
Nach é a bhí danra anois agus gur fhuagair sé orainn a dhul amach as na garrantaí breaca ansin thuas anuraidh agus muid ag fiach ann. Cén bhrí ach gan tada iontu ach raithneach agus crígheannaí. M'anam gur fhuagair, agus gurb é a bhí francaithe freisin nuair nár fhága muid d'aon léim iad … é siúd ag magadh! Is minic leis!
TUILLEADH (1) ▼
Diabhal bréag nach drochphortaigh atá againn: dheamhan níos measa. Dearglaoch agus feoil chapaill ar fad. Móin dhanra le baint í. Chuir mé mo bhundún amach anuraidh le portach nua a d'oscail mé ar an roinn. Murach leisce an mhagaidh, d'fhágfainn ansin sa mí-ádh é théis a oscal
 
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í
 
daor 1
Má bhíonn sí ag iarraidh thú a leanacht ródhaor fág ansiúd aici iad. An té atá in ann an seachadadh amach a dhéanamh, is furasta dhó a dhul ina rogha áit, agus deirimse leat go mbeidh cion ar a chuid airgid
+
Níor tháinig an ceann sin amach. Fágfaidh muid ag an deachma é — uibheachaí a bheadh faoi chirc agus dá dteagadh éanachaí astu uileag go dtí an ceann, déarfaí go bhfágfaí an ceann sin ag an deachma
TUILLEADH (2) ▼
Bhí cion cheithre cléibh fhataí ansin thuas agam arú aréir. Níor fhéad mé dhá gclúdú an áit a dtáinig scéala agam go raibh an bhodóig i dtinneas lao. Bhí sé amach in am suipéir go raibh an gó (gábh?) sin thart. Ba duibhe an oíche ná an phic, agus bhuail drogall mé a dhul soir ag plé leo an tráth sin d'oíche. Shíl mé dheamhan clóic a bheadh orthu. Ní raibh amuigh ach corr-réaltóg agus ní raibh an ghaoth ó thuaidh. Ach mo léan deacrach, rinne sé an sioc deireadh oíche, agus mhill sé iad fré chéile. Níor chás é dhá mbeidís cruinn baileach fhéin, ach bhí siad fágtha ina scaipiúch agam ag ceapadh go sroichinn ar ais. Níl luach leithpínne mhaith anois iontu ach a gcaitheamh ag an deachma. Is deacair do dhuine aonraic a bheith suas le chuile obair. Níl aon ghair aige air
Tá an slaghdán sin ina leannán agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peiriachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt acu.
 
Dealaigh amach na fataí a bhfuil na súile iontu ón gcuid eile nó go ngearra mé iad. Seachain a bhfágfá aon cheann a bhfuil aon tsúil ann in do dhiaidh
 
Bhí beirt cheannaí ag dul an bóthar fadó. Thosaigh siad ag sáraíocht. Dúirt ceann acu go mb'fhearr an bhréag ná an fhírinne. Sháraigh an ceann eile air nárbh fhearr. 'Fágfaidh muid ar bhreithiúnas an chéad rud a chasfas linn ar an mbóthar é,' adeir duine acu. 'Tá go maith,' adeir an ceann eile. Chuir siad geall as. D'imigh leo dhá siúl ionsaí. Ba ghearr go dtáinig siad ar dheargadaol ar an mbóthar. Chrom an ceannaí bréagach síos. 'Cé is fhearr an fhírinne ná an bhréag,' adeir sé leis an deargadaol. 'An bhréag, go deile,' adeir an deargadaol. 'Sín amach mo gheall agam,' adeir an Ceannaí bréagach. Shín. Scar siad lena chéile. Ba ghearr a chuaigh an ceannaí bréagach nuair a thosaigh sé ag cur scrúdaidh air féin. Dheamhan easna dhó nach bhfilleann ar a chois aríst, nó go dtáinig sé suas leis an deargadaol. Cromann sé síos agus baineann sé póg dó. Ghreamaigh an deargadaol dhá bhéal. Is gearr go raibh seacht mbrat deargadaoil air, agus bhí siad dhá ithe isteach go grinneall. Cuireadh fios ar an sagart dó. Tháinig an sagart. Nuair a chonaic sé an deis a bhí air, chuaigh sé amach as an seomra agus thosaigh sé ag léamh a leabhair. 'Gabh isteach,' adeir sé leis an gcailín faoi cheann tamaill, 'agus féacha cén chaoi a bhfuil sé.' Chuaigh an cailín isteach. 'Tá sé faoi dheargadaoil ar fad,' adeir sí. 'Níl scioltar fágtha air nach bhfuil ite dhó.' Léigh sé leis eadra eile. 'Gabh isteach anois,' adeir sé, 'agus féacha cén chaoi atá air.' 'Tá fiche brat deargadaoil anois air,' adeir sí. 'Níl ann ach na cnámha geala. Is gearr an bás uaidh.' 'Tá an cholainn ag an diabhal,' adeir an sagart, 'ach beidh an t-anam agamsa dhá bhuíochas.' Tháinig an oiread eile díocais air ag léamh … (Scéal a fuair mé ó m'athair faoi na deargadaoil)
 
Shílfeá nach bhfágfadh sé deireadh an chairr amach ar an mbóthar mar siúd