Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fónamh
+
Dheamhan a bhfuil ar fónamh dhíom muis — go maith
Tá an lá ar fónamh — go maith
TUILLEADH (8) ▼
Ní aimsir ar fónamh í seo don té atá ar phortaigh
Ní bhím ar fónamh le tamall
Ní hé an rud ar fónamh adéarfas tú ar chaoi ar bith — rud maith; rud cuibhiúil
Ní hé an rud ar fónamh a chloisfeas tú sa teach céanna
Is fhearr a bheith ar fónamh ná saibhreas an tsaoil
Dheamhan a bhfuil ar fónamh den fhear chor ar bith — duine fabhtach é; tá sé fealltach
Is fiú an rud ar fónamh a cheannacht
Dhá mba rud ar fónamh é, ní thabharfadh sé dhuit é
+
"Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh"; "is fearr fairsingeacht ná ar fónamh" — is fhearr go leor de dhrochrud ná beagán de rud maith; quantity is better than, or preferable to, quality
Cuirfidh muid uisce thríd (fuisce) agus fairsingeoidh sé é. Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh, adeir siad
TUILLEADH (2) ▼
Níl iontu sin ach fataí muc. Tá méid iontu ceart go leor, ach cén mhaith méid nuair nach bhfuil siad le n-ithe. Ach is fhearr libhse fairsingeacht ná ar fónamh
Deir siad gur fearr an fhairsinge ná ar fónamh. Is fhearr leo sin i gcónaí go leor den drochrud ná beagán den rud mhaith. Ghabhfadh an beagán a mbeadh maith ann chomh fada leis an drochrud faoi dheireadh.

Féach freisin

fónamh in iontrálacha eile (50+)

 
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
 
Dhá mbeadh fear fobhairne ar fónamh sa gcurach agam an lá sin, ní loicfinn. Bhí an-fharbógaí farraige ann, ach bheadh cóir againn isteach. Ba bheag an stró a bheadh ar dhá churachóir mhaithe a theacht abhaile. Maidir leis an gceann a bhí in éindí liomsa, ní raibh ann ach spogán nár cheart dó a dhul chun farraige chor ar bith
 
Ní foláir do dhuine a dhul sa bpraghas le culaith éadaigh anois. Mura dté, ní bhfaighidh sé aon éadach ar fónamh
 
Bíonn féar agus fothair ansin mar is mínleach ar fónamh é, ní hé sin don spíontán bradach atá anuas anseo. An bhfeiceann tú an baile sin thiar. Dheamhan dhá sheamaide istigh ar a fhuaid. Go deimhin ní talamh féir atá ann
 
Níl bounce ar bith sa spadalach sin. Breá ó fuaidh sibh dhá tabhairt libh, nár thug sibh móin ar fónamh libh, seachas an chinceach sin nach ndeargfadh ó mhaidin go faoithin.
 
Níl sé ar fónamh i gcosúlacht.
 
Deireadh M. Ph. fadó nach raibh rud ar bith chomh siúráilte le cothromacan síne na huaire, ach dhá mbeadh sé básaithe faoi chéad, deirimse go dtug sé a éitheach. B'fhurasta ar tháinig de laethantaí ar fónamh i mbliana a chomhaireamh — b'fhurasta sin.
+
Má théim ag cur aimsire ar dhuine, cuirfidh mé aimsir ar fhear ar fónamh, agus ní ar a leithide sin de chíosáinín é.
TUILLEADH (1) ▼
Dheamhan aithne air, an cíosáinín bocht, nach fear ar fónamh é fhéin.
 
Dheamhan cóineas agam, ná cuid de chóineas, ach na boinn. Ach dheamhan go dona de dhuine a fhad is atá siad sin fhéin ar fónamh aige.
 
Fuair tú an chóisir litreachaí inniu, shílfeá. Ní raibh aon cheo ar fónamh (airgead) in aon cheann acub?
+
Níl bealach ar fónamh ar bith leis an gceann sin.
TUILLEADH (1) ▼
Níl aon bhealach ar fónamh (den rath srl.) aige. Seachtaineachaí b'fhéidir dhó lán laidhre a dhéanamh, ach ar a shon sin, b'fhéidir go mbeadh sé mí aríst gan cianóg rua a dhéanamh.
 
beart
B'ait liom fear ar fónamh lá an fhómhair nó lá an earraigh; a chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna agus a chomhairfeadh í ina bearta. In áiteachaí comhairtear trí dhornán i bpunainn, agus punann is fiche i mbeart. Mar seo a chomhairtear in áiteachaí eile é (Doire an Fhéich cuirim i gcás): trí ghlaic nó trí shracadh dornán, dhá fhichead dornán stáca, dhá stáca beart, agus deich mbeart fhichead cruach. Mar seo a chomhairtear stuca nó beart i gCois Fharraige: trí ghlaic dornán, fiche dornán cois, agus cheithre dhornán caipín stuca. Sin cheithre dhornán fhichead sa mbeart.
 
coiric
I nDomhnach tá rud air thar an slaghdán. Fainic an bhfuil an coiricín ar fónamh aige!
 
Dheamhan mórán ar fónamh a rinne mé an tseachtain seo, cé is moite de chreachlaoiseachaí beaga timpeall an tí, ach teastaíonn sin fhéin a dhéanamh.
 
Ní fhéadfadh aon chríoch ar fónamh a bheith ar an gceann céanna, arae ba holc é fhéin agus is iomaí créatúlacht a rinne sé ar bhoicht na tíre.
 
Shílfeá go bhféadfá fear ar fónamh a shamhlú liom ó chuaigh tú dhá dhéanamh chor ar bith, tharas an cuimleachán sin. Dheamhan a bhfuil sna fir chor ar bith dhó sin.
 
biorach 1
Shíl mé go dtiocfadh an bhanríon timpeall biorach agus bheadh titim imeartha agam ansin leis an gcuileata, arae bhí drámhaisí ar fónamh agam. Ina leaba sin, is amhlaidh a bhánaigh mé mé fhéi, ag gabháil san áit nár bhain dhom.
+
Dheamhan fód móna ag gabháil linn anois ach bodhránach de spadalach bhradach nach féidir ceart ar bith a bhaint di. Aon fhód ar fónamh a bhí againn, díoladh í i dtús bliana.
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac le greas ná teas a bheith i bhfeoil chapaill ná i mbarrannaí íochtair. Tá sé amhlaidh le na portaigh atá agamsa ar chaoi ar bith. Dheamhan fód ar fónamh ar a bhfuaid ach bodhránach agus spadalach.
 
bogán
Dar príosta muis, d'iarr an bogán sin mná ar fónamh.
 
Is leitheadaí a labhranns lucht an bhracháin ar an saol seo ná dream ar fónamh.
+
Bhí bratainn bhrocach sin na Gaillimhe uileag ar an mbainis ann agus chuir siad an áit faoina gcosa. Diabhal aithne orthub nach daoine ar fónamh iad lena bhfuil de ghaisce agus de chóirí catha acub.
TUILLEADH (1) ▼
Tá an oiread floscaí ag an mbratainn sin agus a bheadh ag duine ar fónamh.
 
B'fhearr dó go mór capall ar fónamh a cheannacht, pé ar bith céard a thiocfadh sí air, ná bheith dhá mheath fhéin leis an seanghearráinín aibéiseach sin
+
Buaileadh air an straoilleoigín faoi dheireadh thiar, ainneoin ar eitigh sé de mhná ar fónamh.
TUILLEADH (1) ▼
Buailfidh sé sin bleid ort, uair ar bith a fheilfeas sé dhó fhéin, ach má bhíonn duine ar bith ar fónamh in éindí leis, ní ligfidh sé air fhéin go bhfeicfidh sé chor ar bith thú.
 
Bhí an-bhualadh ar chinn chruacháin agus ar mharlaí Cháit ar Charraig Mhurchaidh, ach níor éirigh breac ar fónamh ar bith liom. (Ceanna (nó cinn) chruacháin agus malraigh Cháit = iasc beag gan mhaith. Go hiondúil tugann an t-iascaire an poll amach aríst dóibh)
 
buan
Ní raibh an fear ar fónamh buan ariamh — níor mhair sé i bhfad
 
buil
'Sé a chosúlacht nach buil leis tada ar fónamh a dhéanamh ar chuma ar bith, hé brí cén mhístaid ná millteanas a dhéanfas sé
+
buille
Dhá mbeadh tada ar fónamh agamsa, ní ligfinn do shean-naoi thar mo dhoras gan buille na speirthe a thabhairt dó, ach bhí mé fuar folamh mar is minic liom a bheith
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach an té a dhéanfadh aon bhuille ar fónamh — é sin!
+
airigh
Ní airíonn sé pian ná tinneas, agus níl sé ar fónamh ina dhiaidh sin
TUILLEADH (1) ▼
Níl mé ag aireachtáil (níl mé do m'aireachtáil féin; ní airím mé fhéin) ar fónamh (go maith, ar mo chóir fhéin srl.) le fada — tá rud eicínt ag gabháil dom le fada.
 
Ní bhainfeadh sé a leath oiread cainte amach dhá mba rud ar fónamh é.
 
anuas
Níl mé ar fónamh chor ar bith le seal (le scaitheamh, le tamall srl.) anuas.
 
Is deas é m'fhéirín: píopa a bhfuil poll ar a thóin. B'fhurasta a aithinte, dhá mba rud ar fónamh é nach dhomsa a thabharfadh sé é
 
Is fhearr an fhairsinge ná ar fónamh; is fearr fairsinge(acht)(ar) fónamh (fc. fónamh)
 
farc
Is breá an drisiúr é sin fós agus an aois atá aige. Dheamhan a bhfuil ag breathnú farctha dhe. Bhí buanadas san adhmad sin. Fadó a gheofá an ball ar fónamh
 
fiú
Is fiú rud ar fónamh a cheannacht
+
fuil 1
Tá an fhuil ar fónamh ansin; tá an fhuil mór ann — tá an braon maith ann; is mianach maith daoine é; tá an fhuil uasal ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá braon den fhuil ar fónamh inti; tá braon den fhuil mhór inti — níl an braon tútach inti; is planda den fhíorfhuil í
 
Sin é an chaoi a raibh Sasana ariamh. D'aimsigh sí chuile áit ar fónamh agus chuir sí na geanntrachaí láidre isteach, i gcruthúnas duit go bhfuil sí chomh daingnithe anois agus nach féidir a cur amach. Nár ba fearr a bheas sí muise, mura ndeachaigh sé rite go leor léithe sa gcogadh seo. Mo choinsias chuaigh!
 
dairt
B'fhearr dó anois go díreach glan a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh ná a bheith ag iarraidh ceart a bhaint den tseanlánúin sin. Lá is gur chinn siad sin ar bhaile cheana, tá sé fánach aigesean a bheith leo. Agus dar fia, bhí set ar an mbaile sin roimhe seo nach raibh ar fónamh
 
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
+
Go ndamnaí an cat mara agat é, nach mbeireann air agus é a chaitheamh amuigh ar an tsráid, agus gan na daoine a bheith thar bharr a gcéille ag éisteacht leis istigh anseo. Is furasta a aithinte go mba deas an t-amhantar a thug sí duit. Dhá mba rud ar fónamh é, is fada go scarfadh sí féin leis
TUILLEADH (1) ▼
Damnú síoraí air, an cuimleacháinín, mura maith a fuair sé ann féin a dhul ag maslú bean ar fónamh. Foighid ort go gcloise a hathair é. Ní ag comhaireamh na gcoisméigeachaí lena dhá choisín bhosacha a bheas sé, leabharsa, má fheiceann sé é siúd ag teacht!
 
Muise níl mé ach réasúnta slán an té a fhiafraíos. Ag crochadóireacht liom ar éigean. Tá deachma na sláinte orm ó fuair mé an ruaig mhór an t-am seo anuraidh. Diabhal a bhfuil ar fónamh dhíom ó shin
 
Bhí deis ansiúd a dhealódh an droch-choirce ón gcoirce ar fónamh ar an bpointe boise. Cineál machine a bhí ann