leannán
1.
a.
·
Nach é an leannán é? — duine a bheadh síoraí meath-thinn agus gan aon déantas maitheasa ann; duine leisciúil nó leadaí
b.
leannán sí: neach a bheadh ar thí duine go mbeadh sí as deireadh na cúise ina ciontsiocair lena bhás nó na bhascadh. Ag daoine a mbíonn cáilíocht ar leith ag rith leo a bhíos an leannán sí, cuirim i gcás ag fir urrúnta a bhfuil gaisce iontu, nó an-chuid súl. An cleas céanna le mná scéimhiúla. Fear a bhíos mar leannán sí ag bean, agus bean ag fear — go hiondúil bean rua (béaloideas).
2.
·
Is leannán leis an tart, an t-ocras, an t-ól, an slaghdán srl. — bíonn siad sin air síoraí; cothaíonn siad é i gcónaí ; ní fhaigheann sé réidh an achair uathu
leannán in iontrálacha eile (15)
→
fáinne
Tá sacghadhair fút ar chaoi ar bith. Níor chomaoin dóibh a dhul i mbarr do chúig ort — cúig do láimhe dhéanta srl. B'fhéidir go gcaithfeá rud eicínt astu (.i. go mbeadh mámh eicínt in do láimh chártaí) … Fáinne óir ort! Mo chuach ansin thú! Tá banríon Hairt ina leannán agat, ach dar príosta d'fhóin sí dhuit an babhta sin.
→
cliar
Tá an 'fliú' sin ina leannán agam ar fad le gairid. Dheamhan a leithide de chasacht agus de chliar agus tá orm! Ach grásta Dé, ní chuirfidh mé as mo chrioslaigh chor ar bith é. Tá sé do mo chothú as béal a chéile le dhá mhí.
→
aire
Dhá airí dhá bhfuil sé air fhéin, tá an slaghdán ina leannán aige chuile lá sa mbliain — ní fhágann an slaghdán chor ar bith é, ainneoin go bhfuil sé an-aireach air fhéin
→
imigh
Leannán liom an chasacht chéanna, ach cuirfidh mise ag imeacht í agus teannadh léithe feadh is mé ag fáil pionta de thús an phota ó Johnny Pheaits Éamainn — tá an chasacht do mo shíorchothú, ach cuirfidh mé deifir ag imeacht uirthi chomh maith agus gheobhas mé pionta de thús an phota ó J. Ph. É.
→
fill
Má fhilleann an slaghdán sin ort, beidh sé ina leannán agat i mbliana. Mar sin tabhair aire dhuit féin
Cén sórt fothach é sin ort: ag imeacht ag puthaíl i gcónaí. Tá an chasacht sin ina leannán agat le sé seachtainí agus beidh sí scaitheamh eile in do chrioslaigh, mura dtuga tú aire di agus gan a bheith ag imeacht ag rantáil de shiúl oíche
→
fuaraigh
Is deacair leis an ngrís sin fuarú. Is olc an éadáil atá ort muis. Beidh sí sin (an ghrís) ina leannán agat go bhfeice tú tamall
Ó dhaingneos drochghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur astu. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada ina leannán agamsa anuraidh
→
deachma
Tá an slaghdán sin ina leannán agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peiriachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt acu.
→
diaidh
Ní fhaca mé aon duine de na Loideáin chéanna ariamh nach mbeadh an creatán sin ina dhiaidh. Bhí sé ina leannán ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon lá sa mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach chomh maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
→
díle 1
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air agus ní raibh aon snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá arna mhárach air, agus tá sé ag coinneáil na leabthan ó shin. Mura gcaithe sé seal ina leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
→
dúshlán
Mo dhúshlánsa a fháil ach aon mhámh amháin i gcónaí, agus tá dó beag muileata ina leannán agam. Chuile uair le cúig uaire 'sé an aghaidh glaice a bhí agam é