Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Leannán (lionnán)
1.
a.
·
Nach hé an lionnán é? = duine a bheadh síorruidhe meath-thinn agus gan aon déantus maitheasa ann; duine leisgeamhail nó leaduidhe.
b.
lionnán sidhe: neach a bheadh ar thí duine, go mbeadh sí as deire na cúise in a cionntsiocair le na bhás nó na bhasgadh. Ag daoine a mbíonn cáilidheacht ar leith a' rith leo, a bhíos an lionnán sidhe, cuirimigcás ag fir urradhanta a bhfuil gaisge ionnta, nó an-chuid-súl. An cleas céadna le mná sgéimheamhla. Fear a bhíos mar lionnán sidhe ag bean, agus bean ag fear — go h-iondamhail bean-ruadh (béal-oideas)
2.
·
Is lionnan leis an tart, an t-ocras, an t-ól, an slaghdán agus rl. = bíonn siad sin air síorruidhe; cothuigheann siad é i gcomhnuidhe; ní fhaghann sé réidh an achair uatha.

Leannán in iontrálacha eile (8)

 
fág
Níor fhága an chasacht sin mé i gcaitheamh an gheimhridh. Tá sí in a leannán agam
 
imigh
Leannán liom an chasacht chéadna, ach cuirfe mise ag imtheacht í agus teannadh léithe, feadh's mé 'faghail pionta de thús an phota ó Johanny Pheaits Éamuinn = tá an chasacht do mo shíor chothú, ach cuirfe mé deifir ag imtheacht uirre, chomh maith agus gheobhfas mé pionta de thús an phota ó J. Ph. É.
 
Ó a dhaingneós droch-ghalra mar sin in do chnámha, is obair a chur asta. Chaith casacht shlaghdáin ráithe fada in a lionnán (leannán) agamsa anuiridh.
 
Tá an slaghdán sin in a lionnán (leannán) agam anois le cheithre mhí. Ó dheamhan ar fhága sé amach mo chrioslaigh ó tholg mé é deireadh oíche ag dul ar aonach na Féile Michil. Dheamhan fágáil muis. 'Sé an scéal é: 'sé deachma na sláinte atá mé a íoc; sin nó 'siad mó chuid peirfhiachaí atá mé a chur díom. Ceann eicínt aca.
 
diaidh
Ní fhaca mé aon-duine de na Loideáin chéadna ariamh nach mbeadh an criotán sin ina dhiaidh. Bhí sé in a lionnán (leannán) ag Micil, agus ní fhaca tú Peait aon-lá ins an mbliain — an lá a mbeadh an fiach dubh ag cur a theanga amach cho maith le chuile lá eile — bheadh slócht air
 
díle 1
Rug an díle mhór a bhí an lá cheana ann ar an mbóthar air, agus ní raibh aon-snáth thuas ar a chraiceann nach sílfeá gurb as béal soithigh a tarraingeadh é. Bhí lán a chruite de shlaghdán lá ar na bháireach air, agus tá sé ag coinneál na leabthan ó shoin. Mara gcaithidh sé seal in a leannán anois ag an bhfear bocht, tá an t-ádh air
 
Galra díobhálach í an cheathramha ghorm sin. Is lionnán (leannán) leis an mbaile seo críochnuithe í
 
Mo dhubhshlánsa a fháil ach aon-mhámh amháin i gcomhnuí, agus tá dó beag muileata in a leannán agam. 'Chuile uair le cúig uaire 'sé an aghaidh glaice a bhí agam é