leasainm
—
ainm a bhaistfeadh na daoine ar dhuine.
+–
Níl de leasainm air ach Doll.
Tá leasainm ar chuile dhuine i Seanadh Gharráin.
TUILLEADH (7) ▼
Chuirfeadh an leasainm sin le buile agus le báiní í.
Sciorr an leasainm uaim agus ní raibh an oiread de náire ariamh orm — thug sé an leasainm air agus níor chuimhnigh sé air fhéin gur dhúirt sé é srl.
Fhóbair dhá leasainm sciorradh uaim
Dheamhan ar chuimhnigh mo chroí gur leasainm ar bith é — dheamhan fios rúin ná bruscair a bhí agam narb in é a ainm ceart.
Má thugann tú aird ar leasainmneachaí, ní bheidh a dhath suaimhnis agat aon lá sa mbliain — má ghlacann tú ina olc é leasainm a thabhairt ort, beidh síor-olc ort.
Ná tabhair airde ar bith ar a gcuid leasainmneachaí — ná lig ort féin go gcloiseann tú chor ar bith iad
Tabhair an chluais bhodhar dhá gcuid leasainmneachaí — ná tabhair airde ar bith air, pé ar bith cén leasainm a thabharfas sé ort.
+–
Bhain sciorradh focail dom agus thug mé an leasainm air — níor chuimhnigh mé orm fhéin gur thug mé a leasainm air.
Ná tabhair an leasainm sin air ar mhaithe leat fhéin.
TUILLEADH (4) ▼
Thug sé leasainm orm, agus níor liomsa ab fhaillí é, agus thug mé leasainm air.
Má thug sé leasainm orm ní raibh aige ach malrait — thug mise leasainm air fhéin.
Tugadh an leasainm sin air as greann (as magadh, le frithmhagadh, le ealaín, le spóirt, le fánaíocht srl.) agus d'fhan sé air.
Má chloisimse go dtabharfaidh tú leasainmneachaí gránna ar aon ghasúr feasta, roinnfidh mé an tslat leat (tabharfaidh mé Tuirne Mháire dhuit, liúradh srl.)
·
Bhíodar ag glaoch leasainmneachaí orm (is minic adéarfadh páiste é agus é ag iarraidh sásaimh a fháil óna mháthair nó ó dhuine eicínt eile)
Ní ceart do dhaoine a bheith ag glaoch leasainmneachaí ar a chéile mar sin mar is fánach an chaoi a ngreamóidís dób (dóibh)
+–
Níl cinniúint ar bith leis ag baisteadh leasainmneachaí ar dhaoine — is maith uaidh leasainmneacha a thabhairt ar dhaoine.
Baistfidh sé leasainm ort a ghreamós duit le do shaol
TUILLEADH (1) ▼
Is fánach an chaoi a tugadh an leasainm sin air i dtosach agus nach maith a ghreamaigh sé dhó (a d'fhan sé air) ó shin.
·
Tá sé i gcónaí abaithe leis an leasainm; bíonn an leasainm i gcónaí ar bharr a ghoib aige. — bíonn sé tráthúil leis an leasainm is feiltí
Níl leasainm ar bith ag dhul uaidh — tá leasainm dó féin baistí aige ar chuile dhuine.
leasainm in iontrálacha eile (10)
→
flaisc
Bhí fear anseo le cuimhne na ndaoine agus Murchadh Flaisc a bhí de leasainm air. Bhíodh sé i gcónaí ag caint ar fhlaisc
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
→
dochar
Thug sé leasainm ort a linbh, ach níl dochar ann. Níl duine ar bith is fhearr an oidhe leasainm ná é féin — an carracháinín bradach!
Chuaigh mé ag brú ar an doicheall agus tháinig an doicheall amach i m'aghaidh. Ní leasainm ar bith air siúd an doicheall a thabhairt air. Dhá bhfeictheá an chaoi ar tháinig sé aníos as an gclúid nuair adúirt muid go raibh muid ag cruinneáil (cruinniú) airgid. Chuile bhall aige siúd ach an té a bheas ag cruinneáil airgid
→
dorcha
Bhí mé le cupla lá sa tír dhorcha sin thoir. Dar mo choinsias ní leasainm uirthi tír dhorcha. Níl focal den chaint acu, ach ar a mine ghéire ag obair. Tugaimse don diabhal an tAchréidh céanna
→
díogha
Ní fheiceann muide bratainn ar bith sa tír mar na D. Ní call gaisce ar bith dóibh sin. Díogha na ndaoine. Ar ndóigh ní raibh de leasainm orthu sin ariamh thart anseo ach D. an bhacstaí. Ní raibh tada eile acu go dtí le gairid fhéin ach an bacstaí. Sa saol a tháinig sé go bhfuil tithe móra acu anois. Tá na caisleáin ag titim agus na carn aoileachaí ag éirí a stór
→
dóigh 3
Ní poll dóite ar mo chótasa an leasainm sin a thabhairt orm – ní údar drochmheasa dhom go dtugtar an leasainm sin orm