Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
airí
focal an-choitianta i gCois Fharraige é
go leor; mórchuid; an t-uafás.
+
Bhí daoine na hairí ann — go leor daoine; an saol bruíonach
Tá airgead na hairí aige sin más fíor — go barr bachall; ina chocaí beaga
TUILLEADH (2) ▼
Dhá mbeadh póilíos na hairí ann, dhéanfadh sé siúd an braon crua.
Tá báisteach na hairí caite aige le seachtain.

airí in iontrálacha eile (18)

 
Ní mhúinfeadh máistrí scoile na hairí aon fhocal foghlama dó nuair nach mian leis fhéin tada a thógáil. D'ordaigh cinnire cúnamh
 
Ní dhéanfadh bealadh na hairí aon mhaith don bhall oirnise sin anois, arae tá sé caite ó Dhia agus ón saol.
 
beo 1
Leagha na bhFiann ní dhéanfadh beo aríst é; ní dhéanfadh dochtúirí na hairí beo aríst é.
 
Deir siad nach bhfuil beithíoch is measa duit bualadh fút san oíche ná an broc, ní scarfaidh sé lena ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh.
 
Is ar an mbóthar céanna atá bualadh na hairí — tá an-bhualadh air
 
aire
Dhá airí dhá bhfuil sé air fhéin, tá an slaghdán ina leannán aige chuile lá sa mbliain — ní fhágann an slaghdán chor ar bith é, ainneoin go bhfuil sé an-aireach air fhéin
 
airigh
Ach a n-airí tú teas an Mí Mheáin ag dul faoin gcraiceann agat, tiocfaidh an cóta mór anuas (caithfidh tú dhíot é.)
 
Deir siad nach ligfidh an broc amach a ghreim go n-airí sé an cnáimh ag pléascadh
 
Tá an-fhoscadh i gcrainnte ach go bhfuagraíonn siad gála na hairí
 
Dhá bhfaigheadh sé uachtaí na hairí, ní fhairsingeodh a chroí — ní ghabhfadh sé chun rabairne nó chun boige shíne
 
Ní thaitneodh an forránach de chapall sin aige liom. Tá an iomarca airde inti. D'fhear Achréidh a d'fheilfeadh sí sin: fear a mbeadh obair aige di chuile lá i mbéal a chéile. Má ligtear chun díomhaointis í sin chor ar bith, ní bhainfidh fir na hairí ceart di faoi charr. Dar fia féachfaidh sí eisean ar aon nós
 
Go deimhin tá díol duine uasail de chulaith éadaigh air, ach níl aon pheaca faoin domhan ach a cur amú leis. Mhillfeadh sé éadaigh na hairí, mar ní bhíonn fuinneamh ná fáscadh iontu air thar aon duine dhá bhfaca tú
 
Murach an deoladh a choinníos an sagart leis, is fadó an lá a bhí sé de dhroim tí. Théis nach n-ólann sé, tá sé drabhlásach. Chuirfeadh an bhean atá aige freisin airgead na hairí thrína lámha
 
docht 2
Bí dhá casadh (uaireadóir) nó go n-airí tú docht in t'aghaidh í. Sin é a dhíol
 
Bhí a dhóthain drabhláis sa gcoca murach go ndearnadh plaicín ghabhair i dtosach dó (de). Ar ndóigh ní sheasfadh féar na hairí libhse. Agus a rá ansin mar dhóigh dhe nach raibh aon drabhlás sa gcoca. Chuirfeadh sibh duine thar bharr a chéille, le aird a thabhairt oraibh. 'Sibh a chuirfeadh
 
Tá coiníní na hairí sna dumhchannaí sin síos le cladach. Ní fhaca tú in do shaol ariamh ach a bhfuil de chartacháin ann
 
'Sí an bhean a chuir mála na déirce air — a chuir ag caitheamh na miotán é — i gceann mar a bhí sé. Ní sheasfadh airgead na hairí di
 
Diabhal suim ar bith ag J. in airgead. Chaithfeadh sé airgead na hairí agus bíodh sé aige. Chuaigh sé in aghaidh dúchais ceart muis. Ach bíonn coilíneach ar chuile thréad adeir siad