Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
éirigh amach
1.
ag tabhairt drochbhealaí, nó drochfhaisean faoi deara.
+
Tá na daoine ag éirí amach an-dona ar fad.
Tá muintir an ruta sin ag éirí amach an-olc le scaitheamh.
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag éirí amach an-achrannach, agus b'annamh le aon duine dhá dhream a bheith amhlaidh.
Nach aisteach atá na daoine ag éirí amach.
Is measa atá na daoine ag éirí-amach anois ná a bhí siad ariamh cheana.
Éireoidh na daoine amach níos measa, réir a gcosúlachta.
Nach é atá ag éirí amach leitheadach againn.
Is dona an chaoi dhó a bheith ag éirí amach mar sin.
2.
+
Má éiríonn sé siúd amach as an teach agat, beidh cuimhne agat air — má thagann sé amach de ruathar
D'éirigh sé amach againn (chugainn) ina thine bhruite — tháinig sé amach agus cuthach air
TUILLEADH (7) ▼
Éireoidh sé siúd amach ina léine agus buailfidh sé an fear abhus faoin bhfear thall.
Má éiríonn sé siúd amach, beidh siúl ag cuid ar a chéile agaibh.
Níor éirigh mise amach ariamh, gan lún (lón) agus costas a bheith agam, le aghaidh an bhóthair.
D'éirigh sí amach ag sciolladóireacht romham — tháinig sí amach as a teach ag díbliú orm
D'éirigh sé amach (.i. ag troid) roimh na ngasúir tráthnóna agus iad ag teacht ón siopa.
Is beag an t-údar a gheobhas sé siúd le éirí amach roimh dhuine.
Is beag a bhéarfadh orm éirí amach roimhe anocht agus é a chasadh leis.
3.
spaisteoireacht; déanamh aeir; a dhul ag siamsaí.
+
Is mór an éirí amach dhuit a dhul go Gaillimh — scíth, siamsa, aer, aoibhneas, nuaíocht
Ní bheadh duine beo gan corréirí amach mar sin.
TUILLEADH (32) ▼
Buail síos go Bearna. Nach mór an t-éirí amach duit é go ceann seachtaine, tharas a bheith craptha istigh san áit seo i gcónaí
Ní mór dhom fhéin éirí amach anois. Is fadó an lá nach raibh mé in aon áit.
Is mór an sásamh intinne dhom an méid sin éirí amach. Tá dhá oiread croí agam dhá bharr.
Ní éirí amach mór do dhuine a dhul siar sa ngeadán sin.
Is mór an mhaith ar mo shláinte, scáth an méid sin fhéin éirí amach a rinne mé an tseachtain seo ghabh thart.
Bhí coimhthíos orm le na daoine an chéad chupla lá, ach ba mhór an t-éirí amach dhom é ina dhiaidh sin.
Tá mo chuid éirí amachsa anois ar iarraidh — ní bheidh mé in ann a dhul ag déanamh aeir srl. níos mó
D'fhága an éirí amach an méid sin anois ort — do chois a bheith gortaithe.
Ní fhaca mé aon saol éirí amach go hiomaí mar é — chuile dhuine greadta ag déanamh aeir dhó fhéin.
'Sé saol an éirí amach é, a dhuine sin.
Is furasta éirí amach anois ó thosaigh na bicycles
Tuige nach n-eireofá amach faoin tír fearacht chuile fhear óg eile — tuige nach dtiocfá amach ag siúl agus ag spaisteoireacht agus ag déanamh aeir dhuit fhéin mar do leithide eile féin
Is iomaí do leithide a d'éireodh amach Dia Domhnaigh agus a dhéanfadh scaitheamh fiach nó iascach.
Cén stró atá ort nach n-éireodh amach uair eicínt ag céilí nó ag damhsa mar a dhéanfadh do leithide ar bith.
Éiríonn sé amach ag spaisteoireacht chuile thráthnóna beo taca an ama seo.
Níl Domhnach ar bith nach n-éiríonn sé amach scaitheamh ag bualadh báire.
Is fadó an lá nár éirigh sé amach cheana ag ceol ná damhsa.
B'fhéidir anois ó thug sé faoi ndeara dhó fhéin éirí amach, go mba deacair é a choinneáil istigh.
Ó d'éirigh sé amach chor ar bith, ní chónóidh sé anois an taobh seo de Charraig an Logáin.
Shoraidh dhó nach n-éiríonn amach faoin mbaile fhéin, tharas a bheith ag seadachan istigh i gcónaí ag breathnú sna straoiseannaí ar chailleachaí.
Ní mian leis éirí amach chuig tada, mura bhfuil corroíche Dhomhnaigh i bhfad ó chéile ann, agus an uair sin fhéin, ní maith leis an rith fada a thabhairt air fhéin.
Uair sna naoi n-aird éiríonn sé amach faoin mbaile fhéin anois.
Ní dhéanfadh píosa éirí amach aon dochar dhó.
Nach oraibh atá an éirí amach tharas clann ar bith eile sa tír
Is beag éirí amach a rinne muide ariamh, ná a fuair muid cead a dhéanamh, agus níor dhonaide muid sin.
Dhá mbeadh gan a leathoiread fonn éirí amach a bheith oraibh, b'fhéidir go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionaibh thar mar atá.
Cé uaidh a dtug sibh an t-éirí amach uileag? Ní ó athair ná máthair é ar aon chor.
Má tá fút éirí amach chor ar bith inniu, tá sé in am agat a bheith ag corraí feasta.
D'éirigh sé amach ag déanamh aeir dhó fhéin luath go leor sa ló.
Níl rud ar bith ag cur síos leis ach éirí amach agus aeraíl — níl aon suim aige i dtada eile
Ba dheacair a sháith éirí amach a thabhairt dhó tamall, ach thit an driull ar an dreall ar fad air le gairid (driull ar an dreall = trioll ar an treall)
Is fadó an lá nár éirigh sé amach cheana — is fadó an lá nach ndeachaigh sé in aon áit
4.
éirí amach pósta: gnás atá i gceantair fós, go háirid ar Achréidh na Gaillimhe, go dtéann daoine muintreacha agus cairdí na mná óige (an bhrídeach) chuig an teach a mbíonn sí pósta ann le bronntanais agus eile. Ar an gcéad Domhnach, nó in áiteachaí, ar an dara Domhnach théis an phósta a bhíos an éirí amach ann.
+
An Domhnach seo chugainn a bheas an éirí amach uirthi (an bhean a phós)
An dtiocfaidh tú ar éirí amach Nóra?
TUILLEADH (11) ▼
Dé Domhnaigh beag seo Domhnach an éirí amach.
Bhí an oiread ar an éirí amach agus a bhí ar an mbainis.
Nach cunórach an mhaise dhó é, bualadh síos ar an éirí amach sin.
Tá siad imithe ar an éirí amach inniu.
Is mór an costas é idir bhainis, éirí amach, agus cuairt mhíosa.
Caithfidh lucht na bainse uileag a dhul ar an éirí amach. 'Sé an rud is lú dóibh corrbhronntanas a thabhairt chuici anois ó tharla go raibh sí fhéin chomh cóir agus a bhí sí.
B'fhearr oíche na héirí amach ná oíche na bainse. Bhí neart ceoil, spóirte agus damh(n)sa ann.
Ní bhíonn cuiríochaí ar bith ann don éirí amach. Téann daoine ann gan iarraidh gan achainí.
Lá éirí amach L. N. Ph. a cuireadh é. Casadh an tsochraide dhúinn agus muid ag teacht abhaile.
Ó tá an éirí amach thart anois, ní aireoidh muid an chuairt mhíosa ag sciorradh isteach.
Ba tútach an éirí amach í. Níor fiafraíodh dhínn an raibh béal orainn ó chuaigh muid isteach sa teach gur fhága muid aríst í, agus dheamhan féachaint siar a rinne sí fhéin orainn.
5.
éirí amach — a dhul ag troid in aghaidh rialtais — sa gcaint anois, ach is le blianta beaga anuas é, sílim.

éirigh amach in iontrálacha eile (50+)

 
"Éireoidh mé amárach le fáinniú an lae ghléigil, agus tabharfaidh mé an chuairt siúd amach go barr sléibhte" — (tús amhráin)
 
Is deas an chomaoin ort é, i nDomhnach, i ndiaidh tine a choinneáil ar a theallach i gcaitheamh na bliana gan oiread is tú a iarraidh chuig an éirí amach.
 
Leabharsa, is gearr go n-éirí siad amach agus go robála siad na daoine i gcomhfhios. Dheamhan gnaíúlacht ar bith ag fanacht sa saol anois — níl sin.
 
Dheamhan foscadh ná dídean a bhí agam thuas ar leiceann na sceirde agus buaileadh chuile dheoir ariamh den chraobhmhúr sin orm. Séard a bhí do mo spadhradh ar fad, go raibh sí ag titim mar bheifí dhá dóirteadh as criathar, agus bhí sé ina scalladh gréine síos uaim ag an bhFh. B. Níor fhága M. Ph. an portach, agus bhí sé chomh tirim agus dá mba amach ar leaba chlúmhaigh a d'éireodh sé, agus mise in mo líbín.
 
beo 1
D'éirigh sé suas beo drochmhúinte agus rún aige a raibh sa teach a chaitheamh amach.
+
aer
Tá an t-éirí amach agus an aeraíl caite in aer aige ó phós sé — bhíodh an-tóir aige bheith siúltach agus imithe shular phós sé, ach d'éirigh sé as sin.
TUILLEADH (2) ▼
Cén uair a fuair mise aon aer ná aon éirí amach? — cén uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil agus a dhul ag lorg siamsa ná fos sláinte in áit eile
Siúd í an cailín atá ag éirí amach agus ag déanamh aeir dhi fhéin.
 
buille
Is diabhaltaí an buille ort do bhicycle a bheith buailte suas. D'fhéadfá éirí amach dhuit fhéin corruair tharas a bheith cuibhrithe istigh i gcónaí.
+
airde 1
Ní bhfaighidh sibh aon chead éirí in airde anseo. Téigí amach faoi na cnocáin más breá libh é.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid éirí in airde agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
 
aire
Tabhair aire do do chuid scoile agus b'fhéidir go n-éireodh posta maith leat aisti amach anseo — fan ag dul chuig an scoil go síoraí, agus freastail don fhoghlaim, agus b'fhéidir go bhfaightheá posta maith dhá barr fós.
+
amach
Corraigh amach agus éirigh as an tsnámhaíocht sin nó beidh chuile shórt thart romhainn.
TUILLEADH (6) ▼
B'fhéidir, le cúnamh Dé, amach anseo go n-éireodh linn rud eicínt a dhéanamh.
Bhí sé amach go maith sa maidin sular éirigh sé.
Ní éiríonn sé lá ar bith go mbí sé amach sa maidin.
Ní raibh sé in ann éirí ag póit go raibh sé amach faoi am dinnéir.
Ar éirigh sé as an ól amach is amach?
D'éirigh sé as an siopa amach is amach — ar fad
+
Is beag a d'éirigh leis a bhaint amach agus an gortú a fuair sé.
TUILLEADH (2) ▼
Más leat do shásamh a bhaint amach, éirigh roimhe oíche eicínt a mbeidh sé ag teacht ó chuairt.
Is iomaí bliain a bhain sé amach ag dul chuig coláiste agus dheamhan a dhath a d'éirigh leis dhá bharr.
 
D'éireodh dhóibh iad a bhualadh amach mar fuair siad an-bheathú, rud nach bhfuair gamhna Sh.
+
Le strapadóireacht a d'éirigh liom an méid sin airgid a dhéanamh amach (fc. strapadóireacht)
TUILLEADH (1) ▼
Tá mé ag déanamh amach go mb'fhearr leis éirí as anois — tá mé ag ceapadh
 
Tá dlí nua eile anois le theacht amach, chuala mé, nach bhféadfaidh aon mháistreás scoile pósadh; nó má phósann, go gcaithfidh sí éirí as an scoil
 
Is iomaí a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saol ag éirí leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige agus a ghreadfadh go Meiriceá. Ach ina leaba sin, ag cruachan in aghaidh na hanachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá an saol ag féithiú leis dhá fhada go dtí é!
 
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
 
Séard é an creatán sin atá uirthi, fuíoll bruitíní. D'éirigh sí agus chuaigh sí amach agus an bhruitíneach maoldearg amach thríthi. Tá a shliocht uirthi ó shin
 
fír
Éirigh suas as sin a spreallaire agus gabh amach i gcionn do láí. Is furasta a aithinte ort nach bhfuil fír na maitheasa ionat
 
feasta
Éirigh in do shuí feasta agus téirigh amach ag obair — tá sé in am agat éirí in do shuí
 
feire
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d’éirigh amach chugam as íochtar bog thíos i nGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirthi. Tháinig sí aníos ón ngaineamh rua. Ní fhaca mé a macasamhail ariamh cheana — eangaí timpeall a droma
 
Chuaigh an teach thrí lasadh os a chionn. Amach i bhfuinneoig i mbarr an tí ab éigean dó a dhul. Dheamhan scríb bhisigh a d'éirigh dhó — míle buíochas le Dia — cé is moite go raibh a mhullach fuardhóite ar éigean. Bhí an t-ádh air ar chaoi ar bith, bhí sin
 
Ní fhéadfaidís éirí as anois. Tá an poitín daingnithe isteach iontu sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é astu, mura dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uileag i dtigh diabhail in aer
 
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
 
daol
Sháigh sé sin fear cheana agus dheamhan ceo a chuaigh air ach bliain. Rinne siad amach gurb as daol a d'éirigh sé dhó. Tá sin breá go leor, ach ba suarach an sásamh é don té a raibh a phutógaí ag imeacht ina ghlaic aige. Ní raibh sé in ann a gcur ar ais aríst as daol
 
Más dea-dhíolaí féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhoireann muc amach chuile bhliain agus níl seachtain ag éirí ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillmheach aici. Tá sí in ann a dhul Gaillimh ar sheascach na gcearc féin, agus gan ubh ná eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroí, ní áirím a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan sna siopaí
 
Ba shomhaoiní do dhuine fuireacht ina chodladh ná a dhul amach ag iascach. An lá a n-éireoidh aon ghlaicín leat fhéin, tá chuile dhuine istigh ar an mbaile ag tnúthán le cupla breac uait, agus mura dtuga tú dóibh iad, is drochdhuine thú. Tá an iomarca deachmaíocht ann nuair a bhíos baile taobh le iascaire amháin
 
dealbh 2
Dheamhan sin oíche dhár dhealbh an ghrian nach mbuaileadh sé féin amach shula théadh sé a chodladh, go bhfeiceadh sé a raibh na lúbáin ar na croithe, agus gabháil faighte ag na beithígh agus ag an gcapall. Dhá dtéadh a raibh sa teach amach míle uair i mbéal a chéile, ní bheadh aon tsástaíocht aige ann ina dhiaidh sin, gan é féin ag tabhairt súil orthu. Duine imníoch a bhí ann. Tá mé ag ceapadh go n-éiríonn sé chuile oíche thiar sa reilig anois, faitíos a mbainfeadh dearmad do Sh. Bh. gan an geata a dhúnadh!
 
deamhan 1
Ní dhéanann sé éirí amach ar bith anois. Dheamhan é ná ó cuireadh an bhean
+
deara
Chuir sé faoi ndeara dhom éirí leis an scairtmhaidin agus a dhul amach ag bleán. Níor chuir sé faoi ndeara dhom an darna huair é mar níor fhan mise féin aige a chur chun cathachtála dhom
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rá cainteannaí gránna mar sin, greamóidh siad duit agus cinnfidh ort éirí astu amach anseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
 
dearg 2
Meas tú cén meanmna a chas amach chomh moch sin é le deargadh na maidne? A Dhia dhá tharrtháil muis! Tá cor eicínt le teacht ar an saol. Fear nach n-éiríonn go headra lá ar bith!
 
dearmad 1
Ó d'éirigh an méid sin de dhearmad dó, níor chorraigh sé amach as an teach
 
D'éirigh deascán maith de na ronnachaí leo inné, bail ó Dhia orthu! Bhí an-mharú orthu chuala mé. Ní raibh ort ach caitheamh amach agus bheadh plíoma agat ar ala na huaire.
+
D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó, agus shiúil sé amach — faoi dheireadh thiar; nó at length go minic. Faoi dheoidh? Faoi dhó? Bíonn fuaim leathan air i gcónaí sa gcaint, ach thiocfadh dó gur faoi dheoidh a bhí ann an chéad uair agus nuair a shearg an focal dheoidh, gur cuireadh focal sothuisceanach ina leaba: fearacht gleorach > glórach; fialnáire > feálnáire srl. Tá an focal cách ag déanamh cáit ag daoine agus in áiteachaí ar fud na Gaillimhe ar ala na huaire. Ní feasach dom go bhfuil an leagan faoi dheoidh sa gcaint, munab é an leagan réamhráite é. Ach tá faoi dheireadh agus faoi dhó an-tréan sa gcaint
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé ag imeacht ag mungailt faoina fhiacail, agus ag gearán go neamhaí, agus hob ann agus hob as aige. D'éirigh mé féin faoi dheireadh agus faoi dhó. 'Mura bhfuil rún agat a thabhairt uait,' arsa mise, 'coinnigh é,' agus amach liom an doras
+
deis
Tá deiseannaí ar an saol anois ag aos óg nach raibh fadó ann. 'Sé an chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriceá, ach ó thosaigh an Ghaeilge ag teacht amach, is iomaí duine a bhfuil posta ag éirí leis dhá barr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid acu uirthi ina dhiaidh sin agus uileag
TUILLEADH (2) ▼
Níl cinneadh go deo lena bhfuil de dheis ag an bhfeairín sin muis. Agus ina dhiaidh sin agus uileag, tugadh boiseog sa tóin dó amach as do pharóiste gan aon bhean a thabhairt dó. Dhá dteagadh ceannaí ceirteacha timpeall muis, is maith réidh a d'éireodh ceann leis, is maith sin
Ní mórán de dheis a chuir sé ar na bróga théis ar bhain siad de chaint amach. Breathnaigh uirthi sin. Nach bhfuil sí ag éirí ó bhonn aríst. Mo choinsias tá