Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Eirghe-amach
1.
'tabhairt droch-bhealaighe, nó droch-fhaisean faoi deara.
+
Tá na daoine ag eirghe amach an-dona ar fad.
Tá muinntear an ruta sin ag eirghe amach an-olc, le scath(amh).
TUILLEADH (6) ▼
Tá sé ag eirghe amach an-achrannach, agus b'annamh le aon-duine dhá dhreám a bheith amhla.
Nach h-aisteach atá na daoine ag eirghe-amach.
Is measa atá na daoine ag eirigh-amach anois, ná bhí siad ariamh cheana.
Eireocha na daoine amach níos measa, réir a gcosamhlachta.
Nach hé atá ag eirghe-amach leitheadach aghainn.
Is dona an chaoi dhó 'bheith ag eirghe-amach mar sin.
2.
+
Má eirigheann sé siúd amach as a' teach agad, beidh cuímne agad air = má thagann sé amach de ruathar.
D'eirigh sé amach aghainn (chugainn) in a theine bhruithte = tháinic sé amach agus cuthach air.
TUILLEADH (7) ▼
Eireocha sé siúd amach in a léine, agus buailfe sé an fear abhfus faoi'n bhfear thall.
Má eirigheann sé siúd amach, beidh siubhal ag cuid ar a chéile agaibh.
Níor eirigh mise amach ariamh, gan lún (lón) a's costas a bheith agam, l'aghaidh an bhóthair.
D'eirigh sí amach a' sciolladóireacht romham = tháinic sí amach as a teach a' díbliú orm.
D'eirigh sé amach (i.e a' troid) roimh na ngasúir, tráthnóna agus iad a' teacht ó'n siopa.
Is beag a' t-ughdar a gheobhfas sé siúd le eirghe amach roimh dhuine.
Is beag a bhéarfadh orm eirghe amach roimhe anocht, agus é 'chasadh leis.
3.
spaisteoireacht; déanamh aeir; a dhul ag siamsaí.
+
Is mór an eirghe-amach dhuit a dhul go Gaillimh = scíth, siamsa, aer aoibhneas, nuaidheacht.
Ní bheadh duine beo gan corr-eirghe-amach mar sin.
TUILLEADH (32) ▼
Buail síos go Bearna. Nach mór an t-eirghe amach duit é go ceann-seachtmhaine, fharrus a bheith cruptha istigh san áit seo igcomhnuidhe.
Ní mór dhom fhéin eirghe-amach anois. Is fadó an lá nach raibh mé in aon-áit.
Is mór a' sásamh íntinne dhom an méid sin eirghe-amach. Tá dhá oiread croidhe agham dhá bharr.
Ní eirghe-amach mór do dhuine a dhul siar sa ngiodán sin.
Is mór an mhaith ar mo shláinte, scáth an méid sin fhéin eirghe-amach a rinne mé an tseachtmhain seo (gha)bh thart.
Bhí coimhthigheas orm le na daoine an chéad chupla lá, ach ba mhór an t-eirghe amach dhom é 'na dheidh sin.
Tá mo chuid eirghe-amach-sa anois ar iarraidh = ní bheidh mé indon a dhul a' deanamh aeir etc níos mó.
D'fhága an eirghe-amach an méid sin anois ort — do chois a bheith gortuighthe.
Ní fhaca mé aon-saoghal eirghe-amach go h-iomdha mar é — chuile dhuine greadtha a' déanamh aeir dhó fhéin.
'Sé saoghal an eirghe amach é, a dhuine sin.
Is furasta eirghe amach anois, ó thosuigh na 'bicycles'.
Tuige nach n-eireo(chth)á amach faoi'n tír, fearacht chuile fhear óg eile = tuige nach dtiocfá amach a' siubhal a's a' spaisteoireacht a's a' deanamh aeir dhuit fhéin, mar do leithide eile féin.
Is iomdha do leithide a d'eireochadh amach Dia Domhnaigh, agus a dhéanfadh scath(amh) fiadhach nó iascach.
Cé'n stróbh atá ort, nach n-eireochadh amach uair eicínt ag céilidhe nó 'damhsa, mar dhéanfadh do leithide a' bith.
Eirigheann sé amach a' spaisteoireacht 'chuile thrathnóna beo, taca an ama seo.
Níl domhnach a' bith nach n-eirigheann sé amach scath(amh) a' bualadh báire.
Is fadó an lá nar eirigh sé amach cheana ag ceol ná damhsa.
B'fhéidir anois ó thug sé faoi ndeara dhó fhéin eirghe amach, go mbadh deacair é 'choinneál istigh.
Ó d'eirigh sé amach chor a' bith, ní chomhnócha sé anois, an taobh seo de Charraig a' Logáin.
Shoraidh dhó nach n-eirigheann amach faoi'n mbaile fhéin, fharrus a bheith 'seideachan istigh igcomhnuidhe, a' breathnú 'sna straoiseannaí ar chailleachaí.
Ní mian leis eirghe amach (ch)uig tada, mar 'bhfuil corr-oidhche Dhomhnaigh i bhfad ó chéile ann, agus an uair sin fhéin, ní maith leis a' rith fada a thabhairt air fhéin.
Uair 'sna naoi n-áird eirigheann sé amach faoi'n mbaile fhéin anois.
Ní dhéanfadh píosa eirghe-amach aon-dochar dhó.
Nach orraí(bh) atá an eirghe amach fharrus clann a' bith eile sa tír.
Is beag eirghe amach a rinne muide ariamh, ná fuair muid cead a dhéanamh, agus níor dhonaide muid sin.
Dhá mbeadh gan a leath-oiread fonn eirghe amach a bheith orraí(bh) b'fhéidir go mbeadh déantús maitheasa eicínt ionnaí(bh) thar mar 'tá.
Cé uaidh 'dtug sib, an t-eirghe amach uiliog? Ní ó athair ná máthair é ar aon-chor.
Má tá fút eirghe-amach chor a' bith indiu, tá sé in am aghad a bheith corruighe feasta.
D'eirigh sé amach a' deanamh aeir dhó fhéin luath go leor sa ló.
Níl rud a' bith a' cur síos leis ach eirghe-amach a's aerighil = níl aon-suim aige idtada eile.
Ba dheacair a sháith eirghe amach a thabhairt dhó, tamall, ach thuit a' driúll ar a' dreáll ar fad air, le goirid (driúll ar a' dreall = trioll ar a' treall)
Is fadó an lá nar eirigh sé amach cheana = is fadó an lá nach ndeacha sé in aon áit.
4.
"eirghe-amach" pósta. gnás atá igceanntair fós, go h-áirid ar Achréidh na Gaillimhe, go dteigheann daoine muinntreacha, a's cáirdí na mná "óige" (an bhrídeach) chuig an teach a mbíonn sí pósta ann, le bronntanais a's eile. Ar an gcéad Domhnach, nó in áiteachaí, ar an dara Domhnach th'éis an phósta, a bhíos "an eirghe amach" ann.
+
An Domhnach seo chugainn a bheidheas an eirighe-amach uirre (an bhean a phós)
A' dtiocfa tú ar eirighe-amach Nóra?
TUILLEADH (11) ▼
Dé Domhnaigh beag seo Domhnach an eirghe-amach.
Bhí an oiread ar an eirighe-amach a's bhí ar a' mbainis.
Nach conórach a' mhaise dhó é, bualadh síos ar an eirighe-amach sin.
Tá siad imthighthe ar an eirghe-amach indiu.
Is mór a' costas é idir bhainis, eirghe-amach a's cuairt mhíosa.
Caithfe lucht na bainse uiliog a dhul ar an eirigh amach. 'Sé an rud is lugha dóib corr-bhronntanas a thabhairt (ch)uici anois, ó thárla go raibh sí fhéin chomh cóir a's bhí sí.
B'fhearr oidhche na h-eirighe amach ná oidhche na bainse. Bhí neart ceoil, spóirt' a's damh(n)sa ann.
Ní bhíonn cuiridheachaí a' bith ann do'n eirghe amach. Teigheann daoine ann gan iarraidh gan athchuinge.
Lá eirghe-amach L. N. Ph. a cuireadh é. Casadh a' tsochraide dhúinn a's muid a' teacht abhaile.
Ó tá an eirghe-amach thart anois, ní aireochamuid an chuairt mhíosa a' sciorradh isteach.
Ba tútach an eirghe-amach í. Níor fiafruigheadh dhínn a raibh béal orainn ó chuaidh muid isteach sa teach, gur fhága muid aríst í, a's dheamhan féachaint siar a rinne sí fhéin orainn."
5.
tá "eirghe-amach" — a dhul a' troid in aghaidh riaghaltais — sa gcainnt anois, ach is le bliadhanta beaga anuas é, sílim.

Eirghe-amach in iontrálacha eile (34)

 
Is deas a' chumaoin ort é, inDomhnach, indiaidh teine a choinneál ar a theallach i gcaith(eamh) na bliadhna, gan oiread a's tú a iarraidh chuig an eirghe-amach.
+
aer
Tá'n t-eirghe amach agus an aerighil caithte in aer aige ó phós sé = bhíodh an-tóir aige bheith siubhaltach agus 'imthighthe' shul (dh)á(r) phós sé, ach d'eirigh sé as sin.
TUILLEADH (2) ▼
Cé'n uair a fuair mise aon-aer, ná aon-eirghe amach? = cé'n uair a d'fhéad mé an baile a fhágáil, agus a dhul a' lorg siamsa ná fos-sláinte in áit eile.
Siúd í an cailín atá ag eirghe amach a's a' deanamh aeir dhi fhéin.
 
buille
Is diabhaltaidhe an buille ort do 'bhicycle' a bheith buailte suas. D'fhéadfá eirghe amach dhuit fhéin corr-uair, fharrus a bheith cuibhrighthe istigh i gcomhnuidhe.
+
airde 1
Ní bhfuighe sib aon-chead eirghe in áirde annseo. Teigidh amach faoi na cnocáin má's breagh lib é.
TUILLEADH (1) ▼
Is mairg dhuit nach gcaitheann in aer do chuid eirghe in áirde, agus a dhul amach in éadan do ghnaithe.
 
amach
Ní raibh sé indon eirghe ag póit, go raibh sé amach faoi am dinnéir.
 
Tá mé 'deanamh amach, go mb'fhearr leis eirghe as anois = tá mé ceapadh
 
Tá dlighe nuadh eile anois le theacht amach, chuala mé, nach bhféadfa aon-mhaighistreás scoile pósadh; nó má phósann go gcaithfe sí eirghe as an scoil.
 
Is iomdha a leithide ariamh, nuair nach mbeadh an saoghal ag eirghe leis, a dhíolfadh amach a mbeadh aige, agus a ghreadfadh go 'Meiriocá. Ach ina leaba sin a' cruadhchan in aghaidh na h-anachain a bhíodh sé. Tá a shliocht air anois: tá'n saoghal a' féithiú leis dhá fhada go dtí é!
 
Ní fhéadfaidís eirghe as anois. Tá an poitín daingnighthe isteach ionnta sin le fiche líne. Ní bhainfí amach é asta, mara dtigeadh V2 a chuirfeadh an baile uiliog idtigh diabhail in aer
 
Má's deagh-dhíoluidhe féin é, is dó is fusa. Cuireann sé dhá fhuireann muc amach 'chuile bhliain agus níl seachtain ag eirghe ar an mbean nach mbíonn seifte Gaillimheach aice. Tá sí indon a dhul Gaillimh ar Sheascach na gCearc féin, agus gan ubh na eirín ag daoine eile le cur isteach ar a gcroidhe, ní áirighim a ndíol. Is furasta dhá leithidí sin a bheith glan ins na siopaí
 
deamhan 1
Ní dhéanann sé eirghe amach ar bith anois. Dheamhan é ná ó a cuireadh an bhean
+
deara
Chuir sé faoi ndeara dhom eirghe leis an scairt-mhaidin agus a dhul amach ag bleaghan. Níor chuir sé faoi ndeara dhom an dárna h-uair é mar níor fhan mise féin aige a chur 'un caitheachtála dhom
TUILLEADH (1) ▼
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rádh cainteannaí gránna mar sin, greamóchaidh siad duit agus cinnfidh ort eirghe asta amach annseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
+
deis
Tá deiseannaí ar an saoghal anois ag aos óg nach raibh fadó ann. 'Sé'n chaoi a raibh sé fadó, ní raibh ann ach Meiriocá, ach ó a thosuigh an Ghaedhilge ag teacht amach, is iomdha duine a bhfuil posta ag eirghe leis dhá barr. Shílfeá nach mórán tóir ag cuid aca uirre in a dheidh sin agus uiliog
TUILLEADH (1) ▼
Ní mórán de dheis a chuir sé ar na bróga th'éis ar bhain siad de chaint amach. Breathnuigh uirre sin. Nach bhfuil sí ag eirghe ó bhonn aríst. Mo choinsias tá
+
diaidh
Chaith an t-athair amach é gan oiread agus a bheannacht a thabhairt dó, agus d'imigh leis indiaidh a chinn roimhe. Casadh ag obair ag céithearnach láidir é a raibh inghean aige. Birín aon-tsúil a bhí ins an inghean agus nachar ghlac sí grádh dhó, agus nachar phós sí é. Tháinig sé ar ais annseo ar cuairt suim achair blianta in a dhiaidh sin, agus é in a dhuine uasal. Ba mhaith an mhalrait aige sin é. Deir siad gur fearr an t-ádh ná eirghe go moch
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh mé indiaidh an lae orm féin chor ar bith. Caithfidh duine eirghe-amach a fháil uair eicínt. Cidh Dia nach beag duinn an t-achar a bhíos muid ag obair
 
Ní fhaca mise aon-donacht déanta ariamh aige, th'éis an droch-cháil atá air. Ach an té a dteigheann cáil na mochóirí amach dó níor mhiste dhó dhá mbeadh sé gan eirghe go h-eadra
 
Ní raibh aon-duine ins an teach sin nach raibh doscudhach. Diabhal duine muis. 'Chuile chruinniú, chuile eirghe-amach, 'chuile achrann, ní bheadh sé ann dhá bhfuireasbhaidh. Shílfeá gur leig siad fútha roint le goirid, agus nach bhfuil siad cho tucarach do'n tsiúbhlóid agus a bhídís. Theastuigh sin uatha
 
D'fheicinnse clann an Bh. annsin thoir, an uair a bhí siad ag eirghe suas. Ní bheadh sásamh ar bith aca ann mura dteighidís síos 'chuile lá ag an gcladach agus gabhail chloch a chruinneál (chruinniú), agus a dhul síos agus tosuighe dhá gcaitheamh amach i bpoll Charraig Ch. go bhfeicfidís na driúillíní, nó na súileogaí, ar an uisce. M'anam go mbídís dhá dhéanamh an uair a bhí siad in oirifeart freisin cho maith leis an uair a bhí siad in a ngasúir. Dream an-tsimplí a bhí ionnta
 
D'airigh mé asail Bh. ag dul isteach is an ngarrdha sin amuigh, th'éis a dhul a chodladh dhom aréir, agus ní leigfeadh an drugall dom eirghe len a gcur amach
+
droim
Chaith muid suas in a carra í idtús bliana agus fágadh mar sin í. M'anam agus ná raibh ag an diabhal i dtús na Bealtaine, 'nuair a bhí breith againn a dhul ar an bportach go raibh sí (móin) ag eirghe de dhromannaí a chéile agus an t-uisce ar fad fáiscthe aisti. Ní raibh a dhath ariamh le déanamh againn léithe ach a baint as a toirt agus a scaipeadh amach rud beag. Bhí sí in a snaoisín ar an bpuínte
TUILLEADH (2) ▼
Tháinig siota bheag gaimheamhail isteach thrí shiuntaí an doruis annsin aréir, agus dubhairt mé ar an bpuínte le M. Bh. a bhí annseo ar an teallach go mbadh siota é a bhí ag eirghe de dhruim sneachta. Mo léan géar b'fhíor dhom. An uair a chuir mé amach mo chloigeann ar maidin bhí sé ag biadhú leis
Thug na Black and Tans leo é ins na lorries agus gan falach dhár dhealbh an ghrian air, ach an oiread leis an oíche ar rugadh é, agus níor chomhnuigh siad gur fhága siad ar thráigh an L. Bh. é agus an snáth feamainne in a mhullach. D'fhuagair siad annsin air eirghe agus rith. 'Séard a bhí siad a iarraidh go gcaithfidís é. Ach dheamhan a chos a rithfeadh. Rinne sé a chríonnacht ins an méid sin ar chaoi ar bith. Chroch siad leo aniar aríst é agus thug siad isteach ins an mbearraic é, agus thosuigh siad dhá lascadh le beilteannaí. Níl a fhios cé'n spídeamhlacht a thug siad dó. Tháinic sé amach as an mbearraic sin uair eicínt leis an dearg-mhaidin, agus gan aon-ribe dubh in a cheann de dhruim na h-oíche … Is mór a chonnaic é. Nachar bheag an dochar dó. Ní bheadh tuilleadh beo chor ar bith dhá dteighidís thríd an oiread sin
 
drámh
Go bhféachaidh Mac Dé ort fhéin agus ar do chapall diallaid' anois. Tá siad faoi dhrámh amach agus amach ó d'fhairsingigh na busannaí. Ní fhaca mé aon-fhear ag eirghe indiallaid le mo chuimne ach P. Mh. Mh. agus shílfeá go bhfuil sé caithte in aer aige sin féin anois
 
Deir na sean-daoine go mbeadh fad agus leithead an mhaide giúsaí gan aon-drúcht ar maidin. Theighidís amach nuair a bhíodh an ghrian ag eirghe agus d'aithnídís ar an toirt cá mbeadh carcair, mar bhíodh cuisle gan aon-drúcht ann. Tá an chomhraíocht len a chois. Fuair mé féin agus M. dhá mhaide annsin thuas sna riasca maidin, agus muid ag fiach
 
dána
Shílfeá go bhfuil an saoghal ag eirghe amach an-dána in aghaidh an chreidimh
+
díol 2
Is díol náire an chaoi a bhfuil an tír anois — gan damhsa gan siamsa gan eirghe-amach mara dteighidh tú chuig "hallannaí" na sagairt. Níl ceannús ceann ar bith fanta ar shagairt anois. Tá siad ag fáil cead a gcomhairle féin ro-mhór
TUILLEADH (1) ▼
Ní díon trócaire go dtí an té a chaithfeas a dhul amach imbéal na ngunnaí sin agus iad ag loscadh; agus ag broimseáil. A Dhia láidir nach suarach an éadáil eirghe as do chodladh ar maidin agus na liagáin (na "shells") sin ag dul faoi'n smut agad. B'fhearr liom aon-lá amháin a dhéanamh dhíom in éindigh!
 
Má theigheann droch-cháil amach do dhuine, bhí sé cho maith dhó luighe siar. Fanfaidh an cháil sin air, dhá mbadh é an fear ba feilmheanaighe faoi'n domhan é. Ar chuala tú ariamh é an té a dteigheann cáil na mochóirighe amach dhó, bhí sé cho maith dhó gan eirghe go trathnóna
 
Níl agam a dhéanamh ach a dhul roimhe anois, shul a thiocfas mórán eile dhá aois. Nach maith luath a thosuigh sé ag dul ó smacht agus ag eirghe amach ag scaibhtéaracht. Leónfaidh mise a chnámha cho uain's tá mé indon a dhéanta.