Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

Dúachan (6)

+
dubh 3
Dhubh na sceacha (shearg siad, tháinic dath críon dóite orra) arú anuiridh ach imbliana siad na barrannaí atá ag dúachan. Ní fhaca mé sioc mar é ariamh cheana faoi Bhealtaine
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé dearg idtosach, agus d'imigh an deirgeadas as, agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú ach in a leabaidh sin séard a rinne sé dúachan, agus bró thinn a dhéanamh, agus b'éigin dom a dul chuig an dochtúr faoi
+
"Nuair a tháinic sé ar an mbáinseóigín, bhí sé ag spaisteóireacht síos agus suas, agus ní fhaca sé duine ar bith ann. Is gearr go bhfaca sé dúachan na gcéadta ag déanamh air. 'Mo chrá croí nár fhagha mé mara h-olc an job a rinne mé nar leig liom an triúr eile,' a deir sé" (as sean-scéal — "An Ridire Gaisce" — ó Sheán Ó Laidhe Cuilleán, an Cheathramha Rua) = meall nó toirt a bhí san an-mhéid. Laoch eile a bhí ag teacht
TUILLEADH (3) ▼
D'éirigh mé an mhaidin faoi dheireadh ag an cúig a chlog le breathnú ar bhó atá gar do laogh annsin thoir, agus a mhic ó mo chroí thú, chuala mé an fothrom, agus bhreathnaigh mé síos. Bhí dúachan na gcéadta ar an spéir an uair sin agam (chugam) isteach an Sunda Salach. "Aeroplanes" Mheiriocá a bhí ann ag dul síos ó thuaidh. Ní raibh sé taobh le cupla scór a bheith ann
Chuala mé Michael se'agaibhse ag rá go raibh sé ag obair san taebh ó dheas do Shasana — Bournemouth — "D day" agus go raibh dúachan na gcéadta de bháid aeir ag dul don Fhrainc. Bhí an t-aer dubh uiliog aca, adeir sé. Nach h-iad a rinne an íosbairt ach a chuaigh siad go ceann cúrsa
Bhí an-dúachan ag brocach Bhríd Ní Churraoin. Tá mé ag ceapadh go bhfuil an sionnach taithithe ann = an talamh talltuithe agus dubhuithe ag béal na brocaí fearacht agus dá mbeadh bualadh sionnaigh nó bruic ann.