→
téigh
Gabhfaidh mé (30)
Ag líonadh feánach móna ar an asal a bhí mé nuair a bhuail sé chugam aníos. "Tá 'fire' agus gríosach dhá dhéanamh ar mo chuid móna-sa", adeir sé. "Dheamhan fód dhá fhágáil agam. Beidh a shliocht orra muis. Gabhfaidh mise ag faire, agus an té a mbéarfaidh mé istigh air i mbéal na cruaiche, sin ní fhágfaidh sé".
→
fios
Gabhfaidh mé ag iarraidh fios m'fhortúin = rachaidh mé indiaidh mo chinn romham, go bhfeice mé céard atá ag an saol indán dom; buailfidh mé faoin saol; imeóidh mé go dtí áit eicínt eile ag obair etc. (seoraí sna scéalta é, ach tá sé san gcaint thairis sin)
Gabhfaidh mé ag leagan bruachannaí san ngarraí seo thiar go ham dínnéir. Sé is freagraí dhom ó a bhéas orm aistear portaigh a dhéanamh in a dhiaidh sin
Tá sé freochanta inniu thar mar a bhí sé inné. D'aithneóchthá ar a shúile é. Ní raibh spleódar ar bith inné ann. Ach diabhal mé go mbeadh an-mheas agam air inniu. Má tá fhéin, gabhfaidh sé rite leis aon-mhaith a dhéanamh. Droch-ghalra é sin
+
→
fálach
Gabhfaidh mé ag iarraidh na hola (lampa) amáireach faitíos na fálach. Mara mbeidh t'ainm istigh agad Dé Céadaoin, dheamhan sdriog a gheobhas tú = ar fhaitíos go dtárlódh tada idir sin agus an Chéadaoin nach mbeadh sé indon a dhul chuig an mbeairic len a ainm a chlárú
TUILLEADH (1) ▼
Ná cuir an glas ar an doras sin faitíos na fálach. Fanfaidh mé scaithín annseo ar an teallach, agus má airím aon-ghéim ón mbudóig sin, gabhfaidh mé amach aríst. Ní fuláir do bhó ar a céadlaogh áirdeall maith
+
→
féar
Gabhfaidh mé ag baint fhéir sílim
TUILLEADH (1) ▼
Dar diagaí ní scarfaidh mé leis an móin sin ar chúig phunt an leoraí. Is maith an féar tirm dom fhéin í. Gabhfaidh sí seacht nó hocht do phunt amach annseo san Earrach nuair a theannfas fuacht leo (le lucht éilithe móna) = is maith an éadáil dom fhéin í le coinneál
→
fiannaí
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
Gabhfaidh mé amach ar an bhfionnórtas. Tá an teach an-te = lá samhraidh nuair a bheadh an-bhruthaíl san áit istigh
→
foighid
Má theighim in a éadan chor ar bith gabhfaidh an fhoighid ó stuaim orm, agus buailfidh mé é
→
deis
Gabhfaidh mé do'n Ch. R. ambáireach má fhaghaim deis ar bith. Tá "bicycle" aige seo thíos, ach fear a mbeadh beann mhór aige air a gheobhfadh uaidh é. Is dóigh nach mbeidh aon-bhus ag dul ann
→
doras
Gabhfaidh mé ag baint ghiosadáin annseo amuigh go fóilleach: is gránna an rud iad i mbéal dorais
→
dáiríre
Dháiríre píre an bhfuil rún agad a dhul ann. Dar mo chúis (cubhais) gabhfaidh mé in éindigh leat maran ag magadh atá tú
→
dán
Mara bhfuil indán agus go gcoinneochaidh sé a chuid beithidheach de mo chuid talmhana-sa, th'éis a bhfuagairt, gabhfaidh mé isteach de mo shiubhal ionnsaidhe ag turnae, agus cuirfidh mé leota de "nútice" (notice) amach aige, agus mara stopaidh sin é, searbhálfaidh mé é
→
dólom
Ní fhaca mé aon-fhear ariamh ag pléidh leis an gceird chéadna nach dólom a bheadh sé as a dheireadh. Breathnuigh thú féin orra, agus bréagnuigh mé má fhéadann tú. Gabhfaidh sé righte leat
+
→
téigh ar
Gabhfaidh mé ar fuisce sílim. Ní fhaghaim aon-tsásamh ar an bpórtar sin. Tá sé rodtha
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh mé ar ghréasaidheacht anois scathamh ó a tháinic an lá fliuch. Tá cupla péire sean-bhróg annsin a dteastóchadh caoi go géar uatha
→
téigh do
Gabhfaidh sé sin dó anois ar chaoi nach bhféadfadh aon-fhear faoi thalamh an domhain a eiteach. Cuirfidh mé geall leat th'éis cho danra agus cho daoitheamhail agus atá Sean- S. go bhfuighidh sé breith a bhéil féin uaidh. Tá an tSeamair Mhuire aige sin a mhic ó!
+
Gabhfaidh mé faoi bhó eile sílim = ceannóchaidh mé (gheobhaidh mé) bó eile
TUILLEADH (1) ▼
Gabhfaidh mé faoi dhuit má chastar an taobh seo é, nach dtiubharfaidh a chosa féin abhaile slán é. Thug sé an eang leis an "turn" deireadh, ach ní bheidh sé cho saor sin aige anois, má chuireann sé a shrón aniar annseo
→
téigh le
Gabhfaidh mé ann le loch = gabhfaidh [mé] ins an áit a bhfuil mé ag dul le dhul le taobh na locha
Má tá mé craithte féin gabhfaidh tusa romham fós = cuirfidh mé romham thú; gheobhaidh tú bás 'un tosaigh orm
+
Gabhfaidh mé thar fairrge go goirid = go tír eile
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh ag dul fúm ná tharm ó mhaidin ach sciorradh suas go bhfeicinn cé'n chaoi atá ar an tsean-bhean seo thuas, ach bhí an oiread le déanamh in a dheidh sin, agus nach bhfuair mé ionbhadh air. Dhá mbeadh na seacht sraith ar an iomaire gabhfaidh mé ag breathnú uirre imbáireach. Níor chumaoin dom a dhul; ba mhaith í fhéin nuair a bheadh an t-anshógh ar dhuine. Diabhal bréag nar mhaith
→
téigh
Gabhfaidh mé Baile Átha Cliath go goirid = go Baile Átha Cliath (áiteacha a bhíos igceist go minic i gcaint fágtar an "go" ar lár. Fc. na somplaí seo síos. Ach tabhair faoi deara gur "go Ameriocá" adeirtear, agus ní Ameriocá d'fhuireasbhaidh an "go")