Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dáiríre
/ᵹār′īr′ə/ go h-iondúil, ach /dār′īr′ə/ scaithtí. Ní bhíonn "i" roimhe beag ná mór
ainm-fhocal is cosúil agus feidhm aidiachta leis.
malrait muga maga, nó greann.
a.
críochnuithe; bal chríoch a bheith ar rud.
+
Diabhal dháiríre é = diabhal críochnuithe é
Droch-lá dháiríre é anois = is fíor-dhroch-lá é
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé seo thíos ag cur dhe dháiríre anocht = ag glagaireacht chainte; ag siúite
Cneámhaire dháiríre é má rinne sé rud mar sin = cneámhaire críochnuithe
Seo sneachta dháiríre = sneachta mór
Tá sé ag cur dháiríre anois = is báisteach throm í
Deir tú go bhfuil sé ag baint (na móna) dháiríre inniu = go dtí inniu, ní raibh sé ach ag stócáil, ag crapadh sprémhóna, ag scrathadh agus rl.
Thug sí faoi dháiríre é = d'ionnsaigh sí go mádarúil é
Iarr dháiríre air í. Nach ag mugadh magadh a bhí tusa dhá h-iarraidh air
b.
 fírinneach; diongmhálta; a bheith de rún agad rud a dhéanamh ar uain nó ar éigin.
+
Dúirt sé sin agus bhí sé dháiríre (faoi) freisin = ní bréag ná cumadóireacht a bhí sé a dhéanamh; an rud adúirt sé, bhí rún aige cur in a cheánn
Thairg sé mé a bhualadh, agus m'anam go raibh sé sách dáiríre faoi freisin
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag obair gan a bheith dháiríre faoi
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm agus a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi
Dúirt sí go n-imeódh sí agus bhí sí dháiríre faoi freisin
+
An bhfuil sé ag ól dháiríre? = an fíor go bhfuil sé ag ól, nó b'fhéidir nach bhfuil sé ag caitheamh aon-deoch mheisciúil
Deir tú go bhfaca tú dháiríre é = gan aon-aimhreas a bheith faoin a fheiceál
TUILLEADH (3) ▼
Thosaigh sé in a ghreann ach buaileadh mise as dáiríre = ní as greann a fuair mise an buille
An raibh sé dháiríre ab eadh? Ní dháiríre go dtí é
Tá mé dháiríre glan (Tá mé dháiríre críochnuithe, dháiríre amach agus amach) = dháiríre ar fad
+
Tá sé tóigthe! Dáiríre! = ní ag magadh atá tú, nó an fíor duit é
Dáiríre! … Cé a cheapfadh é?
TUILLEADH (1) ▼
Gortaíodh a chois! Dáiríre!
+
An dáiríre atá mé, an eadh! Seadh muis agus dháiríre píre = dháiríre críochnuithe (cuirtear píre leis go minic len a neartú)
Sé a bhí dháiríre agus dháiríre píre
TUILLEADH (3) ▼
Dháiríre píre ar tháinic sé = ar tháinic sé go dearfa (ach ní féidir dháiríre a chur roimhe aonraic mar seo. "Ar tháinic sé dháiríre (píre)")
Dháiríre píre a mhic ó! Nar fhága mé seo!
Dháiríre píre an bhfuil rún agad a dhul ann. Dar mo chúis (cubhais) gabhfaidh mé in éindigh leat maran ag magadh atá tú
+
Idir shugradh agus dáiríre (dháiríre) cé aige a bhfuil sé? = b'fhéidir gur cúrsaí magaidh dhuitse é, ach tá mise dháiríre anois
Buaileann sé sin duine idir shugradh agus dáiríre = bíonn sé ag leigean air fhéin gur ag magadh a bhíos sé ach ní hea ach dháiríre
TUILLEADH (3) ▼
Idir shugradh agus dáiríre innis dom céard a thug go dtí sib é = ní raibh muid ach ag déanamh grinn faoin scéal go dtí seo, ach caitheadh muid an greann i gcártaí agus teigheadh muid ar an dáiríre anois
Sílim idir shugradh agus dáiríre muis gur iarr sé le pósadh í. Is beag an mhairg a bheadh air siúd a h-iarraidh má chaith sé ina cheann é
Ní bheadh a fhios agad barainneach a raibh sé dháiríre nós mara raibh (nó mara raibh). Idir shugradh agus dáiríre a bhí sé sílim. Tá sé cho bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás ar aon-nós

Dáiríre in iontrálacha eile (12)

 
dall 3
Tá sib dhá dhalladh dháiríre faoi'n gCogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir, nuair a bhí sib ag rádh nach bhfanfadh aon-mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chomhnóchas go dteighidh sé isteach sa mbeainc agus go dtarraingighidh sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
 
D'íosfadh sé le gearabalacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aonduine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis, mar atá leis. Ach dhá dteagthá ina línn nó dhá n-iarrfá aon-cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Th'éis cho h-amscaí agus atá sé tá deáchroí aige ina dheidh sin.
 
déan 1
Ní dhearna an saoghal brachán dáiríre gur thosuigh an cogadh seo
 
deis
Tá sé ar a dheis aige dháiríre anois = is féidir leis an rud a dhéanamh gan stró ar bith; níl teampán ar bith air faoi'n rud a dhéanamh, nó a chúis a chur i gcrích
 
Bheadh dóighteán ann agus dóighteán dháiríre marach an chaoi ar tapuigheadh é. Bhrath duine eicínt an deatach, as an mbun-tsop. Suas leis. Bhí an bun-tsop thrídh lasadh. D'fhuagair sé ar chongnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbun-tsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh in a dheidh sin, go leigidh Dia slán an congnamh. Dhá gcairthigheadh sí amach ins an díon chor ar bith loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
dris
Deir siad idir shugradh agus dháiríre go ndeacha M. faoi dhris. Chonnaic cuid dhíob sin soir é dhá dhéanamh — siar ins na taltaí gleannacha siúd ar chúla an tighe. Hébrí céard a rinne sé nó nach rinne (ndearna), níor bhuach aon-duine ariamh air. An uair a shuidhfeadh M. isteach ag clár na h-imeartha, b'fhearr do 'chuile dhuine eile an uair sin eirghe uaidh. Ghnothóchadh sé ar Rí na Méaracán. Is minic a chonnaic mise é
 
droim
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith ins an tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir druim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. An uair a thosuigh sé siúd ag scaimhléaracht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor leig an faitíos d'aonduine gan a chomhairle a dhéanamh mar a mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann, go díreach. Ach duine ar an dioscán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsubháilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
Dar príosta muise, bhí beithidhigh lasta dháiríre má chuaidh an bhudóigín dhruimfhionnach h-ocht nóta. 'Ar ndú' ní raibh tógáil ar bith uirre. Dheamhan lán do ghlaice a bhí innte.
 
Diabhal an gcuirfeadh sé an méid sin féin stró ar a dhromán agus go dtiubharfadh sé na cupla cloch phlúir sin abhaile dhom, nó go mb'éigin dom féin a n-iomchar, igceann a raibh de lastas tharta agam. Anois an bhfuil biseach agad. Sin é an liúiste (leoiste), agus an liúiste dháiríre
 
duine
A dhuine chroidhe na páirte, an dáiríre atá tú? 'Ar ndú' ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
 
dún
Dúnaighidh an chruach sin aríst an uair a bhéas sib réidh innte. Marach cho mór agus a tháinic an lá agus nach bhfuil sé in araidheacht a dhul amach cho fada le na dubhacháin atá ar na portaigh, ní bhfuigheadh sib cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é
 
Níl a fhios agam féin leisce na bréige an ag ealadhain a bhí sé, nó an raibh sé ar meisce dháiríre, ach tá a fhios agam ar chaoi ar bith go ndeachaidh a chion de'n bhus ormsa = díolaidheacht