Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dáiríre
/ᵹār′īr′ə/ go hiondúil, ach /dār′īr′ə/ scaití. Ní bhíonn i roimhe beag ná mór
ainmfhocal is cosúil agus feidhm aidiachta leis.
malrait muga magadh, nó greann.
a.
críochnaithe; bailchríoch a bheith ar rud.
+
Diabhal dháiríre é — diabhal críochnaithe é
Drochlá dháiríre é anois — is fíor-dhrochlá é
TUILLEADH (7) ▼
Tá sé seo thíos ag cur dhe dháiríre anocht — ag glagaireacht chainte; ag siúite
Cneámhaire dháiríre é má rinne sé rud mar sin — cneámhaire críochnaithe
Seo sneachta dháiríre — sneachta mór
Tá sé ag cur dháiríre anois — is báisteach throm í
Deir tú go bhfuil sé ag baint (na móna) dháiríre inniu — go dtí inniu, ní raibh sé ach ag stócáil, ag crapadh sprémhóna, ag scraitheadh srl.
Thug sí faoi dháiríre é — d'ionsaigh sí go madrúil é
Iarr dháiríre air í. Nach ag mugadh magadh a bhí tusa dhá hiarraidh air
b.
fírinneach; diongbháilte; a bheith de rún agat rud a dhéanamh ar uain nó ar éigean.
+
Dúirt sé sin agus bhí sé dháiríre (faoi) freisin — ní bréag ná cumadóireacht a bhí sé a dhéanamh; an rud adúirt sé, bhí rún aige cur ina cheann
Thairg sé mé a bhualadh, agus m'anam go raibh sé sách dáiríre faoi freisin
TUILLEADH (3) ▼
Tá sé ag obair gan a bheith dháiríre faoi
Cén mhaith do dhuine a bheith in ainm is a bheith ag déanamh rud nuair nach mbíonn sé dháiríre faoi
Dúirt sí go n-imeodh sí agus bhí sí dháiríre faoi freisin
+
An bhfuil sé ag ól dháiríre? — an fíor go bhfuil sé ag ól, nó b'fhéidir nach bhfuil sé ag caitheamh aon deoch mheisciúil
Deir tú go bhfaca tú dháiríre é — gan aon amhras a bheith faoina fheiceáil
TUILLEADH (3) ▼
Thosaigh sé ina ghreann ach buaileadh mise as dáiríre — ní as greann a fuair mise an buille
An raibh sé dháiríre ab ea? Ní dháiríre go dtí é
Tá mé dháiríre glan (Tá mé dháiríre críochnaithe, dháiríre amach is amach) — dháiríre ar fad
+
Tá sé tógtha! Dáiríre! — ní ag magadh atá tú, nó an fíor duit é
Dáiríre! … Cé a cheapfadh é?
TUILLEADH (1) ▼
Gortaíodh a chois! Dáiríre!
+
An dáiríre atá mé, an ea! Sea muis agus dháiríre píre — dháiríre críochnaithe (cuirtear píre leis go minic lena neartú)
'Sé a bhí dháiríre agus dháiríre píre
TUILLEADH (3) ▼
Dháiríre píre ar tháinig sé — ar tháinig sé go dearfa (ach ní féidir dháiríre a chur roimhe aonraic mar seo. Ar tháinig sé dháiríre (píre))
Dháiríre píre a mhic ó! Nár fhága mé seo!
Dháiríre píre an bhfuil rún agat a dhul ann. Dar mo chúis gabhfaidh mé in éindí leat muran ag magadh atá tú
+
Idir shúgradh is dáiríre (dháiríre) cé aige a bhfuil sé? — b'fhéidir gur cúrsaí magaidh dhuitse é, ach tá mise dháiríre anois
Buaileann sé sin duine idir shúgradh is dáiríre — bíonn sé ag ligean air fhéin gur ag magadh a bhíos sé ach ní hea ach dháiríre
TUILLEADH (3) ▼
Idir shúgradh is dáiríre inis dom céard a thug go dtí sibh é — ní raibh muid ach ag déanamh grinn faoin scéal go dtí seo, ach caitheadh muid an greann i gcártaí agus téadh muid ar an dáiríre anois
Sílim idir shúgradh is dáiríre muis gur iarr sé le pósadh í. Is beag an mhairg a bheadh air siúd a hiarraidh má chaith sé ina cheann é
Ní bheadh a fhios agat barainneach an raibh sé dháiríre nós mura raibh (nó mura raibh). Idir shúgradh is dáiríre a bhí sé sílim. Tá sé chomh bréagach leis an bhfear adúirt go bhfaca sé an féar ag fás ar aon nós

dáiríre in iontrálacha eile (14)

 
dall 3
Tá sibh dhá dhalladh dháiríre faoin gcogadh. Dhá bhfeictheá an sníomh a bhí air ar an gcathaoir nuair a bhí sibh ag rá nach bhfanfadh aon mhaith san airgead. Dheamhan a chos a chónós go dté sé isteach sa mbainc agus go dtarraingí sé hé brí cé mhéad cosamar airgid atá aige ann
 
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
 
déan 1
Ní dhearna an saol brachán dáiríre gur thosaigh an cogadh seo
 
deis
Tá sé ar a dheis aige dháiríre anois — is féidir leis an rud a dhéanamh gan stró ar bith; níl tiompán ar bith air faoin rud a dhéanamh, nó a chúis a chur i gcrích
 
Rinne M. gíbliú (díbliú) ar gach is ar bhain leis. Níor fhága sí aon duine amháin dhá chine nár bhain sí fogha is easpa as. Is uirthi a bhí stiúir na ropaireachta dháiríre
 
D'fhéadfá sin a rá. 'Siad an díogha dháiríre iad. An té atá i gcleithiúnas na gclogs sin, b'fhearr dó imeacht cosnochtaithe. Dá n-imíodh duine sna boinn, is gearr go mbeadh sé taithithe air. An bhfeiceann tú na daoine a bhí anseo fadó. Fear sé nó seachráin a mbíodh bróig ar bith air agus nach acu a bhíodh an tsláinte. Is beag na scoilteachaí a bhíodh dhá gcraplú, ní hé fearacht an dream atá anois ann é
 
Bheadh dóiteán ann agus dóiteán dháiríre murach an chaoi ar tapaíodh é. Bhraith duine eicínt an deatach, as an mbuntsop. Suas leis. Bhí an buntsop thrí lasadh. D'fhuagair sé ar chúnamh. Bhí an lasair déanta siar leis an mbuntsop ar fad, ach is gearr a bhí siad dhá mhúchadh ina dhiaidh sin, go lige Dia slán an cúnamh. Dhá gcaithríodh sí amach sa díon chor ar bith, loiscfeadh sí an dá theach agus an iothlainn
 
dris
Deir siad idir shúgradh agus dháiríre go ndeachaigh M. faoi dhris. Chonaic cuid dhíobh sin soir é dhá dhéanamh — siar sna taltaí gleannacha siúd ar chúla an tí. Hé brí céard a rinne sé nó nach rinne (ndearna), níor bhuach aon duine ariamh air. Nuair a shuífeadh M. isteach ag clár na himeartha, b'fhearr do chuile dhuine eile an uair sin éirí uaidh. Ghnóthódh sé ar Rí na Méaracán. Is minic a chonaic mise é
 
droim
Is diabhlaí nach bhfuil deoir phoitín ar bith sa tír anois. Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid póilíos! Bhí sé fánach ag na póilíos an ceann is fhearr a fháil air, ach 'siad na misinéaraí a chuir droim díbeartha air. 'Siad a bhí deas air. Nuair a thosaigh sé siúd ag scamhailéireacht agus ag loscadh mionnaí mhóra, níor lig an faitíos d'aon duine gan a chomhairle a dhéanamh mura mbeadh bairillín bréan — poll fataí d'fhear — mar é sin thíos ann go díreach. Ach duine ar an deascán é sin … Tá a fhios ag an lá gur imigh an tsuáilce as an tír an lá ar imigh an poitín. Ba é "Bainne Dubh na Féile" é dháiríre
 
Dar príosta muise, bhí beithígh lasta dháiríre má chuaigh an bhodóigín dhroimeannach hocht nóta. Ar ndóigh ní raibh tógáil ar bith uirthi. Dheamhan lán do ghlaice a bhí inti.
 
Diabhal a gcuirfeadh sé an méid sin féin stró ar a dhromán agus go dtabharfadh sé na cupla cloch phlúir sin abhaile dhom, nó go mb'éigean dom féin a n-iompar, i gceann a raibh de lastas thartu agam. Anois an bhfuil biseach agat. Sin é an liúiste (leoiste), agus an liúiste dháiríre
 
duine
A dhuine chroí na páirte, an dáiríre atá tú? Ar ndóigh ní ag síleachtáil atá sí go bhféadfaidh sí foghail a dhéanamh orainne as éadan
 
dún
Dúnaidh an chruach sin aríst nuair a bheas sibh réidh inti. Murach chomh mór agus a tháinig an lá, agus nach bhfuil sé in araíocht a dhul amach chomh fada le na dúcháin atá ar na portaigh, ní bhfaigheadh sibh cead a bearnú chor ar bith. Ach is lá deannachtach dháiríre é
 
Níl a fhios agam féin leisce na bréige, an ag ealaín a bhí sé, nó an raibh sé ar meisce dháiríre, ach tá a fhios agam ar chaoi ar bith go ndeachaigh a chion den bhus ormsa — díolaíocht