→
istigh
coc (49)
Bhí sé annsin as comhair do dhá shúl cho follasach le coca féir, agus ní fhaca tú é in a dhiaidh sin
Chuir an dreolláinín beag sin ag T. Ph. coc achrainn ar Sh. L., ach má chuir agus gur chuir, thug S. L. na físeachaí agus na pínneachaí corra dhó. Bhí sé an-bhuailte ag dul abhaile. Nach sonnda an staicín anois é, a dhul ag dréim le "bullies"!
+
→
bealaigh
Níl feamuinn a' bith is bealthuighthe a bhío(nn)s ná'n fheamuinn tirm ó gheobhfas sé brigh 'bith báistighe th'éis a coctha.
TUILLEADH (1) ▼
Is beag a' stróbh air sin, coc a choinneál leis an oiread eile. Tá'n teanga beathluighthe go maith aige sin, deirimse leat.
B'fhéidir go n-eireochadh leat coca a fhaghail ar a' leath-bhaile thiar. Ní feasach mé aon-cheann a bheith ar a' leath-bhaile i bhfus ar chaoi 'r bith.
→
bior
Tá bior ar a dhá shúil (in a dhá shúil) anois, go gcastar duine eicínt air, a mbuailfe sé coc achrainn air. = tá coinneal in a dhá shúil.
→
bollaire
Ní thagann táirm a' bith gleo ar a' mbollaire, go mbí lán tighe ann. A's dá mbadh é an fear badh measa leat sa tír a bheadh istigh, bhuailfeadh sé coc achrainn air.
→
brachán
Ní raibh ceapadh 'bith fhéin agamsa, go raibh an brochán dóirtighthe, mar bhí siad chomh mór le chéile, le láir bhán a's coca féir.
Dheamhan iongantas a' bith a dhéanfainnse gur théith an coca féir sin. Nar fhága sé in a bhrat-scair annsin thíos é ar feadh coicíse, gan breathnú siar air. Bíodh sé buidheach nuair nar lobh sé ar fad.
+
→
breoigh
Má chocann tú é a's an ghail bhruithte mar sin as, breodhfa sé = téithfe sé, a's dubhócha sé, a's tiocfa leath-lobhadh sa gcoca air.
TUILLEADH (1) ▼
Tá'n coca chomh breoidhte, a's go bhfuil baladh as anois, ní breoidhte atá sé chreidim, ach dearg-lobhtha.
→
aer
Chuir sé an coca féir in aer d'aon ghualainn amháin = thug sé gualainn do'n choca féir agus leag sé é.
+
→
buail
Bhuail siota mé thuas ar a' gcoca, a's bhí faitchíos m'anama orm, go mbuailfeadh sé an coca a's mé fhéin druim ar ais.
TUILLEADH (1) ▼
Bhuail uathbhás é, a's ní raibh breith bonn báis aige, go mbeadh an féar coctha, faitchíos báistighe = tháinic falrach 'un oibre air, a's níor fhan foighid a' bith ann, go raibh an féar in a chocaí aige, ar fhaitchíos go dtiocfad sé 'na bháistigh air.
→
ágóid
Níl ann (n)ach' go bhfuil na ceithre eite san ágóid, agus choinneochadh sí coc leat in a dhiaidh sin = níl ann ach go bhfuil sí indiaidh a chéile, tá sí chomh caithte, snuighte sin, agus aindeoin sin, choinneochadh sí achrann nó sciolladóireacht leat.
+
Dubhairt P. D. liom coca feamuinn tirm a dhéanamh amach dó, in áit eicínt.
TUILLEADH (1) ▼
Déanfa mise amach coca féir tirm duit, má tá sé sa tír.
→
istigh
Tá sé istigh annsiúd ('sna Flaithis) agus coc Achrainn curta aige ar an Naomh Peadar (féach coc) = duine a bhí ar shlighe an fírinne.
→
feisteas
Diabhal feisteas ceart orm fós le dhul ag baint (mhóna). Tá glaicín fheamainn tirm le cocadh agam, agus … níl mé faoi réir.
→
fia
Tá an choc-chearc bhuí sin ag seideachan aríst. Luighe fia atá uirre go siúráilte. Nach mór an smál a bhíos orra!
→
folaigh
Falóidh sé an garraí siúd le feamainn anois, ach dheamhan a gcocfaidh sé go brách í. Sin é a níos sé leis an bhfeamainn Bhealtaine chuile bhliain. Dhá mbeadh maith i leasú, tá an garraí sin sách leasuithe aige
→
fuaraigh
Shíl sí go gcuirfinnse suas coc léithi agus go mbeadh an-tsásamh aice a dhul ag sciolladh orm, mar sin biadh agus beatha di sin. Ach níor dhúirt mise drúcht ná báisteach léithi, ach a dhul ceann ar aghaidh in mo ghnatha, agus d'fhága mé ise ag fuarú san gcraiceann céanna ar théigh sí. Dhá bhfádh sí sin an té a choinneódh ropaireacht léithi, sé a mbeadh uaithi é
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agad gur liomsa an coca. Is daighceamhla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé in a cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann annsin. 'Sé atá deas air
+
→
deis
Níl aon-deis troda aige anois, ó d'imigh an "t-aingeal" eile úd — N. J. Sin é a bhíodh ag coinneál choc leis i gcomhnaí
TUILLEADH (1) ▼
Níl deis ar bith ar an scioból sin l'aghaidh damhsa. Ní mór na fataí a chur amach as, agus coca a dhéanamh de'n tuighe, agus an t-urlár a scuabadh agus a sciúradh. Cá'id go mbeidh an chuairt mhíosa ann?
→
ding
Is diabhaltaí maoilscríobach uaidh coca féir a dhéanamh. Feacha an ding a d'fhága sé annsin anois. Ólfaidh sé an bháisteach as éadan
+
→
diogáil
Is maith a dhíogáil sé an coca féir údan aige th'éis dhá lá a chaitheamh leis! Tá leidhbeanna agus straoilleoga agus suip amach as is 'chuile áit. Shílfeá gur cearc é a mbeadh an galra cleiteach uirre.
TUILLEADH (2) ▼
Tá an coca sin sáthach díogáilte anois. Níl tú ach ag cur anró ort féin dhá dhíogáil sin, arae is gearr gur in a phlaicín gabhair a bhéas sé mar a bhí sé anuiridh. Ní bheadh aon-mhaith dhuit ag caitheamh do theanga leis an muintir atá annseo. D'eireochaidís i mullach a bhfuil d'fhéar ag M. M. T. Uí R. agus bíodh sé aca. Sin é a gcuid sleamchúise
Tá sé gíogáilte puinteáilte aige, ach is beag an dochar dhó. 'Sé an coca feamainne sin maith a sheachtaine.
→
dlaoi
Is diabhlaí puinteáilte an fear é. Má's é an coca tuighe fhéin é, ní fhágfaidh sé dlaoi ná dlaoidheoig ar sliobarna leis. Chonnaic mé thuas é ag scrathadh portaigh, an lá faoi dheireadh. Nuair a bheadh píosa scraithte aige igcomhnaí, ghabhfadh sé ar ais go mbainfeadh sé lorgachaí a chos as an mbínse!
→
dligh
Ní dhligheann duine ar bith faoi chaolachaí an tighe seo ná aon-duine dhá bhfuil ag tarraint ann ach oiread, do chuid achrainn uait a T. Teirigh agus déan do chuid achrainn leis an dream a dhligheas duit é — an dream a chuir puiteach ar an bpus agad goirid ó shoin. Ach mise imbannaí nach mbainfidh tú leo sin. Ach tá mé ag tabhairt "warning" anois duit crapadh leat as seo cho beo deifreach agus atá in do chosa, agus má thagann tú aríst go deo ag cur choc orainne, ní imeochaidh tú cho saor agus atá tú ag imeacht anocht
Shíl muid nach mbeadh aon-seamaide féir ag gabhail linn nach mbeadh in a aoileach an uair a thosuigh sé ag caitheamh corr-bhraon. Bhí cion chúig choca mhóinfhéir istigh ar an iothlainn agus gan slam dó (de) buailte as cionn a chéile againn in áit a raibh muid ag iarraidh na garrantaí i bhfad ó láthair a thárlú isteach sul a dtosuigheadh muid ag cocadh. Is muid a bhí in anchaoi ceart, ach feacha míle buidheachas le Dia gur imigh sé thart gan faice a dhéanamh. Ar chuala tú ariamh é: is minic doicheall mór ar bheagán fearthainn
→
dosán
Cruinnigh isteach ins an racáil na dosáin féir sin soir. Ní fuláir 'chuile thiomsachán a chur idtoll a chéile shul a dhéantar an coca
+
→
dreoigh
Tá plaicín ghabhair déanta agaibh de'n choca sin, a fhiosacht daoib go bhfuil an coca eile dreoighte. Meastú cá bhfuighidh sib beatha beithidheach amach annseo ar dhubhluachair na bliana. Gheobhaidh sib í ar mo shonsa
TUILLEADH (1) ▼
An gceapann tusa nach bhfuil an coca sin dreoighte? Bíodh unsa céille agad! Bhí sé thrídh lasadh le téigheamh, an lá th'éis a chur isteach. Ní dhranfaidh aon-bhó leis sin, ach go mb'fhéidir dhá mbeadh slam d'fhéar ar foghnamh agad le cur thríd, go mbréagfadh sé iad
→
dreolán
Ní fhaca mé aon-dreolán d'fhear ariamh in mo shaoghal nach mbeadh in a ghlaodhmaire. Tá sé annsin thíos ag S. G. Ar chuala tú ariamh a leithide de cheolán. Chuirfeadh sé coc achrainn ar John L. Sullivan agus ba mhaith an fear é. Ní fiú le duine ar bith a dhul ag fiachadh air leisce a dhul ag salú a láimhe leis, agus sin é an fáth nar fágadh céir air fadó. Ach níl sin ach ag borradh leis in a dheidh sin
→
dris
Dá mbeadh sí cho cantalach le dris, bainfear ceart di annsiúd deirimse leat. Tá an phrioc de mháthair atá annsiúd indon coc achrainn a choinneál len a rogha duine. Agus deir siad nach gcoinneochadh sí coinneal do'n inghin. Caile cheart í sin. Agus 'ar ndú an splíota de mhac siúd ann, chuirfeadh sé dhá chrích Mhuire thrín a chéile. Meas tusa nar mhór do bhean a chasfaí isteach in a lár sin a bheith in a h-amhus críochnuighthe leis an gceann is fhearr a fháil orra sin
→
droim
Ná bí ag caint ar charr ná ar charr! Ceannuigh an coca mar a fheiceas tú é faoin a dhruim, ná fág do dhiaidh é. Is deas í mo cheird, dhá leagan druim ar ais le carr a thabhairt duitse as, agus a dhéanamh ar ais aríst. Tá mé sáthach meathta mar atá mé agus gan tosuighe ar cheird de'n tsórt sin
→
dícheall
Is maith an dicheall do'n Ghearmánach coc a thabhairt dóib ar fad. Tá a bhfuil aca ann in a mhullach. Is gearr a thiubharfas anois. Tá sé ar na preaba deireannacha cheapfainn. B'ait é, agus seasamh an fhad sin féin
→
díocas
Amach leo ins an iothlainn agus chonnaic siad coca féir ann a bhí ídighthe roint as a bhun. Thosuigh "set" aca ag teacht de rithte reathach faoi ar 'chaon taobh agus ag baint a ndíocais mar sin as an gcoca. B'fhearr ag baint a ndíocais as an gcoca iad ná as rud eicínt eile arsa tusa. Chuir siad druim ar ais é ins an deire. Tá mé ag ceapadh go raibh T. le buile agus le báine
→
díogha
Diabhal a leithide d'fhéar — díogha críochnuighthe. Thosuigh sé ag téidheamh ar an dá luath agus a raibh sé coctha istigh ins an iothlainn agam. Ní leagfadh bó ná gamhain béal air: bhí sé breoidhte ar fad. Ná bac leis an bhféar a bhíos ar na h-iochtair láidre sin. Bíonn sé ro-stalcánta ag rud ar bith
Cé air a bhfuigheadh sé chúig phunt? Ar an dithreabhach de choca siúd. Mo chreach mhaidne é! Sháruigh sé an coca a bhí thiar i gClaidhneach, ar tháinic Fear Dhoire Fhátharta dhá cheannacht: "Dheamhan amach as an iothlainn a fhágfas sé choidhchin" adeir fear an choca "gan coróin"