Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

déarfainn (50+)

 
Ní bheinnse fearacht cuid eile de na daoine chor ar bith. Níor mhaith liom ariamh an dá chroí a bheith agam. Déarfainn amach an rud gan frapa gan taca, sin nó leigfinn dó. Ní bheinn ag dul siar i mbéal duine agus ag maoidheachtáil leis, agus an buille feille a thabhairt dó taobh thiar dhá chúl in a dheidh sin
 
fliuch 2
Déarfainn féin gur fliche an carraigín seo inniu ná inné, agus shílfeá nar buaileadh aon-deóir bháistí air idir dhá am
 
fága
Tá an fharraige ag míniú anuas aríst. Is furasta aithinte é, agus a bhfuil de na fágaí sin inti. Rinne an bádóir seól inniu, ach ní dheachaidh sé thar bharr na C. D'fhill sé ar ais aríst. B'oibrithe leis a bhí sí déarfainn. Tá sé saothraithe go maith ag an duine bocht agus fuiríocht caladh air annsin le seachtain.
 
Ar a' dá luath a's ar fhuagair mé air, sheas sé suas in a chaidhfte, a's níor fhan smid aige. Bhí sé 'gabhail na h-uaire móire air, déarfainn, ach inDomhnach ba bheag sin aghamsa.
 
calm
Tá tú indeire cailm, déarfainn. Feicim an seol mór a' líonadh = tá'n calm caithte, arae feicim sinneán gaoithe a' teacht faoi'n seol mór.
 
Chuala mé go raibh na carraeraí atá ar na bóithrí a' ceasacht páighe an tseachtmhain seo (gha)bh thart, a's go raibh siad a' brath air tabhairt suas, mara bhfaghaidís árdú. Tá siad réidh leis déarfainn. 'Séard a dhéanfar na bóithrí a chaitheamh suas ar fad.
 
Meastú cé mhéad a fuair an sagart lá Nodlag? Déarfainn má fuair sé céad gurb é a chloch-neart é, ach measaim go ndeacha sé rithte leis.
 
Is coilgneach an éadáil í sin le póg a bhaint di, déarfainn.
 
Déarfainn go bhfuil sé corradh ar dheich mbliadhna ó cuireadh é. Cuimnighim go maith gurbh é lá 'l' sin Bairtliméad a bhí sé dhá thabhairt chuig a' roinnín. Ba gártha an lá é, le gála a's báistigh.
 
Déarfainn rud eicínt le Seán annseo, bail ó Dhia air, go bpósfad sé go goirid, mar 'sé is mó cosamhlacht.
 
Ní le aonduine aitheantais an maol buidhe sin. Déarfainn gur ceann coideáin í, 'sa taobh seo.
 
bannaí 1
Cuireadh punnt air, a's bannaidhe, a's déarfainn gur cuireadh a cheart air, scáth a ndearna sé.
 
Dhá gcuirtheá bealadh air, b'fhéidir go mbainfeá scathamh eile as, ach déarfainn go bhfuil sé ó mhaith ar aon-chor.
 
beart
Déarfainn fhéin, nach mbeadh beart a' bith, ba chríonna do dhuine, ná gan bacadh le ceachtar aca(b), ach an oiread le chéile. 'High for Blakes and Dalys a's pléidhidís fhéin le chéile é' mar adeir a' tsean-bhean fadó. (Duine de na Blácaigh, a's duine de chloinn nDálaigh a bhí ag úmaidheacht (iomaidheacht) i dtoghachán inGaillimh fadó. Ní raibh aon-ghnaoi ag a' tsean-bhean ar cheachtar acu).
 
crinn
Déarfainn má thagann cruadhtan mór a' bith an geimhreadh seo, go dtiubharfa sé cnáimh le crinneadh dhuit é 'shárú. Tá leath-chailleadh maith cheana fhéin ort, ach giorrócha an fuacht seo leat (as greann).
 
Dheamhan mórán ordú air, ach cheal beathú atá dhá dheanamh sin. Marach chomh cuisneach a's bhí sé, ní bheadh sé beo chor a' bith a's laghad a's fuair sé le n-ithe. Ughdar maith gamhnach é déarfainn.
 
Déarfainn nach áit buaile ná sean-bhaile dhuinn an áit seo anois, má fhéadann muid imtheacht as, ach sin é an buille! Ní mé a bhféadfa?
 
beo 1
Níor bheo é, go dteigheadh sé a' (de?) charruidheacht liom, a's nuair a chuaidh muid a' charruidheacht, ba gearr go ndearna mé cleas a' tradhaill leis. Ní bheidh an oiread fonn air aríst déarfainn.
 
beo 2
Fear a' bith a chuaidh isteach in a lár sin, déarfainn gur fear é, gan mórán suim in a bheo ná in a mharbh.
 
Dheamhan mórán is fiú do'n fhéar an beodhchan gaoithe seo. Dá neartuigheadh sí, déarfainn rud eicínt.
 
beoigh
Tá sé chomh maith dhuinn greadadh abhaile. Indomhnach, tá sé beodhuighthe amach 'un báistighe. Caithfe sé í, anois, déarfainn.
 
binse
Mara bhfuil tú indon an binnse a choinneál scraithte dhom ná bac leat fhéin! Is olc an aghaidh do bhéilí thú déarfainn.
 
bocht 1
Chuirfinn geall gur beag a' mheas a bheadh aige anois, ar bheatha an duine bhoicht. Is cam a bhreathnóchadh sé ort déarfainn dá dtairgtheá 'scadán caoch', a's fataí tura dhó.
 
Má's a' súil le brabach ar siúd atá tú, beidh tú dhá uireasbha, déarfainn.
+
bruach
Déarfainn go bhfuil sé ar bhruach lae. Tá'n fáinne bán imthighthe soir, ar fad.
TUILLEADH (1) ▼
Tá bruach nó guirín eicínt ar fhor(bh)a na súil aige. Déarfainn go raibh sé air ariamh.
 
aer
Ní thaithnigheann na cosa gréine sin imbun an aeir liom. Tá sé tolgadh báistighe déarfainn.
 
Déarfainn an méid sin d'aindeoin a' tsaoghail = de bhuidheachas do'n tsaoghal.
 
amach
Ní ar chúla an chlaidhe a rachainnse leis chor a' bith: déarfainn amach é.
 
amuigh
Is fada fíannach an punt sin amuigh. Tá mé réidh leis déarfainn.
 
anuas
Níl sé an céad amach 's amach déarfainn, ach tá sé suas 's anuas leis.
 
Déarfainn gur gearr uainn athrú.
 
Níl an fata seo folláin déarfainn = slán; tá sé fabhtach istigh ann
 
Dheamhan a bhfuil folláin dhó (dhe) déarfainn. Nach mbíonn an criotán sin air i gcomhnaí. Deile cén chaoi a mbíonn sé sin air ach le mí-fhollántas
 
iontas
Sin é an t-iongantas is mó faoi'n mbogha gréine déarfainn féin = rud an-iongantach amach a's amach é.
 
istigh
Dhá mbeadh indán's go mbadh lámh istigh agus lámh amuigh a bheadh aca(b), déarfainn nach mbeadh ionga ná ordlach (ourlach adeirtear) aca(b) ar a chéile = bheidís an-chothrom agus ar chomh-spreacadh, dhá mbeidís ingreím in a chéile in a láimh-istigh agus in a láimh amuigh.
 
Chuaidh sé siar le íochtar trathnóna deireannach. Súnás (saobhnós?) feamuinn' dearg a bhí air déarfainn (fonn cráidhte feamuinn dearg a fhághail)
 
fiach 2
Chuir an buille sin a fuair sé ón gcapall ar an leabhar ag an bhfiach dubh é. Tá sé ag dul ar gcúl ón lá sin. Déarfainn, ach grásta Dé gur beag eile de shaol atá aige. Thug sé uaidh go mór le cupla mí fhéin. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile anois
 
folach 2
Cheannuigh sé seo thuas seala eile caorach inné. Tá falach na talúna aige anois, ach is furasta dhó sin: falach dhá phóicín. Feicfidh tú dlí anois déarfainn, arae foghlóidh siad siúd a bhfuil istigh ar a mbaile
 
Ní mé céard atá sé a dhéanamh annseo thíos faoin gclaidhe. Ag forcamhás ar bhean, déarfainn. Tá sí imithe soir = ag faire uirre go priaclach
 
fuar 2
Níor tháinig aon-oíche cho fuar ná cho feannta leithi ariamh déarfainn. Tá mé seacáilte
 
Déarfainn gur sách fuarchúiseach a chuaigh sé 'na' chladaigh inniu. 'Chuile cheird aige sin ach a chur ag feamnadh
 
Fuar-sceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan fascadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabhail léithi ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír déarfainn nach bhfuightheá aon-ghiodán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thugadh N. Th. go ndéanadh Dia grásta air uirri: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
Níor airigh mé aon-ghaimh-fhuacht san ngeimhreadh fós go dtí tránóna anocht. Is geárr uaidh cruas déarfainn
+
abair
Déarfainn go bhfuil olc dhá bhualadh = ceapaim; ach tá sé an-choitianta mar seo is an modh coingheallach
TUILLEADH (5) ▼
Déarfainn go raibh diomdha ag teacht air an uair sin nach ndeachaidh sé féin ann freisin
Déarfainn go bhfuil an cogadh ionann agus thart
Déarfainn nach ndéanfadh sé aon-mhaith
Déarfainn gur bocht an chaoi dhá leithide a bheith teáltuighthe istigh 'san teach sin 'chuile ré soluis agus iad sin ag magadh faoi
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag de'n tsórt sin